Cartlann Nuachta: 14 Meitheamh 2023

Lá an Phatrúin

Comaoineach II Lá Cholmcille 2023

An tAthair Hughie Loftus ag dáileadh Comaoineach le linn an Aifrinn a dúradh ag Reilig Maoiris ar an mBánrach le Lá Colmcille a cheiliúradh, Dé hAoine seo caite, 9 Meithimh.

Bhí an tráthnóna go hálainn ar an Aoine seo caite, 9 Meitheamh, nuair a bhailigh cúpla céad duine ag Reilig Mhaireois le freastal ar Aifreann ar an trá le Lá Colmcille a cheiliúradh.

Is ar an 9 Meithimh a fuair Colmcille bás ar Oileán Í na hAlban sa mbliain 597. An tAthair Hughie Loftus a dúirt an tAifreann ar an altóir cloiche atá socraithe le fada an lá ar an láthair. Ghlac sé buíochas leis an gcoiste eagraithe áitiúil a réitigh an áit don ócáid.

I gcaitheamh an lae bhí daoine as áiteacha i gcian is i gcóngar ag tarraingt ar an mBánrach, le cuairt a thabhairt ar Thobar Cholmcille, ag coinneáil an seantraidisiún beo i gcónaí. Ag scríobh san iris BISEACH 2021 seo mar a chuir Máirín Mhic Lochlainn síos ar an traidisiún a bhain le Lá an Phatrúin ar an mBánrach: “Thugadh muid turas ar an Tobar Beag i dtosach, atá thuas ar bharr an chladaigh, ag rá seacht Ár nAthair, seacht Sé Do Bheatha, agus seacht nGlóir; as sin síos go dtí An Tobar Mór ag íochtar an chladaigh, go ndéanadh muid an cleas céanna aríst. As sin thugadh muid ár n-aghaidh ar an reilig, agus ar sheanleac ag ceann thoir thuaidh na reilige, go ndeireadh muid an méid céanna páidreacha ag dul timpeall air, agus ag críochnú leis an nGlóir.”


Tuirbín Gaoithe Diúltaithe

Tuirbíní Gaoithe - An Cnoc

Tuirbíní gaoithe ar an mBóthar Buí

Tá cinneadh déanta ag an mBord Pleanála cead a dhiúltú do Natural Forces le tuirbín gaoithe conspóideach a thógáil ar shuíomh ar an mBóthar Buí.

Rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe cead a dhiúltú don tuirbín gaoithe ach rinne Natural Forces Renewables Ltd. achomharc a chur ag an mBord Pleanála ag iarraidh go gcuirfí cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar cheal. Tuirbín gaoithe a bheadh 125m ar airde a bhí beartaithe le thógáil ar an mBóthar Buí ag Natural Forces taobh le Abhainn an Chnoic.

Rinne Cumann Forbartha aighneacht a chur chuig An Bord Pleanála inar déanadh na pointí seo: (i) go bhfuil an tuirbín ró-ghar do na tithe cónaithe i Leithrinn, i mBaile na mBroghach agus i Seana Dhraighean; (ii) nár cheart go mbeadh Natural Forces ag éileamh gur tionscadail pobail atá ann gan fianaise a thaispeáint go bhfuil tacaíocht ón bpobal ag an togra agus (iii) go bhfuil an suíomh ró-ghar do Abhainn an Chnoic agus do SAC.

Thug an Bord Pleanála ceithre chúis leis an achomharc a diúltú. Baineann trí cinn acu leis an timpeallacht. Luaigh siad an ‘design, scale and visual prominence of the proposed wind turbine on the elevated position within its landscape setting relative to the existing smaller scale nearby turbines’ agus an dochar a dhéanfadh sé dá bharr sin. Ba léir go raibh tábhacht chomh maith leis an leasú a cuireadh ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022 – 28 anuraidh inar leagadh síos nach mbeadh tuirbín gaoithe ‘normally permissible‘ taobh istigh de 6km ón gcósta i gCois Fharraige idir An Spidéal agus Na Mine, mar gur luadh é go sonrach ar cheann de na cúiseanna leis an achomharc a dhiúltú.


Cruinniú Dearfach sa Spidéal

Pádraig Mac Diarmada

Pádraig Mac Diarmada, Bainisteoir Ginearálta ar Chomhlacht Forbartha An Spidéil

Bhí os cionn trí scór duine i láthair ag an gcruinniú poiblí a d’eagraigh Comhlacht Forbartha An Spidéil (CFS) i Scoil Éinne ar an Máirt seo caite.

