Cartlann Nuachta: 14 Feabhra 2024

BÁNÚ ag Léirsiú

Grúpa ó BÁNÚ ag Teach Laighean

Bhí ionadaithe ón eagraíocht BÁNÚ agus ó Chumann Forbartha Chois Fharraige i measc na sluaite a bhí bailithe taobh amuigh de Theach Laighin ar an Máirt seo caite, ar léirsiú a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge.

Bhí an léirsiú ag éileamh aitheantas cuí don Phleanáil Teanga sa mBille nua Pleanála, a bhí á phlé ar an lá ag Coiste an Oireachtais. I measc na gcainteoirí bhí Aoife Ní Chonghaile, Cathaoirleach na heagraíochta BÁNÚ. Dúirt Aoife gur mór an náire an mhoilleadóireacht atá ar bun ag an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, maidir le foilsiú na dtreoirlínte faoi Phleanáil sa nGaeltacht, treoirlínte a bhí geallta breis is dhá bhliain ó shin, ach nach bhfuil dréacht dóibh foilsithe fós.

Dúirt Aoife chomh maith go mba cheart go mbainfí usáid as na cumhachtaí reatha atá ag Roinn na Gaeltachta chun dul i ngleic leis na fadhbanna tithíochta sa nGaeltacht chun tacú leis an gcéad ghlún eile “atá ag iarraidh tithe a thógáil nó a cheannach sa nGaeltacht“.

Aoife Ní Chonghaile ag caint ag Teach Laighean

Tá muide ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a choinneáil beo. Lig dúinn é sin a dhéanamh, dúirt sí. Mheabhraigh sí go raibh Tithe, Pobal, Gaeltacht roghnaithe mar mana ag Bánú agus dúirt sí mura mbeadh tithe ag muintir na Gaeltachta ní bheadh pobal ann agusgan pobal ní bheidh Gaeltacht ann“.

Mar chuid den fheachtas atá ar bun ag Bánú beidh an clár faisnéisé ‘Céad Bliain de Thithíocht’, á theaspáint ar an gCéadaoin seo chugainn, 21 Feabhra, i seomra le Coláiste Lurgan ar chúl an Chomhar Creidmheasa, ag tosú ag 8.00pm. Clár é seo a léiríonn an bealach ar tharla an ghéarchéim tithíochta sa stát agus sa nGaeltacht. Beidh Seosamh Mac Donncha ann mar aoi-chainteoir ar an oíche agus beidh Gordon Bruic, eagarthóir an chláir i láthair chomh maith.

Céilí Bánú 2024

An Céilí faoin lán tseoil, ar an Aoine seo caite sa bPoitín Stil, le linn an Gig ar son BÁNÚ.

Bailíodh thart ar €1,500 ar an oíche, airgead a usáidfear sa bhfeachtas atá tosaithe ag BÁNÚ faoin ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht.

[Pic: Simon Boyle Photography]


Oíche Chabhrach do Vince

An Fhéile Traidphicnic faoi Lánseoil

Ar an Aoine seo chugainn, 16 Feabhra, beidh Oíche Chabhrach ar bun i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua, ar mhaithe le Vince Barker. Tá scoth na gceoltóirí le bheith ag casadh ann.

Beidh Na hIarnáin ann ó Chárna; Laoise Kelly ag tíocht ó Mhaigh Eo agus Tola Custy ag tíocht ón gClár. Neansaí Ní Choistealbha (RnaG) a bheas ina bean a’ tí don oíche cheolmhar.

Ar an gclár chomh maith tá Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag casadh in éindí le Becky Ní Éallaithe; Róisín agus Colm Seoighe agus Na hEasóigí; Steve Sweeney is a chairde agus beidh an banna céile Cogar ag teacht ó Mhaigh Chuilinn.

Ní iontas ar bith an méid sin ceoltóirí den scoth a bheith sásta casadh ag an ócáid: bhí Vince Barker is a bhean chéile Bridge ar chuid den ghrúpa deonach a rinne an fhéile cheoil TRAIDPHICNIC a reáchtáil ar an Spidéal tús mí Iúil gach bliain.


