Cartlann Nuachta: 12 Eanáir 2022
Fágtha ar Lár
An Déardaoin an sprioc atá ag an gComhairle Chontae chun Dréachtphlean Forbartha an Chontae a shocrú. Le cúpla lá anuas bhí cruinnithe ag na comhairleoirí agus iad ag cur leasaithe ar an gcéad dréacht a cuireadh ar fáil.
Ag an gcruinniú míosúil a bhí ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo caite, léiríodh díomá nach mbeadh aon stádas forbartha ar fiú trácht air ag ceantar an Chumann Forbartha, idir Abhainn Chruimlinne agus Abhainn an Chnoic, seachas an stádas is ísle a bheith ag ceatair an Chnoic.
Ba é ceann de na leasaithe ba thábhachtaí a chuir na comhairleoirí ar an dréachtphlean ná idirdhealú a dhéanamh idir Rural Settlements (7a) agus Rural Nodes (7b), le stádas níos airde ag Rural Settlements. Nuair a foilsíodh an liosta de na Rural Settlements ní raibh ar an liosta ó cheantar Chois Fharraige ach Na Forbacha agus Ros a’ Mhíl. Mhol Daithí Ó Cualáin go gcuirfí An Tulach/Baile na hAbhann leis an liosta agus glacadh leis sin. Ach fágadh an chuid eile de Chois Fharraige aniar ón Tulach as an áireamh.
Sa ráiteas a d’eisigh an Cumann Forbartha dúradh gur deacair a thuiscint cén chaoi a bhféadfaí an ceantar ar a dtugtar Indreabhán a fhágáil as an áireamh. Tá cruinniú á iarraidh ag an gCumann Forbartha leis na comhairleoirí áitiúla do Chonamara Theas, le fáil amach cén chaoi nár tugadh stádas mar Rural Settlement do Indreabhán sa dréachtphlean. Tá an baol ann, a deireann an ráiteas, mura ndéantar an leagan amach a leasú sin go bhfágfar ceantar Indreabháin ar chúl maidir le forbairt tithíochta, tionsclaíochta agus áiseanna pobail amach anseo. Tá an Cumann Forbartha ag iarraidh chomh maith ar Údarás na Gaeltachta dul i dteagbháil leis an gComhairle Chontae faoin scéal.
Tá tábhacht faoi leith ag baint le Plean Forbartha Nua an Chontae mar is de réir na bpolasaithe sa bPlean Forbartha a bheas cead pleanála á thabhairt nó á dhiúltú ar feadh sé bliana eile.
Tuirbín Gaoithe: Cead Diúltaithe ar an gCnoc
An suíomh ar an mBóthar Buí, ar a diúltaíodh an tseachtain seo cead pleanála a thabhairt le tuirbín gaoithe, 125m ar airde a thógáil.
Tá an cinneadh déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála a dhiúltú don chomhlacht Natural Forces Renewable Ltd., le tuirbín gaoithe a chur in airde ar thalamh ar an mBóthar Buí, a bheadh 125m ar airde. Tharraing an t-iarratas go leor conspóide an t-am seo anuraidh nuair a déanadh iarratas an chéad uair le tacaíocht ó Chomharchumann Sailearna. Reáchtáil Cumann Forbartha Chois Fharraige cruinniú poiblí ar zúm le ionadaithe ón gcomhlacht, agus léiríodh míshástacht leis an gcomhlacht agus leis an gcomharchumann. Théis an chruinniú poiblí agus de bharr brú ó daoine ina gcónaí gar don láthair, go speisialta i Leithrinn agus i mBaile na mBroghach, tarraingíodh siar tacaíocht an chomharchumainn agus an chéad iarratas ar chead pleanála.
Ach rinne Natural Forces Renewable iarratas nua, gan tacaíocht an chomharchumainn, ach ag tabhairt le fios i gcónaí gur tionscnamh pobail a bhí beartaithe. Cuireadh cuid mhaith aighneachtaí chuig an gComhairle Chontae ag cur in aghaidh cead pleanála. Iarradh breis eolais ar an gcomhlacht ach ní mó ná sásta a bhí pobal na háite leis an mbreis eolais a soláthraíodh.
Beidh an chomhlacht Natural Forces Renewables in ann achomharc in aghaidh cinneadh an Chomhairle Chontae a chur chuig an Bord Pleanála, as seo go ceann ceithre seachtaine ón Aoine seo caite, an Aoine 4 Feabhra.
