Cartlann Nuachta: 13 Samhain 2019
Na Breathnaigh ina Seaimpíní
Ag ceiliúradh an bua a bhí ag foireann iománaíochta Micheál Breathnach i gCluiche Ceannais Chonnacht na gClubanna Sóisear ar an Domhnach seo caite bhí Antaine Ó Conghaile (Iarbhainisteoir na Foirne), Maidhc Antaine Ó Conghaile (Laoch na hImeartha), Cárthach Breathnach (Bainisteoir) agus Breandán Mhaidhc Ó Conghaile a scóráil 1 – 04 le linn an chluiche.
[Pic: Máirín Uí Chonghaile]
Ar an Domhnach seo caite d’éirigh le foireann iomána Chumann Micheál Breathnach Craobh Chonnacht na gClubanna Sóisear a bhuachan réasúnta éasca agus iad ag imirt in aghaidh Naomh Eoin, seaimpíní Shligigh. Taobh amuigh de Bhéal Átha Shamhnais, san ionad atá ag CLG Chonnacht, a imríodh an cluiche, a chríochnaigh leis an scór 1 – 12 in aghaidh 0 – 8 i bhfabhar Na Breathnaigh. Beidh na Breathnaigh ag dul ar aghaidh go cluiche leathcheannais na hÉireann, ach níl fhios fós cé in aghaidh a bheas siad ag imirt nó cén uair a imreofar an cluiche.
Tá sé trí bliana ó shin ó bhuail foireann eile as Sligeach buachaillí Chois Fharraige, tar éis am breise a imirt.
Thosaigh Na Breathnaigh go láidir le cúl a scóráil Breandán Mhaidhc Ó Conghaile agus ocht nóiméad ar an gclog. Ach scóráil Naomh Eoin dhá chúilín i ndiaidh a chéile chun an bhearna a laghdú go cúilín amháin. Ach d’éirigh leis na Breathnaigh an bhearna idir na foirne a mhéadú go cúig chúilín faoi leath ama: 1 – 5 ag Na Breathnaigh agus 0 – 3 ag Naomh Eoin.
Sa dara leath bhí buachaillí Chois Fharraige i bhfad níos fearr. Níor éirigh le Naomh Eoin aon scór a fháil ón imirt sa dara leath. Fuair Gearóid O’Kelly-Lynch cúig chúilín sa dara leath ó shaorphocanna, ach ní mba leor é, mar scóráil na Breathnaigh seacht gcúilín sa dara leath, cúig cinn ón imirt.
Le linn an chluiche scóráil Breandán Mhaidhc Ó Conghaile 1 – 04 ón imirt agus scóráil a chol ceathair Maidhc ceithre chúilín ó shaor phocanna. Mar chúl báire bhí col ceathair eile leo, Kevin Óg Ó Conghaile thar barr idir na postaí. Ba é Maidhc Antaine Ó Conghaile a roghnaíodh mar laoch na himeartha.
Cian Mac Giolla Bhríde, Captaen na fóirne, leis an gcorn a bronnadh ar fhoireann iomána Chumann Micheál Breathnach nuair a bhuail siad Bearna/Na Forbacha i gCluiche Ceannais an Chontae, Sóisear a hAon.
Tá corn eile anois ag na Breathnaigh mar gur bhuail siad seaimpíní Shligigh i gCluiche Ceannais na gClubanna Sóisear i gCúige Chonnacht agus tá áit acu i gCluiche Leathcheannais na hÉireann.
Seo é an fhoireann a chuaigh chun páirce do Chumann Micheál Breathnach: Kevin Óg Ó Conghaile, Macdara Ó Béarra, Jack Mac Giolla Bhríde, Fiach Ó Béarra, Ruadhán Ó Béarra, Maidhc Ó Conghaile (0 – 4), Seán Ó Feinneadha, Rónán Mac Donnacha, Cian Mac Giolla Bhríde (Capt), Dinny Ó hÉallaithe, Oisín Ó Ceallaigh, Seán Denvir (0 – 1), Éinne Ó Conghaile (0 – 1), Rónán Ó Beoláin (0 – 1), Breandán Ó Conghaile (1 – 4). Seo a leanas na fir ionaid a tháinig isteach: Cian Griallais (0 – 1), Adrian Ó Tuathail, Mark Ó Duibhir, Cian Bouli Ó Conghaile agus Ruairí Óg Ó Béarra.
Breandán Mhaidhc Ó Conghaile, ag tabhairt faoin gcúl san ochtú noiméad a chuir Na Breathnaigh chun tosaigh i gCluiche Ceannais Chonnacht na gClubanna Sóisear ar an Domhnach seo caite, ag imirt in aghaidh Naomh Eoin, seaimpíní Sligigh. Scóráil Breandán 1 – 04 le linn an chluiche.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Ceist na Reilige
Le tamall anuas tá ceist na reilige ina chnámh spairne i gCois Fharraige. Tá Reilig an Chnoic geall le bheith lán. Ag an gcruinniú poiblí, an mhí seo caite, leis na comhairleoirí a toghadh do Chonamara Theas sna toghcháin áitiúla, socraíodh go mbeadh na comhairleoirí áitiúla agus Cumann Forbartha Chois Fharraige ag obair le chéile le réiteach a fháil ar an bhfadhb.
