Cartlann Nuachta: 13 Eanáir 2021

Coláiste Lurgan

Coláiste Lurgan 2021

Coláiste Lurgan ar an gCnoc – Ní Léir Aon Dul Chun Cinn

Ní léir go bhfuil dul chun cinn déanta ón Nollaig faoi réiteach a fháil ar na deacrachtaí a bhaineann le dul ar aghaidh leis an athfhorbairt atá le déanamh ar an bhfoirneamh ar an gCnoc ar a dtugtar Coláiste Lurgan. Is le Údarás na Gaeltachta an foirgneamh ina mbíonn suas le 2,000 scoláirí ag freastal le linn an tsamhraidh gach bliain.

Tá plean réitithe le tamall don Ionad Oideachais agus Óige atá beartaithe ag an Údarás ach níl an tÚdarás sásta an t-iarratas ar an gcead pleanála a chur faoi bhráid an Chomhairle Chontae to dtí go mbeidh comhaontú déanta le Coláiste Lurgan faoin bhforbairt. Bhí ceist ann i dtosach faoi theideal glan a bheith ag Coláiste Lurgan ar thalamh a bhí le deonú don stát. Is cosúil go bhfuil an cheist sin socraithe anois.

Díreach roimh an Nollaig seoladh dréacht de chomhaontú chuig dlíodóir Choláiste Lurgan, ach tá sé curtha in iúl ag Micheál Ó Foighil nach bhfuil sé sásta leis na téarmaí sa gcomhaontú. Tuigtear go bhfuil litir curtha ag Údarás na Gaeltachta chuig dlíodóir Choláiste Lurgan ag iarraidh a fháil amach céard iad na poinntí sa gcomhaontú atá ag cruthú deacrachtaí do Choláiste Lurgan.

Ag cruinniú fíorúil a bhí ag Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo chaite, glacadh le rún d’aon ghuth ag iarraidh ar an dá thaobh iarracht speisialta a dhéanamh tíocht ar réiteach faoi na téarmaí sa gcomhaontú atá ag cruthú deacrachtaí, ar mhaithe leis an gceantar agus ar mhaithe leis an bpleanáil teanga i gCois Fharraige. Tá litir á seoladh an tseachtain seo ag an gCumann Forbartha chuig Micheál Ó Foighil, Bainisteoir Choláiste Lurgan, agus chuig Micheál Ó hEanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, ag iarraidh orthu beirt dlús a chur leis na cainteanna eatarthu le tíocht ar réiteach faoi dheireadh na míosa ar a dheireannaí le gur féidir brú ansin agus cead pleanála a lorg.


Brúscar ag Dul ó Smacht

Bainc Buidéal An Spidéil 2021

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha An Spidéil, ina sheasamh ag an ionad athchúrsála ag Sean Chéibh an Spidéil, áit a bhfuil na bainc buidéal ag cur thar maoil.

Is cosúil go bhfuil fadhb mhór ann le buidéil a bheith fágtha ag na bainc buidéal tar éis saoire na Nollag. Tá na bainc buidéal líonta go barr ó Lá Coille agus anois tá na céadta buidéal fágtha ar an talamh i mboscaí agus i málaí ag daoine, mar nach raibh aon spás fágtha sna bainc.

Dúirt Aodán Mac Donnacha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil, gur cúis imní é an líon mór buidéal atá fágtha ar an talamh ag na bainc buidéal sa Spidéal gar don tSeanchéibh. Bhí sé i dteagmháil le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin scéal ag súil go ndéanfaidh siad brú a chur ar an gcomhlacht Glass Co, tíocht agus na bainc buidéal a fholmhú. Dá mbeadh an méid sin déanta, dúirt sé, go bhféadfadh an Scéim Sóisialta Tuaithe an áit a ghlanadh ansin, ach na buidéil atá ann faoi láthair a bheith tógtha chun bealaigh.

Gan aon ionad athchúrsála idir An Spidéal agus Cnoc na Cathrach, dúirt sé go mbíonn go leor daoine ag baint úsáid as Ionad Cúrsála An Spidéil.


Píopa Nua Uisce sna Forbacha

Tá fáilte curtha ag an gComhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire roimh an scéal go bhfuil sé socraithe ag Uisce Éireann píopa nua a chur síos in Aill an Phréacháin sna Forbacha, áit a mbíonn an píopa atá ann ag pléasctha go minic.


‘Tnuthán an Dúchais’

Sé Mike P. Ó Conaola (sa bpictiúr ar dheis), Sídheán, An Spidéal, a bheas ar an stiúr don chéad seisiún plé i 2021 ar ghearrscéalta Uí Chadhain, a bheas ar bun ar an Domhnach seo, 17 Eanáir, ar an gcóras zúm.

‘Tnuthán an Dúchais’ an gearrscéal a bheas faoi chaibidil.

Le páirt a ghlacadh sa bplé ar ‘Tnuthán an Dúchais’ níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig optchoisfharraige@nullgmail.com agus cuirfear nasc chugat le fáil isteach ar an seisiún ar líne ag tosú ag 7.30pm ar an Domhnach seo.

