Cartlann Nuachta: 14 Meán Fómhair 2022

Na Breathnaigh Tríd

Fiontán Ó Curraoin (2022) v Corafin

Fionntán Ó Curraoin leis an liathróid, fear a d’imir sár-chluiche peile do Chumann Micheál Breathnach, in aghaidh Caltra ar an Domhnach seo caite.

Chríochnaigh an cluiche ar chomhscór, le áit a chinntiú do na Breathnaigh sna babhtaí ceathrú ceannais.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh a phort seinnte ag Cumann Micheál Breathnach sa gCraobh Comórtas Peile Idirmheánach don bhliain seo ar an Domhnach seo caite, ach tháinig foireann na Gaeltachta slán ag an deireadh nuair a scóráileadh cúilín miorúilteach chun an cluiche a chothromú in am breise. Ag imirt in aghaidh Caltra i bPáirc Mhic Chionnaigh, Bleá a’ Rí, a bhí foireann Chois Fharraige. Níor theastaigh ó na Breathnaigh ach gan a bheith buailte chun áit a chur in áirithe sna cluichí ceathrúcheannais agus bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an bua ag na Breathnaigh, a bhí dhá chúilín chun cinn agus 60 nóiméad caite ar an gclog. B’shin an uair a fuair Caltra cúl a d’fhág iad cúilín chun cinn agus an chuma air go mbeadh na Breathnaigh ag imirt a chéad chluiche eile sna babhtaí dícháilithe.

Ag ceapadh go raibh an t-am caite rinne cúl báire Caltra an liathróid a chur thar an taobhlíne. am a mheilt ní thabharfadh Caltra an liathróid ar ais do na Breathnaigh. Sa tríú noiméad de am cúitimh d’éirigh le captaen na mBreathnaigh, Dinny Ó hÉallaithe, a chur thar an trasnán théis dhó pas a fháil ó Dhara Mac Dubhghail, le áit a chinntiú sna cluichí ceathrúcheannais.

Is in aghaidh Oileáin Árann a bheas na Breathnaigh ag imirt an deireadh seachtaine seo i Staid an Phiarsaigh ar an Satharn, 24 Meán Fómhair.


Stuídeo Nua FÍBÍN

FORAM-CHONAMARA fíbín

Darach Ó Tuairisg ón gcomhlacht MEANGADH FÍBÍN ag glacadh le seic ó Karen Mannion, Príomhfheidhmeannach FÓRAM CHONAMARA, a bronnadh ar an gcomhlacht mar thacaíocht faoin gClár LEADER don stiúideo nua teilifíse atá tógtha agus feistithe amach ar an Tulach, Baile na hAbhann.

Tá stiúideo nua teilifíse tógtha agus feistithe amach ag an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse Meangadh Fíbín ar an Tulach, Baile na hAbhann, trasna ón Scoil Náisiúnta agus taobh leis An Pota Caifé.

Is comhlacht léiriúcháin teilifíse é Meangadh Fíbín a bunaíodh mar chuid den chomhlacht drámaíochta agus puipéadóireachta Fíbín Teo. Is é an misean atá aige ná cláir chruthaitheacha don teilifís a fhorbairt, a thaispeáint agus a mhaoiniú don mhargadh baile agus idirnáisiúnta.

Tar éis cead pleanála a fháil le stiúideo teilifíse saintógtha a thógáil ar an Tulach, Baile na hAbhann, chuaigh Meangadh Fíbín i dteagmháil le foireann LEADER FORUM Chonamara maidir le maoiniú a chur ar fáil don togra. D’oibrigh an t-oifigeach tionscadail, Bairbre Bergin, le foireann Meangadh Fíbín a bhailigh díreach faoi €200,000 don tionscadal.

Tá an stiúideo léiriúcháin nua mar chuid lárnach de phleananna Meangadh Fíbín don todhchaí, ag cur ábhar ar fáil do na craoltóirí náisiúnta agus tabharfaidh sé deis don chomhlacht raon níos leithne clár a thairiscint idir aicsean beo ar an láthair agus taifeadadh stiúideo-bhunaithe, a chiallaíonn go mbeidh gnó nua á fháil agus fostaíocht san earnáil teilifíse á mhéadú go háitiúil.

I bpreas ráiteas dúirt Karen Mannion, Príomhfheidhmeannach FORUM Chonamara, go raibh áthas mór ar Fhorum Chonamara tacú le Meangadh Fíbín agus tacaíocht a fháil don tionscadail tríd an bpróiseas maoinithe LEADER. “Cothóidh agus cruthóidh an infheistíocht seo poist tuaithe i dtionscal nideoige; go díreach mar cuspóir an chláir,” a dúirt sí.


