Cartlann Nuachta: 11 Meán Fómhair 2019

Ranganna Thuismitheoirí na Gaeltachta

1_Dráma Tuis na Gaeltachta

Óige na Gaeltachta

Beidh tús á chur ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le ranganna agus imeachtaí an tseachtain seo chugainn, ag tosú Dé Luain, 16 Meán Fómhair.

Beidh ranganna drámaíochta ar bun ar an gCeathrú Rua, i gCeantar na nOileán, i gCois Fharraige agus i gCarna arís i mbliana agus beidh ranganna Damhsa ar an Sean-Nós, Amhránaíocht ar an Sean-Nós agus Damhsa Gaelach ar bun i SPLANC ar an gCeathrú Rua.

Beidh an grúpa spraoi Gligíní ar ais chuile Dhéardaoin agus beidh cúrsa nua den Suathaireacht do Leanaí (Baby Massage) ag tosú freisin.

Beidh Ciorcal Comhrá ar bun chuile Dé Luain do theaghlaigh ar mhaith leo níos mó Gaeilge a labhairt sa mbaile.

Den chéad uair i mbliana, i gcomhpháirtíocht le Ealaín na Gaeltachta, beidh ranganna ar bun sa gCeol Dúchasach i réimse leathan uirlisí ceoil. Beidh dhá ghrúpa ceoil á gcur ar bun freisin le deis a thabhairt do cheoltóirí óga teacht le chéile agus a gceird a chleachtadh. Sa mbreis ar sin, beidh ranganna ar fáil sa gCeol Nua-Aimseartha!

Is féidir gasúir a chlárú anois ach glaoch ar an oifig ag 091 869571, nó ríomhphost a sheoladh chuig eolas@nulltuismitheoiri.ie.


Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige

Club na bhFoghlaimeoirí II

Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige

Beidh Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ag cur tús go gairid le ranganna oíche sa nGaeilge (Bunleibhéal & Meánleibhéal). Beidh rang an Déardaoin dírithe ar ghlantosaitheoirí amháin (daoine nach ndearna staidéar ar an nGaeilge ar scoil).

Beidh an an rang maidin Dé Máirt dírithe ar an méanleibhéil le meascán de chomhrá, foghraíocht Chois Fhaarraige, filíocht, prós agus gramadach.

Tá atmaisféar an Chlub neamhfhoirmeálta, agus cuirtear fíorchaoin fáilte roimh bhaill nua. Bíonn imeachtaí an Chlub ar súil i gClubtheach an Chlub i mBaile an tSagairt, An Spidéal.

Ar an Luan seo chugainn, 16 Meán Fómhair, ag 8.00pm, beidh an Oíche Eolais agus Clárucháin ar bun sa gClubtheach: Teach Hastings, Baile an tSagairt, H91 H9K7, atá tuairim is 1 km ar bhóithrín Bhaile an tSagairt, thar an Eastát Tionsclaíochta: bungaló bán ar dheis agus fógra mór CLUB FOGHLAIMEOIRÍ GAEILGE CHOIS FHARRAIGE sa bhfuinneog. Eolas le fáil ón suíomh www.gaeilge.club nó tré ríomhphost a chur ag Spiddal.gaeilge@nullgmail.com nó glaoch ar 087 3553101.


Coiste an Chomharchumainn

Comharchumann ShailearnaAg an gcruinniú chinn bhliana a bhí ag Comharchumann Sailearna Teo. ar an 29 Lúnasa, ceapadh an cúigear seo a leanas ar Bhord Stiúrtha an Chomharchumainn leis na folúntais ar an mbord a líonadh: Máirtín Ó Meachair, Siobhán Nic Eochagáin, Eoin Ó Tuairisg, Pádraig Tom Phaidí Mac Diarmada agus Barry Ó Coisdealbha.

Ar an mBord chomh maith tá Peadar Mac an Iomaire, Séamas E. Ó Fátharta, Róisín Ní Chonfhaola, Seán Ó Tuairisg, Seán Ó Ráighne, Áine Nic Niallais agus Fil Uí Dhbhghaill.

Ag an gcéad chruinniú den Bhord Stiúrtha nua, Déardaoin seo caite, cinneadh d’aon ghuth go n-atoghfaí na hOifigigh céanna don bhliain seo agus a bhí ann an bhliain seo caite. Seo iad:

Peadar Mac an Iomaire, Cathaoirleach.

Róisín Ní Chonfhaola, Leas-Chathaoirleach.

Siobhán Nic Eochagáin, Rúnaí.

Séamas E. Ó Fátharta, Cisteoir.

Ceapadh Muireann Ní Chuív agus Beartla Ó Flatharta ina Stiúrthóirí ar Bhord Stiúrtha an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh.


An Spidéal agus Na Breathnaigh Tríd

Foireann Idirmeánach CMB (2019)

Foireann Idirmheánach Chumann Micheál Breathnach

Ciallaíonn an bua a bhí ag foireann peile An Spidéil ar Bhearna ar an Satharn seo caite, agus an bua a bhí ag Cumann Micheál Breathnach ar Kilconly ar an Domhnach, go mbeidh An Spidéal sa gCluiche Ceathrúcheannais sa gCraobhchomórtas sinsear in aghaidh Réalta Thuama agus beidh Cumann Micheál Breathnach san iomaíocht le Cartoon Shamrocks sa gCluiche Leathcheannais Idirmheánach. Imreofar an dá chluiche ar an Satharn nó an Domhnach, 21/22 Meán Fómhair.

