Cartlann Nuachta: 12 Meitheamh 2024

Michael Leainde Tofa

Michael Leainde

An comhairleoir nua ó Ros a’ Mhíl, Michael Leainde, a toghadh ar an Luan seo caite don chéad uair ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

[Pictiúr: Seán Ó Mainnín]

Ba é scéal mór an toghcháin i gConamara Theas gur toghadh Michael Leainde (Independent Ireland), ó Ros a’ Mhíl, ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus gur chaill Daithí Ó Cualáin (Fianna Fáil) an suíochán a bhí aige le cúig bliana anuas.

Níor bhreathnaigh an scéal ró-mhaith do Mhichael Leainde tar éis an chéad chuntas. Bhí sé sa seachtú áit, taobh thiar de Dhaithí Ó Cualáin (FF), Máirtín Lee (FF) agus Daragh Ó Tuairisg (FF). Ní raibh de farasbarr ag a chomhleacaí, Noel Thomas (Independent Ireland), ó Mhaigh Cuilinn, ach naoi vóta nuair a toghadh é sa dara cuntas agus fuair Michael Leainde péire acu sin, nuair a aistríodh an naoi vóta.

Ach phioc sé suas aistriúchán de réir mar a bhí an cuntas ag dul ar aghaidh. An t-aistriúchán de 140 vóta, a fuair sé ó PJ Ó Flatharta (Nspl), a chuir fear Ros a’ Mhíl chun cinn é ar iarrthóirí Fhianna Fáil. Nuair a scaipeadh na vótaí a bhí ag Kevin O’Hara (SF) as an áireamh, fuair an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin (RSF) 132 vóta agus fuair Michael Leainde (Ind Ire) 119 vóta, rud a chuir chun cinn níos mó é ar an triúr iarrthóir a bhí ag Fianna Fáil.

Ach ní raibh sé slán fós, mar bhí aistriúchán le déanamh sa gcomhaireamh deireanach ar na vótaí a bhí carnaithe ag Daithí Ó Cualáin (FF) agus síleadh go mbeadh tromlach mór na vótaí a bhí Daithí ag aistriú i dtreo a chomhleacaithe i bhFianna Fáil, Máirtín Lee (FF), ó Thír an Fhia, agus Daragh Ó Tuairisg (FF) ó Bhearna.

Ach ní mar a shíltear a bítear i gcónaí. Seo mar a roinneadh na vótaí a bhí ag Daithí Ó Cualáin (FF): 194 chuig Tomás Ó Curraoin (RSF); 248 chuig Michael Leainde (Ind Ire); 294 chuig Máirtín Lee (FF) agus 155 chuig Darragh Ó Tuairisg (FF) agus d’fhág sin Darragh Ó Tuairisg (FF) ar dheireadh agus siad Tomás Ó Curraoin (RSF), Michael Leainde (Ind Ire) agus Máirtín Lee (FF) a thóg na suíocháin, le ionadaíocht a dhéanamh ar Chonamara Theas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe in éindí le Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (FG) ó Na Doireadha agus Noel Thomas (Ind Ire) ó Maigh Cuilinn.

Tomás Ó Curraoin (RSF) le Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (FG)


Charlie Lennon RIP

An ceoltóir Charlie Lennon, a raibh cónaí air le fada i gCois Fharraige, a bhásaigh an deireadh seachtaine seo caite go tobann agus a cuireadh i gcré na cille ar an Máirt seo caite, théis Aifreann i gCill Éinde, An Spidéal.

Ar an Satharn, 8 Meitheamh, bhásaigh Charlie Lennon, duine de na ceoltóirí ba mhó aithne air sa tír agus a raibh cónaí air sa gCnocán Glas sa Spidéal.

Fidléara cumasach agus cumadóir bisiúil ab ea Charlie a rugadh agus a tógadh i measc clainne fíor-cheolmhar i gCoillte Clochair i gContae Liatroma. Thug sé an ceol dúchasach leis ón teallach ach rinne sé staidéar ar an veidhlín clasaiceach. Chuir Charlie comaoin mhór ar phobal ceoil na hÉireann as an méid foinn a chum sé, neart acu le cloisteáil á gcasadh go rímhinic ag seisiúin ceoil. Chum sé píosaí ceoil aonair agus sraitheanna ceoil a cóiríodh do cheolfhoirne a bhfuil “Bainis Oileáin” ar cheann de na cinn is cáiliúla díobh.

