Cartlann Nuachta: 14 Márta 2018
Dráma Joe Steve sa Taibhdhearc
Aisteoirí an Spidéil i mBun Cleachtadh
Ar an Domhnach seo chugainn, 18 Márta, beidh Aisteoirí an Spidéil ag cur an dráma cáiliúil ‘Níor Mhaith Liom do Thrioblóid’, le Joe Steve Uí Neachtain, ar stáitse sa Taidhbhearc i nGaillimh. Léiríodh an dráma i gColáiste Chonnacht le gairid agus líonadh an halla trí oíche i ndiaidh a chéile.
Sé seo dráma na bliana seo ag Aisteoirí an Spidéil, an grúpa drámaíochta inar chuir Joe tús lena shaol amharclannaíochta. Tá sé 15 bliain ó léiríodh cheana é sa Taidhbhearc.
Saothar é seo a thugann léargas dúinn ar chastachtaí an chaidrimh dhaonna sa teaghlach agus taobh amuigh de.
Mar sin féin, ní dráma duairc ná dorcha é, mar tá an greann fite fuaite tríd an gcaint, an greann agus an ghruaim mar chomhpháirtithe ann.
Cuireadh daoine ó dhoras i gColáiste Chonnacht nuair a léiríodh é i mí Feabhra. Is féidir ticéid a chur in áirithe ach glaoch ar an Taibhdhearc: 091-562024.
An Comórtas ‘Coirm’
Na daltaí ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a ghlac páirt sa gcomórtas ‘Coirm’ i Halla na Cathrach, Gaillimh, le gairid.
Ar chúl: Caoimhín Castillo Keating, Otto Mac Con Iomaire, Shannon Ní Dhálaigh, Saidhbh Ní Sheaghdha, Chaela Breathnach, Róisín Ní Nia, Dean Mac Donnacha Ó Mainín, Seán Ó Murchú, Fionn Mac Donnacha, Liam James Moylan.
Sa lár, ó chlé: Cian Mac Donnacha, Brandon Mac Donnacha, Rian Ó Dálaigh, Siobhán Níc Dhonnacha, Méadhbh Ní Chnáimhín.
Chun tosaigh, ó chlé: Omar Casby Lohan, Alex Mac Donnacha, Aoibhinn Ní Sheaghdha, Shane Herbert, Eabhan Breathnach.
Chuir siad an dráma ‘An Fear Draíochta, Oz’ ar stáitse agus bronnadh dhá dhuais orthu.
Féile Scoldrámaíochta Chonnacht
Daltaí na hIdirbhliana, Coláiste Cholmcille, Indreabhán, a fuair ainmniúchán ag Féile Scoldhrámaíochta Chonnacht le gairid don dráma ‘Meastú’ agus a bheas ag glacadh páirt sa bhFéile Náisiúnta Scoldrámaíochta an mhí seo chugainn i Muileann Cearr.
Ó chlé: Saorla Ní Ghabhláin, Niamh Ní Dhúgáin, Zoe Giles, Róisín Ní Dhúgáin, Kasey Ní Mhárta, Clíodhna Ní Dhúgáin, Conall Ó Cáthasaigh, Séamus De Búrca, Pádraig Ó Conaire, Anna Nic Lochlainn, Séamus Ó Gallachóir, Bláithín Ní Chonghaile, Elyssa Nic Dhonnacha, Aoife Ní Mháille.
Chruthaigh daltaí ó scoileanna i gCois Fharraige an-mhaith ag Féile Drámaíochta na Scoileanna do réigiún an Iarthair, a reachtáladh an tseachtain seo caite i Seanscoil Sailearna. D’éirigh le cúig dhráma ó cúig scoil éagsúil i gCois Fharraige dul ar aghaidh ag an bhFéile Náisiúnta i Muileann gCearr, ag deireadh na míosa.
Seo a leanas na drámaí ar fad ó scoileanna i gCois Fharraige a bheas ag dul ar aghaidh ag an bhFéile Náisiúnta:
‘Na Trí Bhéar’ – Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl.
‘Na Cuairteoirí’- Scoil Cholmcille, An Tulach.
‘Craobh an Chondae’ – Scoil Sailearna, Indreabhán.
‘Bród’ – Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.
‘Meastú’ – Coláiste Cholmcille, Indreabhán.