Ranganna Gaeilge ag Tosaí

Ciorcal Chomhrá i mbun oibre sa Spidéal (2)

An Ciorcal Comhrá i mBun Oibre

Beidh ranganna oíche sa nGaeilge ag tosaí ar an Luan seo chugainn, 19 Meán Fómhair, le dhá leibhéal ranganna. Beidh Meánleibhéal ar bun ar an Luan agus Meánleibhéal Íseal ar bun ar an Máirt. Beidh na ranganna ar siúl ón 7.30 – 9.00 i.n. Costas €40 atá ar na ranganna don téarma, ina mbeidh deich rang. Tá na ranganna eagraithe ag Club Foghlaimeoirí Chois Fharraige agus beidh siad ar bun i bhfoirgneamh GTEIC, An Spidéal (H91 CH01).

Chomh maith leis na ranganna, bíonn Ciorcal Comhrá ar súil ag Club na bhFoghlaimeoirí ar an gCéadaoin (7.30 – 9.30 i.n.). Is seisiún neamhfhoirmeálta é seo agus fáilte roimh dhaoine bualadh isteach. Tugann an Ciorcal Comhrá deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht cháirdiúil neamhfhoirmeáilte. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh bhaill nua sa gCiorcal Comhrá agus níl ach €2 a seisiún.

I mbliana is i GTEIC An Spidéil a bhíonn an Ciorcal Comhrá agus na ranganna ar bun agus ní in Inis Fáil, mar a fógraíodh i dtosach. Is féidir clárú do na ranganna agus breis eolais a fháil ach ríomhphost a sheoladh ag SpiddalGaeilge@nullgmail.com.


Lóistín do Mhic Léinn i gCois Fharraige?

Tá roinnt tithe i gceantar Chois Fharraige ag cur lóistín ar fáil i mbliana do mhic léinn atá ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe. Tá ganntan mór lóistín sa gcathair an bhliain seo agus fadhbanna ag go leor mic léinn lóistín a aimsiú. Ach tá neart lóistín ar fáil i gCois Fharraige ar phraghas réasúnta sna tithe a bhíonn ag coinneáil scoláirí Gaeilge le linn an tsamhraidh.

Tá mná tí ó Chois Fharraige tar éis bheith i dteagbháil le Ollscoil na Gaillimhe agus le Comhaltas na Mac Léinn sa gcoláiste maidir le Shuttle Bus a chur ar fáil do na mic léinn a mbeadh fonn orthu fanacht ar lóistín i gCois Fharraige.


Club Scannán Sailearna

An Cailín Ciúin

Tar éis briseadh don samhradh beidh na scannáin ag filleadh ar Sheanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 29 Meán Fómhair. Idir sin agus an Nollaig, taispeánfar deich scannán ó thíortha éagsúla sa tSeanscoil, dhá scannán Gaeilge ina measc.

Ar an liosta scannán don séasúr tá An Cailín Ciúin, an scannán Gaeilge atá ag piocadh suas duaiseanna ar fud an domhain agus molta go hard ag na léirmheastóirí. Taispeánfar An Cailín Ciúin ar an Déardaoin, 6 Deireadh Fómhair, le linn FÉILE CHOIS FHARRAIGE.

Tá liosta iomlán na scannán a bheas á dtaispeáint idir seo agus an Nollaig le fáil ar an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, áit a bhfuil eolas faoi mbealach le ballraíocht a chlárú ar líne, nó ticéad a cheannach do scannán.


Club Nua Camógaíochta sna Forbacha

Tá tús á chur le traenáil camógaíochta sna Forbacha, faoi stiúr ag Club Iománaíochta Bearna/Na Forbacha. Ar an Domhnach seo chugainn, 18 Meán Fómhair, beidh an chéad seisiún traenála ar Pháirc na bhForbacha ag 10.30am.

Le tús a chur leis an gcamógaí sa gceantar beidh fáilte roimh chuile aois. Faoi stiúr Chlub Iománaíochta Bearna/Na Forbacha a bheas an traenáil á dhéanamh.

Is féidir níos nó eolais a fháil nó teagbháil a dhéanamh leis an gclub ar Facebook.


Sábhailteacht ar an R336

Bóthar Chois Fharraige R336

Bóthar Chois Fharraige R336

Bhí cruinniú tábhachtach an tseachtain seo caite ag tuismitheoirí na ndaltaí i Scoil Sailearna, Indreabhán, le ceist na sábháilteachta ar an mbóthar a phlé. Dúirt tuismitheoirí ag an gcruinniú go bhfuil sé fíorchontúirteach do na daltaí dul trasna an bhóthair ar maidin. Cé go bhfuil sé molta go mbeadh daltaí ag siúl nó ag rothaíocht ar scoil, bíonn faitíos ar thuismitheoirí mar nach bhfuil aon bhealach sábháilte chun dul trasna an R336, bóthar ar a bhfuil go leor trácht ar maidin.

