Cartlann Nuachta: 13 Aibreán 2016
13 Aibreán 2016
Iománaithe Micheál Breathnach Buacach
D’éirigh le iománaithe Chumann Micheál Breathnach an chéad chluiche a bhuachaint i gcomórtas in aghaidh Sceathánach ar Pháirc an Chnoic ar an Domhnach seo caite. Bhí buachaillí Chois Fharraige ag imirt in aghaidh na gaoithe sa gcéad leath agus níor éirigh leo ach ceithre chúilín a chur thar an trasnán, i gcomparáid le naoi gcúilín ag Sceathánach.
Scéal eile a bhí sa darna leath agus cóir na gaoithe leis an bhfoireann baile. D’éirigh le Joe Ó Conghaile, cúl báire na mBreathnaigh, an sliotar a chur síos chomh fada le Rónán Ó Beoláin agus sháigh sé san eangach é, scór a chuir buachaillí Chois Fharraige chun cinn den chéad uair. Ach níor mhair an tosach ach seal gearr, mar gur scóráil Sceathánach cúl, a raibh comhartha ceiste faoi, ach ar cheadaigh an réiteoir mar sin féin.
Bhí na Breathnaigh chun deiridh gan ach cúig noiméad le dul, ach níor chaill siad misneach, Cuireadh dhá chúilín thar an trasnán i ndiaidh a chéile, ach ba é an poc saor a thóg Maidhc Ó Conghaile ó uileann an-ghéar a thug an bua do bhuachaillí Chois Fharraige leis an scór 1 – 13 in aghaidh 1 – 12 do Sceathánach.
Torthaí Eile Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Iomáint faoi 16: Cois Fharraige 3 – 06, Mullagh/Cill Tormoir 6 – 12.
Peil Mionúr: An Spidéal 3 – 05, Bóthar na Trá 3 – 06.
Peil Sóisear: An Spidéal 2 – 11, Cárna/Caiseal 1 – 07.
Deireadh Seachtaine Mór Liathróid Láimhe
An deireadh seachtaine seo chugainn, an 16/17 Aibreán, beidh féasta liathróid láimhe ar bun in aonaid éagsúla i gContae na Gaillimhe, an pionúr liathróid láimhe ar an gCnoc ar ceann acu. Beidh 400 iomaitheoir ar fad páirteach sa gComórtas Náisiúnta, ag tíocht ó chuile chontae ar fud na tíre.
I measc na ngasúr a bheas ag glacadh páirt sa deireadh seachtaine beidh na daoine seo a leanas ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach: Feidhlim Ó Diollúin, Séaghan Ó Braonáin, Clíona Ní Chonghaile, Méabh Ní Chualáin, Éadaoin Nic Dhonncha, Cathal agus Dara Ó Laoire, Páraic Ó Conghaile, Sadhbh Ní Fhlaithearta, Aoife Nic Dhonnchadha, Eimhin Ó Diollúin, Cian Ó Conghaile, Oisín Ó Cualáin agus Ciana Ní Churraoin (sa bpictiúr).
Lá Spóirt na gCluichí Pobail
Seachtain ón Domhnach seo chugainn, 24 Aibreán, beidh Lá Spóirt na gCluichí Pobail ar bun ar pháirc Choláiste Chonnacht sa Spidéal.
Ocáid mhór an Lá Spóirt, a eagraítear go príomha le daoine a roghnú le dul ar aghaidh go Cluichí Pobail an Chontae, a bheas ar bun i mBaile an Doirín, ar an gcéad Domhnach de Mheitheamh. Bíonn neart rásaí spraoi ann chomh maith ar an lá, a mbíonn an-tóir ag na gasúir óga orthu.
Deireann an coiste go nglacfar fós le foirmeacha iontrála don Lá Spóirt tríd na bunscoileanna cé go bhfuil cuid mhaith tagaithe ar ais cheana.
Beidh ainmneacha na ngasúr atá ag glacadh páirt sna himeachtaí éagsúla foilsithe sa gclár a bheas ar fáil ar an lá.
Iomaitheoirí ó Chois Fharraige a bhí páirteach i gCluichí Pobail an Chontae 2012. Tar éis briseadh dhá bhliain beidh Lá Spóirt aríst ann i mbliana, ar an 24 Aibreán sa Spidéal, le ionadaithe ó Chois Fharraige a roghnú le bheith páirteach i gCluichí Pobail an Chontae aríst i mbliana.
Cumann Gailf Chois Fharraige
Tá imeachtaí faoi lán tseoil ag Cumann Gailf Chois Fharraige ó thús na bliana agus beidh an chéad chomórtas eile acu i mBaile an Róba ar an Sathairn, 16 Aibreán. Tá fáilte agus fiche roimh lucht imeartha Ghailf chuig an chomórtas seo ach dul i dteagmháil leis an Rúnaí, Pádraic Ó Conghaile (087/2313797 tar éis 6pm) nó ag padraicoc@nulleircom.net.