Glór na nGael
Máire Áine Mhic Dhonnacha, Mamie Ní Chualáin agus Gerry Willie Ó Fátharta ó Chumann Forbartha Chois Fharraige ag glacadh le duais Ghlór na nGael ar son Chumann Forbartha Chois Fharraige ag ocáid in Ath Luain, ar an Satharn seo caite.
Sa bpictiúr leo tá, ó chlé: Dr Máire Ní Annracháin (Glór na nGael), Anna Ní Ghallachair (Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta), agus ar dheis ar fad, Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge.
An Scannán ‘Rocky Ros Muc’
Ar an Déardaoin seo, 15 Márta, taispeánfar an scannán faisnéise ROCKY ROS MUC ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15pm.
Tá an scannán faisnéise bunaithe ar an leabhar, a scríobh Rónán Mac an Iomaire, faoin dornálaí ó Ros Muc, Seán Ó Mainnín (sa bpictiúr ar dheis), a throid Mike McCallum le haghaidh Chraobh an Domhain i 1984.
Beidh Rónán Mac an Iomaire i láthair ag an scannán agus beidh seisiún Q&A ina dhiaidh.
‘Glór na nÓg’
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ar an stáitse i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, le linn ‘Glór na nÓg’, ceolchoirm a bhí eagraithe faoi choimirce Cumann Forbartha Chois Fharraige le tacaíocht ó chiste Sheachtain na Gaeilge.
Bhí Seanscoil Sailearna lán go doras ar an Aoine seo caite don cheolchoirm ‘Glór na nÓg’ a chuir Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ar stáitse. Idir fidléirí, boscadóirí, concertíneoirí agus fliúiteadóirí bhí 53 ceoltóir óg páirteach sa gceolchoirm. Ba mhór an t-ardú croí a bhí ann iad ar fad a fheiceáil ar stáitse ag casadh le chéile ag deireadh na hóiche agus sheas an lucht féachana le bualadh bos a thabhairt le ómós dóibh.
Fuair Cumann Forbartha Chois Fharraige tacaíocht bheag airgid leis an gceolchoirm a eagrú ó chiste Sheachtain na Gaeilge, urraithe ag Energia.
Ní raibh aon táille ag an doras, ach eagraíodh raifil ar mhaithe leis an gcarthanacht ‘Circle of Light’, an gáirdín cuimhneacháin i mBóthar na Trá a bhunaigh Martina agus Denis Goggin le feasacht an phobail maidir le deonú orgán a mhúscailt. Bailíodh isteach €725 don charthannacht.
‘Bailiúchán na Scol i gConamara’
Ar an Máirt seo chugainn, 20 Márta, beidh léacht fíorspéisiúil á thabhairt ag Máire Feiritéar in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua faoi ‘Bailiúchán na Scol i gConamara’.
Idir na blianta 1937-1939 bhailigh daltaí scoile ar fud an 26 contae stair áitiúil agus traidisiún ó bhéal do Choimisiún Béaloideasa Éireann. ‘Bailiúchán na Scol’ a thugtar ar an togra.
Tá an léacht eagraithe ag Cumann Béaloidis Chonamara agus tosóidh sé ag 8.00pm ar an Máirt seo chugainn, 20 Márta.
Seisiún na mBan i gCois Fharraige
Cuid de na mná a ghlac páirt san ocáid a bhí i dTigh Chualáin, Indreabhán, le Lá Idirnáisiúnta na mBan, a cheiliúradh ar an 8 Márta.
Idir ceol, amhránaíocht, damhsa agus filíocht bhí an-oíche Tigh Chualáin ar an gCoill Rua ar an Déardaoin seo caite, 8 Márta, nuair a bhailigh roinnt mhaith ban ó Ghaeltacht Chonamara le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Is cinnte gur ócáid bhliantúil a bheas ann as seo amach.
Coláiste Cholmcille
Le seachtain anuas, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, rinne an scríbhneoir Jackie Mac Donnacha ceardlann scríbhneoireachta le daltaí na Idirbhliana i gColáiste Cholmcille.
Ar an Máirt seo caite labhair Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga, leis an 3ú is an 5ú bliain faoi cheist na Gaeilge.
Tá dráma na hIdirbhliana, ‘Meastú’, tar éis ainmiúchán a fháil chuig an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta sa Muileann gCearr, a bheas ar bun ag deireadh na míosa.