Chuir Coiste Stiúrtha CFS eolas ar fáil don phobal faoin athstruchturú atá déanta ar an gComhlacht Forbartha: tá Bainisteoir Ginearálta nua ag an gcomhlacht, Pádraic Mac Diarmada, fochoistí oibre bunaithe mar chuid den athstruchturú ag plé leis an bPáirc Spraoi, Bailte Slachtmhara, Turasóireacht, Margaíocht, An Cultúr is Na hEalaíona agus Fiontraíocht, Bonneagar agus Infrastruchtúr.

Ceathrar atá mar stiúrthóirí ar an gComhlacht Fobartha: Steve Sweeny an Cathaoirleach, Crístín Cox an Rúnaí, Cathal Grunnell an Cisteoir, Maidhc Ó Feinneadha mar bhall coiste. Ag an gcuinniú labhair Macdara Hosty faoin athstruchtúrú agus an córas nua coistí,

Labhair Pádraig Mac Diarmada faoi na coistí atá bunaithe agus le bunú fós. Tá ceithre choiste i mbun oibre cheana féin: Bailtí Slachtmara le Breda Hughes ina chathaoirleach air, Frank  Reilly ina chathaoirleach ar Choiste an Pháirc Spraoi, Kevin Mac Gabhann ar an gCoiste Turasóireachta agus Marc de Faoite ar an gCoiste Fionntraíochta.

Cuireadh an-bhéim ar oscailteacht agus ar fhreagracht agus obair i bpáirt leis an Údarás. Iarradh ar dhaoine smaointe gonta a chur ar nótaí faoi chinnteidil eágsúla agus cuirfidh Macdara na smaointí i dtoll a chéile.

Ag labhairt dhó ar RnaG dúirt Steve Sweeney, Cathaoirleach ar Chomhlacht Forbartha An Spidéil, gur léirigh an méid daoine a bhí ag an gcruinniú go bhfuil suim ag daoine in obair an chomhlachta agus go bhfuil fuinneamh nua i measc muintir an Spidéil, le cáil an tsráidbhaile a ardú arís. Luaigh sé go sonrach an cháil a bhí ar An Spidéal faoin gceol.

Dúirt Pádraig Mac Diarmada, an Bainisteoir Ginearálta ar an gcomhlacht, go raibh sé i gceist aige ‘branda An Spidéil a chur ar ais aríst i mbarr réime’. Dúirt sé go raibh i gceist an banc buidéal atá lonnaithe faoi láthair ar an mBealach Siúil ag an tSeanchéibh a bhogadh go áit níos feiliúnaí agus scáileán bus a fháil feistithe ar an sráidbhaile le freastal ar dhaoine a úsáideann an bus. Dúirt sé freisin go bhfuil go leor foirgintí folamha sa gceantar agus go mbeidís ag breathnú isteach sa scéal, féachaint an bhféadfaí aon cheo a dhéanamh leo.


Campaí Samhraidh

Baill de Chlub Óige Lurgan atá ag freastal faoi láthair ar an gCampa Samhraidh atá eagraithe ag an gClub Óige i gcomhar le Coláiste Lurgan.

Ar chúl, ó chlé: Ailbhe Ní Neachtain (Comheagraí), Manus Ó Dochartaigh, Aoibhe Ní Ghríofa, Laura Ní Chúláin, Dearbhail Nic Dhonncha, Shayna Ní Mháille, Mailí de Cléir, Mar Ní Néill, Cian de Búrca, Bróna Ní Cheallacháin (Comheagraí).

Chun tosaigh, ó chlé: Conor Ó Tuathail, Caitríona Ní Raifeartaigh, Evan Cox, Orlaith Ní Thuairisc, Caoimhe Ní Ghlionn, Aoibhe Ní Chúláin, Séadna Ní Thuairisg, Donnacha Ó Tuairisc, Michael Mac Niocaill, Learaí Ó Grádaigh.

Tá an samhradh buailte linn agus is gearr eile go mbeidh laethanta saoire ag páistí scoile. Tá sé fógraithe ag Cumann Micheál Breathnach go mbeidh dhá champa á eagrú:

Campa Peile: 3 Iúil go 7 Iúil;

Campa Iománaíochta: 10 Iúil go 14 Iúil;

Tá na campaí oscailte do pháistí ó 6 bhliain d’aois. Tá an clárúchán ar líne oscailte anois. Tá teora leis an méid páistí ar féidir glacadh.