Comórtas Dearadh Postaeir
Tá Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’ fógraithe ag an gcompántas drámaíochta, Fíbín, atá lonnaithe i gCois Fharraige. Téann Fíbín ar camhchuairt mórthimpeall na tíre gach bliain leis ‘An Triail’. Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar ár suíomh gréasáin agus sna meáin shóisialta!
Tá duaiseanna luach €800 le buachan, ina measc Táibléad Android, póstaer sínithe le fráma don scoil, chomh maith le 30 ticéad chuig ‘An Triail’.
Níl le déanamh ach íomhá a dhearadh, í a scanadh agus a sheoladh ar ríomhphost ag margaiochtfibin@nullgmail.com.
20 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus féach treoirlínte an chomórtais thíos.
‘Cré na Cille’ i mBéarla
Bhí Tigh Giblin ar an Spidéal lán go doras ar an Aoine seo caite nuair a sheol Bob Quinn aistriúchán nua den leabhar cáiliúl ‘Cré na Cille,’ a scríobh Máirtín Ó Cadhain (ar chlé). ‘Graveyard Clay’ atá ar an leagan nua, aistrithe ag Liam Mac an Iomaire agus Tim Robinson, agus foilsithe ag Yale University Press i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht.
I láthair ag an ocáid ar an Aoine chomh maith bhí Alan Titley, ar foilsíodh aistriúchán leis ar ‘Cré na Cille’ anuraidh. Tá stíl an dá aistriúchán difriúil óna chéile, mar a léiríodh ar an Aoine nuair a léigh Joe Steve Ó Neachtain sliocht as an bunleabhar agus ina dhiaidh sin léigh Alan Titley agus Liam Mac an Iomaire a leaganacha féin den sliocht chéanna i mBéarla ón dá aistriúchán atá déanta.
Tá an bunleabhar agus an dá aistriúchán le fáil ó Chló Iar-Chonnachta. Is cosúil go bhfuil Cló Iar-Chonnacht ag súil go mbeidh leabhar cáiliúil Uí Chadhain ar fáil i 20 dteanga éagsúil faoi cheann roinnt blianta eile. Is gearr go mbeidh an oiread trácht ar Ó Cadhain mar fhathach litríochta thart ar An Spidéal is atá ar Yeats i Sligeach.
Cruinniú Cinn Bhliana an Chumann Forbartha
Tá sé socraithe ag coiste Chumann Forbartha Chois Fharraige an cruinniú cinn bhliana den Chumann a thionól ar an Luan, 25 Aibreán, sa gCrann Taca, in Indreabhán.
I mbliana tá an Cumann Forbartha leathchéad bliain d’aois. Freastalaíonn sé ar pharóiste an Chnoic go príomha. Faoi láthair tá seachtar ar an gCoiste Stiúrtha: Donncha Ó hÉallaithe (Cathaoirleach), Máirín Mhic Lochlainn (Rúnaí), Marian Uí Choisdealbha (Cisteoir), Morgan Ó Conchubhair, Gearóid Willy Ó Fáthartha, Máire Ní Fhlaitheartaigh agus Máire Áine Ní Dhonnacha. Tá sé i gceist ag an gcoiste rún a chur os comhair an chruinniú le gur féidir beirt breise a thoghadh ar an gcoiste ag an gcruinniú cinn bhliana.
Beidh deis ag baill nua clárú leis an gCumann Forbartha idir seo go ceann coicíse. Tá foirmeacha ar fáil ó Oifig an Chomharchumann, nó ón Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, nó taobh istigh den doras ag Séipéal an Chnoic. Níl aon táille ar bhallraíocht sa gCumann Forbartha, ach ní mhór foirm ballraíochta a bheith líonta roimhré ag duine ar bith atá ag iarraidh páirt a thógáil sa gcruinniú chinn bhliana. Daoine a bhfuil ballraíocht acu cheana leis an gCumann Forbartha, ní gá dóibh clárú aríst.
Tá níos mó eolais faoin gCumann Forbartha le fáil ar an suíomh www.coisfharraige.ie/cumann-forbartha.
Fíbín i Meiriceá
Tá Fíbín imithe go Meiriceá leis an seó ‘Mac Piarais i bPictiúir’, mar chuid de Chomóradh an Chéid ar Éirí Amach na Cásca 1916. Cuireadh tús leis an gcamchuairt i Nua Eabhrac ar an Luan seo caite. Beidh siad ag taisteal leis an seó go New Jersey, Ceanada agus Bostún sula gcríochnaíonn siad suas i Portland Maine, áit a bhfuil go leor daoine de shliocht Chois Fharraige lonnaithe le fada an lá. Is féidir liosta na n-ionad ina mbeidh siad a fháil ar an suíomh www.fibin.com.