Éigse Joe Steve
Tá cinneadh déanta Éigse Joe Steve a chur siar, de bharr ardú suntasach atá tagtha ar an líon daoine le Covid. Ceadaíodh deontas €8,000 do Chomharchumann Chois Fharraige le Éigse Joe Steve a eagrú mí Eanáir le comóradh a dhéanamh ar an bhfear ildánach, Joe Steve Ó Neachtain, a fuair bás cothrom an ama seo dhá bhliain ó shin.
Tógadh an cinneadh an Éigse a chur siar ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Bhí seó speisialta ardán, ‘I gCion ar Joe’, réitithe ag Aisteoirí an Spidéil le cur ar an ardán i Seanscoil Sailearna mar chuid de Fhéile Chois Fharraige, mí na Samhna seo caite, ach cuireadh siar an seó sin chomh maith, ach tá sé i gceist ag Féile Chois Fharraige an seó a chur ar an ardán nuair a bheas sé sábháilte.
Sábháilteacht ar an mBóthar
Tá iarratas déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le airgead a fháil le gur féidir soilse agus bealach trasnaithe a réiteach ar an R336 le go mbeidh sé níos sábháilte do na daltaí an bóthar a thrasnú ag Scoil Sailearna.
Mar go bhfuil Scoil Sailearna ar an taobh ó dheas den R336 agus an cosán siúil ar an taobh ó thuaidh, bíonn ar ghasúir a shiúlann ar scoil an bóthar a thrasnú ar maidin, ag am a mbíonn go leor tráchta ar an mbóthar. Bheadh i bhfad níos mó tuismitheoirí sásta ligean dá gcuid gasúir siúl ar scoil, dá mbeadh sé sábháilte dóibh an bóthar a thrasnú. Ghearrfadh sé seo siar ar na carranna ar an mbóthar agus ar an tranglam tráchta ag an scoil gach maidin thart ar naoi an chloig.
Roimh an Nollaig chuir na comhairleoirí áitiúla, Daithí Ó Cualáin agus Pádraig Mac an Iomaire, an scoil ar an eolas go raibh €50,000 iarrta ag an gComhairle Chontae ón státchiste leis na soilse agus an bealach trasnaithe a réiteach.
Freagra ó TESCO
Siopa an Phobail
Baineadh stangadh as daoine i gCois Fharraige nuair a d’fhógair Pat Joyce go raibh sé leis na hollmhargaí ar fad atá ag Joyces a dhíol leis an gcomhlacht TESCO, Siopa an Phobail in Indreabhán san áireamh. Is fada Siopa an Phobail ag freastal ar phobal Chois Fharraige, ón uair a bhunaigh Paddy King siopa nua ar an gCnoc ag deireadh na 1960idí.
Chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige litir ag príomhfheidhmeannach TESCO IRELAND, Kari Daniels, ag meabhrú don chomhlacht go raibh sé tábhachtach don cheantar go ndéanfaí cinnte de go mbeadh seirbhís ar fáil i nGaeilge agus é faoi úinéireacht TESCO. D’iarr an Cumann Forbartha ar TESCO chomh maith an t-ainm ‘Siopa an Phobail’ a choinneáil in aon athbhrandáil a bheadh ar bun.
Tá freagra tagtha ó TESCO a thugann le fios nach bhfuil gach rud socraithe fós faoin gceannacht, a chaithfidh a bheith ceadaithe fós ag an gCoimisiún Iomaíochta, ach go mbeadh an comhlacht sásta labhairt leis an bpobal áitiúil amach anseo má cheadaítear do TESCO na siopaí a cheannach.
Seo mar a dúradh sa litir: “We are of course cognisant of the local needs of our communities, and we look forward to engaging with the community in the Cois Fharraige area as soon as possible, subject to the approval of the Competition and Consumer Protection Commission. As the acquisition is subject to the approval of the CCPC, I’m not in a position to get into detail in relation to particular stores at this stage I’m afraid.”
Brúscar ar an gCladach
Glanadh Suas – Brúscar Cladaigh a Bailíodh Anuraidh
Tá fadhb an bhrúscar ar an gcladach i gCois Fharraige ag fáil níos measa. De bharr Covid níor eagraíodh aon ‘Glanadh Suas’ ar an gcladach anuraidh, mar a dhéantar de ghnáth. Ach mar sin féin bhí daoine aonaracha ag bailiú is ag fágáil brúscar ón gcladach ag bun bóithríní le go mbeadh sé éasca don Chomhairle Chontae an brúscar a bhailiú.