Ní amháin gur sárfhidléara é, ba thionlacaí den scoth ar an bpianó é freisin agus thaifead sé tionlacan ar bhreis is 25 albam. Is iomaí sin ceoltóir a ndearna sé taifeadadh leo: Joe Burke, Séamus Connolly, Matt Molloy, SeanJohnny agus Johnny Óg Connolly agus is iomaí ceoltóir a chuir a chuid ceoil ar a gcuid foilseacháin: Frankie Gavin, Matt Molloy, Liam Ó Floinn, Kevin Burke, De Dannan, The Waterboys, Sharon Shannon agus Altan ina measc. Chum Charlie ceol Aifrinn, “Aifreann Chaomháin,” agus is minic a chasann Cór na Croise Naofa i gCill Éinde, sa Spidéal, an ceol sin ag Aifreann an Domhnaigh. Bhronn TG4 gradam Chumadóir na Bliana air in 2006.

Bhí Charlie pósta le Síle Tim Ní Fhlaithearta as Baile an tSléibhe sa Spidéal. Bhog siad go dtí an Spidéal ó Bhaile Átha Cliath thart ar chúig bliana fichead ó shin agus chuir siad beirt go mór le saol an phobail ó shin. Bhíodh Charlie le cloisteáil go rialta ag seisiún an cheantair agus ba mhór a spreag sé ceoltóirí na háite. Bhunaigh sé féin agus a chlann Stiúideó Cuan an stiúideo taifeadta agus an t-ionad ealaíne atá lonnaithe ó thuaidh de cheardlann an Spidéil.

Fágann sé ina dhiaidh a bhean Síle, a iníon Éilís agus a bheirt mac Seán agus Dónal.


Deis do Dhéagóirí

Ceoltóirí Óga i gCorca Dhuibhne

Aistear na nGael i gCorca Dhuibhne Anuraidh

Tá Aistear na nGael ar bun arís i mbliana! Seachtain spraoi, spóirt agus comhluadair í seo a dtagann déagóirí as Gaeltachtaí na tíre le chéile le tréimhse a chaitheamh i mbun imeachtaí spóirt agus cultúir agus le haithne a chur ar a gcuid comhdhéagóirí Gaeltachta. Reáchtáladh an tAistear i gCorca Dhuibhne den cheád uair anuraidh ach sna hOileáin i gConamara a bheas an cúrsa i mbliana.

Ach oiread leis na scoláirí a thagann chun na Gaeltachta sa samhradh, fanfaidh na rannpháirtithe le mná tí agus beidh siad ag campáil, ag siúl sléibhe, ar thuras báid, i mbuna ióga, Zumba, peil agus neart rudaí eile.

Tá an cúrsa dírithe ar chainteoirí líofa Gaeilge a bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht oifigiúil agus atá idir 13-16 mbliana d’aois. Ach, marab ionann agus na coláistí samhraidh, ní bhíonn ranganna foirmiúla teanga i gceist ar an gcúrsa seo.

Is iad aidhmeanna an chúrsa ná “gréasán sóisialta” a chruthú do dhéagóirí Gaeltachta agus deis a thabhairt dóibh aithne agus eolas a chur ar a chéile, ar chanúintí a chéile, agus ar na cosúlachtaí agus éagsúlachtaí atá idir na ceantracha Gaeltachta ar mhaithe le “féiniúlacht Ghaeltachta” agus mórtas teanga, áite agus pobail a chothú.

Coláiste na nOileán, i gceantar na nOileán i gConamara, atá i mbun Aistear na nGael i mbliana idir 28 Iúil agus 4 Lúnasa. Tá maoiniú á chur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta a cheadaíonn scoláireacht €400 an duine do rannpháirtithe agus níl ach €150 le híoc ag na rannpháirtithe.

Cuirfidh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga €150 an duine ar fáil do bheirt as LPT Chois Fharraige le dul ar an Aistear. Níl le déanamh ach teachtaireacht a sheoladh chuig optchoisfharraige@nullgmail.com le do spéis a léiriú sa deis iontach seo.


Féasta Ceoil sa Spidéal

Stiúidió Chois ChuainTá Féasta Ceoil an Spidéil faoi lán tseoil agus an-éileamh ar thicéid! Tá scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí ag teacht chuig Stiúideo Cuan sa Spidéal as seo go dtí tús mhí Iúil. Beidh na ceolchoirmeacha le cloisteáil ar RTÉ RnaG amach anseo. Bhí daoine faoi dhraíocht ag Caoimhe agus Séamas Uí Fhlatharta agus bhí Caitríona Ní Cheannabháin ann ar an Aoine.

