Cartlann Nuachta: 13 Meán Fómhair 2017

Taispeántas Chois Fharraige – Pictiúirí

Henry O’Toole, An Clochán, Curadh Sóisir na gCapaill 2017

Patrick Curran, Maigh Cuilinn, Curadh an tSeó 2017

Dylan agus Adam Killian, Cláir Clainne Mhuiris, Co. Mhuigheo, Curadh Seó na gCaoirigh 2017

Ollbhuaiteoir Trofaí Pastime Chonmara le Máirtín Davy agus Máire Ní Neachtain

Buíochas as na pictiúirí a sholáthar: Aodán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéil.


Club Leabhar Ar Ais Anocht

Tá Club Leabhar Chois Fharraige ar ais tar éis briseadh don samhradh ar an gCéadaoin, 13 Meán Fómhair, ag 9.00 i.n. i dTigh Mholly.

Beidh an leabhar “Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige” á phlé againn agus tá sé ar fáil ó shiopa Chló Iar-Chonnachta, www.litriocht.com agus ó leabharlann an Spidéil.

Rugadh an scéalaí Séamus (Jimmí) Cearra i gClochar na Locha atá os cionn an Lochán Bhig i 1927. Tá dhá chuid sa leabhar seo. Sa chéad chuid tá scéalta is seanchas mar a scríobh sé é agus sa dara chuid tá rogha as tráchtas MA a scríobh an t-eagarthóir faoi stiúir Bhreandán Uí Chonaire i gColáiste Phádraig, Drom Chonrach.


Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige

Tá cinneadh déanta againn gur “Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige” a thabharfar ar an gClub feasta. Chinn muid an t-athrú a dhéanamh tar éis an t-ábhar a phlé, mar tugann an t-ainm nua réimse tionchair níos leithne dúinn, agus níos mó saoirse.

Grúpa Drámaíochta

Buailfidh an grúpa drámaíocht le chéile ar an gCéadaoin 13ú Meán Fomhair (agus chuile Chéadaoin ina dhiaidh sin) thuas staighre Tigh Giblin ag 7p.m. le cleachtadh a dhéanamh ar dhráma na Nollag, a bheidh ar siúl ar an 2 Nollag. Má tá suim ag duine ar bith a bheith páirteach, tar isteach ar an 13ú.


Glanadh Cósta

Ar an Aoine seo, 15 Meán Fómhair, beidh grúpa daoine ag tíocht le chéile ar an Trá Mhór, An Choill Rua, Indreabhán, le dhá uair a chloig a chaitheamh ag glanadh an chladaigh. Iarrtar ar dhaoine atá saor agus a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt leis an nGlanadh Cósta, bailiú le chéile ar an Trá Mhór ag 10.00 maidin Dé hAoine. Cuirfear málaí agus deiseanna eile ar fáil agus baileoidh an Chomhairle Chontae na málaí brúscair, len iad a thabhairt chun bealaigh.


Club Scannán Sailearna

Tá an liosta scannán a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, foilsithe ag Club Scannán Sailearna.

Is ar an Déardaoin, 28 Meán Fómhair, a chuirfear tús leis an séasúr nua. Idir sin agus tús mhí na Nollag beidh scannán ar bun gach oíche Déardaoin san Amharclann i Seanscoil Sailearna.

Mar is gnáth tá liosta spéisiúil scannán roghnaithe ag an gCoiste don séasúr: 10 scannán ar fad ó thíortha éagsúla ag tosaí le THE OLIVE TREE, ar an 28 Meán Fómhair. Taispeánfar SONG OF GRANITE, an scannán faoin bhfonnadóir Seosamh Ó hÉanaí, ar an Déardaoin, 12 Deireadh Fómhair.

Is féidir liosta na scannán, chomh maith le eolas fúthu, a fháil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Nóta ó Thuismitheoirí na Gaeltachta

A Chairde,

Tá muid ag obair ar chlár ama na ranganna drámaíochta, damhsa, damhsa ar an sean nós agus amhránaíocht ar an sean nós faoi láthair.

Tá súil againn an clár ama iomlán bheith réitithe an tseachtain seo chugainn agus scaipfear oraibh an uair sin é. Ár leithscéal faoin mhoill.

Beidh na ranganna uilig a bhí ar bun anuraidh, ar bun arís i mbliana agus tá muid ag glacadh le hainmneacha faoi láthair. Beidh tús á chur leis na ranganna uilig an tseachtain dár thús 18 Meán Fómhair.

Má theastaíonn uaibh clárú do rang ar bith, déan teagmháil leis an oifig ag 091 869571 nó seol teachtaireacht chugainn ag an seoladh seo: <tuismitheoirinagaeltachta@nullgmail.com>


Gael Linn 2017/2018

Rogha scéimeanna, comórtais agus áiseanna fógartha ag Gael Linn 2017/2018!

Agus bliain nua acadúil buailte linn, beidh Gael Linn ag cur scéimeanna, comórtais agus áiseanna ar fáil arís chun tacú leis an obair iontach atá á déanamh ag múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre! Beidh deis ag lucht bunscoile, meánscoile agus lucht tríú leibhéil páirt a ghlacadh sna scéimeanna éagsúla do dhaoine óga idir cheol, díospóireachtaí agus caint phoiblí, seónna scoile agus tallainne, a bhformhór atá urraithe ag Foras na Gaeilge.

