Cartlann Nuachta: 12 Aibreán 2023

Cuimhneachán ag Dumhach na Leanbh

Dumhach na Leanbh Luan Cásca 2023 - An Slua

An slua a bhailigh le céile ag Dumhach na Leanbh ar Luan Cásca, in ainneoin na drochaimsire, le haghaidh Searmanas Cuimhneacháin a bhí eagraithe ag Coiste Dhumhach na Leanbh, fochoiste de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Ar an Luan seo caite, Luan Cásca, reáchtáladh searmanas cuimhneacháin ag Dumhach na Leanbh, An Teach Mór, i gcuimhne ar na páistí agus daoine eile atá curtha sa gcillín ar bhruach na mara ar an Teach Mór. Cé go raibh an aimsir sách gránna, le gaoth láidir aniar aduaidh ag séideadh, d’fhan sé tirim. Thart ar 60 duine a bhí bailithe de phobal na háite. Chuir an tAthair Stiofán Ó Donncha tús leis an searmanas agus labhair sé faoin mbealach a raibh ar mhuintir Chois Fharraige teitheadh le dídean a fháil beagnach 200 bliain ó shin agus nár mhiste ar dhaoine cuimhniú air sin agus daoine ag teitheadh ó ghorta, bhochtanas agus chogaíocht sa lá atá inniu ann.

Leagadh bláthanna ag bun na croise ag Dumhach na Leanbh. Dúradh cúig dheichniúr den Phaidrín Páirteach agus sheinn grúpa daoine óga ó Cheoltóirí Chois Fharraige roinnt ceoil le tús agus deireadh a chur leis an searmanas. Cuireadh sólaistí ar fáil sa bPoitín Stil théis an tsearmanais.

Coiste Dhumhach na Leanbh, fochoiste de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige, a d’eagraigh an ócáid agus ghlac Rúnaí an Choiste, Mamie Ní Chualáin, buíochas leis na daoine a chabhraigh leo leis an ócáid a eagrú agus go speisialta leis na oibrithe ón Scéim Sóisialta Tuaithe áitiúil a réitigh an suíomh don ócáid. Tá sé i gceist ócáid bhliantúil a dhéanamh dhó. Tá tacaíocht geallta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin Scéim Tacaíochta Pobail le cúnamh a thabhairt íoc as costaisí na hócáide.


AGM an Chumann Forbartha

Logo CFCFSeachtain ón Luan seo chugainn, 24 Aibreáin, a reáchtálfar Cruinniú Cinn Bliana Chumann Forbartha Chois Fharraige, sa seomra ar chúl Shéipéal an Chnoic, Indreabhán.

Tá an cruinniú oscailte do bhaill an Chumann Forbartha agus fáilte roimh bhaill nua i gcónaí. Is féidir ballraíocht a fháil ach foirm a líonadh, atá le fáil ach ríomhphost a chur ag CUMANNFORBARTHA@nullGMAIL.COM.

Glacfar le rún ó na baill le cur os comhair an chruinniú cinn bhliana suas go dtí an Luan seo chugainn, 17 Aibreán.

Is féidir rún a chur i bhfoirm ríomhphoist nó a fhágáil isteach ag Oifig Chomharchumann Sailearna i gclúdach litreach don Rúnaí ar an gCumann Forbartha.


Foireann Sacair Chois Fharraige

Foireann Sacair Chois Fharraige 2023

Foireann Sacair Chois Fharraige atá san iomaíocht i mbliana le ardú céime a fháil i Sraith na Gaillimhe.

Ar cúl: Joe Tobin, Bart Ó Conghaile, Riain Ó Flatharta, Chris Ó Biadha, Micheál de Búrca, Liam Ó Conaire, Damien Blade, Leon Mac Lochlainn (Capt.), Marcus Ó Neachtain, Niall Mac Diarmada, Aodhán Ó Maoileoin, Conall Ó Cuirrín.

Chun tosaigh: Mikey Ó Conaire, Oisín Ó Céidigh, Séamus de Búrca, Ciarán Seoighe, Evan Ó Feinneadha, Donal Ó Ceallaigh, Seán Comerford, Gearóid Ó Curraoin.

Cé nár éirigh le Cois Fharraige i gcomórtas Corn Chonnacht i gcoinne Bleá a’ Rí ar an Domhnach seo caite ar Pháirc Ros a’ Mhíl, ba éacht do fhoireann Chois Fharraige dul chomh fada leis an gcluiche ceathrúcheannais i gcomórtas do na clubanna sacair amaitéaracha ar fad i gCúige Chonnacht.

Níl séasúr Chois Fharraige críochnaithe fós, ná baol air. Seachtain ón Satharn seo chugainn, 22 Aibreán, beidh cluiche cinniúnach ag Cois Fharraige i gcoinne Moyne Villa i Ros a’ Mhíl. Má éiríonn le Cois Fharraige foireann an Achréidh a bhualadh beidh seans an-mhaith go mbeidh ardú céime in ndán dóibh.

