Cartlann Nuachta: 13 Márta 2019
Aisteoirí an Spidéil sa Taibhdhearc
Radharc as an dráma Lá Fhéile Mhicil le Eoghan Ó Tuairisc, a bheas le feiceáil ar stáitse sa Taibhdhearc, ar an Aoine agus an Satharn seo chugainn, 15 is 16 Márta.
Ar chlé tá an bhean rialta (Máire Ní Neachtain) ag caint le oifigeach airm an tSaorstáit (Cormac Ó Comhraí).
Daoine a chaill an dráma cumhachtach a bhí i gColáiste Chonnacht ag an deireadh seachtaine seo caite, beidh deis acu é a fheiceáil an deireadh seachtaine seo chugainn. Tá Aisteoirí an Spidéil leis an dráma Lá Fhéile Mhichil le hEoghan Ó Tuairisc a thabhairt chomh fada le Taibhdhearc na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo ag tíocht. Beidh an dráma ar an stáitse dhá oíche i ndiaidh a chéile, an Aoine agus an Satharn, 15 & 16 Márta ag 8.00pm.
Baineann an dráma, scríofa ag Eoghan Ó Tuairisc, le Cogadh na gCarad 1921/22.
Séamus Ó Scanláin atá i mbun an léirithe agus i measc na n-aisteoirí tá Seán Ó Gráinne, Traolach Ó Conghaile, Breandán Ó Conláin, Bairbre Ní Churraoin, John Keane, Máirín Nic Con Iomaire, Cormac Ó Comhraí agus beirt bhan óga as an Spidéal, Caitríona Ní Dhomhnaill as an bPáirc agus Máire Ní Neachtain as an gCoilleach.
Féile Scoldrámaíochta Chonnacht
Aaron Norman, Cor na Rón, agus Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach, a roghnaíodh mar an Aisteoir is Fearr ag Féile Scoldrámaíochta na Gaillimhe le gairid. Bhí Aaron páirteach sa dráma Charlie agus an Ticéad Óir.
An tseachtain seo tá Féile Scoldrámaíochta Chúige Chonnacht ar bun i Seanscoil Sailearna. Le linn na féile beidh trí dhráma á gcur ar stáitse ag Colaiste Cholmcille, Indreabhán; dhá dhráma ag Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal; trí dhráma ag Scoil Sailearna ar an gCnoc; trí dhráma ag Scoil na Tulaí agus dráma amháin ag Scoil Ros a’ Mhíl, Scoil Éinne, An Spidéal, agus Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua. Seo thíos liosta na ndrámaí a bheas á léiriú ag scoileanna ó Chois Fharraige.
- Scoil Cholmcille, Ros a Mhíl: Ceiliúradh an Leathchéad.
- Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach: Bóithrín na Smaointe, Charlie agus an Ticéad Órga agus An Buachaillín Sinséir.
- Scoil Éinne, An Spidéal: Aladdin.
- Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua: Na Trí Mhuicín.
- Scoil Sailearna, Indreabhán: Cigire na Gaeilge, Díoltas agus Luaithrín.
- Coláiste Cholmcille, Indreabhán: Cé muid féin, Meastú agus Athrú ag Teacht.
- Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal: CEARTA agus An Chéad Eitilt.
Fógrófar na torthaí ar Raidió na Gaeltachta ar an Aoine seo ar Nuacht a Sé agus beidh na buaiteoirí ag dul ar aghaidh le páirt a thógáil sa bhFéile Náisiúnta ag deireadh na míosa.
Darkness into Light
Beidh an tsiúlóid Darkness into Light, a eagraíonn Pieta House ag ionaid éagsúla gach bliain, ar siúl arís i mbliana ar an gCeathrú Rua maidin Shathairn, 11 Bealtaine, ag tosú ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ag 4.15 am.
Cuireann Pieta House seirbhís tacaíochta ar fáil do dhaoine atá i mbaol ón Féin Marú nó Féin Gortú.
Más mian leat páirt a ghlacadh san ócáid shiombalach seo, is féidir clárú anois ar líne ach dul ag www.darkness.intolight.ie.
Is ar líne amháin ar féidir clárú. Suas go deireadh mí na Márta is féidir le daoine fásta clárú don tsiúlóid ar €20.
Na Rógairí ag Dul go hÁrainn
Radharc as An Mhéar Fhada, dráma le Johnny Chóil Mhaidhc
Ar an Aoine seo, 15 Márta, is i Halla Rónáin i gCill Rónáin a bheas na Rogairí ag cur An Mhéar Fhada, dráma le Johnny Chóil Mhaidhc, ar stáitse. Tá camchuairt déanta leis an dráma ar hallaí i gConamara le roinnt seachtainí anuas agus hallaí lán i mórán chuile áit.