Tá sé i gceist ag an bhFóram Pleanála Teanga leanacht ar aghaidh leis na seisiúin plé ar ghearrscéalta Uí Chadhain go dtí Lá ‘le Pádraig.


Lotó na mBreathnaigh ar Líne

Cumann Mícheál BreathnachIs ar líne is mó a bheas lotó Chumann Micheál Breathnach ar fáil as seo amach, go ceann píosa, de bharr srianta Covid.

Tógadh sos ar lotó an tseachtain seo ach beidh an lotó ar ais ón Luan seo chugainn, 18 Eanáir, nuair a bheas €9,200 sa bpota óir.

Daoine nach n-úsáideann an córas ar líne, is féidir leo páirt a thógáil ar feadh cúig seachtaine, ach €10 a chur i gclúdach litreach le ainm, chomh maith leis na huimhreacha atá roghnaithe, agus é a fhágáil isteach Tigh Durkin nó Tigh Sé.


Calaphort Ros a’ Mhíl

Buile mhór do chalaphort Ros a’ Mhíl nach bhfuil aon chead faoi Breixit ag tráileairí atá cláraithe i dTuaisceart Éireann nó sa mBreatainn, éisc a chur i dtír a thuilleadh ag Calaphort Ros a’ Mhíl. Cé go bhfuil aitheantas ag Ros a’ Mhíl mar chalaphort iascaigh, níl an t-aitheantas idirnáisiúnta a theastaíonn le go mbeadh cead ag báid iascaigh atá cláraithe taobh amuigh den Aontas Eorpach tíocht le caladh agus éisc a chur i dtír.

Ag labhairt ar RnaG le linn na seachtaine mhol an Seanadóir Seán Kyne go mba cheart an t-aitheantas idirnáisiúnta a thabhairt do chalaphort Ros a’ Mhíl, le go mbeadh cead ag báid iascaigh ó Thuaisceart Éireann agus ón mBreatain tíocht i dtír ann.


Coláiste Chroí Mhuire Thar Barr

Triúr ó Chol Chroí Mhuire 2020

Triúr Daltaí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal

Is iontach an t-aitheantas a tugadh do Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, nuair a tháinig an mheánscoil, a fhreastalaíonn ar Chois Fharraige, ar bharr an tábla a foilsíodh ar an Irish Times Dé hAoine seo caite. Is ag Coláiste Chroí Mhuire a bhí an céatadán is mó daltaí ó rang na hArdteiste 2020 ar éirigh leo áit a fhail i gcoláistí tríú leibhéal. Bhí 138% luaite le Coláiste Chroí Mhuire agus 112% an céatadán a bhí ag an dara scoil ar an liosta, Coláiste Íosagáin, An Charraig Dhubh, i nDeisceart Áth Cliath. Ag Coláiste Cholmcille in Indreabhán bhí an ráta aistrithe go coláistí tríú leibhéal ag 69%, ráta ard do scoil ina mbíonn cuid mhaith daltaí ag glacadh le printíseachtaí, nár comhairíodh sna táblaí ar an Irish Times. D’aistrigh 85% de na daltaí a rinne an Ardteist i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua anuraidh a chuaigh ar aghaidh ag an tríú leibhéal do réir an tábla.

Is ceart a rá go mbíonn an tábla seo taobhach i dtreo scoileanna áirithe. Ní thugann an tábla aitheantas cuí do scoileanna cosúil le Coláiste Cholmcille agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, dhá scoil a bhfuil traidisiún láidir ann béim a chur ar ábhair phraiciticiúla ar nós miotalóireacht, adhmadóireacht agus líníocht. Sa tábla ní thugtar aitheantas ar bith do na daltaí a ghlacann le printíseachtaí.


Cumann Dornálaíochta Chonamara ar TG4

Club Dornálaíochta IChonamara

Cumann Dornálaíochta Chonamara, atá ar ceann de na clubanna spóirt atá páirteach sa sraith ‘Cumann’ ar TG4 gach oíche Déardaoin.

Tá dhá chumann spóirt ó Chonamara Theas páirteach sa séasúr nua den sraithchlár ‘Cumann’ ar TG4: Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach, ar an gCnoc agus Cumann Dornálaíochta Chonamara atá lonnaithe ar eastáit an Údaráis i gCasla.

Bhí sé brónach breathnú ar bhunaitheoir an Chumann Dornálaíochta, Colman Ó Flatharta, ag caint faoin obair iontach a dhéantar sa gclub dornálaíochta ar mhaithe le aos óg an cheantair. Bhásaigh Colman mí Feabhra seo caite, go gairid th’éis an clár a bheith déanta.

Ar an Déardaoin seo beidh Ciana Ní Churraoin, Seaimpín an Domhain sa liathróid láimhe, ag caint ar an gclár. Ar ndóigh, is mar bhall de Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach a d’fhoghlaim Ciana a cuid scileanna liathróid láimhe an chéad lá riamh.


13 Eanáir 2021