Cuirfear spéis ar leith in Beatha, píosa ceoil a ndearna Stiúideó Cuan coimisiúnú air ó Pheadar Ó Riada. Cuirfidh Peadar féin agus Doireann Ní Ghlacáin, iníon deirfíre le Peadar, an suite ceoil sin i láthair ar an Aoine agus an Satharn seo chugainn, 14 agus 15 Meitheamh: premier domhanda i Stiúideó Cuan! Ar an Déardaoin beag seo, 13 Meitheamh, beidh an sár-bhanna ceoil Kila ar stáitse.

Gné suntasach de na ceolchoirmeacha seo ná go gcloistear ceol ó cheoltóirí óga an cheantair mar chéad mhír na coirme: ceoltóirí óga ar ardchumas ag casadh éagsúlacht bhreá uirléisí. Níl ach 57 suíochán i Stiúideo Cuan agus dá bhrí sin moltar ticéid a chur in áirithe go luath. Is féidir ticéid a chur in áirithe trí Eventbrite.


Peil + Cairdeas

Cuireadh tús le himeacht spóirt do mhná atá “beagán níos sine” (!) sa Spidéal le gairid.

Tá foirne Mothers and Others á n-eagrú ag Cumann Peil na mBan le tamall anuas do mhná os cionn cúig bliana is fiche agus nach bhfuil ag imirt go hiomaíoch faoi láthair. Tá CLG an Spidéil tar éis foireann a bhunú do na mná sin, ar mhaith leo beagáinín peile a imirt go sóisialta agus le “píosa craic” a bheith acu.

Mar sin, buail isteach chuig an bpáirc traenalá i gColáiste Chonnacht ar an Déardaoin ag 7.30 i.n.


Amuigh 24: Féile don Óige

Tá Cruinniú na nÓg i gcomhar le Fíbín agus Cúla 4 ag eagrú Amuigh 24 ar an Tulach ar an Satharn seo chugainn, 15 Meitheamh. Is féile nua aon lae í seo atá dírithe ar ghasúir ón gcliabhán go hocht mbliana déag. Déanfar ceiliúradh ar Chruthaitheacht, Ealaín agus Taibhléiriú na nÓg.

Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí agus siamsaíochta ar fáil ag Amuigh 24 agus é dírithe ar thrí aoisghrúpa ar leith: 0-5 bliana, 6-12 bliana agus 13-18 mbliana d’aois. Cinnteoidh an clár cuimsitheach go mbeidh deis ag an lucht freastail a bheith rannpháirteach i gceardlanna idirghníomhacha, chomh maith le taitneamh a bhaint as léirithe ealaíne agus ceol beo. Ardán tábhachtach a bheidh sa bhféile do dhaoine óga lena gcuid cruthaitheachta féin, a dtallann agus a gcuid scileanna ealaíne a chur i láthair.

Beidh saorchead isteach ag an bpobal ag an bhféile seo a bhfuil tacaíocht aici ó Roinn na Gaeltachta, ach beidh ar theaghlaigh, grúpaí agus daoine óga clárú don ócáid.
 Is féidir tuilleadh eolais agus ticéid a fháil ar suíomh Éire Ildánach https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/event/amuigh-24/


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €7,300 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 2, 15, 19, 31.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

  • Fiontán Ó Curraoin, Coill Rua;
  • Micheál Faherty, Baile an tSléibhe, An Spidéal;
  • Keith Cardin, Coill Rua;
  • Adhna Ní Choistealbha, Baile na mBrabhach.

Cóilín Ó Neachtain, Baile an hAbhann, a fuair duais an díoltóra.

 

7,400 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Iománaíocht (faoi 13 C): Ml Breathnach 4 – 11, Ballinasloe 0 – 02.

Iománaíocht (faoi 13 C): Cois Fharraige 3 – 08, Liam Mellows 2 – 03.

Peil (Roinn 3A): Micheál Breathnach 1 – 11, Headford 0 – 04.

Peil (Roinn 3A): An Spidéal 1 – 08, St James’s 0 – 11.

Peil (Sóisear A): Micheál Breathnach 1 – 10, St James’s 2 – 09.


12 Meitheamh 2024