An Comharchumann ag Earcú

Tá roinnt post fógraithe ag Comharchumann Sailearna le gairid.

Tá Bainisteoir Tograí lán-aimseartha á lorg chomh maith le Riarthóir páirt-aimseartha.

Tá Feighlí Ionaid lán-aimseartha á lorg chomh maith le Oibrí Cistine lán-aimseartha.

Tá gach eolas le fáil ach glaoch ar an uimhir 091 399199, nó ríomhphost a chur chuig SAILEARNA@nullGMAIL.COM.


Club Scannán Sailearna

Beidh gearr-shéasúr scannán i Seanscoil Sailearna le tosú ar an Déardaoin, 7 Márta. Ní bheidh ach ceithre scannán á dtaispeáint. Seo a leanas na scannáin atá roghnaithe don ghearr-shéasúr:

  • 7 Márta : Anatomy of a Fall (An Fhrainc).
  • 21 Márta: Our River, Our Sky (An Iaráic).
  • 28 Márta: Past Lives (Stáit Aontaithe).
  • 4 Aibreán: Fallen Leaves (An Fhionlainn).

Roimhe sin ar an Satharn agus ar an Domhnach, 24 agus 25 Feabhra, beidh scannáin de chuir an Dublin International Film Festival (DIFF) á dtaispeáint i Seanscoil Sailearna. Is mar chuid de chamchuairt ar dheich n-ionad scannán ar fud na tíre atá na scannáin á dtaispeáint ag Club Scannán Sailearna. Seo thíos na scannáin atá a bheas le feiscint:

  • Satharn, 24 Feabhra ag 8.00pm: Toni (An Fhrainc).
  • Domhnach, 25 Feabhra ag 12.00 pm: Gearrscannáin na Féile ó thíortha éagsúla.
  • Domhnach, 25 Feabhra ag 2.30 pm: Mami Wata (An Nigéir).

Tá breis eolais ar fáil ón suíomh CLUBSCANNAN.IE agus is féidir ticéid a cheannach ó Ticket Tailor ach an nasc ar an suíomh a úsáid.


Torthaí Gailf

Ar an Satharn seo thug Cumann Gailf Chois Fharraige cuairt ar ghalfchúrsa Bhaile Chonaola.

Seo a leanas na torthaí ar na comórtais: Sa gcéad áit bhí Marc de Faoite ar 48 pointe, le Liam Ó Cualáin ar a shála sa dara áit ar 46 pointe.

I gCatagóir I bhí an bua ag Alo Ó Conghaile le 42 pointe; i gCatagóir II bhí an bua ag Declan O’Toole ar 39 pointe agus i gCatagóir III ag Seán Barra Ó Gríofa a bhí an bua ar 46 pointe.

Is ar Uachtar Ard a bheas a dtriall ag gailfeoirí Chois Fharraige ar an Satharn, 2 Márta.


Camógaíocht Chois Fharraige

Tá Cumann Camógaíochta Chois Fharraige ag réiteach don chéad séasúr eile. Chuige sin beidh dianchúrsa Scileanna Camógaíochta ag tosú ar an Domhnach, 25 Feabhra, ar An Spidéal do chailíní agus mná ó Chois Fharraige (12 bhliain d’aois +). Beidh ocht seisiún ann thar cheithre sheachtain.

Is deis é seo do mhná/cailíní ar mhaith leo filleadh ag imirt camógaí, nó d’imreoirí ar mhaith leo scileanna a fheabhsú, bíodh siad faoi 13, faoi 14, faoi 16, ina mionúir nó sóisear.

Beidh costas €30 ar an gcúrsa. Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó clárú don chúrsa, ach glaoch a chur ar Pháid ag an uimhir 087 3012510, nó ar Mhartina ag an uimhir 087 6372941.

