Cartlann Nuachta: 14 Nollaig 2022

Córas Uisce an Spidéal

Tá tuarascáil chuimsitheach eisithe ag an EPA tar éis don eagraíocht iniúchadh cuimsitheach a dhéanamh ar an gcóras uisce a thagann ón Ionad Cóireála Uisce ar An Spidéal agus a fhreastalaíonn ar bhreis is 6,000 duine i gCois Fharraige. Rinneadh an t-iniúchadh le fáil amach céard ba chúis leis an leibhéal ard mangainéise níos túisce i mbliana, a d’fhág go raibh sé contúirteach an t-uisce a ól, fiú amháin agus é fiuchta.

Tá sé le tuiscint ón tuarascáil atá foilsithe ag an EPA nach raibh monatóireacht shásúil á dhéanamh ar an gcóras ag Uisce Éireann agus nach raibh a dhóthain cothábhála agus glanadh amach á dhéanamh ar na píopaí uisce i gCois Fharraige ag Uisce Éireann, lena chinntiú nach mbeadh an mainginéis ag bailiú sna píopaí thar am.

Tá roinnt moltaí praicticiúla déanta sa tuarascáil atá eisithe ag an EPA, le go mbeidh córas uisce an Spidéil in ann déileáil le fadhb an mhainginéise san uisce amach anseo agus leis an monatóireacht a fheabhsú.

Ag cruinniú de Choiste Stiúrtha an Chumann Forbartha an mhí seo caite léiríodh míshástacht le Uisce Éireann agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin mbealach inar cuireadh sláinte an phobail i mbaol agus faoin mbealach nár tugadh míniú sásúil don phobal ar an gcúis ar tharla an truailliú.

D’iarr an Cumann Forbartha ar an Aire Darragh O’Brien fiosrúchán neamhspléach a chur ar bun. Tá an Cumann Forbartha sásta go bhfuil an fiosrúchán déanta ag an EPA leis an iniúchadh cuimsitheach a d’aimsigh lochtanna ar an gcóras.

Tá súil ag an gCumann Forbartha go ndéanfar na moltaí ar fad i dtuarascáil an EPA a chur i bhfeidhm gan mhoill le go mbeidh muinín arís ag an bpobal as an gcóras uisce poiblí i gceantar Chois Fharraige.


Gradam do Bhertie Ó hAinmhire

Bertie O hAinmhire - Gradam

Bertie Ó hAinmhire ar a bronnadh Gradam Náisiúnta na nOibrithe Deonacha níos túisce an mhí seo, sa Réimse Feachtasaíocht agus Rannpháirtíocht.

Is de bharr a chuid oibre le Trócaire agus ar son cearta daonna do phobal na Palaistíne a bronnadh an gradam air.

Tá cónaí ar Bhertie ar an Teach Mór, Indreabhán.


€300,000 Ceadaithe don tSeanscoil

Seanscoil Sailearna

Seanscoil Sailearna

Fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil €300,000 ceadaithe ag an Aire Forbartha, Tuaithe agus Pobail ó Chiste na nIonad Pobail do Chomharchumann Sailearna le caitheamh ar Sheanscoil Sailearna.

Ceadaíodh an maoiniú le uasghrádú a dhéanamh ar fhuinneoga agus doirse na Seanscoile, chomh maith le uasghrádú a dhéanamh ar an gcóras fuaime agus soilsithe san Amharclann.

Dúirt an Comharchumann i ráiteas nach bhfuil san uasghrádú ach Céim a hAon den uasghrádú atá beartaithe don tSeanscoil. Faoi láthair tá Staidéar Féidireachta á ullmhú maidir le Seanscoil Sailearna a chóiriú ‘mar fhiontair cultúir agus turasóireachta a bheas tarraingteach do phobal na háite agus do chuairteoirí’.

Fógraíodh chomh maith go bhfuil €294,362 le fáil ag Comharchumann Mhic Dara le áiseanna a fheabhsú ag An Crompán.


Stiúideo Nua Fíbín Oscailte

Stiúideo FÍBÍN an ribín á ghearradh

Máire Treasa Ní Dhubhghaill, Ceannasaí Léiriúcháin le Meangadh Fíbín, ag gearradh an ribín ar stiúideo léiriúcháin nua de chuid Meangadh Fíbín ar an Tulach, chun é a oscailt go hoifigiúil.

Ar dheis tá Darach Ó Tuairisg, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Meangadh Fíbín agus sa lár tá an réalt óg teilifíse, Ruarc Ó Confhaola.

Bhí údar ceiliúrtha ag an gcomhlacht Fíbín ar an Aoine seo caite nuair a osclaíodh stiúideo nua teilifíse taobh leis an gceannáras atá ag Fíbín ar an Tulach, Baile na hAbhann. Sí Máire Treasa Ní Dhubhghaill a rinne an oscailte oifigiúil.

Ghlac Darach Ó Tuairisg, an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Meangadh Fíbín, buíochas leis an gClár Leader as an tacaíocht a chur ar fáil a chur ar chumas Fíbín an stiúideo a réiteach le cláracha teilifíse a dhéanamh. Dúirt sé go gcuirfeadh an stiúideo breise fostaíocht ar fáil sa gceantar in earnáil na teilifíse.

