Cartlann Nuachta: 11 Samhain 2015

11 Samhain 2015


Sraith Camógaíochta an Iarthair

Bhí bua iontach ag cailíní faoi 15 Chois Fharraige i gCluiche Ceannais Sraith Camógaíochta an Iarthair an Satharn seo caite, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chumann Liam Uí Mhaolíosa leis an scór 3 – 03 in aghaidh 2 – 03. Bhí Cois Fharraige chun cinn ó thús go deireadh an chluiche a imríodh ar an gCaisleán Gearr.

Is é seo an triú bliain as a chéile do Chumannn Camógaíochta Chois Fharraige an comórtas áirithe seo a bhuachan. Tá triúr ó fhoireann na bliana seo, Aoife Nic Chormaic, Éabha Ní Chonláin agus Máire Ní Fhrighil, a bhí ar an trí fhoireann bhuacach.

Camógaí faoi 15

Foireann faoi 15 Chumannn Camógaíochta Chois Fharraige a bhuail Chumann Liam Uí Mhaolíosa i gCluiche Ceannais Sraith Camógaíochta an Iarthair Dé Sathairn seo caite.

Ar chúl (ó chlé): Bridie Mhic Chormaic, Aodhán Mac Cormaic, Siobhán Ní Neachtain, Bláithín Ní Chonghaile, Gráinne Ní Ghaoithín, Katie Ní Fheinneadha, Béibhinn Breathnach, Síofra Ní Mhárta, Aghna Nic Dhonnacha, Ailbhe Breathnach, Róisín Ní Dhiompsaigh, Áine Ní Laoi, Rosie Ní Dhubhghaill, Fionnuala Ní Mhárta, Tomás Ó Neachtain.

Chun tosaigh (ó chlé): Aisling Ní Chonghaile, Ciara Nic Eochagáin, Éabha Ní Chonláin, Sinéad Ní Chonchúir, Aoife Nic Dhonnchadha, Blanca Ní Dhonnabháin, Máire Ní Fhrighil, Aoife Nic Chormaic.


Torthaí Eile Spóirt

  • Camógaí (Sraith, faoi 13): Cois Fharraige 3 – 03; Caisleán Gearr 3 – 02.

  • Peil (Sóisear A, Roinn 4): Mícheál Breathnach 1 – 05; Réalta Thuama 0 – 06.

  • Peil (Sóisear A, Roinn 3): An Spidéal 1 – 07; Oileáin Árann 1 – 09.

  • Peil (Sinsir, Roinn 2): Micheál Breathnach 1 – 07; Bearna 0 – 09.

  • Camógaí (Scoileanna Sinsir): Coláistí Chois Fharraige 10 – 15; Coláiste Éinde 1 – 1.


Buaiteoirí Comórtais Liteartha an Oireachtais as Ceantar Chois Fharraige

  • Gradam Uí Shúilleabháin: Tadhg Mac Dhonnagáin, An Spidéal, leis an leabhar Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal, foilsithe ag Futa Fata.
  • Ábhar Léitheoireachta don Fhoghlaimeoir Fásta, an dara duais:  Brian Ó Baoill, An Teach Mór Thoir.
  • Cómórtas na Scríbhneoirí Úra  (Scribhneoirí nach bhfuil saothar dá gcuid féin foilsithe acu go dtí seo), an chéad duais: An Dráma Bás an Ollaimh Mhóir, le Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBroghach.
  • Comórtas Cuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc, an dara duais: Brian Ó Gibne, An Teach Mór,  leis an saothar A Spéir, Ná Tit Orm.

Comórtais Liteartha do Dhaoine Óga

  • Scéal (faoi 21), an chéad duais: le Aifric Ní Scolaí, Uachtar na Locha, Indreabhán: leis an scéal ‘Beidh Siad go Breá’.
  • Dán (faoi 16): le Diarmuid Ó Flatharta, An Trá Bháin, leis an dán Fadbh F.I.F.A.

Com 30 - Pádraig a' Táilliúra & Máire Bríd Ní Chualáin 2

Pádraig a’ Táilliúra Ó Conghaile ar chlé, agus ar dheis Máire Bríd Ní Chualáin ó Ros a’ Mhíl, a fuair an darna áit sa gComórtas Agallamh Beirte ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Sa lár tá Micheál Ó Domhnaill, Tír an Fhia.


Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara?

Beagán le cois 60 duine a bhí i láthair i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, maidin Sathairn seo caite ag ócáid phoiblí a d’eagraigh grúpa tuismitheoirí i gCois Fharraige a tháinig le chéile faoin teideal ‘Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara’. “Na Buntáistí a Bheadh le Meánscolaíocht Lán-Ghaeilge i gConamara” an teideal a bhí ar an ócáid.

