Cartlann Nuachta: 13 Bealtaine 2015
13 Bealtaine 2015
Réalta Óga an Spidéil
Ar an Déardaoin seo, 14 Bealtaine, beidh an seó RÉALTA á chur ar stáitse i Seanscoil Sailearna ag daltaí ó Choláiste Chroí Mhuire, an Spidéal. Seó talainne atá ann le meascán de sceitseanna, amhránaíocht, ceol agus damhsa. Tosóidh an seó ag 8.00 i.n. sa tSeanscoil. €10 ar an doras do dhaoine fásta agus €5 do ghasúir agus daoine óga.
Ceardlann Phleanáil Teanga i gCois Fharraige
Tá sé i gceist Ceardlann faoin bPleanáil Teanga i gCeantar Chois Fharraige a reáchtáil ar an Luan, 25 Bealtaine, sa gCrann Taca (ITT) ar an gCnoc. Déanfaidh Seirbhísí Pleanála Teanga (SPT), atá ceapaithe leis an bPlean Teanga a chomhordanú i gceantar Chois Fharraige, cur i láthair faoin obair atá le déanamh leis an bPlean Teanga a chur le chéile.
Beirt phleanálaithe teanga atá san eagras Seirbhísí Pleanála Teanga: Mait Ó Brádaigh (ar dheis) agus Colm Ó Cinnseala. Tá bliain tugtha dóibh an Plean Teanga a réiteach, le go mbeidh sé le cur os comhair an phobail faoi dheireadh na Bealtaine 2016.
Camógaíocht na gCailíní
Buaiteoirí Sraith an Chondae F14 B.
Ar chúl, ó chlé: Katie Ní Fheinneadha, Bláithín Ní Chonghaile, Aoife Nic Dhonnacha, Siobhán Ní Neachtain, Ciara Nic Eochagáin, Eabha Nic Oireachtaigh, Róisín Ní Chaoimh, Chloe Bhreathnach Nic Eoin, Liadan Canny, Síofra Ní Mhárta, Aobh Ní Dhubhghaill.
Chun tosaigh, ó chlé: Gráinne Ní Ghaoithín, Ailbhe Bhreathnach, Aghna Nic Dhonnacha, Róisín Ní Dhiomsaigh, Aishling Ní Chonghaile, Áine Ní Laoi (caiptín), Fodhla Ní Bhraonáin, Emma Ní Churraoin, Rosanna Ní Chualáin.
Seod iad an fhoireann chamógaíochta F10 a d’imir an chéad chluiche í sraith an iarthar in aghaidh an Chaisleán Gearr ar 4 Bealtaine 2015.
Ar chúl, ó chlé: Ciara Ní Chualáin, Ekatharina Ní Fhoighil, Ailbhe Ní Neachtain, Cliodhna Ní Mhárta, Muireann Nic Craith, Fraoch Ní Dhálaigh, Gránia Ní Fheinneadha, Cliodhna Ní Neachtain.
Chun tosaigh ó chlé: Ciara Cox, Ailbhe Ní Ghionnán, Cliodhna Courtney, Neasa Nic Dhonnacha, Damhnait Ní Fhátharta, Grace Ní Ainile.
Peil na gCailíní sa Spidéal
Tá peil na gcailíní faoi aois ag dul ó neart go neart sa Spidéal, le dhá ghrúpa i mbun traeneála i mbliana: cailíní faoi 8 agus faoi 10 le chéile agus cailíní faoi 12 chomh maith.
Le gairid ceannaíodh geansaithe nua do na cailíní, le urraíocht a chuir Síoda Hair & Beauty ar fáil. Tá Síoda Hair & Beauty lonnaithe i sráidbhaile an Spidéil, trasna an bhóthair ó Shéipéal Chill Éinde.
An Spidéal Tríd i gComórtas Peile na Gaeltachta
Ag an deireadh seachtaine seo caite d’éirigh le foireann peile an Spidéil áit a fháil i gComórtas Peile na Gaeltachta, sa Roinn Sinsir.
Ar an Satharn bhuail siad foireann Mícheál Breathnach le cúilín amháin sa deireadh. Imríodh trí thréimhse am breise, mar tar éis dhá thréimhse bhí siad fós ar chomhscór, agus socraíodh go mbeadh an bua ag an gcéad fhoireann a scóráil sa triú tréimhse. Seo mar a chríochnaigh sé: An Spidéal 0 – 21; Micheál Breathnach 0 – 20.
Ar an Domhnach is in aghaidh na Ceathrú Rua a bhíodar sa gCluiche Cheannais. Tar éis 60 noiméad bhí an dá fhoireann cothrom agus bhí ar an An Spidéal am breise a imirt arís leis an gcluiche a bhuachaint. Chríocnaigh an cluiche leis an scór: An Spidéal 0 – 12; An Cheathrú Rua 0 – 8.
Tá an Spidéal sa ngrád idirmheánach i bpeil an chontae agus tá an-chreidiúint ag dul dóibh as dhá fhoireann sinsir a bhualadh lena áit a chinntiú i gComórtas Peile na Gaeltachta mar bhuaiteoirí na Gaillimhe. Beidh siad ag taisteal ó thuaidh go Ard an Rátha, Dún na nGall, deireadh seachtaine na Cincíse.
Torthaí eile ó CLG An Spidéil an tSeachtain seo:
Peil f12: An Spidéal 4 – 5; An Cheathrú Rua 5 – 3.
Mionúir B: An Spidéal 1 – 14; Cill Aithnínn 0 – 6.