Seo mar a sheasann an tábla i Roinn I na sraithe: tá Moyne Villa a bharr an tábla le 42 pointe agus ní féidir breith orthu, ach tá trí fhoireann san iomaíocht don dara áit. Tá Uachtar Ard ar 35 pointe gan aon chluiche fágtha le imirt. Tá Corofin United ar 34 pointe le dhá chluiche fágtha acu le imirt agus tá Cois Fharraige ar 32 pointe le dhá chluiche fágtha chomh maith le imirt.

Leis an dara áit a chinntiú theastódh ó Chois Fharraige an dá chluiche atá fágtha a bhuachan. Ach ní leor sin leis an dara áit a bhaint amach chun an t-ardú céime a thuilleamh: theastódh chomh maith go gclisfeadh ar Corofin United an dá chluiche atá le imirt acu a bhuachan.

Amach mí Bhealtaine beidh Cois Fharraige agus Mac Dara, foireann na Ceathrú Rua, in aghaidh a chéile sa gcluiche leathcheannais sa gcomórtas le haghaidh Corn Joe Ryan.


ALTAN sa Spidéal

Altan

Altan, a bheas ag casadh i Stiúideo Cuan sa Spidéal ar an Déardaoin seo chugainn, 20 Aibreáin.

Ní bheidh aon cheolchoirm i Stiúideo Cuan, An Spidéal, an deireadh seachtaine beag seo ach tá raidhse ceoil den scoth fós le tíocht roimh dheireadh na míosa mar chuid den Fhéasta Ceoil, atá eagraithe ag Stiúideo Cuan.

Ar an Déardaoin seo chugainn, 20 Aibreán, beidh an sár-ghrúpa ó Dhún na nGall, ALTAN, ar an ardán i Stiúideo Cuan. Tá cáil domhanda ar an ngrúpa Altan agus ar an amhránaí is fidléir Mairéad Ní Mhaonaigh, ó Ghaoth Dobhair.

Ar an Aoine, 21 Aibreán, beidh Mairéad Ní Mhaonaigh ar ais ar an stáitse i Stiúideo Cuan, mar chuid den ghrúpa T WITH THE MAGGIES. In éindí le Mairéad ar an Aoine, mar chuid den ghrúpa, beidh Moya Brennan ó Chlannad, chomh maith leis na deirfiúracha Mairéad agus Tríona Ní Dhomhnaill, beirt a bhí sa ngrúpa Skara Brae.

Gan ach líon teoranta suíochán sa seomra ceoil i Stiúideo Cuan, agus is cosúil go bhfuil na ticéid go léir díolta anois don dá cheolchoirm.


Postanna san ITT

Tá an ITT/An Crann Taca ar an gCnoc, Indreabhán, ag lorg iarratas faoi láthair do phost páirtaimseartha mar oibrí cistine idir 10.30 agus 2.30 Luan go hAoine. Tá scileanna maithe cócaireachta chomh maith le Gaeilge líofa riachtanach don phost.

Bheadh fáilte chomh maith roimh iarratais ar phoist lánaimseartha agus pháirtaimseartha mar oibrithe luathbhlianta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó 091593132, nó 593132, nó ón suíomh www.ancranntaca.ie.


‘Glanadh Suas’ in Indreabhán

Glanadh Suas - Brúscar CladaighTá sé socraithe ag Fochoiste Timpeallachta Chumann Forbartha Chois Fharraige an ‘Glanadh Suas’ bliantúil a eagrú seachtain ón Satharn seo, 22 Aibreán, i gceantar Indreabháin.

Tá sé i gceist díriú ar na bóithríní agus ar an gcladach ó Abhann Cruimlinne aniar.

Beidh daoine ag teacht le chéile ag 9.00am i Seanscoil Sailearna, áit a leagfar amach na bóithríní is na píosaí den chladach a bheas le glanadh ag gach duine. Cuirfear miotógaí agus málaí ar fáil.

Sa gcás nach mbeadh duine ar fáil ar an Satharn, is féidir socrú a dhéanamh an brúscar a bhailiú am eile le linn na seachtaine, ach téacs a sheoladh ag an uimhir 087 6738834 agus leagfar amach bóithrín le déanamh nó píosa den chladach.


GAELCHARA

Gaelchara - PostaerTá Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga sa tóir ar chainteoirí dúchais/líofa Gaeilge ar láimh amháin chomh maith le foghlaimeoirí Gaeilge ar an láimh eile, le páirt a ghlacadh sa chéad bhabhta eile den scéim GAELCHARA. Is éard atá i gceist leis an scéim ná go gcuirtear cainteoir dúchais/líofa le chéile le foghlaimeoir – casann an bheirt le chéile, ar bhonn sóisialta, go rialta le Gaeilge a labhairt. Tugann an scéim deis d’fhoghlaimeoirí níos mó Gaeilge a úsáid agus a fhoghlaim. Tugann an scéim deis do chainteoirí líofa/dúchais na scileanna teanga atá acu, chomh maith leis an saibhreas teanga atá acu, a roinnt leis an bhfoghlaimeoir.