Ar an ardán bhí beirt phríomhoidí ó Ghaelcholáistí ón taobh thoir den tír, Fíona Uí Uiginn, Príomhoide Choláiste Íosagáin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus Séamas Ó Ceanainn, Príomhoide Ghaelcholáiste Chill Dara, comh maith le Máire Uí Dhufaigh, ó Inis Oírr, agus Máire Denvir ó Chois Fharraige. Bhí sé le tuisicint nár tugadh cuireadh do phríomhoidí ná d’ionadaithe ó aon cheann de na scoileanna iarbhunoideachais sa gceantar chun a dtuairimí faoin ábhar a thabhairt.

Ní mó na sásta a bhí roinnt daoine leis an rialú a rinne an cathaoirleach ar an gcruinniú, nach bhféadfaí aon scoil áitiúil a lua. Dúirt bean amháin go mba cheart ‘campas lán-Ghaeilge’ a bhunú sa gceantar le gasúir ó naíolann, bunscoil agus meánscoil, a bheadh ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Dúirt fear eile a raibh taithí aige ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus i Scoileanna Lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, nach bhfaca sé go raibh raibh mórán de dhifríocht idir an dá chineál scoil agus go raibh na dúshláin chéanna is na deacrachtaí céanna le sárú ag scoil ar bith a bhí ag iarraidh feidhmiú trí Ghaeilge, bíodh sé sa nGaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ba é tuairim formhór na ndaoine a labhair go mb’fhearr a bheith ag tacú leis na scoileanna iarbhunoideachais atá ann, dul i ngleic na leis na deacrachtaí atá acu ag iarraidh oideachas a chur ar fáil trí Ghaeilge don phobal ina iomlán, seachas a bheith ag caint ar Mheánscoil Lán-Ghaeilge a bhunú sa gceantar.


Scannán ón Iaráin sa tSeanscoil

Manuscripts Don't Burn 3

MANUSCRIPTS DON’T BURN an scannán sa tSeanscoil an Déardaoin seo, 12 Samhain, ag tosaí ag 8.15 i.n. Theastaigh misneach leis an scannán áirithe seo a dhéanamh, mar gur thug Rialtas na hIaráine foláireamh don stiúrthóir éirí as. Chuaigh sé i mbaol príosúin leis an scannán a chríochnú. Sa scannáin tá gníomhairí an rialtais faoi ordú lámhscríbhinn de leabhar áirithe a scriosadh, leabhar ina bhfuil cuntas ar phlean an rialtais roinnt scríbhneoirí aitheanta a fheallmharú.

Tá níos mó eolais faoin scannán le fáil ón suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Club Óige Chois na hAbhann

Cuirfear tús an Aoine beag seo (13 Samhain), i Halla na Tulaí, le Club Óige Chois na hAbhann. Is Club Óige é do dhaoine óga ó 7 – 12 bliain d’aois agus beidh sé ar bun as seo amach gach tráthnóna Aoine idir 6.30 agus 8.00 i.n.

Beidh an clárú ann an Aoine seo agus iarrtar ar thuismitheoir a bheith i láthair ag an oíche clárúcháin. Níl ach €10 ar an gclárú don bhliain; €17 do bheirt ón teaghlach céanna agus tá €2 in aghaidh na hoíche le íoc chomh maith. Tá tuilleadh eolais le fáil ó Joanne Ní Fhlatharta, Óige na Gaeltachta, ag an uimhir 091-551145.


An Ceistneoir

Mar chuid den tionscadal Pleanáil Teanga atá ar bun faoi láthair, tá suirbhé le déanamh ar thuismitheoirí i gceantar Chois Fharraige, an ceantar ó na Forbacha siar go Ros a’ Mhíl. Tá ceistneoir le dáileadh an tseachtain seo chugainn ar thuismitheoirí a bhfuil gasúir acu sa gcóras oideachais. Beidh an ceistneoir, a thógann thart ar 20 noiméad le líonadh, á dháileadh tríd na scoileanna, na naíolanna agus na naíonraí sa gceantar. Tá an suirbhé ag iarraidh proifíl a fháil de na teaghlaigh sa gceantar a bhfuil gasúir acu, nó a mbeidh gasúir leo, sa gcóras oideachais. Cuideoidh an t-eolas le Plean Teanga a chur le chéile don cheantar don tréimhse 2016 – 2023.

Beidh na ceistneoirí le fágáil ar ais sna scoileanna faoin Luan, 30 Samhain. Teaghlach ar bith nach bhfuil aon ghasúr leo ag scoil áitiúil agus ar mian leo a bheith páirteach sa suirbhé, is féidir ceistneoir a fháil ó oifig Chomharchumann Sailearna, ó oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil nó ón oifig sa gCrann Taca (ar chúl Séipeál an Chnoic), é sin nó cuirfear ceann sa bpost chugat ach glaoch/téacs a chur ar 087 2035470 nó ríomhphost a chur ag eolas@nullpleanteanga.ie.