Cuirfear tús go luath le traenáil faoi dhíon d’imreoirí ón gCumann agus beidh fáilte roimh imreoirí nua, ó sé bliana d’aois agus níos sine, clárú leis an gCumann Camógaíochta, an t-aon cheann i nGaeltacht Chonamara. Is féidir clárú ar líne ach dul chuig an suíomh www.foireann.ie.

Is féidir eolas a fháil nó teagbháil a dhéanamh leis an gclub trí ghlaoch ar Mháirtín ag an uimhir 087 4084033, nó ar Chaitríona ag an uimhir 087 7600689. Is féidir chomh maith ríomhphost a sheoladh chuig COISFHARRAIGE21@nullgmail.com. Spórt, Aclaíocht, Cairdeas agus Spraoi an mana atá ag Cumann Camógaíochta Chois Fharraige.


Cumann Micheál Breathnach ag Clárú Baill Nua

Cumann Mícheál BreathnachIs gearr anois go mbeidh CLG Micheál Breathnach ag cur tús le traenáil do na himreoirí faoi aois. Ach le dul ag traenáil ní mhór do imreoir a bheith cláraithe i dtosach. Tá an club ag glacadh le baill nua faoi láthair, idir imreoirí óga agus daoine fásta. Más imreoir faoi aois atá á chlárú chaithfí sonraí thuismitheoir/caomhnóir amháin, ar a laghad, a chlárú chomh maith. Seo a leanas na teagbhálaithe faoi aois atá ag an gcumann don bhliain 2024:

Peil: Paul Ó Neachtain ag peilnanogmb@nullgmail.com.

Iománaíocht: Caroline Uí Chadhain ag iomaintnanog@nullgmail.com.

Cláraitheoir: Bridie Uí Chionnaith ag clarumb1@nullgmail.com.

Is féidir le clogaid iomána do dhaoine óga a cheannach ar phraghas speisialta – €35 – ach dul i dteagbháil le Caroline Uí Chadhain.

Iarrtar go mbeadh baill nua cláraithe roimh 31 Márta i mbliana. Is féidir eolas maidir le praghsanna agus coinníollacha an chumainn a fháil ar an gcuntas Facebook atá ag Cumann Micheál Breathnach.

Clíodhna Standún ag bronnadh seit geansaithe ar Phádraic Ó Chonghaile (Captaen ar fhoireann iomána An Spidéil) le gairid.

Sa phictiúr, ó chlé: Declan Ó Droighneáin (Rúnaí CLG an Spidéal), Máirtín Ó Droighneáin, Pádraic Ó Conghaile, Clíona Standún (Tigh Standún), Éinne Ó hEochaidh agus Conal Ó Gabháin.


Bua eile do Choláiste Chroí Mhuire

Don dara bliain as a chéile tá Coláiste Chroí Mhuire tar éis an comórtas aistriúcháin Eorpaigh ‘Juvenes Translatores’ a bhuachan.

Anuraidh, an chéad bhliain don scoil a bheith páirteach sa gcomórtas, sí Matilde Worsop a chroch léi an duais.

I mbliana sé Fionnán Ó Coistealbha a thug an phríomhdhuais leis. Fuair Róise Ní Churraoin, dalta eile sa scoil, ardmholadh as ardchaighdeán a cuid aistriúcháin.

An mhí seo caite bhí Fionán ar an bhfoireann díospóireachta de chuid na scoile, ar éirigh leo Corn Uí Chadhain a thabhairt leo ó Chomórtas Díospóireachta Gael Linn ar an Tulach Mhór.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €5,600 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 7,18, 20, 26.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

  • Bridie Connolly, Doire Fhearta, An Cheathrú Rua;
  • Ciarán Ó Cadhain, An Cartúr Leathan;
  • Ádhna Ní Choistealbha, Baile na m Broghach;
  • Stuart Bell, Cathair.

 

Eoin Mac Diarmada, An Lochán Beag, a fuair duais an díoltóra.

 

5,700 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

  • Sacar (Corn Joe Ryan): MacDara 3, Moyne Villa 4.
  • Sacar (faoi 13, RII): MacDara 4, Maree/Oranmore B 1.

14 Feabhra 2024