Cartlann Nuachta: 14 Aibreán 2021
Dea-Scéal do Chois Fharraige
Mark de Faoite, Údarás na Gaeltachta, ar chlé, in éindí le Peter Mulrooney, Aran Biomedical, tar éis don chomhlacht a fhógairt go mbeidh 150 post nua á chur ar fáil ag an gcomhlacht feistí leighis ar an Spidéal, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
[Pic: Andrew Downes]
Dé Luain seo caite fógraíodh dea-scéal do Chois Fharraige ó thaobh cúrsaí fostaíochta: tá 150 post breise le cur ar fáil sa Spidéal as seo go ceann cúig bliana ag an gcomhlacht Aran Biomedical, cliant-chomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta.
Sé Aran Biomedical ceann de na príomhimreoirí in earnáil na bhfeistí leighis, ó thaobh forbairt agus déantúsaíocht feistí leighis a théann isteach sa gcolainn. De bharr fás in éileamh ar na feistí leighis tá sé fógartha ag an gcomhlacht go bhfuil sé de rún acu a bhfoireann oibre a mhéadú trí 150 post nua sároilte a chruthú thar trí bliana, le cur leis an 120 post atá fostaithe ag an gcomhlacht faoi láthair.
Is le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta atá Aran Biomedical in ann na postanna breise a chur ar fáil sa Spidéal.
D’fháiltigh Comhlacht Forbartha an Spidéil roimh an bhfógra faoi na postanna nua agus dúirt an Bainisteoir, Aodán Mac Donnacha, go gcuirfeadh na postanna nua borradh faoi eacnamaíocht an cheantair.
Coiste na mBailte Slachtmhara
Obair ar an gCosán sa Spidéal 2020
Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil ag cuartú daoine a bheadh sásta cúnamh a thabhairt leis an sráidbhaile a réiteach le haghaidh Comórtas na mBailte Slachtmhara 2021. Le roinnt blianta anuas tá dul chun cinn maith déanta ag An Spidéal sa gcomórtas.
Cuireann sé go mór leis an sráidbhaile go bhfuil an cosán siúil cois chladaigh críochnaithe. Faoi láthair tá an cosán dúnta de bharr obair cothabhála atá á dhéanamh ar an droichead trasna na habhann a cheanglaíonn An Spidéal le Paróiste an Chnoic.
Duine ar bith atá ag iarraidh cúnamh a thabhairt is féidir leo dul i dteagmháil le Aodán Mac Donnacha ag an uimhir 091 553666 nó 087 7508107.
AGM an Chumann Forbartha
Tá sé socraithe ag Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige go mbeidh an Cruinniú Cinn Bhliana ar bun ar an Luan, 26 Aibreán. Mar gheall ar Covid, níor reáchtáladh an AGM anuraidh. I mbliana is ar Zúm a bheas an cruinniú ar bun do na baill.
Le freastal ar an gCruinniú Cinn Bhliana ní mhór ballraíocht a bheith agat sa gCumann Forbartha. Is féidir ballraíocht a ghlacadh ach foirm iarratais a líonadh. Tá foirmeacha iarratais le fáil ach teachtaireacht a chur chuig an seoladh ríomhphoist cumannforbartha@nullgmail.com. Tá ballraíocht saor in aisce ach a beith sásta glacadh le rialacha an Chumann Forbartha.
Ag an gCruinniú Cinn Bhliana, seachtain ón Luan seo chugainn, tabharfar tuairisc ar obair an Chumann Forbartha le dhá bhliain anuas chomh maith le cuntais airgeadais ar Chaiteachas agus Ioncam. Beidh ar a laghad triúr ball nua le toghadh ar an gCoiste Stiúrtha de naonúr.
Cumann Micheál Breathnach
Tá súil ag Cumann Micheál Breathnach go mbeifear in ann tús a chur le traenáil d’imreoirí faoi aois sa bpeil agus san iománaíocht. Ar ndóigh, le dul ag traenáil ní mhór a bheith cláraithe roimh ré. Tá an clárú don bhliain 2021 oscailte faoi láthair ar líne ag an suíomh https://member.clubforce.
Meabhraítear do thuismitheoirí go bhfuil sé tábhachtach ainmneacha, dátaí breithe agus uimhreacha gutháin díreach ceart a sholáthar.
Tá míle fáilte roimh ghasúir a rugadh i 2015 (sé bliana d’aois i mbliana) agus roimhe sin, ach ní mhór tuismitheoir amháin ar a laghad a bheith cláraithe mar bhall den chumann, le gasúr a chlárú sa gclub.