Ar an Aoine seo caite bhí cruinniú ag Comhairleoirí Bardasacha Chonamara le triúr de na Teachtaí Dála i nGaillimh Thiar le ceist na reiligí a phlé: Éamon Ó Cuív, Catherine Connolly (sa bpictiúr ar dheis) agus an tAire Stáit, Seán Kyne. Tugadh le fios nach bhfuil ach €59,000 curtha ar fáil i mbuiséad an Chomhairle Chontae le caitheamh ar reiligí i gConamara an chéad bhliain eile agus níl aon mhaoiniú acu le tuilleadh talaimh a réiteach ná a cheannach le haghaidh reiligí. Creideann na Comhairleoirí Contae go dteastaíonn ar a laghad milliúin euro breise anois ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe le caoi cheart a chuir ar reiligí sa gceantar agus go mba cheart go dtiocfadh an t-airgead ón státchiste.
Do réir tuairisc ar Raidió na Gaeltachta bhí beirt de na Teachtaí Dála a bhí ag an gcruinniú – Éamon Ó Cuív T.D. agus Catherine Connolly T.D. – ag moladh go dtógfaí créamatóir sa gceantar le déileál leis an bhfadhb.
Diego Maradona
Diego Maradona, an peileadóir cáiliúil ón Airgintín, a mbeidh scannán faisnéise faoin a thréimhse ag imirt san Iodáil, á thaispeáint an Déardaoin seo, 14 Samhain, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ag tosú ag 8.15pm.
An Déardaoin seo, 14 Samhain, beidh an scannán faisnéise faoin sár-imreoir sacair DIEGO MARADONA á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosú ag 8.15pm. Scrúdaíonn an scannán an tréimhse seacht mbliana a chaith Maradona ag imirt le Napoli, san Iodáil. Aithnítear a chumas mar imreoir, ach ní seachnaítear an bealach a raibh sé cairdiúil leis an Mafia áitiúil, ag plé le drugaí agus ag caitheamh go dona le mná a raibh sé de mhí-ádh orthu tíocht faoina dhraíocht.
Tá níos mó eolais faoin scannán, chomh maith le blaiseadh dhó, le fáil ar an suíomh idirlín www.clubscannan.ie.
Siúlóidí Cois Cladaigh
Céibh an Spidéil
Is cosúil go bhfuil sé socraithe ag Comharchumann Sailearna Teo., i gcomhar le scéimeanna fostaíochta Údarás na Gaeltachta, forbairt a dhéanamh ar shiúlóidí le cladach i gCeantar Chois Fharraige.
Beidh na scéimeanna fostaíochta pobail atá ag Comharchumann Sailearna ag tosú ar an gcéad chéim den obair seo agus cosán le cladach á réiteach ón gCnoc siar go dtí Abhainn Chruimlinne.
Tháinig sé chun solais le gairid ag cruinniú poiblí a d’eagraigh an Cumann Forbartha leis na comhairleoirí contae a toghadh i gConamara Theas go bhfuil an Chomhairle Chontae tar éis a iarraidh ar an gcomhlacht a bhí ag leagan píopaí uisce sa gceantar na bealaigh a réitíodh chois cladaigh a chartadh amach agus an duirling a chuir ar ais mar a bhí sé mar nach raibh cead pleanála ná staidéir éagsúla déanta ó thaobh na forbartha seo.
Camógaí Chois Fharraige
Máire Ní Fhrighil óna Forbacha agus í ar an ionsaí ag imirt le Cumann Camógaíochta Chois Fharraige in aghaidh Bhóthar na Trá, níos túisce i mbliana.
Beidh an dá fhoireann ag castáil ar a chéile ar an Domhnach seo chugainn i mBéal Átha an tSlua, i gCluiche Ceannais an Chontae sa tSraith Sóisearach A.
Beidh foireann camógaíochta Cois Fharraige ag dul chun páirce ar an Domhnach seo chugainn, 17 Samhain, in aghaidh Bhóthar na Trá, i gcluiche ceannais Sraith an Chontae (Sóisear A) i mBéal Átha an tSlua, ag tosú ag 12.30pm. I mbliana tá Cois Fharraige tar éis castáil trí uaire cheana féin le Bóthar na Trá. Bhí an bua ag Bóthar na Trá dhá bhabhta agus ag Cois Fharraige sa gcluiche eile.
Má imríonn an dá fhoireann do réir a gcumais ní mórán a bheas dá scarúint ag deireadh na himeartha.
Torthaí Spóirt
Iomáint (Sóisear): Micheál Breathnach 1 – 12, Naomh Eoin 0 – 08.
Peil (faoi 20): An Spidéal/Árann 1 – 14, Oranmore Maree 3 – 15.
Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 3, Tuam Celtic 3.
Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 2, Knocknacarra 4.
Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 6, Athenry 3.
Sacar (Cailíní faoi 12): Bearna/Na Forbacha 6, Craughwell Utd. 0.