Cartlann Nuachta: 14 Feabhra 2018
Éigse an Spidéil
Cuireadh tús aréir le Éigse an Spidéil 2018 le oscailt taispeantas ealaíne ar a dtugtar ‘Conamara’ i Leabharlann an Spidéil.
Tá clár iomlán imeachtaí beartaithe don deireadh seachtaine.
Is ar an Satharn, 17 Feabhra, a bheas an phríomh-ócáid ar bun nuair a bheas Ceolchoirm ar bun in Óstán na Páirce agus an boscadóir clúiteach Bobby Gardiner (ar dheis) mar aoí speisialta.
Seo thíos na príomhimeachtaí:
Dé hAoine, 16 Feabhra: Ardán na hÉigse, sa gCrúiscín Lán, An Spidéal ag 8.00 i.n. le Áine Durkin mar aoi-fhile agus Floriane Blancke ann mar aoi-cheoltóir. Beidh fáilte roimh fhilí eile tíocht agus a gcuid saothair filíochta i nGaeilge a léamh. Beidh seisiún ceoil ina dhiaidh le Johnny Óg Connolly, Conor Mc Cague agus Pádraig Ó Dubhghaill.
Dé Satharn, 17 Feabhra ag 12.00 meánlae: Tigh Cualáin ar an gCoill Rua, comórtas amhánaíochta i gcuimhne ar Pheatsaí Ó Ceannabháin do dhaoine faoi 18 bliain.
Dé Satharn, 17 Feabhra ag 8.00 i.n.: Ceolchoirm Mhór na hÉigse in Óstán na Páirce leis an mboscadóir clúiteach, Bobby Gardiner in éindí le Jack Talty agus Garry Ó Briain, chomh maith leis na deartháireacha Caoimhín agus Seán Ó Fearghail ón Rinn, Gaeltacht na nDéise agus an fonnadóir Caitlín Pheaits Ní Chualáin agus a clann.
Dé Domhnaigh, 18 Feabhra ag 12.00 meánlae: Siúlóid na hÉigse ag tosaí ag Cill Éinde, á stiúradh ag Conall Ó Murchadha.
Dé Domhnaigh, 18 Feabhra ag 2.00 i.n.: Clabhsúr na hÉigse – seisiún mór ceoil is amhránaíochta sa gCrúiscín Lán. Bronnfar Laoch an Traidisiúin ar phearsa aitheanta, ag an ócáid seo.
Tá clár iomlán na féile le fáil ag www.eigseanspideil.ie
Léacht Spéisiúil sa Spidéal
Seosamh Ó Cuaig (ar chlé) a bheas mar aoí chainteoir an Déardaoin seo (15 Feabhra) ag Cumann Staire agus Seanchais Chois Fharraige, nuair a thabharfaidh sé caint ar an ábhar ‘Ó Gharrantaí Clochacha Chois Fharraige go Machairí Réidh Mhinnesota’.
Roinnt blianta ó shin rinne Seosamh an clár teilifíse ‘Graceville’ in éindí le Bob Quinn faoi na daoine ó Chonamara, cuid acu ó Chois Fharraige, a chuaigh go Minnesota sa mbliain 1880, faoi scéim a bhí eagraithe ag easpag na háite, Bishop Ireland. Bhí conspóid mhór fúthu i Minnesota, a tuairiscíodh sna nuachtáin i Meiriceá ag an am.
I gColáiste Chonnacht a bheas an chaint ar bun anocht agus tosóidh sé ag 8.00pm díreach.
Plean na Gaeltachta
An tseachtain seo caite chas Máire Ní Neachtain agus Donncha Ó hÉallaithe – Cathaoirleach agus Rúnaí an Fhóram Pleanáil Teanga do cheantar Chois Fharraige – le seisear den naonúr comhairleoir chontae do cheantar Chonamara leis an Athrú (b) atá le chur ar Phlean Forbartha an Chontae a phlé i gcomhthéacs Plean Teanga Chois Fharraige.
I láthair ag an gcruinniú bhí Seán Ó Tuairsg agus Noel Thomas ó Fhianna Fáil, Niamh Byrne ó Fhine Gael, Tomás Ó Curraoin ó Shinn Féin Poblachtach agus na comhairleoirí neamhspléacha Tom Welby agus Joe Ó Cualáin.
Iarradh ar na comhairleoirí tacaíocht a thabhairt don leasú a bhí molta ag an bhFóram, sé sin go mba cheart go mbeadh coinníoll teanga le 80% de na haonaid in aon fhorbairt tithíochta le 2 aonad nó níos mó, i gceantar Chois Fharraige agus, chomh maith leis sin, go mbeadh sé curtha san áireamh agus iarratas pleanála á mheas ar theach aonair i gCois Fharraige, an cainteoir líofa é an té a bheadh ag iarraidh teach a thógáil mar áit bhuan cónaithe i gCois Fharraige, mar a bhí leagaithe síos i bPlean Áitiúil na Gaeltachta.
Tháinig 36 aighneacht ar fad isteach faoin Athrú 2(b) atá beartaithe le cur ar Phlean Forbartha an Chontae agus bhain 12 acu le ceist na Gaeilge, gach ceann acu ag léiriú imní faoin lagú a thiocfadh ar an gcosaint don Ghaeilge sa gcóras pleanála dá nglacfaí le Athrú 2(b) mar a sheasann sé.
