Cartlann Nuachta: 11 Marta 2020

Comórtas Scoldrámaíochta Chonnacht

Dráma: Scoil Sailearna 2020

Bronnadh an gradam “Scothléiriú na Féile” ar Rang 2, Scoil Sailearna, ag Féile Scoldrámaíochta na Gaillimhe le gairid, as an dráma “Saoire na mBan”.

An tseachtain seo tá an dráma san iomaíocht ag Féile Chonnacht le ainmniúchán a fháil le dul ag an bhFéile Náisiúnta an chéad mhí eile. Seo thíos cliar an dráma leis an dá chorn a thug siad abhaile ó Fhéile na Gaillimhe.

Ar chúl, ó chlé: Reuben Mac Donncha Ó Cionnaith, Seánie Moore, Emma Dwyer, Iseult Ní Ghibne, Cuán Canny, Seán Ó Coisdealbha.

Chun tosaigh, ó chlé: Jamie Ó Tuathail, Maia Ní Thuairisg, Laura Ní Chéidigh, Ciara Ní Chúláin, Peadar Ó hAinmhire, Shannon Ní Chonghaile.

[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]

An tseachtain seo tá scoileanna Chois Fharraige ag cur drámaí ar stáitse ag an bhFéile Scoldrámaíochta do Chúige Chonnacht, ag súil le ainmniúchán le dul ag an bhFéile Náisiúnta, a bheas ar bun i Muileann gCearr ag deireadh mí Aibreáin. Seacht ndráma ó scoileanna i gCois Fharraige atá san iomaíocht ag Féile Scoildrámaíochta Chonnacht – trí dhráma ó Scoil Cholmcille, An Tulach; dhá dhráma ó Scoil Sailearna agus dhá dhráma ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Fógrófar na torthaí ar Raidió na Gaeltachta, tráthnóna Dé hAoine, ar Nuacht an Iarthair.


Gradaim Chamógaí 2019 Bronnta

Na gradaim camógaí 2020

Imreoirí na bliana 2019, Cumann Camógaíochta Chois Fharraigte: Aobh Ní Dhubhghaill (faoi 17), Éilís Ní Shé (faoi 16), Ailbhe Ní Ghionnáin agus Louise Seoighe (faoi 12), Áine Ní Mhaoláin (faoi 9), Leah Ní Dhúill (faoi 8), Mar Ní Néill (faoi 11), Damhnait Ní Fhátharta (faoi 14), Amanda Ní Bhrádaigh (faoi 15), Áine Ní Laoi (faoi 18) agus Becky Ní Eallaithe (Sóisir).

As láthair ón bpictiúr: Éabha Ní Chonghaile (faoi 14) agus Niamh De Bhailís (faoi 10).

Ag ócáid a bhí i Seanscoil Sailearna ar an Satharn seo caite fógraíodh imreoirí na bliana 2019 sna haoisghrúpaí éagsúla agus bronnadh trofaí ar gach duine acu.

Seo a leanas na himreoirí a roghnaíodh: Leah Ní Dhúill (faoi 8); Áine Ní Mhaoláin (faoi 9); Niamh de Bhailís (faoi 10), Mar Ní Néill (faoi 11); Ailbhe Ní Ghionnáin & Louise Seoighe (faoi 12); Éabha Ní Chonghaile & Damhnait Ní Fhátharta (faoi 14); Amanda Ní Bhrádaigh (faoi 15); Éilís Ní Shé (faoi 16); Aobh Ní Dhubhghaill (faoi 17); Áine Ní Laoi (faoi 18) agus Becky Ní Éallaithe (Sóisear).


Kayakadóireacht ar Abhann Boluisce

kayackadóireacht sa Spidéal 2020

Kayakadóireacht ar Abhann Boluisce, An Spidéal ar an Satharn seo caite le linn deireadh seachtaine mór kayackadóireachta, ag a raibh na céadta kayackadóirí bailithe le chéile sa Spidéal.


Oíche Boogie sa Spidéal

D’éirigh thar barr leis an Oíche Boogie a bhí ar bun sa seomra cúil sa Droighneán Donn, An Spidéal, an Satharn seo caite. Will Softly a bhí i mbun an cheoil. Is ar mhaithe le airgead a bhailiú don fhéile ceoil Traidphicnic a eagraíodh an Oíche Boogie.


Cosán Chois Cladaigh an Spidéil?

Aodán ag an gCosán II

Aodán Mac Donnacha ó Chomhlacht Forbartha an Spidéil ag teaspáint an píosa den chosán chois cladaigh sa Spidéal atá fós le críochnú.