Ar an Máirt seo caite chas toscaireacht ón scoil leis an Aire Stáit, Hildegarde Naughton, leis an bhfadhb a phlé, féachtaint an bhfuil aon scéim a d’fhéadfaí a úsáid le bealach sábháilte trasna an bhóthair a shocrú. Dúirt Siobhán Ní Ghadhra, Cathaoirleach ar Bhord Bainistíochta na Scoile, gur cruinniú andearfach a bhí ann agus gur thug an tAire Stáit le fios dóibh go bhfuil scéim maoinithe ar a dtugtar ‘Active Travel Funding’ ann, rud a d’fhéadfadh an Comhairle Chontae a úsáid le bealach sábháilte a réiteach le fáil trasna an R336 ag Scoil Sailearna.

Ghlac Cumann Forbartha Chois Fharraige le rún ag an gcuinniú míosúil ar an Luan seo caite, ag tacú leis na tuismitheoirí faoin éileamh atá acu go ndéanfaí bealach trasna sábhailte ag an scoil, le go mbeadh sé sábhailte do na daltaí an R336 a thrasnú.


Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa

Tuismitheoirí na GaeltachtaTosóidh téarma nua de ranganna ceoil, amhránaíochta agus damhsa, eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, ar an Luan, 19 Meán Fómhair.

Bíonn an-éileamh ar na ranganna seo de ghnáth agus d’fhéadfadh liosta feithimh a bheith i gceist.

Cuirtear ranganna ar fáil i réimse leathan uirlisí, idir traidisiúnta agus nua-aimseartha.

Beidh líon teoranta uirlisí ar fáil ar cíos ó bhainc uirlisí Thuismitheoirí na Gaeltachta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clárú tré ríomhphost a chur chuig eolas@nulltuismitheoiri.ie.


Oireachtas na Samhna

Adhna Ní Bhraonáin leis an gCorn (OIreachtas 2018)

Adhna Ní Bhraonáin leis an gCorn (OIreachtas 2018)

Is i gCill Áirne a bheas Oireachtas na Samhna ar bun i mbliana. De bharr Covid níor reáchtáladh Oireachtas na Gaeilge ó 2019. Tá daoine ag tnúth go mór leis an bhféile mhór ghaelach. De ghnáth bíonn go leor daoine ó Chois Fharraige ó chuile aoisghrúpa páirteach sna comórtais éagsúla. Tá an dáta iontrála le cur isteach ar na comórtais ag teannadh linn. An Déardaoin seo, 15 Meán Fómhair, an dáta deireanach a nglacfar le iontrálaithe do na comórtais ardáin. Tá deich gcinn de chomórtais éagsúla ar an gclár do dhaoine óga faoi 18 bliain d’aois: trí chinn nua ina measc don veidhlín, don fheadóg stáin agus do cheol beirte.

Is féidir na foirmeacha iontrála a fháil ar líne ach dul ag an suíomh www.antoireachtas.ie.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Peil (Sinsir): An Spidéal 1 – 08, Corofin 1 – 13.

Peil (Idirmheánach): Ml. Breathnach 0 – 14, Caltra 2 – 08.

Peil (Sóisear A): Ml. Breathnach 5 – 15, Na Piarsaigh 1 – 06.

Peil (Sóisear B): An Spidéal 2 – 09, Loughrea 3 – 10.

Iomáint (Mionúir): Bearna –Na Forbacha/Rahoon 4 – 11, Liam Mellows 1 – 11,

Iomáint (f 14 C): Cois Fharraige 2 – 03, Ballindereen 5– 10.

Iomáint (f 14 B1): Ml. Breathnach 2 – 09, Kilnadeema/Leitrim 2 – 09.

Iomáint (f 12): Ml. Breathnach 4 – 02, Salthill/Knocknacarra 4 – 01.

Sacar (Roinn 1): Cois Fharraige 1, Mac Dara 1.

Sacar (faoi 17): Mac Dara 4, Kilshanvey Utd. 0.

Sacar (faoi 17): Bearna/Na Forbacha 4, Merlin Woods 3.

Sacar (Cailíní faoi 17): Bearna/Na Forbacha 3, Athenry 0.

Sacar (faoi 15): Mac Dara 5, Athenry 2

Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha 3, Tuam Celtic 2.

Sacar (Cailíní faoi 15): Bearna/Na Forbacha 4, Knocknacarra 1.

Sacar (Cailíní faoi 13): Bearna/Na Forbacha 2, East Galway Utd. 3.

Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha 2, Athenry 4.