Cartlann Nuachta: 13 Márta 2024

Paráid Lá ‘le Pádraig

An slua a bhí ag fanacht le Paráid Lá ‘le Pádraig anuraidh

Ar an Domhnach seo chugainn beidh neart spraoi is scléip aríst i mbliana i Sráidbhaile an Spidéil le Lá ‘le Pádraig a cheiliúradh. Cuirfear tús leis an bparáid ag meánlae, mar is gnáth: beidh sé ag imeacht ón Áirdín Buí, trasna ón gCeardlann ag déanamh a bhealach siar chomh fada le Bóithrín na Céibhe, agus ag filleadh aríst tríd an sráidbhaile.

Is é an Coiste Turasóireachta, faoi choimirce Chomhlacht Forbartha an Spidéil, atá i mbun an eagrúcháin. Beidh duaiseanna á dtabhairt amach do na flótanna is fearr sa bparáid. Máire Holmes agus Séamus Ó Máirtín a bheas i mbun na moltóireachta i mbliana. Beidh Steve Sweeney is a chairde ag cur ceoil ar fáil ón ardán agus théis an pharáid beidh neart ceoil le cloisteáil i gCois Cuain ar feadh an lae.


Post mar Oifigeach Pleanála Teanga i gCois Fharraige

Tá go dtí 5.00pm an Aoine seo, 15 Márta, le iarratas a sheoladh isteach ar an bpost mar Oifigeach Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige, atá le líonadh ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Beidh an té a cheapfar ag obair in Oifigí an Fhóraim sa Spidéal i gcomhar le Saoirse Holic, an tOifigeach Pleanála Teanga eile atá ag obair i gceantar Chois Fharraige. Síneann ceantar feidhme an Fhóraim ó Shruthán na Liberties sna Forbacha chomh fada siar le Abhainn Chasla, ó Na Forbacha go Ros a’ Mhíl. Mar gur ceantar mór atá i gceist, tugadh cead don Fhóram beirt Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú.


Dráma sa tSeanscoil

Beidh Aisteoirí an Spidéil ar an stáitse an deireadh seachtaine seo leis an dráma An Solas Dearg, a scríobh Antoine Ó Flatharta as Leitir Mealláin. Beidh deis ag daoine an dráma a fheiceáil ar an Aoine, an Satharn nó an Domhnach, Oíche Lá ‘le Pádraig. Cíorann an dráma cuid de théama móra an lae inniu: roghanna agus mianta daoine óga sa nGaeltacht agus tionscal na meán atá lárnach i saol oibre go leor daoine óga i nGaeltacht Chois Fharraige.

Mike Ó Conaola atá i mbun stiúrtha ar an seisear aisteoirí atá sa dráma: Cormac Ó Comhraí, Treasa Bhreathnach, Séamas Ó Scanláin, Seán Ó Gráinne, Bairbre de Barra agus Caitríona Ní Dhomhnaill.

Beidh ticéid le fáil ar an doras ach le bheith cinnte de do shuíochán moltar iad a chur in áirithe ag https://buytickets.at/ansolasdearg/1175085.

An chliar sa dráma BIG MAGGIE, a chuir Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ar stáitse an Satharn seo caite i Lios Tuathail, ag fáil buaileadh bos mór ag deireadh an léirithe. Cuireadh an-fháilte roimh an leagan Gaeilge den dráma cáiliúil i mbaile dúchais an údair, John B. Keane, a bhí aistrithe go Gaeilge Chonamara ag Bridie Ní Churraoin.

[Pic: Johanna Ní Mháille]


Oíche Áirneáin na Féile Pádraig

Ceol Tigh Chualáin

Beidh Oíche Áirneáin na Féile Pádraig ar bun ar an Aoine seo chugainn, 15 Márta, i dTigh Chualáin, An Choill Rua, eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ag tosú ag 9.00pm.

Beidh idir ceol, damhsa, amhránaíocht, scéalta agus agallaimh beirte ann. I measc na n-aíonna a thug le fios go mbeidh siad ann, tá na ceoltóirí aitheanta Johnny Óg Connolly, Pádraig Ó Dubhaill, John Blake, Micheál Darby Ó Fátharta, Brian Terry Mac Donnacha, Luisne Ní Neachtain agus Becky Ní Éallaithe. Beidh neart amhrán ann chomh maith agus beirt bhuaiteoirí Chorn Uí Riada – Caitlín Ní Chualáin agus Colm Jimmy Ó Curraoin – ann le stéibh nó dhó a chasadh. Beidh agallamh beirte ann agus céipear damhsa. Críochnóidh an oíche le seit Chonamara agus le damhsaí Céilí.

Oíche don phobal a bheas ann, le tús a chur le deireadh seachtaine Lá ‘le Pádraig, atá á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le tacaíocht ó Chiste Seachtain na Gaeilge agus ón gCiste Bláthú de chuid Glór na nGael.

Ní bheidh aon chead isteach ar an doras agus cuirfear sólaistí ar fáil.


