Cartlann Nuachta: 14 Meitheamh 2017
Cuimhneachán an ‘Mine’
Leacht Cuimhneacháin an Mine agus obair athchóirithe déanta air le gairid.
Is féidir an bróisiúr faoin gComóradh 100 Bliain a léamh/íoslódáil mar PDF ach cliceáil ar an bpictiúr thuas, nó ar an nasc seo (íoslódáil – clic ar dheis) – Cuimhneachán an ‘Mine’ 1917 – 2017.
Sé Cóil Pheatsaí Ó Féinneadha a rinne an chrois agus sé Pádraig Joe Shéamais a rinne an obair cloiche timpeall uirthi. Beirt iad atá gaolta le daoine a maraíodh sa tubaist a tharla céad bliain ó shin. Is amach ar aghaidh an leacht cuimhneacháin a bheas an tAifreann Cuimhneacháin á cheiliúradh trathnóna inniu ag 7.00pm.
(English Version below)
Tá gach rud faoi réir le haghaidh ‘Cuimhneachán an Mine’ an deireadh seachtaine seo. Tá an coiste, a tháinig le chéile faoi scáth Cumann Forbartha Chois Fharraige, tar éis mórchuid oibre a dhéanamh chun an suíomh ar an gcladach a réiteach le go mbeidh sé éasca ag daoine dul síos ann.
Is ag an suíomh, láimh leis an leacht cuimhneacháin, a bheas Aifreann á cheiliúradh ar an Déardaoin seo ag 7.00pm. Beirt shagart ó Chois Fharraige a bheas i mbun an t-aifreann a cheiliúradh: An tAth Stiofán Mac Donnacha, ón Teach Mór, agus an tAthair Máirtín Ó Conaire, ó Chor na Rón.
Agus é seo á scríobh, tá an chuma ar an scéal go mbeidh an aimsir go breá ar an Déardaoin. Ach sa gcás go mbeidh an aimsir go dona, beidh an tAifreann á cheiliúradh i Séipéal an Chnoic agus fógrófar é sin ar Nuacht RnaG ag 1.00pm agus ag 6.00pm an lá sin.
Is iad Cór Ainnín, faoi stiúr Chaitríona Uí Bhéarra, a bheas ag cur ceoil ar fáil le linn an Aifrinn. Tá bileog Aifrinn réitithe go speisialta ag Anne Marie Ní Odhrán ón gCór. Tá naoi lampa, déanta go speisialta don ócáid , le lasadh is le leagan ag an leacht cuimhneacháin, le ainm chuile dhuine den naonúr scríofa ar an lampa. Tá córas fuaime socraithe ar an gcladach don ócáid.
Beidh mórshiúl ag fágáil an Poitín Stil ag 6.30pm agus ag leanacht píobaire, atá ag tíocht ó Acaill go speisialta don ócáid. Tar éis an Aifrinn beidh tae, caife agus sólaistí ar fáil do na daoine a bhí i láthair sa bPoitín Stil.
Cois Fharraige Mine Commemoration
This weekend 100 years ago, the townland of ‘Loughanebeg’ was making the headlines internationally because of the mine explosion which killed 9 people on the northern shore of Galway Bay. The terrible tragedy will be remembered this weekend with a series of events, in Cois Fharraige, beginning this Thursday the 15th June with Mass being celebrated at the site of the explosion, 100 years to the day of the explosion.
A committee, working under the auspices of Cumann Forbartha Chois Fharraige, is organizing the weekend of commemoration. The site of the tragedy has been made more accessible and the memorial stone has been cleaned, reset and a new cross erected, with help from the local Credit Union, Comhar Creidmheasa Cholmcille, as well as Údarás na Gaeltachta and Roinn na Gaeltachta.
The programme of events for the weekend is as follows:
Thursday 15th June: 6.00 – 6.30 pm – Assembling at An Poitín Stil car park for procession down to site of the explosion on An Trá Shalach, leaving at 6.30pm. Memorial Mass at memorial monument at 7.00pm. Tea and Sandwiches at An Poitín Still after the Mass.