Foireann Mionúir Peile an Spidéil, a fuair an ceann is fearr ar Chill Ainnín sa gcluiche ceannais i Sraith an Iarthair, Roinn B, a imríodh ar Pháirc an Chnoic ar an gCéadaoin, 6 Bealtaine:
Ar chúl ó chlé: Dónal Ó Sé, Séamas Ó Céidigh, Oisín Ó Neachtain, Éamonn Ó Conláin. Niall Ó Conghaile, Tom Crumlish, Ryan Ó Droighneáin, Gearóid Ó Conghaile, Stiofán Ó Féinne, Tadhg Ó Curraoin, Cathal Ó Gamhnáin, Oisín Ó Flatharta, Antaine Ó Laoi.
Chun tosaigh: Jason Ó Briain, Eoin Breathnach, Liam Ó Ceallaigh (captaen), Fergus Watts, Conall Ó Caoimh, Tadhg Óg Mac Donnagáin, Finian Ó Laoi, Colm Ó Neachtain.
Cúrsa i Saibhriú Teanga
Cuireadh ar athló an cheardlann a bhí le bheith ann ar an Satharn seo chaite, 9 Bealtaine, i Seanscoil Sailearna faoi Oideachas Lán-Ghaeilge. Bhí an cheardlann á heagrú le “Iarbhunscolaíocht Lán-Ghaeilge i gCois Fharraige sa Todhchaí” a phlé. Níor tugadh aon chúis leis an gceardlann a bheith curtha ar athló, ach dúradh go bhfuiltear chun é a eagrú amach sa bhFómhar.
Crannchur Mór na Minna
Is ag an deich an chloig ar an Aoine seo, 15 Bealtaine, i dTír na nÓg, a bheas Crannchur Mór na Minna ar bun anois. Bhí sé ceapaithe a bheith ann ar an 3 Bealtaine ach cuireadh siar é. Beidh liosta fada duaiseanna breátha le tabhairt amach ar an oíche. Cuirfidh Cillín an ceol ar fáil agus sé Máirtín Jamsie a bheas ina fhear a’ tí don oíche. Beidh sóláistí ar fail ar an oíche agus tá míle fáilte roimh gach duine a cheannaigh ticéad, a thug urraíocht dúinn nó a dhíol ticéid ar ár son. Tá muid fíorbhuioch as ucht an tacaíocht ar fad agus is fíor an seanfhocal ní neart go cur le chéile, agus is cinnte go bhfuair muid an-tacaíocht.
Coiste Pobail na Minna a d’eagraigh an crannchur agus é i gceist acu an brabach a chaitheamh ar obair dheisiúcháin atá le déanamh ar Sheanscoil na Minna.
Oideachas sa nGaeltacht
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid mhaith de na daoine a bhíonn ag plé le oideachas sa nGaeltacht sásta leis an tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite faoi chúrsaí oideachais Gaeltachta.
Ag labhairt dóibh ar chláracha éagsúla ar RnaG chuir urlabhraithe ó na heagraíochtaí seo a leanas fáilte roimh an tuarascáil: Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta mar a thugtaí orthu, agus Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Tá bileog eolais dhá-theangach le scaipeadh tríd na scoileanna is na naíonraí ar thuismitheoirí agus tá an Roinn Oideachais ag cuartú tuairimí faoi na moltaí ón bpobal.
Dúirt Máire Ní Neachtain, Cathaoirleach ar an bhFóram Pleanáil Teanga i gCois Fharraige, go dtacóidh na moltaí seo go mór leis an bhFóram agus an plean teanga á réiteach do cheantar Chois Fharraige. “Cuid lárnach d’aon phobal an scoil áitiúil agus bíonn tionchar mór ag nósmhaireachtaí teanga na scoile ar a bhfuil ag tarlú sa bpobal. Léiríonn na moltaí go bhfuil ról ag an scoil i dtaca le timpeallacht teanga a chothú agus tugann siad deis an-chinnte don phobal tacú le treisiú na Gaeilge sa gcóras oideachais”, a dúirt sí.
‘Pioc Suas É’ sa Spidéal
Tá Coiste Baile Slachtmhar an Spidéil ag eagrú tráthnóna glantacháin sa gceantar ar an Luan seo chugainn, 18 Bealtaine, ón 6 go dtí a 9 i.n. Iarrtar ar dhaoine ar mhian leo cúnamh a thabhairt bailiú le chéile ag Leabharlann an Spidéil ag 6 i.n., áit a mbeidh málaí agus lámhainní á gcur ar fáil.
Féile na Bealtaine i gCois Fharraige
Tá Féile na Bealtaine faoi lánseol. Idir seo agus deireadh na míosa beidh imeachtaí éagsúla cultúrtha ar bun in ionaid éagsúla ar fud Chontae na Gaillimhe, dírithe go speisialta ar dhaoine ‘scothaosta’, mar a thugtar orthu.
Beidh dhá imeacht i gceantar Chois Fharraige:
Baile na hAbhann, ar an Luan, 25 Bealtaine, nuair a bheas taispeántas curadóireachta ar bun ag Tearmann Éanna;
Na hAille, Indreabhán, ar an Domhnach, 24 Bealtaine, beidh spraoi, BBQ, agus taispeántas ceardaíochta faoin aer ar bun ag Siopa Gala, sna hAille.
Tabharfar níos mó eolais faoi na himeachtaí seo ar an leathanach seo an tseachtain seo chugainn.
Turas go Barcelona na Catalóine
Seo cupla pictiúr a tógadh i mBarcelona le gairid den turas a thug Rang a Ceathair agus Rang na hIdirbliana, Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal.