Cartlann Nuachta: 13 Eanáir 2016
13 Eanáir 2016
Nollaig na mBan sa Spidéal
Foireann Chispheile Choláiste Chroí Mhuire
Foireann Chispheile Choláiste Chroí Mhuire, atá ag taisteal go Cill Náile, Co. Thiobraid Árann, an Déardaoin seo, le dhá chluiche a imirt mar chuid de bhabhta a haon de na Cluichí Cáilithe Uile Éireann. Seo í an dara bliain do chailíní na scoile páirt a ghlacadh i gComórtas Cispheile Uile Éireann Roinn B.
Ar chúl, ó chlé: Áine Ní Dhonncha, Sorcha Ní Fhrighil, Caoimhe Ní Churraoin, Romy Ní Chuinneagáin, Laoise Breathnach, Rósie Ní Dhubhghaill.
Chun tosaigh, ó chlé: Laura Ní hÉimhrín, Aoife Nic Chormaic, Clíona Ní Fhlannaire, Máire Ní Fhrighil, Gráinne Ní Fhátharta, Mary Ní Fhéinne.
Cruinniú Faoi Thuirbíní Gaoithe
Mar a tuairiscíodh an tseachtain seo caite, tá Foras na Mara le iarratas a dhéanamh ar an Roinn Comhshaoil le ‘léas urthrá nua’ a fháil i gCuan na Gaillimhe soir ó dheas den Spidéal, le ‘réimse gaireas fuinnimh in-athnuaite mara’ a lonnú ann. Tá ‘tuirbíní gaoithe ar snámh’ i measc na nithe a bheas luaite san iarratas.
Tá cruinniú eolais poiblí faoin iarratas eagraithe ag Foras na Mara ar an Máirt seo chugainn, 19 Eanáir, thuas staighre Tigh Giblin, ar an Spidéal, idir 7.00 agus 9.30. Beidh aoi-chainteoirí ag míniú céard atá beartaithe agus tabharfar deis dóibh siúd a bheas i láthair ceisteanna a chur faoina bhfuil beartaithe.
Ar an suíomh céanna roimhe seo, bhí triallacha ar bun ar feadh roinnt mhaith blianta, féachaint le fuinneamh a ghiniúint as na tonntracha le fearas ar a tugadh WAVEBOB. Ach, de bharr deacrachtaí airgid, éiríodh as na triallacha sa mbliain 2013. Tharraing na triallacha sin aird ar an Spidéal mar láthair ina raibh taighde ar bun le fuinneamh in-athnuaite a bhaint ón bhfarraige.
Seisiún Ceoil na nDéagóirí
Ar an Satharn seo chugainn, 16 Eanáir, cuifear tús in athuair le Séisiún Ceoil na nDéagóirí sa DROIGHNEÁN DONN, An Spidéal. Roimh an Nollaig d’éirigh thar cionn leis na seisiúin cheoil do na déagóirí a d’eagraigh An Gaelacadamh idir 7 agus 8 gach Satharn sa Droighneán, faoi stiúir Toner Quinn. Tá sé i gceist leanacht leis na seisiúin gach Satharn go dtí an Cháisc. Bíonn meascán breá d’uirlisí á chasadh ag na déagóirí sna seisiúin: an fhidil, an consairtín, an bosca, an banjo, an fheadóg agus na píopaí uillinn. Tá fáilte roimh dhéagóir ar bith, a chasann ceol traidisiúnta, a bheith páirteach sna seisiúin, agus fáilte roimh thuismitheoirí agus daoine fásta éisteacht leo.
Duine Deiridh ina Sheasamh
Tá tús á chur an tseachtain seo ag Cumann Micheál Breathnach le comórtas ar a thugtar ‘Duine Deiridh ina Sheasamh’. Tá an comórtas bunaithe ar fhoireann dhifriúil a phiocadh gach seachtain i bPríomhshraith Sacair Shasana agus má bhíonn an bua ag an bhfoireann a phioctar, beidh an duine sin fós ina sheasamh agus cead aige foireann a phiocadh don chéad bhabhta eile. Ar ndóigh, ní féidir an fhoireann chéanna a roghnú faoi dhó. Le páirt a thógáil sa gcomórtas cosnaíonn sé €10 agus beidh €1,000 le buachaint ag an té is faide a sheasfaidh an cúrsa.
Scannán na Seachtaine Seo – The Connection
Cuirfear tús anocht (Déardaoin, 14 Eanáir), le séasúr nua scannán in Indreabhán le THE CONNECTION, scannán nua ón Fhrainc. Bunaithe ar scéal fíor, tógann an scannán muid go calaphort Marseille, áit a bhfuil na húdaráis dlí ag iarraidh greim a fháil ar cheannaire na mangairí drugaí. Idir seo agus an Cháisc beidh scannán nua á thaispeáint gach Déardaoin, seachas Lá ‘le Pádraig, in Amharclann na Seanscoile ag 8.15 i.n.
Beidh ballraíocht sa gClub Scannán le fáil ar an doras anocht ó 8 i.n. ar aghaidh. Tá breis eolais faoi na scannáin atá roghnaithe don tséasúr ar fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Comórtas Fibín
Ó aimsir na Nollag tá mórchomórtas á rith ar an leathanach Facebook atá ag Meangadh Fíbín agus beidh sé ar siúl go deireadh na míosa seo. Táibléad Android 9″ atá le buachaint mar phríomhdhuais, chomh maith le roinnt duaiseanna beaga: t-léinte, leabhair, méaróg USB ina measc. Tá an comórtas á eagrú mar cheiliúradh ar sheoladh an aip nua, Saol Faoi Shráid, atá le fáil saor in aisce anois do ghairis Apple agus Android.
Níl le déanamh ach dul ag Facebook Meangadh Fíbín agus ‘Is Maith Liom É’ a dhéanamh ar an bpictiúr agus ceist bheag a fhreagairt. Fógrófar an buaiteoir ar an Aoine 29ú Eanáir.
Stiúideo Sonas
Beidh tús á chur ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le téarma nua de ranganna i Stiúideo Sonas, ar an Luan seo chugainn, 18 Eanáir. Tá urlár speisialta don drámaíocht/damhsa á fheistiú faoi láthair san ionad.
Beidh an clár ama agus na táillí céanna i gceist an téarma seo is a bhí ó Mheán Fómhair go Nollaig (€64 do théarma 8 seachtaine don drámaíocht/Hip hop, €45 don damhsa ar an sean nós agus is féidir na ranganna damhsa Gaelach a íoc in aghaidh an ranga).
Le gasúr a chlárú do na ranganna níl le déanamh ach glaoch ar 087 4364618 agus teachtaireacht a fhágáil. Ar ndóigh, is tré Ghaeilge a reáchtáiltear na ranganna.
Folúntais ar Scéim Traenáil Áitiúil
Tá folúntais faoi láthair ar cúrsa atá á reáchtáil i Seanscoil Shailearna, Indreabhán, ag Béaloideas Chois Fharraige. Cúrsa aon mhí dhéag atá i gceist agus tá teastais FETAC éagsúla ar fáil ón gcúrsa. Clúdaítear ar an gcúrsa modúil éagsúla: Cumarsáid, Scileanna Oifige, Gnó, Litearthacht, Úsáid Ríomhairí agus Próiseáil Focal. Tá taithí oibre mar chuid den chúrsa agus bíonn deis ag daoine modúil eile a dhéanamh chomh maith, mar shampla HACCP i Sábháilteacht Bia, Cúrsa Garchabhair, agus Safepass, modúil atá an-usáideach do dhuine a bheadh ag cuartú poist amach anseo.
Is cúrsa lánaimseartha é seo agus tá liúntas traenála, airgead taistil agus tacaíocht le cúram leanaí ar fáil don té atá ina dteideal.
Tá togra béaloideas ar siul chomh maith ag Béaloideas Chois Fharraige, atá th’éis an leabhar ‘Bun an Údair’ a fhoilsiú. Tá an grúpa faoi láthair ag obair ar reiligí áitiúla.
Is féidir do spéis a léiriú sa gcúrsa agus breis eolais a fháil ach glaoch ar Bhairbre Bergin ar 091 505766 nó ríomh-phost a chur chuig: ltibealoideas@nulleircom.net