Tá iarratais á nglacadh faoi láthair do na comórtais díospóireachta, Comórtas Uí Chadhain, do iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge (spriocdáta 18 Meán Fómhair 2017), agus Cómórtas an Phiarsaigh, do iar-bhunscoileanna nach bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc iontu (spriocdáta 25 Meán Fómhair 2017) agus cuifear tús le babhtaí go luath i mí Dheireadh Fómhair. Is comórtas tallainne é Scléip ina gcuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha agus atá dírithe go sonrach ar na hiar‑bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tugtar deis do dhaltaí ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí a chur ar stáitse in amharclanna ó cheann na tíre, os comhair moltóirí proifisiunta.

Áirítear Siansa Gael Linn anois ar cheann de phríomhchomórtais ceoil/amhránaíochta na tíre do dhéagóirí, agus bíonn an craobhchomórtas ar siúl gach bliain sa Cheoláras Náisiúnta. Bíonn fáilte roimh iontrálacha ó scoileanna, ó eagrais agus clubanna ceoil, nó fiú is féidir le cairde teacht le chéile mar ghrupa.

Beidh sraith de fhéilte Coirm ar siúl in ocht amharclann ar fud na tíre le linn mhíonna Feabhra agus Márta. Beidh fáilte roimh scoileanna seó (fiche nóiméad ar fhaid) i nGaeilge ar ardán a léiríonn na tallanna éagsúl atá ag daltaí na scoile. Níl comórtas i gceist le Coirm, ach tugtar aitheantas i bhfoirm gradaim do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán ag na féilte.

Is scéim tacaíochta í Gaelbhratach (www.gaelbhratach.ie) do scoileanna de gach saghas ar fud na hÉireann. Díríonn Gaelbhratach ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhonn struchtúrtha, pleanáilte agus taitneamhach sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna.

Eagraíonn Gael Linn coláistí samhraidh sa Ghaeltacht i gCorcaigh agus i nDún na nGall gach samhradh, chomh maith le cúrsaí do dhaoine óga i mBaile Átha Cliath.

Do lucht tríú leibhéal, beidh comórtas díospóireachta do mhic léinn a reáchtáil ar an Satharn 4 Samhain, le linn Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times agus duaiseanna airgid ar na buaiteoirí.

Beidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn, atá dírithe ar mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar an dlí, ar siúl i ar an Aoine, 10 Samhain 2017 sna Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath.

Anuas air sin, foilsíonn Gael Linn sraith de théacsleabhair a mbíonn an-tóir orthu ag ranganna a bhíonn ag gabháil don Ardteistiméireacht agus don Teastas Sóisearach. Foilsítear Dréimire agus Staighre i sé chaibidil i rith na scoilbhliana. Foilsítear Splanc, atá dírithe ar an Idirbhliain, i 3 chaibidil, ceann in aghaidh an téarma agus bíonn an t-ábhar i gcónaí suas chun dáta.

Is féidir clárú d’imeachtaí agus tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlín Gael Linn (www.gael-linn.ie) nó ó 01/6751200.


Oíche Cultúir sa tSeanscoil

Ar an Aoine, 22 Meán Fómhair, beidh dhá ócáid saor in aisce ar bun in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna). Ag 6.00pm beidh Fíbín ag léiriú An Triail, an dráma cáiliúil le Mairéad Ní Ghráda.

Tá an leagan seo den dráma bunaithe i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha, ag baint úsáid as puipéid, mascanna, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana a mhealladh. Tá an dráma feiliúnach do pháistí atá 12+ bliain d’aois. Níos mó eolais ón suíomh www.fibin.com


Guth na nÓg

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Mar chuid den Oíche Cultúir sa tSeanscoil ar an Aoine, 22 Meán Fómhaí ag 7.30pm. Beidh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige páirteach ann, chomh maith le páistí bunscoile agus iarbhunscoile. Beidh meascán de cheol, amhránaíocht, damhsa agus drámaíocht ann, le béim ar ghuth óg an cheantair.


BISEACH 2017 á Réiteach

Biseach

Tá Coiste Eagarthóireachta na hirise ag bailiú ábhar faoi láthair d’eagrán na bliana seo don iris BISEACH, a fhoilsítear go bliantúil faoi scath Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seosamh Ó Braonáin atá fostaithe mar eagarthóir arís i mbliana, agus is cinnte go gcuirfidh sé iris shlachtmhar le chéile, in éindí leis an gCoiste Eagarthóireachta.

Tá roinnt ábhair tagaithe isteach cheana ach fáilteoidh roimh ábhar spéisiúil ar bith a bhaineann le ceantar Chois Fharraige, go speisialta seanghrianghrafanna. Is féidir dul i dteagbháil leis an gCoiste Eagarthóireachta ach ríomhphost a sheoladh ag cumannforbartha@nullgmail.com nó téacs a sheoladh ag 086 4048881.


Torthaí Spóirt

  • Peil (faoi 15): An Spidéal 2 – 09, Carna/Caiseal/Ros Muc 1 – 04.
  • Peil (Idirmheánach): An Spidéal 0 – 12, Baile an Chláir 3 – 13.
  • Iomáint (Sóisear A): Micheál Breathnach 1 – 10, Na Sairseálaigh 3 – 05.
  • Iomáint (faoi 12): Micheál Breathnach 2 – 05, Mainistir Cnoc Meá 0 – 02.
  • Iomáint (faoi 15): Micheál Breathnach 1 – 11, St Thomas’s 9 – 23.
  • Iomáint (Sóisear C): An Spidéal 1 – 09, Kilbeacanty 6 – 15.
  • Camógaí (Mionúr): Cois Fharraige 4 – 10, Dún an Uachta 0 – 05

13 Meán Fómhair 2017