Cartlann Nuachta: 13 Feabhra 2019

Botún Pleanála sna Forbacha

Tá sé admhaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe gur ‘botún riaracháin’ ba chúis le cead pleanála a bheith tugtha sna Forbacha le déanaí gan choinníoll teanga ach ar 20% de na tithe. 80% de thithe a bhíodh faoi choinníoll teanga sna Forbacha de réir Plean Áitiúil na Gaeltachta, a chuaigh as feidhm anuraidh.

Roimh an Nollaig tugadh cead pleanála do Louise Massie cúig theach a thógáil sna Forbacha. De réir an cead a eisíodh bheadh ar an bhforbróir socrú dlí a dhéanamh leis an gComhairle Chontae lena chinntiú go mbeadh 20% de na tithe coinnithe do dhaoine le Gaeilge líofa.

Leasaíodh Plean Forbartha an Chontae anuraidh. Bhí an feidhmeannas ag iarraidh deireadh a chur le coinníollacha teanga i gceantar Chois Fharraige, seachas sráidbhaile An Spidéal. Sheas Údarás na Gaeltachta siar, nuair a bhí deis aighneacht a sheoladh isteach faoin athrú a bhí beartaithe, a chuirfeadh deireadh le cosaint na Gaeilge i gceantar ar bith i gCois Fharraige, seachas An Spidéal. Mar thoradh ar aighneachtaí ó Chumann Forbartha Chois Fharraige agus ó Chomharchumann Sailearna cuireadh ar ais an chosaint don Ghaeilge sa bPlean Forbartha i gceantar Chois Fharraige ó Na Forbartha siar go Ros a’ Mhíl agus dúradh go mbeadh Coinníoll Teanga i bhfeidhm ‘ar íosmhéid de 80% de thithe i gcás forbairtí le dhá theach nó níos mó’.

Deirtear anois gur ‘botún riaracháin’ ba chúis le coinníoll teanga a bheith curtha ar 20% in áit 80% sa gcead pleanála a eisíodh roimh an Nollaig le cúig theach a thógáil sna Forbacha. Is cosúil go bhfuil an doiciméad a eisíodh tarraingthe siar agus ceann nua eisithe ina bhfuil an coinníoll teanga curtha ar 80% de na tithe, sé sin ar ceithre theach as na cúig cinn atá le tógáil.


Duais do Dhomhnall

caitlin-fodhla-agus-domhnall-le-corn-ui-riada

Domhnall Ó Braonáin (ar dheis) lena mháthair agus a dheirfiúr 2016

D’éirigh le Domhnall Ó Braonáin, scoláire ón séú bliain i gColáiste Cholmchille, Indreabhán, dhá dhuais mhóra i gcomórtas aistriúcháin a bhuachtaint le gairid.

Bhuaigh sé “An tAistriúchán is fearr i gCúige Chonnacht” agus “An tAistriúchán is fearr i gceithre chúige na hÉireann” i gcomórtas aistriúcháin a reachtálann Aonts na hEorpa, agus bronnfar taibléad Samsung agus buanchorn air an mhí seo chugainn ag ócáid i mBaile Átha Cliath.

Ghlac Teresa Clifford agus Aifric Ní Scolaí, beirt scoláirí eile as an séú bliain, páirt sa gcomórtas freisin.


Aniar

CD ANIAR Futa Fata

Tá leagan nua den leabhar agus dlúthdhiosca ANIAR curtha amach ag an gcomhlacht foilsitheoireachta FUTA FATA, atá lonnaithe ar an Spidéal. Tá fócas breise san eagrán seo ar an dlúthdhiosca agus a bhfuil le fáil ann. Cloistear triúr aisteoirí ó Chois Fharraige ar an dlúthdhiosca: Peadar Ó Treasaigh, Áine Ní Dhroighneáin agus Darach Ó Tuairisg, agus iad á dtionlacan ag an gceol atá cumtha ag John Ryan. Tá a léargas féin ag grianghraif Ceara Conway ar an mbailiúcháin seo de sheanfhocail, orthaí agus véarsaí ó thraidisiúin béil na Gaeltachta thiar.

Leabhar dátheangach é seo atá foirfe don té a bhfuil suim aige nó aici i gcultúr traidisiúnta na teanga. Tá sé ar fáil anois i siopaí leabhra nó is féidir é a ordú ar líne ó Futa Fata. €14.95 an praghas atá air.


Postanna i dTearmann Éanna

Tearmann Éanna Teo. LogoTá go dtí Aoine na seachtaine na seo chugainn, 22 Feabhra, le cur isteach ar phostanna atá le líonadh ag Tearmann Éanna mar chúramóirí baile páirtaimseartha ins an ceantar ó Bhearna go Cárna agus Oileáin Árann.