Oibreacha Sábhála ar an Tulach

Tá sé curtha in iúl don Chomhairleoir Seán Ó Tuairisg go bhfuil conraitheoir ceapaithe anois ag an gComhaile Contae chun oibreacha sábhála a dhéanamh ar an Tulach. Tá an obair le déanamh faoin ”Scéim Oibreacha Sábhála le Costas Íseal”. Tá soilsí poibli i gceist chomh maith le oibreacha breise ag an Seipéal agus ag an Scoil Náisiúnta chun go mbeidh se níos éasca an bóthar a thrasnú.

Bhí na hoibreacha seo á n-éileamh le fada. Tá súil na hoibreacha a bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana.


Teorainneacha Luais ar an R336

TeorainnLuais1Tá gealltanas tugtha ag an gComhairle Contae don Chomhairleoir Seán Ó Tuairisg go gcuirfear san áireamh na teorainneacha luais ar an mbóthar R366 ó Bhearna go Ros a’ Mhíl san athbhreithniú atá le déanamh ar theorainneacha luais an bhliain seo chugainn. Cuirfear san áireamh na teorainneacha luais ar na bailte fearainn freisin.

Tá go leor gearán déanta le blianta faoi na teorannacha luais céanna: athraíonn siad chomh minic sin ó áit go háit sa gcaoi is gur deacair fios a bheith ag tiománaí cén teorann luais atá ann.

Tá míshástacht freisin ann faoin teorainn luais 80 km/uair ar na bóithríní. ‘Sé an an freagra a bhíonn ag an gComhairle Chontae air seo ná go bhfuil sé de dhualgas ar dhaoine tiomáint ag luas sábháilte i gcónaí. Ach cén fáth a mbeadh an Comhairle Chontae ag tabhairt le fios gur féidir tiomáint suas le 80 km/uair ar bhóithrín caol casta, nuair nach bhfuil sé sábháilte tiomáint ag fiú leath an luais sin?


An tSraith 7 a’ Taobh Tosaithe

Tá Sraith nua 7 a’ Taobh tosaithe ón Luan seo caite ar Astró Chumann Mícheál Breathnach, i nGleann an Chnoic. Sa tsraith i mbliana tá deich bhfoireann le deichniúr ar gach foireann. Idir seo agus deireadh Eanáir beidh cluiche chuile Luan ar an Astró. Beidh Corn a bhronn Tigh Chualáin le fáil ag an bhfoireann a bheas ar bharr an tábla ag deireadh na sraithe, chomh maith le €600.


Sladmhargadh sa Spailpín

Siopa spailpín

Tá sladmhargadh ar siúl i siopa An Spailpín Fánach faoi láthair. Tá aithne i bhfad is i ngearr ar lucht an Spailpín as na t-léinte Gaeilge agus geansaithe atá siad ag cur ar fáil le os cionn tríocha bliain. Déanann siad a gcuid obair priondála ar fad i gCeardlann An Spidéil, agus tá siopa ar oscailt don phobal, áit a bhfuil réimse mór earraí tarraingteacha a bhaineann leis an nGaeltacht agus cultúr na háite. Tá idir leabhair agus dlúthdhioscaí, cártaí beannachta i nGaeilge, soilse áille agus pictiúir ón gceantar. Tá réimse leathan de t-léinte agus cochaill (hoodies) do dhaoine fásta agus daoine óga.

Tá Sladmhargadh an Fhómhair ar siúl ann le roinnt laethanta anuas, agus go leor de mhuintir na háite ag tarraingt ar an siopa. Leanfaidh an sladmhargadh go dti 14 Samhain, le cuid de na héadaí ar leath-phraghas (geansaithe cochaill ó €15) agus lascaine 15% ar fáil ar gach ball éadaigh sa siopa.

Is fiú bualadh isteach chucu agus siopadóireacht na Nollag a thosaí go luath.


Seoladh Leabhar faoi Raiftearaí

Mise Raiftearaí An Fíodóir FocalSeolfaidh Liam Mac Con Iomaire an leabhar beathaisnéise Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin i dTigh Ghiblin sa Spidéal ar an Aoine beag seo ag 8.00 i.n.

Seo é an leabhar, foilsithe ag Futa Fata, ar a bronnadh an gradam do Leabhar Gaeilge na Bliana 2015 ag an Oireachtas i mBaile Átha Cliath le gairid.

I ndiaidh don leabhar a bheith seolta déanfar ceiliúradh ar oidhreacht bheo Raiftearaí le seisiúin amhrán, ceoil agus filíochta.

Fáilte roimh chách chuig an ócáid seo atá saor in aisce.