Friday 16th June: ‘PLÉASC’ – outdoor drama by FÍBÍN on the Trá Mhór, Coill Rua, Indreabhán. (First turn on left after Tigh Chualáin pub.) Park and Ride facility will be provided from car park of Knock Church, approximately one kilometre further to the west. Tickets for show should be booked by contacting Fíbín at (091) 505855 or by sending an email to pleasc2017@nullgmail.com. Music Session afterwards in Tigh Chualáin,Coill Rua after the Mass.
Saturday 17th June: Launch of book ‘Mine’ an Locháin Bhig ag 2.30pm in the Poitín Stil.
Memorial concert, Ceolchoirm an Chuimhneacháin, in Seanscoil Shailearna, Indreabhán at 8.30pm
Sunday 18 June: Ceremony in Galway City Cemetery, Bohermore, where a memorial stone to the nine victims of the mine will be unveiled at 12.00 noon.
Further information about the commemoration is available by emailing cumannforbartha@nullgmail.com.
(Leagan Gaeilge thuas)
PLÉASC
Mar chuid de Chuimhneachán an ‘Mine’ 1917 – 2017, beidh ócáid an-speisialta ar bun amárach (Aoine, 16 Meitheamh) ar an Trá Mhór, Coill Rua. Léireoidh an comhlacht Fíbín an dráma PLÉASC, atá scríofa ag Eoin Mac Diarmada.
Seo a leanas ainmneacha na n-aisteoirí a bheas páirteach sa dráma: Fiach O Coistelbha, Seán Ó Coistealbha, Seán Ó Drisceoil, Michael McDonagh, Seán Ó Raighne, Seamus O Scanláin, Tomás Mac Diarmada, Petey Treacy, Kevin Ó Ceallaigh, Conall Ó Céidigh, Teresa Clifford, Keely Nic Dhonnacha, Tara Ní Mháille, Aoife Ní Choisdealbha, Aoife Ní Chonchubhair, Mairéad Ní Chualáin, Fionn Ó Ceallaigh, Niamh Ni Cheallaigh, Cormac de Bhailís agus Stiofán Seoighe.
Tá an dráma saor in aisce, ach is ar bhonn ticéid a bheith curtha in áirithe a scaoilfear daoine isteach leis an dráma a fheiceáil, mar tá teorainn leis an méid daoine ar féidir a cheadú ó thaobh sábháilteachta agus rialacha árachais. Tá gar do 500 ticéad curtha in áirithe cheana ag daoine le bheith ann.
Ní scaoilfear aon charr síos ag an Trá Mhór an tráthnóna sin. Iarrtar ar dhaoine carranna a pháirceáil ag Séipéal an Chnoic agus úsáid a bhaint as córas taistil, saor in aisce, a bheas ar fáil ó Shéipéal an Chnoic go dtí an Trá Mhór agus ar ais tar éis an dráma.
Is féidir ticéad a chur in áirithe trí ríomhphost a chur ag an seoladh speisialta pleasc2017@nullgmail.com nó glaoch a chur ar oifig Fíbín ag (091) 505855.
Leabhar faoin ‘Mine’
Tá an leabhar ‘An Mine: Sléacht agus Ár i gCois Fharraige’ le seoladh ag Cló Iar-Chonnacht ar an Satharn seo chugainn, 17 Meitheamh, sa bPoitín Stil, ag 2.30pm. Sí Máirín Mhic Risteaird, gariníon le Edward Phaidí Mac Diarmada, a sheolfas an leabhar atá curtha in eagar ag Lochlainn Ó Tuairisg. Tabharfaidh Seán Ó Tuairisg píosa cainte faoin tragóid agus beidh deis ag daoine scéalta agus tuairimí a nochtadh sa bplé a leanfas caint Sheáin.
Beidh cóipeanna den leabhar ar díol ag an ócáid ar an Satharn sa bPoitín Stil. Tá go leor grianghrafanna sa leabhar de ghaolta na ndaoine a maraíodh agus eolas faoina muintir. Cheana féin tá 140 cóip den leabhar curtha in áirithe do dhaoine a thug síntiús do Choiste Chuimhneachán an Mine.