Shocraigh an Cumann Forbartha Chois Fharraige dul i dteagbháil leis an gComhairle Chontae faoin bhfadhb le go ndéanfar na carnáin brúscair ag bun bóithríní a thabhairt chun bealaigh.
Ranganna
Tá tús curtha an tseachtain seo leis na ranganna ceoil, amhránaíochta agus damhsa a bhíonn á n-eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta in Ionad Splanc ar an gCeathrú Rua.
Chomh maith le amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós, bíonn ranganna ar fáil sna uirlisí seo a leanas: giotár, méarchlár, drumaí, bosca ceoil agus feadóg.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig aisling@nulltuismitheoiri.ie nó glaoch a chur ar an uimhir 091 869571/087 2461685.
Club Leabhar Chois Fharraige
Tá Club Leabhar Chois Fharraige ar ais i mbun oibre an tseachtain seo. ‘Ré na bhFathach’ le Colm Ó Ceallacháin an leabhar atá roghnaithe don chéad sheisiún ar an gCéadaoin, 12 Eanáir. Mar go bhfuil Tigh Mholly dúnta go fóill, is ar zúm a bheas an plé ar bun.
Is feidir tuilleadh a léamh faoin leabhar ar shuíomh idirlín Leabhar Breac: Ré na bhFathach
Le páirt a ghlacadh sa seisiún níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig clubleabharcf@nullgmail.com agus cuirfear nasc Zúm chugat.
Leitir Móir i gCraobh Chonnacht
Ag 1.30pm ar an Satharn seo chugainn, 15 Eanáir, i bPáirc an Phiarsaigh, Bóthar na Trá, a bheas Naomh Anna/Leitir Móir san iomaíocht le Craobh Chonnacht sa bPeil Idirmheánach a bhuachan, nuair a chasfaidh siad le Naomh Faithleach ó Ros Comáin i gcluiche ceannais Chonnacht.
Bhí an cluiche le bheith ann an Satharn seo caite ach de bharr chomh hard is a bhí an ráta Covid théis na Nollag, beartaíodh é a chur siar seachtain.
Is cinnte go mbeidh bratacha Naomh Anna ar foluain go feiceálach ar Bhóthar Chois Fharraige an deireadh seachtaine seo, le tacaíocht a thabhairt don fhoireann Ghaeltachta, bhuachaillí Ceantar na nOileán.
Comharthaí
Comhartha á shocrú ag Pádraig Willie Ó Fátharta roimh an Nollaig.
Sé Cumann Forbartha Chois Fharraige atá i mbun tionscnamh ainmneacha na mbóithríní bailte i gCois Fharraige.
Tá sé i gceist ag Cumann Forbartha Chois Fharraige as seo go ceann cúpla mí, roinnt mhaith eile comharthaí a fháil déanta le ainmneacha na mbóithríní bailte orthu agus iad a chrochadh ag bun na mbóithríní. Roimh an Nollaig fuair an Cumann Forbartha scéala go raibh €3,448 ceadaithe don tionscnamh ag Bord Iascaigh Mhara faoin scéim FLAG, le 80% den chostas a chlúdach. Caithfidh an Cumann Forbartha an 20% eile a aimsiú leis na comharthaí a dhéanamh.
Roimh an Nollaig crochadh ceithre chomhartha nua eile: Bóithrín Mhuintir Fhátharta, Bóithrín Muintir Laoi agus Bóithrín na Scoile sna hAille, chomh maith le Bóithrín na nGasúr sa Lochán Beag.
Leis an airgead atá ceadaithe ag BIM tá sé i gceist na bóithríní bailte ón mBóthar Buí soir chomh fada le Bothúna, a dhéanamh.
Idir seo go deireadh na míosa, beifear ag bailiú eolais sna bailte éagsúla faoi na sean ainmneacha a bhíodh ar na bóithríní éagsúla ó Abhainn an Chnoic chomh fada soir le Abhainn Boluisce. Faigheann an Cumann Forbartha cúnamh ón Scéim Fostaíochta Sóisialta atá á reáchtáil ag Comharchumann Sailearna Teo., faoi scáth Údarás na Gaeltachta. Lucht na scéime a shocraíonn na postaí at ceann na mbóithríní ar a gcrochtar na comharthaí.