Ag cruinniú a bhí ag Bord Údarás na Gaeltachta ar an Aoine seo caite, an cruinniú deireannach don bhord reatha agus a chéad chruinniú don Phríomhfheidhmeannach nua, Tomás Ó Síocháin, ceadaíodh deontas do Meangadh Fíbín Teo le gur féidir leis an gcomhlacht 15 post nua a chur ar fáil san earnáil closamharc idir seo agus 2025.


‘Murdar’ ar an Lochán Beag

PEADAR O MAILLE-Murdar ar an Lochán Beag

Seosamh Ó Cuaig, ar chlé, leis an údar Peadar Óg Ó Máille ar dheis, ag ócáid seolta an leabhar faisnéise a scríobh Peadar, ‘Murdar ar an Lochán Beag’, Dé hAoine seo caite i dTigh Mholly.

Ba é Seosamh Ó Cuaig a sheol an leabhar ar an oíche.

[Pictiúr: Seán Ó Mainnín]

Bhí Tigh Mholly ar An Lochán Beag pacáilte ar an Aoine seo caite, 9 Nollaig, nuair a sheol Seosamh Ó Cuaig leabhar nua, atá scríofa ag Peadar Óg Ó Máille, dar teideal ‘Murdar ar An Lochán Beag’.

Leabhar faoin marú a tharla Feabhra 1920, ag éirí as ionsaí a rinneadh ar beirt dheartháir, agus iad ag filleadh abhaile ó Tigh Mholly. Scaoileadh urchar le Patrick Thornton le linn an eachtra agus bhásaigh sé san ospidéal tamall gearr ina dhiaidh.

Ciontaíodh ceathrar ón Lochán Beag as an ionsaí.

Cé go raibh an RIC sa tóir ar SheanPheadar Ó Máille, níor éirigh leo greim a fháil air. Insítear an scéal ar fad sa leabhar ina bhfuil os cionn 300 leathanach.

Tá an leabhar foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus le fáil ón siopa leabhar atá ag na foilsitheoirí sa Spidéal nó is féidir é a ordú ar líne chomh maith ach dul ag www.cic.ie.


AGM ag Cumann Micheál Breathnach

Cumann Mícheál BreathnachAr an Domhnach seo caite bhí a Chruinniú Cinn Bliana ag Cumann Micheál Breathnach.

Bhí 36 ball i láthair.

Toghadh Micheál Darby Ó Fátharta, ó Na hAille, ina chathaoirleach nua ar an gcumann le tíocht i gcomharbacht ar Mhuiris Mac Gearailt, a chaith cúig bliana ina chathaoirleach.

Tá Cian Ó Fátharta ó Ros a’ Mhíl ag fanacht mar Rúnaí.

Sheas Pádraig Joe Joe Mac Con Iomaire síos mar Chisteoir, théis blianta fada a chaitheamh sa bpost agus roghnaíodh Frances Curran ina áit.


Crannchur Mór na Nollag

Is ar an Domhnach seo chugainn, 18 Nollaig, a bheidh an tarraingt áitiúil á dhéanamh sa gCrannchur Mór, a bhí ag Cumann Micheál Breathnach. Is sa seomra ar chúl an tséipéil a bheas an tarraingt á dhéanamh, le os cionn 100 duais le buachan: an phríomhdhuais ná dearbhán ar fiú €1,000 é, atá urraithe ag Mylan agus ag Sweeney Oil. Beidh an tarraingt á dhéanamh beo ar Facebook an chumainn. Tá sé i gceist liosta na mbuaiteoirí a fhoilsiú ar an suíomh WWW.COISFHARRAIGE.IE an tseachtain seo chugainn.

Beidh gach ticéad a cheannaíodh don chrannchur áitiúil san áireamh sa tarraingt náisiúnta a bheas ar bun mí na Márta seo chugainn, le carr nua Dacia Duster mar phríomhdhuais.

An sprioc atá ag Cumann Micheál Breathnach ná 2,000 ticéad a dhíol ar €10 an ceann, agus €20,000 a dhéanamh don chlub ar an gcaoi sin.


Pota Óir Buaite i Lotó na mBreathnaigh

Sé Dylan Seoighe, ón gCeathrú Rua, a chroch leis an Pota Óir i Lotó Chumann Micheál Breathnach an tseachtain seo caite. Bhí €11,8000 sa bPota Óir. Seo a leanas na huimhreacha a tarraingíodh: 5,8,21,22.

An dá ainm a tarraingíodh amach as an hata le €50 ag dul ag chaon duine: Rory Ó Curraoin, An Cnocán Glas agus Adrian Duggan, An Bóthar Buí.

Micheál Darby Ó Fátharta, ó Na hAille, a fuair duais an díoltóra; Shane Mc Hugh, Leitir Mealláin, a fuair an dearbhán Tigh Dhurcáin.

Tá an pota óir ag méadaithe go €3,000.


AGM an Chomhar Creidmheasa

Is ar an Déardaoin seo, 15 Nollaig, i Seanscoil Sailearna atá an Cruinniú Cinn Bhliana le bheith ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille, ag tosú ag 8.00pm. I mbliana is féidir freastal ar an gcruinniú go fisiciúil nó ar líne ar an ardán ZOOM. Mar is gnáth, reáchtálfar crannchur ar an oíche do na baill a bheas i láthair ag an gcruinniú.

Beidh tuairisc ar tuarascáil bliantúil an Chomhar Creidmheasa i Nótaí Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn.


14 Nollaig 2022