Harry McGee, an comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Times, a scríobh an script agus is é a dheartháir, Dara McGee, a dhéanann an ealaín bheo le linn an seó. Díríonn an léiriú ar chúigear phríomh-phearsana ón Éirí Amach agus tarlaíonn casadh drámatúil ag an deireadh, nach mbíonn aon súil leis.
Tar éis do Fíbín filleadh abhaile ón gcamhchuairt beidh ‘Mac Piarais i bPictiúir’ le feiceáil in Áras Éanna, in Inis Oírr, ar an Satharn 30 Aibreán.
Féile Scannán na Réabhlóide
Tá an clár don deireadh seachtaine scannán, Féile Scannán na Réabhloide, foilsithe ag Club Scannán Sailearna. Reáchtálfar an fhéile scannán i gCois Fharraige ag deireadh na míosa seo chugainn, ón 27 go dti an 29 Bealtaine. Is mar chuid den chomóradh atá á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca atá an fhéile á eagrú. Taispeánfar 18 de scannáin i gcaitheamh an deireadh seachtaine idir an amharclann i Seanscoil Sailearna, an Cinemobile atá curtha in áirithe don ocáid agus an seomra ar chúl sa bPoitín Stil, a bheas feistithe amach mar phictiúrlann beag don deireadh seachtaine.
Tá níos mó eolais faoi na scannáin a bheas ar bun le linn na féile le fáil ar an suíomh idirlíon WWW.CLUBSCANNAN.IE. Is féidir ticéid a cheannacht ar an suíomh chomh maith, le bheith cinnte de do shuíochán.
Concerning Violence, ceann de na scannáin a bheas le feiceáil sa bhféile.
Glantachán i gCois Fharraige
Bhí díomá ar Chumann Forbartha Chois Fharraige leis an líon daoine a tháinig amach ar an Satharn seo caite le cúnamh a thabhairt leis an ‘Glanadh Suas’ i bParóiste an Chnoic. Anuraidh bhí os cionn 30 duine páirteach sa maidin glantacháin i bParóiste an Chnoic, ach i mbliana níor tháinig ach naonúr ar fad, ina measc beirt déagóirí.
Rinneadh brúscar a bhailiú ar an Lochán Beag agus sna hAille, ach ní raibh éinne ar fáil le tabhairt faoi na bóithríní agus an cladach i gCor na Rón, ná ar an gCnoc. Bhí an Teach Mór déanta go maith ón tseachtain roimhe sin.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, Cathaoirleach an Chumann Forbartha, go bhfuil málaí agus láimhíní ar fáil ón gCumann Forbartha, más mian le daoine ó na bailte nach bhfuil déanta fós, iad féin a eagrú le tabhairt faoin nglantachán, sula dtosaíonn an féar ag fás aríst.
Camógaí Chois Fharraige
D’éirigh le foireann camógaí Chois Fharraige áit a bhaint amach sa bhabhta leathcheannais de Shraith Sóisearach A na Gaillimhe ar an Domhnach seo caite. Tar éis cóir láidir gaoithe a bheith ag Cois Fharraige sa gcéad leath, bhí an dá fhoireann ar chomhscór ag leath ama. Sa darna leath scóráil an dá fhoireann trí chúilín araon. Chríochnaigh an cluiche in aghaidh Naomh Colmáin, Gort ar chomhscór: Cois Fharraige 0 – 6, Naomh Colmáin 1 – 3, rud a fhágann Cois Fharraige sa gcluiche leathcheannais.
Foireann Camógaí Chois Fharraige a bhuail Cill Tormor ar an Domhnach, 10 Aibreán, sa gcéad chluiche de Shraith an Chontae leis an scór 3 – 10 in aghaidh 3 – 4.
Ar chúl ó chlé: Máirín Ní Chonghaile, Niamh Ní Mhaoileoin, Aisling Ní Chonchúir, Sadhbh Ní Cheallaigh, Sorcha Ní Fhrighil, Caitríona Ní Churraoin, Anna Ní Odhráin Ní Mhurchú, Ciana Ní Churraoin, Meala Ní Choistealbha, Laoise Breathnach.
Chun tosaigh ó chlé: Tiffany Ní Choistealbha, Áine Ní Dhubhghaill, Léan Breathnach, Teresa Ní Chadhain, Sorcha Ní Bhraonáin, Becky Ní Éallaithe, Dearbhail Ní Chaoimh, Philomena Ní Fhlatharta, Laura Ní Eimhrín, Fionnuala Gronnell.