I measc na n-aisteoirí atá páirteach sa dráma tá Bríd Uí Choisdealbha, baintreach Johnny Chóil Mhaidhc, arb as Inis Mór í ó dhúchas.
Níos túisce sa lá beidh na haisteoirí ag tabhairt cuairt ar Choláiste Éinne, áit a mbeidh siad ag léamh roinnt dánta le Johnny Chóil Mhaidhc agus ag déanamh agallamh beirte dá chuid.
Lá ‘le Pádraig ar an Spidéal
Lá ‘le Pádraig ar an Spidéal 2018
An Domhnach seo chugainn déanfar Lá ‘le Pádraig a cheiliúradh sa Spidéal le paráid, mar is gnáth. Iarrtar ar na flótanna líneáil suas trasna ón gCeardlann ag 11.30am. Tosóidh an paráid ag 11.45am. Gach bliain baintear an-chraic as na flótanna a bhíonn réitithe ag clubanna, gnónna is ag bailte éagsúla agus bíonn neart spraoi is ceoil ar an sráidbhaile tar éis an pharáid.
Coláiste Chroí Mhuire ag Rith
Foireann Mionúr Lúthchleasaíochta ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a ghlac páirt i gcomórtas náisiúnta lúthchleasaíochta na scoileanna an deireadh seachtaine seo caite.
Ina seasamh, ó chlé: Oisín Ó Conláin (Múinteoir), Caomhlú Ó Fathaigh, Oisín Mac an Ultaigh, Feidhlim Ó Conghaile, Rian Ó Fátharta agus Oscar Mac Réamoinn.
Chun tosaigh, ó chlé: Fionnan Ó Sruthan, Charlie Ó Frighil agus Aindí Ó Féinne.
An deireadh seachtaine seo caite i gColaiste Clongowes i gCill Dara bhí dhá fhoireann lúthchleasaithe ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, páirteach i gcomórtas náisiúnta na scoileanna. D’éirigh leis an bhfoireann mionúr an chéad áit i gConnacht a bhaint amach agus an 11ú go náisiúnta. Bhí an fhoireann sóisear sa dara áit i gConnacht.
Páirteach sa bhfoireann mionúr bhí Caomhlú Ó Fathaigh, Oisín Mac an Ultaigh, Feidhlim Ó Conghaile, Rian Ó Fátharta agus Oscar Mac Réamoinn, Fionnan Ó Sruthan, Charlie Ó Frighil agus Aindí Ó Féinne.
Ar an bhfoireann sóisear bhí Eamonn Ó Ceallacháin, Ciarán Mac Fhlannacha, Ciarán Diompsaigh, Cormac Ó Tuairisg agus Iarla Ó Súilleabháin.
Camógaí Chois Fharraige
Tá ballraíocht i gCumann Camógaíochta Chois Fharraige ar oscailt anois. Is ar líne a bheas an clárú ag tarlú i mbliana do chailíní 6 bliain+. Níl le déanamh ach dul go dtí www.clubforce.com, Cumann Camógaíochta Chois Fharraige a chuardach agus na treoracha a leanacht. Tá eolas eile ar fáil ó Mháirtín ag an uimhir 086 4084033.
Scannán faoin Spidéal sa tSeanscoil
Radharc as an ngearrscannán FAOIN gCEANN TUÍ a rinne Seán Ó Ciardha, agus a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 14 Márta, i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm. Is faoi chuairt a thug an BBC ar an Spidéal in 1961 atá sé.
Ina dhiaidh taispeánfar an scannán BLACK 47, mórscannán atá bunaithe ar scéal faoin nGorta Mór i gConamara.
I Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 14 Márta, taispeánfar gearrscannán faoin gcuairt a thug criú teilifíse ón BBC ar an Spidéal i 1961. Seán Ó Ciardha a rinne an gearrscannán, ar a dtugtar FAOIN gCEANN TUÍ. Sa mbliain 1961 tháinig criú ón BBC ag an Spidéal le cuid de chultúr na Gaeltachta a thaifeadadh. Is i dtigh Mhichilín Mháirtín Eoghain, Baile Uí Dhomhnalláin, a eagraíodh an t-airneán: thar dhá oíche rinne an BBC na hamhránaithe, na ceoltóirí is na damhsóirí a thaifeadadh le clár teilifíse a dhéanamh dhó.
Finian Ó Conláin a bhí ina fhear a’ tí. I measc na n-aíonna bhí an t-amhránaí ó Chárna, Johnny Joe Pheaitsín Mac Donnchadha, na ceoltóirí May Standún, Eddie Maloney agus Máirtín Byrnes. Bhí Máirtín Thornton ag casadh an orgán béil.
