Cartlann Nuachta: 12 Bealtaine 2021
Cath an Spidéil, 100 Bliain ó Shin
Micheál Ó Droighneáin, ón Tuar Beag, An Spidéal, a bhí i gceannas ar bhuíon den IRA a chuir luíochán ar baill den RIC sa Spidéal, 100 bliain ó shin, ar an 14 Bealtaine 1921.
Céad bliain ó shin las na Black an’ Tans roinnt tithe i gCois Fharraige. Is mar dhíoltas ar an luíochán a rinne buíon den IRA áitiúil ar an RIC, ar an Satharn, 14 Bealtaine, 1921. Seo a leanas na tithe a lasadh:
- Tigh Bhaba Bán, Saile Thúna, mar go raibh a mac, Pádraig Rua Ó Cúláin, Leascheannaire ar Chathlán An Spidéil, páirteach san ionsaí ar an RIC an mhaidin sin.
- Tigh Dhroighneáin ar an Tuar Beag, mar go mba as an teach sin na deartháireacha, Micheál agus Máirtín Ó Droighneáin, a bhí páirteach san ionsaí chomh maith agus bhí Micheál ina Cheannasaí ar Bhriogáid Oirthear Chonamara den IRA
- Tigh Choistealbha i mBaile an Domhnalláin, trasna ó Tigh Standún. Bhí Pat Ó Coistealbha, deartháir le Johnny Bán, ina Cheannfort ar Cathlán an Spidéil den IRA ag an am.
- Tigh Ned Breathnach i Sídheán. Bhí Ned ina Aidiúnach ar an IRA i mBriogáid Oirthear Chonamara.
Ba é Cath an Spidéil an eachtra is mó a tharla le linn Chogadh na Saoirse i gceantar Chois Fharraige.
Bhí sé socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Cumann Seanchas is Staire Chois Fharraige leac a nochtadh sa Spidéal le comóradh a dhéanamh ar an eachtra, ach, de bharr srianta Covid, socraíodh an ócáid a chur siar go dtí am éicint níos feiliúnaí.
Tá níos mó eolais faoi Chath an Spidéil in alt atá scríofa ag Donncha Ó hÉallaithe. Tá sé ar fáil sa Rannóg Staire den suíomh seo, nó lean an nasc seo: Cath an Spidéil 1921
Taimín Dan (ar chlé) agus a dheartháir Maidhcín Dan ina seasamh sa teach ar an Tuar Beag a las na Black an’ Tans. Tá cónaí ar Taimín sa teach i gcónaí. Bhí beirt uncail le Taimín agus Maidhcín páirteach i gCath An Spidéil, an Micheál Ó Droighneáin a a bhí i gceannas ar an IRA sa gceantar agus a dheartháir Máirtín.
[Pic:Dónal Ó Droighneáin]
Coiste Nua an Chumann Forbartha
An tseachtain seo caite bhí a chéad chruinniú ag an gcoiste nua atá ag Cumann Forbartha Chois Fharraige agus toghadh na hoifigí seo a leanas don chéad bhliain eile:
- Cathaoirleach: Gerry Willie Ó Fátharta, Corr na Rón.
- LeasChathaoirleach: Ananda Geluk, An Teach Mór.
- Rúnaí: Mamie Ní Chualáin, An Teach Mór.
- LeasRúnaí: Clíodhna Ní Mhurchú, Baile na mBroghach.
- Cisteoir: Máire Áine Mhic Dhonnacha, An Teach Mór.
- LeasChisteoir: Pádraig Willie Ó Fátharta, Na hAille.
- Oifigeach Caidreamh Poiblí: Donncha Ó hÉallaithe, Na hAille.
- Oifigeach na Meán Sóisialta: Kate Fennell, Corr na Rón.
Beidh cruinniú ag an gCoiste nua ar an Luan seo chugainn le clár oibre don bhliain a leagan amach.
Páirc Spraoi an Chnoic
An Pháirc Spraoi
Tá roinnt gearán faighte ag an gcolún ó thuismitheoirí le gasúir óga faoin caoi atá fágtha ar an bPáirc Spraoi, taobh le Páirc na mBreathnaigh i nGleann an Chnoic. Tá leath de na luascáin bainte anuas.
Comharchumann Sailearna a bhíodh freagrach as cothabháil an Pháirc Spraoi go dtí le gairid agus is cosúil go bhfuil an Comharchumann ag iarraidh ar Cumann Micheál Breathnach an cúram a glacadh. Faoi láthair níl sé soiléir cé tá freagrach as an bPáirc Spraoi agus tá an cothabháil ag titim idir dhá stól faoi láthair. Tuigtear go bhfuil an Pháirc Spraoi faoi árachas ag an gComhairle Chontae.