Club Scannán Sailearna

Radharc ón Scannán ANATOMY OF A FALL

Cuireadh tús le gearr-shéasúr scannán i Seanscoil Sailearna ag tosú ar an Déardaoin seo caite 7 Márta, i Seanscoil Sailearna, le scannán ANATOMY OF A FALL, scannán ón bhFrainc ar a bronnadh Oscar Dé Domhnaigh seo caite.

Mar go mbeidh Aisteoirí an Spidéil ag déanamh an cleachtadh deireanach den dráma AN SOLAS DEARG ar an Déardaoin seo, ní bheidh aon scannán ann. Ar an 21 Márta beidh scannán a chíorann an cogadh san Iaráic, OUR RIVER, OUR SKY agus an scrios a déanadh ar phobal i gcathair amháin.

Seo a leanas an trí scannán a bheas á dtaispeáint idir seo agus tús Aibreáin.

  • 21 Márta – Our River, Our Sky (An Iaráic);
  • 28 Márta – Past Lives (Stáit Aontaithe);
  • 4 Aibreán – Fallen Leaves (An Fhionlainn).

Tá breis eolais ar fáil ón suíomh CLUBSCANNÁN.IE.


Mac Dara sa Dara Áit sa tSraith

Cuireadh siar an cluiche sacair idir MacDara (An Cheathrú Rua) agus Cois Fharraige a bhí socraithe don Domhnach seo chaite.

I mbliana tá MacDara ag déanamh go maith i Roinn I de shraithchomórtas na Gaillimhe: ag an bpointe seo tá foireann na Ceathrú Rua sa dara áit sa tsraith ar 31 pointe, gan ach cluiche amháin le imirt, an ceann in aghaidh Chois Fharraige.

Sna sála orthu don dara áit ar 27 pointe tá Salthill Devon B, agus ceithre chluiche fágtha le imirt acu. Ní féidir Cois Fharraige a chur as an áireamh don dara áit. Tá siad sa gceathrú áit faoi láthair ach tá sé chluiche fós le imirt acu agus iad ar 20 pointe.

Craughwell United atá ar bharr an tábla ar 33 pointe le ceithre chluiche fós le imirt.


Corn Chiaráin go Leitir Mór na Coille

Rónán Ó Conghaile, buaiteoir Chorn Uí Chon Cheanainn 2024, leis an Ollamh Lillis Ó Laoire (ar chlé), Brídín Uí Chon Cheanainn (ar thaobh Rónáin) agus Odí Ní Chéilleachair (ar dheis).

Rinne an bronnadh tar éis an chomórtais i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Dé Sathairn arseo caite.

Reáchtáltar an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós gach bliain do mhic léinn, i gcuimhne ar an amhránaí Ciarán Ó Con Cheanainn a bhásaigh go hóg sa bhliain 2009.

[Pic: Seán Ó Mainnín]

Ar an Satharn seo caite in Ollscoil na Gaillimhe reáchtáladh an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós i gcuimhne ar Chiarán Ó Con Cheanainn ó Shaile Chuana a bhásaigh sa mbliain 2009.

Deichniúr iomaitheoirí a chas sa gcomórtas. Bhí mic léinn ann ó Choláiste na Tríonóide, ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ó Ollscoil Chathair Átha Cliath, ó Choláiste Mhuire Gan Smál agus ó Ollscoil na Gaillimhe. Bhí slua deas ann agus go leor de chairde Chiaráin ina measc. Cuireadh fáilte faoi leith roimh mháthair Chiaráin, Brídín Uí Chon Cheanainn, a dheirfiúr Máirín agus a aintín Máirín Ní Chonghaile. Cuireadh fáilte freisin roimh Mháire Pheitir Uí Dhroighneáin, meantóir Chiaráin agus bean a bhfuil a lorg fágtha aici ar chúrsaí amhránaíochta i gCois Fharraige. Bronnadh cóip de mhórshaothar Chiaráin, ‘Clár Amhrán Maigh Cuilinn’ ar gach aon iomaitheoir sular cuireadh tús leis an gcomórtas.

Siar go Leitir Mór na Coille a chuaigh an corn i mbliana, go Rónán Ó Conghaile atá ina mhac léinn altranais in Ollscoil na Gaillimhe. Tháinig beirt as Cois Fharraige sa dara agus sa tríú háit: Bróna Ní Cheallacháin agus Domhnall Ó Braonáin. Bhí an-lá fonnadóireachta ann i gcuimhne ar an bhfear óg as Sáile Chuanna a d’imigh uainn is é fós i mbláth na hóige.


Imreoirí Óga na mBreathnaigh

Foireann Iománaíochta faoi 14 de chuid Chumann Micheál Breathnach ar éirigh leo Craobh an Chontae (faoi 14) a bhuachan anuraidh. Bhronn Breandán Mhaidhc Ó Conghaile na boinn orthu ag ocáid a bhí ag an gcumann ar an Satharn seo caite i Halla Scoil Sailearna.