Tá an Comhlacht Forbartha ag iarraidh ar an gComhairle Chontae an obair seo a thógáil ar láimhe agus an cosán a chríochnú.


Tús Maith ag Mná na mBreathnaigh

Peil na mBan 2020

An fhoireann sóisear ó Chumann Micheál Breathnach, ar éirigh leo an bua a fháil Dé Domhnaigh seo caite, sa gcéad chluiche den Sraithchomórtas i bPeil na mBan (Sóisear A) ar Pháirc an Chnoic, ag imirt in aghaidh Na Ceathrú Rua.

Ar chúl, ó chlé: Clodagh Ní Dhireáin, Fóghla Ní Bhraonáin, Éabha Nic Dhonnacha, Aifric Ní Ghibne, Clíodhna Ní Mhárta, Aobh Nic Dhubhghaill, Síofra Ní Scanláin, Deirbhle Ní Mhárta, Becky Ní Éallaithe, Mary Ní Fhinneadha, Aoife Ní Neachtain.

Chun tosaigh, ó chlé: Méabh Ní Dhireáin, Ailbhe Bhreathnach, Casey Ní Chreachmhaoil, Clíodhna Ní Chonghaile, Ríona Howlin, Síofra Ní Mhárta, Leah Ní Mhainnín.

[Pic: Catherine Scanlon]

Chuir peileadóirí ban ó Chumann Mícheál Breathnach tús an-mhaith le séasúr 2020 ar an Domhnach seo caite ar Pháirc an Chnoic, nuair a chas siad ar fhoireann na Ceathrú Rua sa gcéad chluiche den séasúr nua. Ag imirt in aghaidh na gaoithe sa gcéad leath, d’éirigh le cailíní na mBreathnaigh 4 – 07 a scórail gan ach 0 – 4 ag an gCeathrú Rua. Tar éis an briseadh choinnigh Na Breathnaigh orthu ag ionsaí agus ag deireadh an chluiche bhí 5 – 16 scóráilte acu, gan ach 1 – 06 ag an gCeathrú Rua.

Meábh Ní Dhireáin agus Aobh Nic Dhonnacha is mó a fuair na scóranna. Bhí Aobh Ní Dhubhghaill agus Síofra Ní Mhárta thar barr i lár na páirce. I measc na gcosantóirí bhí Fódhla Ní Bhraonáin agus Aifric Ní Ghibne thar cionn, go minic ag briseadh suas ionsaithe na Ceathrún Rua ar chúl na mBreathnaigh, go speisialta sa dara leath den chluiche.

Beidh foireann fear na mBreathnaigh ag cur tús leis an séasúr nua ar an Domhnach seo chugainn, 15 Márta, nuair a chasfaidh siad ar Cortoon Shamrocks ag 3.00pm as baile.


Pota Pádraig sa gCrúiscín

Aisteoirí-an-Spidéil_Pota-Pádhraic

Is go drogallach a bhí ar an gcoiste a eagraíonn Paráid Lá ‘le Pádraig é a chur ar cheal i mbliana, de bharr an víreas Corona, atá ag leathnú gach lá. Lá mór sa Spidéal a bhíonn ann agus na mílte bailithe isteach sa sráidbhaile le ceann de na paráidí is deise in Iarthar na hÉireann a fheiceáil. Agus go hiondúil bíonn ceol is comhluadar sna tithe tábhairne.

Ach ní bheidh dearmad iomlán á dhéanamh ar Naomh Pádraig. Beidh Aisteoirí an Spidéil ag ceiliúradh féile mhór na nGael arís i mbliana, áit a mbeidh ‘Pota Pádraig’ á chur i láthair ar an Domhnach, 15 Márta, ag 8.00pm.

Ócáid shiamsúil, chomhluadair a bheas ann ina gcuirfidh na haisteoirí amhráin, ceol, filíocht, agallaimh beirte agus gearrdhráma i láthair. €10 an táille agus beidh blaisíní bia ar fáil freisin.


Glór na nGael

Cuireadh siar an cruinniú a bhí le bheith ann Dé Luain seo caite le coiste nua Ghlór na nGael a chur le chéile, faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Beidh an cruinniú ar bun anois ar an Luan, 23 Márta, san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, ar chúl Shéipéal an Chnoic, ag 8.00pm.

Beidh an timire nua-cheaptha do Ghaillimh agus Maigh Eo, Seán Ó Cuirrín, i láthair ag an gcruinniú.