Beidh cóipeanna den leabhar ar fáil le ceannacht ón Spailpín Fánach sa Spidéal agus ó Chló Iar-Chonnacht, trasna ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán chomh maith le roinnt siopaí eile thart.
Ceolchoirm an Chuimhneacháin
Johnny Óg Connolly agus a athair Johnny Phádraig Pheter, beirt de na ceoltóirí a bheas ag seinm ag Ceolchoirm Mhor an Chuimhneacháin i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ar an Satharn seo chugainn, 17 Meitheamh, ag tosaí ag 8.30pm.
Tráthnóna Sathairn, mar chuid den Chuimhneachán, beidh ceolchoirm mhór ar bun i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.30pm. Beidh téama an ‘Mine’ lárnach sa gceolchoirm, agus beidh na daoine a maraíodh agus a muintir á dtabhairt chun cuimhne. Tá an ceolchoirm curtha le chéile ag Josie Chóilí Óg Ó Chualáin agus i measc na gceoltóirí is na bhfonnadóirí beidh Maití Jó Shéamuis, Toner Quinn, Johnny Óg Connolly agus a athair, Johnny Phádraig Pheter, Glór na dTonn, Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, Caitlín Ní Chualáin, Máire Pheter Uí Dhroighneáin agus Fearghas Mac Lochlainn.
Chomh maith leis sin, beidh Club Óige Lurgan ag cur ar stáitse an dráma gearr faoin ‘Mine’, a bhain an chéad áit amach in XFactor na Gaeltachta, níos túisce i mbliana.
Moltar do dhaoine a bheith ann in am. Níl aon chead isteach á ghearradh, ach is féidir le daoine síntiús a thabhairt, má thograíonn siad, le cabhrú leis an deireadh seachtaine.
Leacht Cuimhneacháin ar an mBóthar Mór
Breandán Ó Tuairisg i Reilig an Bhóthair Mhóir, Gaillimh, gar don áit ina gceaptar gur cuireadh an chónra.
Le clabhsúr a chur le Cuimhneachán an ‘Mine’, nochtófar leacht nua cloiche taobh istigh de gheata na reilige ar an mBóthar Mór, i gCathair na Gaillimhe. Tá an leacht réitithe ag Paul Ó Neachtain ó Chorr na Rón agus cead tugtha ag Bárdas na Gaillimhe é a chrocadh in áit sa reilig a bheas feiceálach.
Beidh bus ag taisteal isteach ag an reilig ar an Domhnach seo chugainn, ag fágáil Séipéal an Chnoic ag 10.45am, le gaolta na ndaoine a maraíodh a thabhairt isteach. Is ag meánlae a bheas an leacht cloiche á nochtadh.
Cuireadh taisí na gcorp, a bailíodh tar éis na pléisce céad bliain ó shin, in aon chónra amháin. Tar éis na tubaiste ní fhéadfaí ach beirt a aithint: Tadhg Mharcais Ó Céidigh agus Pat Ó Laoi. Is le gairid a fritheadh amach gur cuireadh an chónra leis na taisí a bailíodh, in uaigh gan ainm i Reilig an Bhóthair Mhóir.
Comharthaí Nua
Ceann de na comharthaí nua atá feistithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Lochán Beag.
Ta sé i gceist comharthaí a fheistiú ag ceann gach bóithrín idir Abhann Cruimlinne agus Droichead an Spidéil, de réir a chéile.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Iomáint (f12): Ml. Breathnach 0 – 03, Na Ceithre Bóithre 0 – 03.
Iomáint (f12): Bearna/Na Forbacha 2 – 07, Caisleán Gearr 6 – 07.
Iomáint (f13): Cois Fharraige 5 – 05, Ceapach a’ tSeagail 2 – 04.
Peil (Roinn 5): Ml. Breathnach 1 – 05, An Cheathrú Rua 0 – 10.
Peil (faoi 13): Ml. Breathnach 1 – 06, St Micheal’s 6 – 03.
14 Meitheamh 2017