Sa mbua a bhí ag An Spidéal in aghaidh Bhearna, bhí An Spidéal i bhfad níos fearr sa gcéad leath agus iad sé chúilín chun tosaigh ag an mbriseadh, ach sa dara leath d’éirigh le Bearna dul chun tosaigh ar An Spidéal gan ach ceithre nóiméad fágtha ar an gclog. Ach chríochnaigh peileadóirí An Spidéil go láidir: chothromaigh an cúl báire, Mánus Breathnach, le cúilín iontach; rinne Dara Mac an Rí An Spidéal a chur chun cinn agus chinntigh Ciarán Ó Droighneán áit don Spidéal sna babhtaí ceathrúcheannais i ngrád an sinsir.

Sa gcluiche ceathrúcheannais a d’imir Na Breathnaigh, bhíodar cúl chun deireadh ag leath ama, ach nuair a tháinig siad amach tar éis an bhriseadh scóráil siad ocht gcúilín i ndiaidh a chéile sula bhfuair Kilconly aon scór. Cúl a fuair an fear ionaid, Dara Mac Gearailt, gar do dheireadh an chluiche, a chinntigh an bua do Na Breathnaigh. Bhí sárchluiche ag Rónán Mac Donnacha a chiceáil naoi gcúilín agus ag Tomaí Ó Conghaile i lár na páirce. Seo iad na imreoirí eile a scóráil do Na Breathnaigh: Rónán Mac Donncha (0 – 9); Seán Denvir (0 – 3); Ruadhán Ó Curraoin (0 – 4); Dara Mac Gearailt (1 – 0); Tomaí Ó Conghaile (0 – 1) agus Dara Mac Dubhghaill (0 – 1).

Níl ach cluiche amháin eile le buachan ag Cumann Micheál Breathnach le áit a chinntiú ar ais i measc na sinsear an chéad bhliain eile. Is in aghaidh Cartoon Shamrocks a bheas siad sa gcluiche sin a imreofar ar an Satharn nó An Domhnach, 21/22 Meán Fómhair.


Seó An Spidéil 2019

Séamus Ó Conchubhair 40 bliain ar choiste an Taispeántais

Ag Seó an Spidéil le gairid tugadh aitheantas don tréimhse 40 bliain atá caite ag Séamus Ó Conchubhair ar Choiste Seó an Spidéil mar Rúnaí i dtosach agus Cathaoirleach ina dhiaidh sin. Sa bpictiúr ag an mbronnadh ar Sheámus bhí ó chlé: Seán Willie Ó Fátharta, Paddy Feeney, Dymphna Hume, Peadar Ó Loideáin, Séamus Ó Conchubhair é féin, Anthony Flaherty agus Seán Ó Cualáin.

[Pic: Áine Ní Dhroighneáin]

Beidh na torthaí ó Thaispeántas Chois Fharraige, nó Seó an Spidéil mar a thugtar air, a bhí ar bun i gColáiste Chonnacht ag tús na míosa, le fáil ar an suíomh seo go luath.


Oireachtas na Gaeilge 2019

Caitlín Ní Chualáin (Oireachtas 2014)

Caitlín Ní Chualáin ón Teach Mór, Indreabhán le corn a ghnóthaigh sí ag Oireachtas na Gaeilge.

Tá Caitlín ceaptha ina Amhránaí Cónaitheach in Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh sí ag tabhairt sraith ceardlanna amhránaíochta i seomra seiminéir an Ionaid Léann, ag tosú ar an Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair.

An Céadaoin seo chugainn, 18 Meán Fómhair, an dáta deiridh iontrála do na comórtais ardáin ag Oireachtas na Gaeilge 2019. Is féidir iontráil a dhéanamh ar líne ach dul go dtí an nasc https://pangr-antoireachtas. Amhránaíocht ar an Sean-Nós, Rince ar an Sean-Nós, Scéalaíocht, Agallaimh Beirte, Lúibíní, Scoraíocht etc. Tá na foirmeacha iontrála le fáil chomh maith ó Oifig an Oireachtais i gCasla, nó tré ríomhphost a sheoladh ag an seoladh eolas@nullantoireachtas.ie.


Torthaí Spóirt

Peil (Sinsear): Spidéal 0 – 13, Bearna 0 – 11.

Peil (Idirmheánach): Ml. Breathnach 1 – 18, Kilconly 1 – 10

Peil (Sóisear A): Ml. Breathnach 1 – 07, Uachtar Ard 1 – 05

Peil (Sóisear B): Spidéal 3 – 07, An Cheathrú Rua 1– 11.

Peil (Mionúr B): An Spidéal 2 – 06, Cliften 2 – 11.

Peil (Mionúr B): Ml. Breathnach 4 – 14, An Fhairche 3 – 06.

Peil (faoi 16): Ml. Breathnach 1 – 19, Cahelistrane 5 – 09.

Peil (faoi 14): Spidéal 3 – 09, Craughwell 3– 06.

Sacar (Roinn 1): Cois Fharraige 2, West Coast Utd. 2


11 Meán Fómhair 2019