Athrú ar an Stiúir i gCló Iar-Chonnacht
Micheál Ó Conghaile, An Teach Mór, Indreabhán, atá ag éirí as a stiúrthóireacht ar an dteach foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht, th’éis dhó 35 bliain a bhí i gceannas.
Tá sé fógraithe ag Micheál Ó Conghaile go bhfuil sé ag éirí as stiúrthóireacht Chló Iar-Chonnacht, an comhlacht foilsitheoireacht a bhunaigh sé 35 bliain ó shin. Tá Cló Iar-Chonnacht ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is rathúla sa tír agus meas orthu de bharr caighdeán a gcuid oibre.
Bhí an comhlacht lonnaithe ar feadh i bhfad i bhfoirgneamh trasna ó Choláiste Cholmcille ach le roinnt beag blianta is ar an Spidéal atá Cló Iarchonnacht lonnaithe, taobh ó thuaidh den Cheardlann.
Sí Deirdre Ní Thuathail, an Bainisteoir Ginearálta, a bheas ag glacadh úinéireachta ar an gcomhlacht foilsitheoireachta.
Thar na blianta a raibh Micheál i gceannas, foilsíodh thart ar 1,000 teideal idir leabhair, caiséid agus dlúthdhioscanna ceoil. Tá cúigear fostaithe lánaimseartha ag Cló Iar-Chonnacht.
Tá sé i gceist ag Micheál Ó Conghaile níos mó ama a chaitheamh i mbun scríbhneoireachta.
Coláiste Chroí Mhuire
An grúpa a chuir an podchraoladh le chéile: Amanda Ní Bhrádaigh, Ailbhe Ní Neachtain, Máirín Ní Chéidigh, Marcus Ó Conghaile, Iarfhlaith Canny, Cormac Ó Tuairisc agus Éamonn Ó Ceallacháin.
Grúpa scoláirí ón Idirbhliain i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a ghnóthaigh an dara áit i gcomórtas náisiúnta podchraoladh, eagraithe ag Gael Linn. “Idir Shúgradh ‘s Dáiríre” an podchraoladh a chuir an grúpa le chéile faoin scríbhneoir cáiliúil ón gCnocán Glas, Máirtín Ó Cadhain. Sa bpodchraoladh bhí meascán de cheol, scéalta, stair chomh maith le agallaimh le neach an Chadhnaigh. Sa ngrúpa a chuir an podchraoladh le chéile bhí Amanda Ní Bhrádaigh, Ailbhe Ní Neachtain, Máirín Ní Chéidigh, Marcus Ó Conghaile, Iarfhlaith Canny, Cormac Ó Tuairisc agus Éamonn Ó Ceallacháin.
Ní hé sin an t-aon duais a ghnóthaigh scoláirí ó Choláiste Chroí Mhuire mar gur éirigh le Maitilde Warsop, as rang na hIdirbhliana, tíocht sa gcéad áit in Éirinn i gcomórtas aistriúcháin do scoláirí meánscoile a reáchtálann an tAontas Eorpach. Aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a rinne Maitilde.
An Cumann Camógaíochta
Máirtín Ó Dubhghaill ag tabhairt treoracha ag leath ama do fhoireann camógaíochta Chois Fharraige, roinnt blianta ó shin.
Tá Cumann Camógaíochta Chois Fharraige ar ais i mbun traenála arís, tar éis maolú ar na srianta Covid.
Is ar an Aoine seo caite, 8 Bealtaine, a thosaigh Cumann Camógaíochta Chois Fharraige ar ais i mbun traenála.
Deireann an Cumann Camógaíochta go bhfuil sé riachtanach go mbeidh imreoirí cláraithe sula dtosaíonn siad ar ais ag traenáil, le go mbeidh siad clúdaithe ag árachas an chumainn.
Tá an Cumann Camógaíochta ag baint úsáid as an aip FOIREANN le gur féidir le imreoirí clárú roimh ré. Tá eolas le fáil ón suíomh www.gaa.ie faoin mbealach a oibríonn an córas clárúcháin ar líne.
Duais Mhór Idirnáisiúnta ag Fíbín
Fíbín i mBun Oibre – An Triail
D’éirigh leis an gcomhlacht Meangadh Fíbín, atá lonnaithe ar An Tulach, duais mhór idirnáisiúnta a bhuachaint sa gcomórtas Prix Circom do chláracha teilifíse. “Samhlú 2020” an clár ar a bronnadh an duais don chlár ba nuálaí.
Is i gCloch na Rón a déanadh an clár “Samhlú” agus bhí neart amhránaithe, aisteoirí, damhsóirí agus ceoltóirí páirteach sa gclár.