Tá an fhoirm iarratais don phost ar fáil ar an suíomh idirlín www.tearmanneanna.ie, nó is féidir gach eolas a fháil trí glaoch ar Thearmann Éanna ag 091/5055 nó ríomhphost a chur ag tearmanneanna@nulleircom.net.


Cumann Mícheál Breathnach

Cumann Mícheál BreathnachTá ballraíocht sa gCumann ar oscailt anois. Is ar líne a bheas an clárú ag tarlú i mbliana. Seo a leanas na táillí ballraíochta a bheas i bhfeidhm: €120 d’imreoir fásta (18+); €80 do mhic léinn lánaimseartha; €100 do ghasúr amháin agus tuismitheoir/caomhnóir; €130 do bhallraíocht clainne nach imreoirí iad na tuismitheoirí agus €160 do bhallraíocht clainne más imreoir duine de na tuismitheoirí.

I mbliana, de bharr rialacha cosaint leanaí, ní féidir gasúr a chlárú gan ar a laghad tuismitheoir/caomhnóir amháin a bheith cláraithe chomh maith.

Tá traeneáil tosaithe ag roinnt de na fóirne. I bpeil na mban beidh an fhoireann sóisir ag imirt an chéad chluiche i Sraith an Iarthair in aghaidh foireann St Michael’s na Gaillimhe, ar an Domhnach seo chugainn.

Tá an traeneáil iománaíochta f14/f15 tosaithe ar ais ar an bpáirc astro ón 6 go 7pm gach Luan.


Scannán na Seachtaine Seo

Club Scannán - Cold War

Radharc ón scannán COLDWAR a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, an Déardaoin seo, 14 Feabhra, ag tosú ag 8.15pm.

Ar an Déardaoin seo, Lá Vailintín, taispeánfar an scannán COLDWAR i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm. Tá an scannán suite sa bPolainn le linn na 1950aí, nuair a bhí an tír faoi cheannas cumannach. Sa gcúlra tá an cogadh fuar idir an Rúis Soivéadach agus an tIarthar. Titeann beirt i ngrá agus brioglóid acu éalú ón bPolainn agus cur fúthu sa bhFrainc, ach ní go ró-mhaith a éiríonn an plean leo. Tá go leor duaiseanna idirnáisiúnta bailithe ag an scannán seo, ó eisíodh é anuraidh. Fuair sé an gradam don léiritheoir ab fhearr ag an bhFéile Scannán i gCannes anuraidh agus ainmníodh é do thrí Oscar anuraidh chomh maith.

An tseachtain seo chugainn, 21 Feabhra, sé an scannán ón bhFrainc JUST TO BE SURE a bheas á thaispeáint.

Tá eolas faoin scannán, chomh maith le blaiseadh dhó, le fáil ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE.


Bua Mór do Chois Fharraige

Rónán Mac Donnacha ag tógáil cic (Sacar Chois Fharraige) 2018

Rónán Mac Donnacha ag tógáil saorchic d’fhoireann sacair Cois Fharraige.

Bhí Rónán ar cheann de na imreoirí ó Chois Fharraige a scóráil sa gcluiche in aghaidh Bohemians na Gaillimhe, ar an Domhnach seo caite, cluiche a bhain Cois Fharraige leis an scór 11 – 0.

An Domhnach seo caite bhí bua mór ag foireann sacair Cois Fharraige in aghaigh Bohemians na Gaillimhe. Scóráil buachaillí na Gaeltachta 11 cúl agus ní raibh scór ar bith ag Bohs. Seo a leanas na daoine a scóráil do Chois Fharraige: péire an duine ag Chris Ó Biadha agus ag Micheál de Búrca; agus ceann an duine ag Gearóid Ó Curraoin, Shaun Ó Donnacha, Rónán Mac Donnacha, Mikey Ó Conaire, Tommy Ó Conghaile, Máirtín Ó Cualáin agus Ciarán Ó Droighneáin.

Tá Cois Fharraige ar bharr an tábla ar Roinn II, pointe amháin chun cinn ar Knocknacarra, agus tá cluiche mbreis le imirt ag Cois Fharraige.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Sacar (Sóisear, Roinn II): Cois Fharraige 11, Bohemians B 0.

Sacar (Corn f17/f18): Bearna/Na Forbacha 3, Colga 2.

Sacar (Sóisear, Roinn III): Bearna/Na Forbacha 0, NUIG 4.

Sacar (Corn f13): Bearna/Na Forbacha 0, Knocknacarra 3.

Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha 2, Salthill Devon 1.


13 Feabhra 2019