Ar chúl, ó chlé, Áine Uí Neachtain (PRO CMB), Breandán Mhaidhc Ó Conghaile (a rinne an bronnadh), Cormac Ó Braonáin, Cian de Búrca, Rónán Ó Neachtain, Jamie Ó Diollúin, Eric Norman, Eoin Ó Gionnáin, Oisín Mahon, Dara Ó Frighíl, Fionnán Ó Neachtain, Éinne Bouli Ó Conghaile, Pádraic Mahon.

Chun tosaigh, ó chlé, Diarmaid Mac Réamoinn, Peadar Óg Ó Conghaile, Aaron Norman, Cian Ó Maoileoin, Aonghus Ó Direáin, Oscar Ó Tuairisg, Oisín Ó Neachtain (Caiptín), Cuán Canny, Cillian Ó Ceallaigh, Tadhg Ó Neachtain, Mártan Ó Cualáin.   (as láthair bhí Stiofán Ó Neachtain agus Conor Ó Tuathail chomh maith le  duine den fhoireann bainistíochta Seán Mac Réamoinn)

Bhí ócáid an-deas ar bun an Satharn seo caite i Halla Scoil Sailearna, nuair a bronnadh boinn ar trí fhoireann faoi aois: foireann iománaíochta faoi 14, ar éirigh leo Craobh an Chontae a bhuachan i 2023; foireann peile na mbuachaillí, a chroch leo Craobh na Féile Peile faoi 15 agus Foireann Peil na gCailíní ar éirigh leo an craobh faoi 12 a bhuachan.

I láthair mar aíonna speisialta leis an bronnadh a dhéanamh ar na fóirne bhí triúr imreoirí ón gclub a chaith geansaí na Gaillimhe anuraidh: Cillian Ó Curraoin (Peil); Breandán Mhaidhc Ó Conghaile. Ócáid shóisialta phobail a bhí ann le tae agus sólaistí ar fáil do chuile dhuine.

Seo leanas na himreoirí óga a roghnaíodh mar sár-imreoirí:

 

Iománaithe na Bliana 2023: Pádraig Ó Coisdealbha (faoi 11/12B); Cuán Canny (faoi 12A); Ruán Ó Néill (faoi 13); Eoin Ó Gionnáin (faoi 14); Glaisne Mac Réamoinn (faoi 15); Lúc Ó Tuairisg (faoi 16); Patrick Ó Scanláin (faoi 17)

 

Peileadóirí na Bliana 2023 (Buachaillí): Seoirse de Buitléar (faoi 11/12B); Donncha Ó Cualáin (faoi 12A); Oliver Ó Súilleabháin (faoi 13); Eric Norman (faoi 14); Macdara Ó Grádaigh (faoi 15); Conor Ó Cualáin (faoi 16); Daniel Cooke (faoi 17)

 

Peileadóirí na Bliana 2023 (Cailíní): Hannah Nic Aodha (faoi 12); Aoibhe Ní Ghríofa (faoi 14); Ailbhe Ní Ghionnáin (faoi 16).

Foireann na gCailíní faoi 12 de chuid Chumann Micheál Breathnach ar éirigh leo Craobh an Chontae (Peil na gCailíní faoi 12) a bhuachan anuraidh.

Bronnadh na boinn orthu ag ocáid a bhí ag an gcumann ar an Satharn seo caite i Halla Scoil Sailearna.

Ar chúl ó chlé: Sarah Ní Scanláin, Lauren Ní Fheinneadha, Aoibhinn Mahon, Síofra Ní Scanláin (imreoir ar fhoireann mionúir an chontae 2023), Saoirse Ní Choisdealbha, Ella-Mai Ní Chúláin, Róisín Ní Ghríofa.

Chun tosaigh ó chlé : Aebha Ní Fhrighíl, Ríona Ní Fhátharta, Hannah Nic Aodha, Laura Ní Chéidigh, Ciara Ní Chúláin. As láthair ón bpictiúr bhí Síofra Ní Dhioráin, Iseult Ní Ghibne & Sadhbh Ní Ruairc.

Síofra Ní Scanláin a bhronn na boinn ar na imreoirí óga.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €6,000 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 7,11, 19, 20.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

  • Cian Ó Conghaile, An Teach Mór;
  • Martin Kilmartin, Saile Thúna;
  • Philio Ó Coisdealbha, Coill Rua;
  • Kevin Fitzpatrick, Luimneach.

 

Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, Na Doireadha, a fuair duais an díoltóra.

 

6,100 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

  • Sacar (Connacht Shield): Cois Fharraige 0, Galway Hibs 2.
  • Sacar (Reserves): Cois Fharraige 0, St Bernard’s 1.
  • Sacar (faoi 17, RII): Cois Fharraige 4, Moyne Villa B 2.
  • Sacar (faoi 15, RII): MacDara 5, Craughwell Utd 2.
  • Sacar (faoi 15, RIV): MacDara 4, Corrib Celtic B 1.
  • Sacar (faoi 12, RIII): MacDara 2, West Coast Utd 2.

13 Márta 2024