Lá Glantacháin ar na Cladaí

Brúscar ar an gCladach

Brúscar ar an gCladach

D’éirigh go maith leis an ‘Glanadh Suas’ a eagraíodh ar na cladaí i gCois Fharraige ar an Satharn seo caite. Thart ar 30 duine a bhí páirteach. Ní raibh an oiread sin brúscair le piocadh suas an babhta seo. Fochoiste Timpeallachta de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige a d’eagraigh an Lá Glantacháin.

Le glantachán leanúnach a dhéanamh tá iarrta ar dhaoine an cúram a ghlacadh orthu féin stráice den chladach a choinneáil saor ó bhrúscar agus ábhar a bhailiú uair sa mí. Tá grúpa Whats App curtha ar bun le eolas a roinnt ar na daoine atá sásta a bheith páirteach sa glantachán leanúnach. Tá cuid mhór den chladach idir Abhainn Chruimlinne agus Sáilín clúdaithe ag an ngrúpa, ach tá roinnt bearnaí fós ann. Más mian le aon duine eile a bheith páirteach sa ngrúpa níl le déanamh ach téacs a sheoladh chuig Sinéad Ní Neachtain, an chomhordaitheoir, ag an uimhir 087 6738834.

Glacadh le rún ag cruinniú a bhí ag Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan, ag gabháil buíochais le Sinéad Ní Neachtain faoin obair a rinne sí in éindí leis an bhFochoiste Timpeallachta chun glantúchán leanúnach an chladaigh a eagrú.


Post san ITT

Tá an ITT/An Crann Taca in Indreabhán, Co. na Gaillimhe ag lorg iarratas faoi láthair do phost lánaimseartha mar oibrí cistine idir 7.00 agus 4.00 Luan go hAoine ar scála idir €14-€15.50 san uair. Tá taithí ar chócaireacht do ghrúpaí chomh maith le Gaeilge líofa riachtanach don phost. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó 091-593132  agus nó ríomhphost a sheoladh chuig eolas@nullittancranntaca.ie.


Turas Cultúir agus Oidhreachta

Tá Turas Cultúir agus Oidhreachta á eagrú arís i mbliana ag an bhFóram Pleanála Teanga do Chois Fharraige.

Is ar an gCéadaoin, 21 Meitheamh, a bheas an turas ann i mbliana agus beidh an mionbhus ag fágáil Casla ag 9.00am.

Tabharfaidh an turas cuairt ar Theach Scríbe, chomh maith le Tobar Naomh Anna agus An Garraí Glas in Indreabhán. Beidh lón ar an mbealach chomh maith. Ní chosnaíonn an turas ach €10, lón san áireamh.

Le áit a chur in áirithe níl le déanamh ach ríomhphost a chur chuig optchoisfharraige@nullgmail.com nó glaoch ar 083 0106294.


Na Toghcháin Áitiúla

Thart ar an am seo a bheas na Toghcháin Áitiúla an bhliain seo chugainn. Ag cruinniú a bhí sa gCrúiscín Lán ar an Spidéal an Luan seo caite roghnaíodh triúr iarrthóir le seasamh faoi bhratach Fhianna Fáil i gConamara Theas do Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Chomh maith leis an bheirt chomhairleoir, a togadh don chéad uair in 2019 – Daithí Ó Cualáin ó Chorr na Rón agus Noel Thomas ó Mhaigh Cuilinn – roghnaíodh chomh maith Daragh Ó Tuairisc ó Bhearna le seasamh do Fhianna Fáil i gConamara Theas.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €6,100 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 2, 21, 29, 32.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

  • Eibhlín Úna Nic Dhonnachadha, Sruthán Buí;
  • Gearóid Ó Scanláin, An Bhánrainn, Baile na hAbhann;
  • Éamonn Ó Féinneadha, Tuar Beag;
  • Barry Ó Conghaile, Coill Rua.

 

Pádraig Tim Ó Conghaile, Na hAille, a fuair duais an díoltóra.

 

€6,200 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

• Iomáint (faoi 13C): Ml. Breathnach 4 – 07, Cois Fharraige 2 – 05.

• Iomáint (faoi 13C): Cois Fharraige 4 – 04, Salthill/Knocknacarra 3 – 01.

• Iomáint (faoi 12, 3C): Ml. Breathnach 6 – 03, Kilnadeema/Leitrim 1 – 04.

• Peil (Mionúr): Ml. Breathnach 4 – 10, Bearna 0 – 10.

• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha 4, Loughrea 0.

• Sacar (Cailíní faoi 12): Bearna/Na Forbacha 5, Colga 1.


14 Meitheamh 2023