Tá gearrscannán déanta ag Seán Ó Ciardha faoin gcuairt, ag úsáid chuid den ábhar a bailíodh an oíche úd. Tá cuid mhaith de na daoine a bhí ann ar an oíche anois ar shlí na fírinne. Beo i gcónaí tá Mártan Ó Ciardha, a dúirt amhrán ar an oíche.
Á thaispeáint, ar an Déardaoin seo sa tSeanscoil, tar éis FAOIN gCEANN TUÍ, beidh scannán eile a bhaineann le Conamara, sé sin BLACK ’47, scannán faoi Chonnacht Ranger ag filleadh ar Chonamara le linn an Ghorta Mhóir. Is ag 8.15pm a thosóidh an taispeántas scannán, mar is iondúil.
Tá eolas agus blaiseadh de na scannáin a thaispeántar i Seanscoil Sailearna le fáil ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE.
Biongó ar an Luan i Seanscoil Sailearna
An tSeanscoil ón Aer
Tá an Biongó i Seanscoil Sailearna ag leanacht ar aghaidh gach Luan ag 8.00pm. Is ar mhaithe leis na seirbhísí ‘Béile ar Rothaí’ a chuireann Tearmann Éanna ar fáil sa gceantar, atá an Biongó á reáchtál.
Imirt Cártaí sna Minna
Bíonn imirt cártaí ar bun gach Céadaoin i Seanscoil na Minna ag tosú ag 8.00pm. Fáilte roimh cách.
Cruinniú Poiblí ag Sinn Féin
Beidh cruinniú poiblí á reachtáil ag an Feisire Eorpach, Matt Carthy (sa bpictiúr ar chlé), agus iarrthóir Shinn Féin i gConamara Theas sa toghchán áitiúil, Kevin O’Hara, in Ostán Chois Fharraige sna Forbacha ar an Aoine seo, 15 Márta, ag 7.30pm.
Beidh Matt Carthy ag déanamh cur síos ar an an tionchar a imreoidh polasaithe an Aontais Eorpaigh ar Chonamara amach anseo.
Cruinniú poiblí atá ann agus tá fáilte roimh gach duine.
Deireann Kevin O’Hara, a bheidh mar iarrthóir ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla, gur “deis é seo do dhaoine atá ag iarraidh a gcás a phlé agus a scéal a cur faoi bhráid an phobal”.
Glanadh Suas
Brúscar a Bailíodh ar an gCladach Anuraidh
Tá sé socraithe ag Fochoiste Timpeallachta Chumann Forbartha Chois Fharraige go mbeidh Glanadh Suas á eagrú i gceantar an Chumann Forbartha ar an Satharn, 6 Aibreán. Tá sé i gceist an brúscar ar an bpríomhbhóthar agus ar na bóithríní idir Tigh Nancy soir chomh fada le Tigh Chualáin a phiocadh suas.
Tá taobh an bhóthair mhóir, chomh maith leis an gcladach agus roinnt bóithríní portaigh, lán le búscar na laethanta seo, rud nach gcuireann le dea-cháil ceantar Chois Fharraige.
Beidh daoine ag tíocht le chéile ag Seanscoil Sailearna ag 10.00 maidin Shathairn, 6 Aibreáin. Beidh tae/caifé agus scónaí ar fáil ag an am sin. Leagfar amach an obair atá le déanamh agus tabharfar amach miotógaí agus málaí bruscair.
Fiú mura bhfuil ach 30 nóiméad agat an lá sin, tabhair cúnamh do phobal Chois Fharraige leis an iarracht seo dhul i ngleic leis an salachar atá caite ar fud na háite.
Coláiste Cholmcille Tríd sa gComórtas Fiontraíochta
Féidhlim Ó Cualáin agus Stephen Ó Conghaile, beirt dalta san Idirbhliain ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán ar éirigh leo dul tríd go dtí an babhta réigiúnach den chomórtas fiontraíochta de chuid Údarás na Gaeltachta leis an dtionscnamh ‘Sábháil ár nAigéan’.
In éindí leo tá an múinteoir Máirín Ní Mhainnín ar chlé, Miriam Ní Néill ó Údarás na Gaeltachta sa lár agus Ray Fogarty ó Junior Achievement Ireland.
D’éirigh le daltaí idirbhliana ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, fáil tríd go dtí Craobh Réigiúnach de Chlár na gComhlachtaí. ‘Sábháil ár nAigéin’ an tionscnamh a bhunaigh na daltaí agus roghnaíodh é chomh maith le tionscnamh eile ó Scoil Phobail Mhic Dara, Cárna, le ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Chontae na Gaillimhe ag an gCraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta, a bheas ar bun i nGaillimh ar an 2 agus 3 Aibreán 2019.