Iarrtar ar an mbeirt casadh le chéile go rialta thar trí mhí, nó ar feadh 30 uair an chloig – cibé sprioc a bhaintear amach ar dtús! Ag deireadh na scéime, cuirtear €250 an duine ar fáil don fhoghlaimeoir agus don chainteoir dúchais/líofa. Chomh maith leis sin, tagann na ‘Gaelchairde’ uilig le chéile ag deireadh na scéime leis an obair agus éacht atá bainte amach acu a cheiliúradh ar bhonn sóisialta. Bronnfar teastais ar na rannpháirtithe ag an ócáid freisin. Is féidir clárú don scéim leat féin – mar fhoghlaimeoir nó mar ‘mheantóir’, nó is féidir clárú le chéile, mar bheirt. An t-aon choinníoll a bhaineann leis an scéim ná nach bhfuil aon ghaol fola nó pósta idir an bheirt. Ba bhreá linn cloisteáil ó chainteoirí líofa, ó chainteoirí dúchais agus ó fhoghlaimeoirí le páirt a ghlacadh sa scéim i mbliana. Dúirt Katie Ní Loingsigh, an tOifigeach Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige, go bhfuil dhá scór duine théis a bheith páirteach sa scéim do dtí seo agus “aiseolas thar a bheith dearfach faighte againn uathu – agus roinnt cairde nua déanta fiú!”

Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó clárú don scéim, ach teagmháil a dhéanamh le Katie ag optchoisfharraige@nullgmail.com nó 083 010 6294.


Tús Maith ag Mná na mBreathnaigh

Cumann Mícheál BreathnachBhí tús maith ag foireann peile ban ó Chumann Micheál Breathnach ar an Luan seo caite, ag imirt don chéad uair ag an ngrád Sóisear A. Bhuail siad foireann Bhaile Cláir na Gaillimhe go héasca leis an scór 3 – 10 in aghaidh 0 – 11. Anuraidh d’éirigh le foireann ban na mBreathnaigh Craobh an Chontae a bhuachan ag an nGrád Sóisear B, chomh maith le Comórtas Peile na Gaeltachta ag an nGrád Sóisearach agus roinnt comórtais eile. Tá siad ag imirt i mbliana sa ngrád Sóisear A.

Chomh maith le sin, i mbliana don chéad uair riamh tá an dara fhoireann ban sóisear anois ag Cumann Micheál Breathnach agus an tseachtain seo caite bhí an chéad chluiche acu in aghaidh Gráinne Mhaol. Cé gur chaill siad an chluiche ní raibh de bhearna eatarthu ach 4 phoinnte sa deireadh.


Seisiún Amhránaíochta Tigh Phádraicín

Beidh seisiún amhránaíochta (gan tionlacan) ar siúl Tigh Phádraicín, sna Forbacha, ar an Domhnach, 16 Aibreán. Cuirfear tús leis an seisiún ag 8.00i.n. Cuirfear sólaistí ar fáil ar an oíche, buíochas le tacaíocht ó Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Fáilte roimh chách!


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €5,200 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 7, 15, 18, 21.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

  • Diarmaid Ó Flatharta, An Trá Bhán;
  • Bobbie Uí Chualáin, An Teach Mór;
  • Eileen Curran, Coill Rua;
  • Máirtín Ó Droighneáin, An Teach Mór.
  • Uilic Ó Cualáin, An Teach Mór, a fuair duais an díoltóra.

€5,300 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

• Peil na mBan (Sóisear): Ml. Breathnach 3 – 10, Claregalway 0 – 11.

• Iomáint (faoi 20 B): Ml. Breathnach 2 – 07, Rahoon/Newcastle 7 – 22.

• Iomáint (faoi 15B): Ml. Breathnach 5 – 06, Mullagh/Kiltormer 2 – 17.

• Peil (Roinn 2): An Spidéal 0 – 04, Salthill/Knocknacarra 1 – 10.

• Peil (Roinn 3A): Ml. Breathnach 1 – 11, Corofin B 2 – 13.

• Peil (faoi 16): An Spidéal 3 – 11, Oughterard 3 – 07.

• Peil (faoi 15): An Spidéal 3 – 05, Oughterard 1 – 13.

• Peil (faoi 13): An Spidéal 3 – 09, Naomh Anna, Leitir Móir 1 – 10.

• Peil (faoi 13): Ml. Breathnach 4 – 11, Carna/Caiseal/Na Piarsaigh B 1 – 04.

• Sacar (Corn Connacht): Cois Fharraige 2, Athenry 5.

• Sacar (Roinn I): Mac Dara 2, Corofin Utd. 3.

• Sacar (faoi 17): Mac Dara 1, Knocknacarra B 4.

• Sacar (Cailíní f15): Bearna/Na Forbacha 1, Mervue Utd. 4.

• Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha 3, Oughterard 0.

• Sacar (faoi 15): Mac Dara 5, Moyne Villa B 0.

• Sacar (Cailíní f13): Bearna/Na Forbacha 5, Athenry 0.

• Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha B 2, Athenry C 2.


12 Aibreán 2023