Na laethanta seo tá os cionn €11,000 sa bpota óir ag Lotó Chumann Micheál Breathnach.
Glór na nGael
Oifigigh ó Chumann Forbartha Chois Fharraige ag glacadh le duais i gComórtas Glór na nGael
Ó chlé: Dr Máire Ní Annracháin (Glór na nGael); Anna Ní Ghallchóir (Cathaoirleach, Údarás na Gaeltachta); Máire Áine Mhic Dhonnacha (Cisteoir an Chumann Forbartha); Mamie Ní Chualáin (Rúnaí an Chumann Forbartha ); Gerry Willie Ó Fátharta (Cathaoirleach an Chumann Forbartha) agus Pól Ó Gallchóir (Cathaoirleach, Foras na Gaeilge).
Ag cruinniú a bhí ag Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo caite, socraíodh gearán oifigiúil a chur ag Glór na nGael faoin mbealach ar reáchtáladh an comórtas i mbliana agus cóip den ghearán a chur ag na príomh-urraitheoirí atá ag an gcomórtas. Tá sé curtha i leith Glór na nGael ag an gCumann Forbartha go ndearnadh leatrom ar choistí atá i mbun forbairt pobail sa nGaeltacht, mar gur baineadh Réimse Gaeltachta as an gcomórtas i lár na bliana.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, Cathaoirleach fochoiste Ghlór na nGael de chuid an Chumann Forbartha, nach mbacfadh an Cumann Forbartha le cur isteach ar an gcomórtas dá mbeadh fhios acu roimh ré nach mbeadh an chuid is mó den obair a dhéanann an cumann curtha san áireamh ag na moltóirí. “Tugadh le fios ag tús na bliana go mbeadh Réimse na Gaeltachta i measc na réimsí ar a dhéanfaí moltóireacht,” a dúirt sé, “ach leathbhealach tríd an mbliain baineadh an réimse sin as an gcomórtas. “Dá mbeadh a fhios againn ag tús na bliana nach mbeadh aon mharcanna ag dul don obair mhór a dhéanann an Cumann Forbartha ar mhaithe leis an nGaeltacht a neartú, ní bheadh airgead curtha amú againn ag clárú le Glór na nGael ná am curtha amú ag réiteach don mholtóireacht.
Tá geallúint faighte ag an gCumann Forbartha go mbeidh Réimse na Gaeltachta curtha ar ais sa gcomórtas i mbliana agus, ar an mbonn sin, tá sé socraithe ag an gCumann Forbartha clárú le Glór na nGael don bhliain 2021.
D’éirigh le Cumann Forbartha Chois Fharraige comórtas Glór na nGael a bhuachan i 2016.
Cosa Farraige i mBun Coisíochta
Cuireadh tús bríomhar le Comórtas Reatha na Gaeltachta 2021 an tseachtain seo caite. Cosa Farraige an t-ainm atá ar fhoireann Chois Fharraige sa gcomórtas, agus tá breis is trí scór páirteach sa bhfoireann.
Bíonn ar gach duine ar an bhfoireann ag dul amach ag rith nó ag siúl faoi dhó sa tseachtain, agus ar a laghad 10km a dhéanamh san iomlán. Leanfaidh an comórtas go tús Bealtaine nuair a fhógrófar an ceantar Gaeltachta is aclaí in Éirinn.
Club Iománaíochta Bearna/Na Forbacha
Caitríona Ní Chonchubhair agus a mac Charlie Ó Frighil, buaiteoirí ceann de na ciseáin Chásca, sa gcrannchur a reáchtáil Club Iománaíochta Bearna/Na Forbacha, do na baill a bhí cláraithe faoin gCáisc. Sé Tadhg Ó Cualáin, Oifigeach Caidreamh Poiblí an chlub iomána atá ag déanamh an bhronnadh.
D’éirigh thar barr le Bingó ar líne, eagraithe ag Club Iomaíochta Bearna/Na Forbacha. Anois agus fad breá tagtha ar an tráthnóna, tá sé beartaithe ag an gClub sos a thógáil: beidh críoch á chur leis an Bingó ar líne ar an Máirt seo chugainn, 20 Aibreán ag 8.00pm, ach rún ag an gClub Iomána an Bingó a eagrú arís, ag tosú ar ais th’éis an tsamhraidh.Is féidir na leabhair bingó a cheannach don seisiún deireanach ar €10 an ceann, roimh an meánlae ar an Máirt seo chugainn, ach an nasc cuí a fháil ón suíomh idirlín www. bearna-na forbacha hurling club/posts.