Bronnadh an Gradam Nuálaíochta ar fhoireann eile ó Choláiste Cholmcille as an tionscnamh ‘Smidiú’.
Chuir daltaí ó Choláiste Cholmcille dúshlán rompu féin a ngnó féin a bhunú, a fheidhmiú agus a bhainistiú agus bhí iomaíocht ghéar ann le tionscnaimh ó scoileanna eile iarbhunoideachais.
Seo a leanas na buaiteoirí ó scoileanna na Gaeltachta:
Sábháil ár nAigéin (Coláiste Cholmcille, Indreabhán): Féidhlim Ó Cualáin agus Stephen Ó Conghaile.
Seodra Chonamara (Scoil Phobail Mhic Dara, Cárna): Méabh Ní Dhomhnaill, Éabha Ní Chathasaigh, Tommie Ó Ceannabháin, Ailish Nic Giollapharaic, Joe de Búrca agus Jason Ó Súilleabháin.
Smidiú (Coláiste Cholmcille, Indreabhán): Kianna Ní Mhárta, Neasa Ní Chonghaile, Samantha Ní Loideáin.
Kianna Ní Mhárta, Neasa ní Chonghaile agus Samantha Ní Loideáin triúr dalta ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán ar éirigh leo an Gradam Nuálaíochta a bhuachaint ag babhta réigiúnach den chomórtas fiontraíochta de chuid Údarás na Gaeltachta leis an dtionscnamh ‘Smidiú’.
In éindí leo ó chlé tá Ray Fogarty ó Junior Achievement Ireland, Miriam Ní Néill ó Údarás na Gaeltachta agus an múinteoir Máirín Ní Mhainnín ó Choláiste Cholmcille.
Bál an Chathaoirligh
Ba é Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, a sheol Bál Carthanachta an Chathaoirligh. Is ócáid é seo a eagraíonn Cathaoirleach an Chomhairle Chontae le airgead a bhailiú do charthannachtaí éagsúla. Beidh an ócáid féin ar siúl ar an Satharn, 30 Márta 2019, ag 7.00 i.n. in Óstán an Connemara Coast.
Seán Ó Tuairisg (sa bpictiúr ar dheis), an comhairleoir, atá ina Chathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe i mbliana. Beidh Seán ag éirí as an gComhairle Chontae mí Bealtaine seo chugainn, tar éis dhó seirbhís 15 bliana a thabhairt don cheantar.
Trí charthanacht a bheas ag baint tairbhe as an mbál atá á eagrú ag Seán: Pieta House, Fondúireacht Deontóirí Strange Boat agus Tionscadal Tithíochta Saimbia. Tá na heagraíochtaí seo ag braith ar fhlaithiúlacht an phobail chun na seirbhísí iontacha a sholátharaíonn siad, a chur ar fáil. Cuireann Pieta House tacaíocht ghairmiúil saor in aisce ar fáil dóibh siúd atá i mbaol féindochrú. Cuireann Fondúireacht Strange Boat deonú orgán chun cinn, mar aon leis an gcaoi a gcuireann sé le saol na ndaoine a dhéanann na horgáin seo a fháil. Cuireann tionscadal Tithíochta na Saimbia tithíocht ar fáil do dhaoine leochaileacha atá ina gcónaí sa tSaimbia agus tá súil acu scoil agus ionad sláinte a thógáil i mbliana.
Tá ticéid don ócáid mhór charthannachta seo ar fáil ó oifigí an Chomhar Chreidmheasa. Cosnaíonn na ticéid €50 an ceann.
Comórtas Scoraíochta Idir Bailte
Ní bheidh an Comórtas Scoraíochta Idir Bailte, a bhí á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, ag dul ar aghaidh anois. Cé gur thaispeán cúig bhaile spéis ann i dtosach, ní raibh le bheith ann sa deireadh ach baile amháin, An Teach Mór. Bhí an comórtas ceapaithe a bheith ar bun ar an Satharn, 23 Márta, i Seanscoil Sailearna. Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha an scéal a phlé ag an gcéad chruinniú eile den Choiste Stiúrtha.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Peil (Peil na Gaeltachta): An Spidéal 0 – 3, Oileáin Árann 2 – 8.
Peil (Peil na Gaeltachta): Ml. Breathnach 2 – 14, Cárna/Caiseal 0 – 10.
Peil na mBan (Sóisear): Ml. Breathnach 4 – 14, Annaghdown B 2 – 2.
Sacar (Corn TP Brennan): Bearna/Na Forbacha 3, Cam Celtic 1.
Sacar (Roinn II): Cois Fharraige 7, Colga 2.