Club Amhránaíochta an Earraigh

Club Amhránaíochta an Earraigh

Ar an Aoine seo chugainn, 13 Márta, beidh an Club Amhránaíochta ag tíocht le chéile sa gCistin, An Cheathrú Rua, le haghaidh seisiún amhrán, idir sean agus nua, ó chuile cheard den domhan. Ar sheisiún an Aoine seo, beidh béim faoi leith ar Amhrán na Trá Báine.

Tosóidh an amhránaíocht ag 9.30pm agus leanfaidh sé go meán oíche. Tá an oíche eagraithe ag Coiste Cultúrtha agus Oidhreachta na Ceathrú Rua agus bíonn fáilte roimh fhonnadóirí agus lucht éisteachta.


Seid na bhFear

Ar an Déardaoin seo chugainn, 19 Márta, a bheas an chéad chruinniú eile ann le tabhairt faoi ‘Seid na bhFear’ a eagrú i gCois Fharraige. Ag cruinniú cúpla seachtain ó shin, a bhí eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, socraíodh dul ar aghaidh le ‘Seid na bhFear’ a bhunú. Tá an cruinniú ann ar an Déardaoin seo chugainn le coiste a chur le chéile chun dlús a chur leis an tionscadal agus le dul i dteagmháil le Údarás na Gaeltachta maidir le spás a chur ar fáil.


Premiere ARRACHT sa tSeanscoil

Club Scannán Arracht: Saise agus Darach

Saise Ní Chuinn agus Darach Ó Dúbháin sa scannán ARRACHT

An Déardaoin seo, 12 Márta, taispeánfar an scannán ARRACHT don chéad uair i gCo na Gaillimhe ag taispeántas speisialta i Seanscoil Sailearna ag 8.15pm. Is ócáid speisialta é mar is i gConamara, Leitir Mealláin is mó, a rinneadh an scannánaíocht. Tá roinnt aisteoirí ó Chois Fharraige agus ó Chonamara páirteach ann. Sa bpríomhpháirt tá Dónall Ó Héalaí ó na hAille. Páirteach chomh maith tá Eoin Ó Dubhghaill ón gCoill Rua, Conall Ó Céidigh ó Shaile Thúna agus an cailín óg Saise Ní Chuinn ó Sheana Ghurráin.

Moltar do dhaoine gan tíocht ann mura bhfuil suíochán curtha in áirithe. Beidh an scannán á thaispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre an chéad mhí eile.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Foireann faoi 14 Bearna Forbacha 2019

Foireann Iomanaíochta Chois Fharraige faoi 14 a bhuaigh an Comórtas Féile agus Craobh an Chontae i roinn B1 i 2019 ag ócáid bronnta na mbonn a bhí ar bun in Óstán Chois Fharraige, le gairid.

Ar chúl, ó chlé: Niall Ó Duinn, Seán Ó Ceallaigh Ó Grállaigh, Eoin Ó Sionnaigh, Fionn Ó Conchchubhair, Kieran Breathnach, Luke De Paor, Stevie Ó hÉalaí, Eoin Ó Siocháin, Killian Ó Murchú, Antaine Ó Céidigh, Seán Ó Duinn.

Chun tosaigh, ó chlé: Jack Ó hAilín, Rónán Reddington, Andy Ó Féinne, Cormac Ashe, Senan Mac Domhnaill, Charlie Ó Frighíl, Conall Ó Mainnín, Peadar Ó Féinne, Eoin Ó Conghaile.

[Pic: Ian Mc Donald]

Peil na mBan (Sóisear): Micheál Breathnach 5 16, An Cheathrú Rua 1 06.

Iomáint (Roinn III): An Spidéal 0 06, Carnmore 2 18.

Iomáint (faoi 21 B1): Cois Fharraige 0 02, Kinvara 2 20.

Iomáint (faoi 16 A1): Cois Fharraige 0 05, Ballinderreen 4 09.

Iomáint (faoi 16 C): Micheál Breathnach 0 06, Killimor 0 08.

Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 4, Mervue B 2.

Sacar (Roinn III): Bearna/Na Forbacha B 2, Claregalway/Cregmore 1.

Sacar (Cailíní f15): Bearna/Na Forbacha 3, Colga 1.

Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha 1, Mervue Utd. 0.

Sacar (Buachaillí f18): Bearna/Na Forbacha 0, Colga 1.

Sacar (Buachaillí f16): Bearna/Na Forbacha 1, Shannon Town 3.


11 Marta 2020