Ardteist Nua
Tá grúpa tuismitheoirí tagtha le chéile i gConamara le cur in aghaidh an plean atá ag an NCCA iachall a chur ar scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus i nGaelcholáistí, go mbeidh orthu páipéar níos dúshlánaí a thógáil i nGaeilge san Ardteist ná scoláirí a théann ag scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht a mhúineann trí Bhéarla.
Dar leis an ngrúpa tuismitheoirí, a thugann Tuismitheoirí Chonamara orthu féin, beidh impleachtaí ollmhóra ag an bpolasaí seo ar an nGaeltacht, má chuirtear é i bhfeidhm. Ní bheidh an oiread sin gá do scoláirí tíocht chuig an nGaeltacht a thuilleadh agus beidh impleachtaí ansin do na coláistí Gaeilge agus do na teaghlaigh a choinníonn na scoláirí.
“Tá go leor againn ag cuimhneamh ár gcuid gasúir a chur ar scoil Bhéarla chun go mbeidh an deis acu an páipéir T2 Gaeilge a dhéanamh ar bheagán strus agus marcanna arda a bhaint amach dá réir,” a dúirt urlabhraí ón ngrúpa. Tá an chontúirt ann, má thosaíonn scoláirí meánscoile ó Chois Fharraige ag aistriú isteach go scoileanna i nGaillimh le go mbeidh siad in ann scrúdú níos éasca a dhéanamh sa Ghaeilge, d’fhéadfadh sé dochar mór a dhéanamh don Ghaeltacht.
Suíomh Nua ag an gComharchumann
Tá suíomh nua idirlín curtha le chéile ag Comharchumann Sailearna: www.cst.ie.
Breathnaíonn an suíomh proifisiúnta agus éasca le léamh.
Is féidir eolas a fháil faoin gComharchumann agus obair an Chomharchumainn ón suíomh.
Darkness Into Light, An Cheathrú Rua
Chuile bhliain, tús mí Bhealtaine, eagraítear tíocht le chéile ar fud na tíre ar a dtugtar “Darkness Into Light”, le airgead a bhailiú don tseirbhís meabhairshláinte Pieta House. Cé nach féidir daoine a thabhairt le chéile i mbliana de bharr Covid, beidh “Darkness Into Light” á eagrú sa gCeathrú Rua ar an 8 Bealtaine, ag an gcoiste áitiúil.
De bharr Covid is géire ná riamh a theastaíonn airgid ó Pieta House le seirbhís a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil brú orthu de bharr na dianghlasála agus a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte dá bharr.
Le tacaíocht a thabhairt don charthanacht Pieta House, iarrann Coiste Na Ceathrú Rua ar dhaoine éirí le breacadh an lae ar 8 Bealtaine 2021 agus píosa siúil, rith nó snámha a dhéanamh ar son “Darkness Into Light”, ag cloí, ar ndóigh, le na treoirlínte sláinte poiblí maidir leis an gCoróinvíreas.
Tá breis seirbhísí ar líne curtha ar fáil ag Pieta House mar gheall ar Covid. Tá cabhair le fáil ó Pieta House i gcás éigeandála ach glaoch a chur ar an uimhir 1800 247247.
Club na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige i mBun Oibre
Chuir Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige tús le téarma nua ranganna an tseachtain seo. Freastalaíonn Club na bhFoghlaimeoirí ar réimse leathan foghlaimeoirí ó thosaitheoirí go meánleibhéal. Bíonn atmaisféar an Chlub neamh-fhoirmeálta, agus bíonn fáilte roimh bhaill nua i gcónaí.
Seo leanas amchlár na ranganna:
- An Luan: 7.30pm – 9pm Rang Meánleibhéal (TEG B1)
- An Mháirt: 8pm – 9pm Rang Bonnleibhéal (TEG A2)
- An Chéadaoin: 7.30pm – 9pm Tosaitheoirí (TEG A1)
- An Déardaoin: 7.30pm – 9pm Rang Glantosaitheoirí
Beidh rang an Déardaoin dírithe ar ghlantosaitheoirí amháin (daoine nach ndearna staidéar ar an nGaeilge ar scoil). Costas €40 atá ar na ranganna don téarma, ina mbeidh 10 rang.
Is ar an gcóras ZÚM a bheas na ranganna an téarma seo.
Caithfear clárú roimh ré le áit a chur in áirithe, mar tá na huimhreacha teoranta. Tá breis eolais ar fáil faoi na ranganna ach ríomhphost a chur chuig spiddal.gaeilge@nullgmail.com nó glaoch ar an uimhir 085 8786697.