Tugadh an gradam don aisteoir (buachaill) ab fhearr ag an bhféile do Dhomhnall Ó Braonáin agus do Bhlaithín Ní Chonghaile don bhanaisteoir ab fhearr sa bhFéile Réigiúnach Scoldrámaíochta, a bhí ar siúl in Amharclann Chois Fharraige an tseachtain seo caite.
Bláithín Ó Conghaile ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, leis an ngradam a bronnadh uirithi don bhanaisteoir ab fhearr sa bhFéile Scoldrámaíochta do Chúige Chonnacht, a reáchtáladh i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, an tseachtain seo caite. Fuair an dráma ‘Meastú’, an dráma a raibh Bláithín páirteach ann, gradam le dul ar aghaidh chuig an bhFéile Náisiúnta Scoldrámaíochta an mhí seo chugainn.
Seoladh Leabhar faoi Raiftearaí
Sa gCrúiscín Lán, ar an Déardaoin seo, 15 Márta, seolfaidh Futa Fata leagan nua den leabhar cáiliúl ‘Amhráin agus Dánta Raiftearaí’, le Dubhghlas de Híde. Foilsíodh an leabhar seo don chéad uair sa mbliain 1933.
Sé Easpag nua na Gaillimhe, Breandán Ó Ceallaigh, a dhéanfaidh an seoladh agus beidh an scoláire aitheanta Nollaig Ó Muraíle ann chomh maith le labhairt faoi shaothar Raiftearaí.
Beidh Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Choirn Uí Riada 2016, ann le cúpla amhrán de chuid Raiftearaí a chasadh.
Ócáid speisialta é seo, a thosóidh ag 8.00 i.n., agus beidh fáilte roimh an pobal ann.
Lá ‘le Pádraig sa Spidéal
Lá ‘le Pádraig sa Spidéal 2017
An Satharn seo déanfar Lá ‘le Pádraig a cheiliúradh sa Spidéal mar is gnáth le paráid, ag tosaí ón gCeardlann ag 11.45. Baintear an-craic as na flótanna a bhíonn réitithe ag eagraíochtaí is ag bailte éagsúla. De ghnáth bíonn neart spraoi is ceoil sa sráidbhaile tar éis an pharáid.
Deirtear linn go mbeidh cluiche an Grand Slam sa rugbaí idir Éire is Sasana á chraoladh beo ar scáileán mór thuas staighre Tigh Giblin.
Club Óige Lurgan Abú
Club Óige Lurgan ar stáitse tar éis dóibh X Factóir Náisiúnta na Gaeltachta a bhuachaint don tarna bhliain as a chéile an deireadh seachtaine seo caite.
Sa bpictiúr ó chlé: Róisín Nic Leoid, Aoife Ní Chongaille, Christina Breathnach ó Mhuintearas; Liadan Canny, Afraic Ní Ghibne, Bróna Ní Cheallacháin, Síofra Ní Mhárta, Fódhla Ní Bhraonáin, Eadaoin Nic Dhonncha, Cainnear Nic Reamoinn, Emma Ní Chonghaile, Orlaith Ní Churraoin, Deirbhle Ní Mhárta, Róisín Ní Chonghaile ó Club Óige Lurgan; Colm Mac Giolla Easpaig, Micheal Ó Dubhain, Barry Ó Coisdealbha ó Óige na Gaeltachta.
Sé Óige na Gaeltachta a eagraíonn an X Factóir do chlubanna óige sa Ghaeltacht gach bliain.
D’éirigh le Club Óige Lurgan an bua a fháil sa gcomórtas náisiúnta X-fachtóir 2018 do chlubanna óige Gaeltachta, a reachtáileadh i Halla na Tulaí ag an deireadh seachtaine. Thaisteal cúigear is fiche ón gclub ó dheas don chomórtas.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Peil f 20: Ml. Breathnach 0 – 13, Spidéal/Oileáin Árann 1 – 14.
Iomáint f 14B: Cois Fharraige 2 – 2, Liam Mellows 0 – 1.
Iomáint f 21: Cois Fharraige 1 – 11, Rahoon/Newcastle 0 – 5.
Sacar (Sóisear): Cois Fharraige 1, Uachtar Ard 0.
14 Márta 2018