Seachtain ón Luan seo chugainn, 26 Feabhra, a chuirfear na leasaithe atá molta sna haighneachtaí os comhair cruinniú iomlán den Chomhairle Chontae ach tuigtear go mbeidh siad le plé i dtosach ag cruinniú oifigiúil a bheas ag comhairleoirí Conamara an tseachtain seo chugainn.
Cruinniú faoi Gaillimh 2020
Cuid de na daoine a bhí i láthair ag an gcuinniú eolais faoin scéim ‘Bailte Beaga – Smaointe Móra’ atá á reachtáil ag Gaillimh 2020. Beidh cruinniú eile ar an Máirt seo chugainn sa gCrúiscín Lán ag 8.00 le meitheal a chur le chéile le iarratais a ullmhú ar mhaoiniú.
Thart ar 30 duine a bhí i láthair ag an gcruinniú eolais faoi Gaillimh 2020 san ITT, Indreabhán, ar an Luan seo caite. Cé gur i mBéarla is mó a bhí an cur i láthair ón triúr ó Ghaillimh 2020 a labhair, is i nGaeilge a cuireadh na ceisteanna ón urlár, le aistriúchán curtha ar fáil do lucht Gaillimh 2020 faoi gach a dúradh i nGaeilge.
Míníodh ag an gcruinniú an próiséas a bheas ann le maoiniú a fháil faoin scéim ‘Bailte Beaga – Smaointe Móra’, scéim de chuid Gaillimh 2020 a bheadh an-fheiliúnach do ghúpaí pobail a bheadh ag iarraidh tionscadail cultúrtha a eagrú i mbliana nó an chéad bhliain eile. Míníodh go bhfuil trí théama ag an scéim: Imirce, Teanga agus Taobh Tíre.
Níl aon fhoirmeacha iarratais le líonadh amach le cur isteach ar an scéim maoinithe ach tá treoracha le fáil faoin eolas a theastódh a chur ar fáil. Don chéad bhabhta maoinithe caithfidh na hiarratais a bheith curtha isteach faoin 20 Márta agus beidh scéal curtha amach faoin 20 Bealtaine ar éirigh nó nár éirigh leis an iarratas. Caithfidh na tionscadail a maoineofar i mbliana a bheith curtha i gcrích faoi dheireadh 2019.
Le iarratas a dhéanamh, níl le déanamh ach logáil isteach ar www.Galway2020.ie agus cliceáil ar an nasc chuig Small Towns–Big Ideas, nó iarratas a sheoladh chuig smalltownsbigideas@nullgalway2020.ie.
Socraíodh go mbeadh cruinniú de dhaoine a mbeadh spéis acu meitheal a chur le chéile le iarratas ó Chois Fharraige a ullmhú, sa gCrúiscín Lán, ar an Máirt seo chugainn, 20 Feabhra, ag 8.00pm.
HUMAN FLOW
Scannán faisnéise déanta faoi ghéarchéim na ndídeanaithe a beidh á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, anocht (Déardaoin, 15 Feabhra ag 8.15pm.)
Leanann HUMAN FLOW scéal na ndídeanaithe, atá ag iarraidh éalú ón gcogaíocht, ó ghéarleanúint nó ón mbochtanas, in áiteacha éagsúla ar fud an domhain.
Is féidir níos mó eolais a fháil faoin scannán agus blaiseadh beag a fheiceáil dhó, ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE.
Murdair Mhám Trasna
Radharc as an scannán ‘Murdair Mhám Trasna’ a bheas á thaispeáint don chéad uair i gConamara, ar an Déardaoin seo chugainn, 22 Feabhra ag 8.15pm.
Is ar an Déardaoin seo chugainn, 22 Feabhra, a bheidh an scannán ‘Murdair Mhám Trasna’ á thaispeáint go poiblí don chéad uair i gConamara. Seoladh an scannán ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne agus bhí daoine an-tógtha leis.
Tá an scéal an scannáin bunaithe ar an leabhar a scríobh Seán Ó Cuirreáin, an t-iar-choimisinéir teanga, faoin dúnmharú a tharla i Mám Trasna, Dúiche Sheoighe, sa mbliain 1882.
Baineann croí an scéil leis an mbealach a crochadh go héagórach daoine neamhchiontacha, bunaithe ar fhianaise bréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.
Scaip scéal an uafáis agus na héagóra ar fud na cruinne agus bhí tionchar aige ar thitim rialtas Gladstone sa mbliain 1885.
Beidh an scannán á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, an Déardaoin seo chugainn, 22 Feabhra, ag 8.15pm. Is féidir ticéad a chur in áirithe ach ríomhphost a chur ag an seoladh clubscannan@nullgmail.com nó teacs a chur ag (086)4048881.
Scéim Fostaíochta Pobail Chois Fharraige
Tá folúntais le líonadh ar Scéim Fostaíochta Pobail Chois Fharraige. Obair chothabhála agus ghlantacháin taobh istigh is taobh amuigh a bheadh i gceist. Tá tuilleadh eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an saoiste Tadhg Tim Ó Conghaile ag 087 2592560.
14 Feabhra 2018