Cartlann Nuachta: 15 Aibreán 2015

 

15 Aibreán 2015


Torthaí ón Rith Spraoi sa Spidéal

IMG_4306Na torthaí ón Rith Spraoi 5km a ritheadh sa Spidéal, Luan Cásca, eagraithe ag Coiste na dTuismitheoirí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal:

Rása na bhFear: 1ú, Rónán Ó Direáin; 2ú, Rónán Ó Conghaile; 3ú, Pádraig Ó Direáin.

Rása na mBan: 1ú, Catherine Ní Dhroighneán; 2ú, Ruth Uí Chonchubhair; 3ú, Cristín Cox.

Buachaillí na Meánscoile: 1ú, Conall Ó Caoimh; 2ú, Tadhg Ó Riardáin; 3ú Dónal Ó Sé; 4ú Seán Ó Riardáin.

Cailíní na Meánscoile: 1ú, Máire Ní Fhrighil; 2ú, Sarah Carey; 3ú, Ellen Carey; 4ú, Liadh Robertson & Rosie Ní Dhubhghaill.

Buachaillí na Bunscoile: 1ú, Andy Ó Feinneadha; 2ú, Eoin Jennings; 3ú, James Mc Loughlin; 4ú, Raef Ford.

Cailíní na Bunscoile: 1ú, Róisín Ní Chaoimh; 2ú, Aobh Ní Dhubhghaill; 3ú, Síofra Ní Mhárta; 4ú, Aisling Ní Ainifín.

Tuilleadh Pictiúirí Anseo


Pictiúirí ón Waxathon i dTigh Chualáin

Waxathon 2015 Tigh Chualáin

Éinne Ó Conghaile ag Fulaingt ar Son na Cúise!

Ruaidhrí Ó Béarra - Waxathon    Ruaidhrí Óg Ó Béarra  - Waxathon

Agus Ruaidhrí Ó Béarra agus Ruaidhrí Óg Ó Béarra Freisin!


Cruinniú Cinn Bhliana an Chumann Forbartha

Ar an Luan seo caite, bhí Cruinniú Cinn Bhliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. Ag an gCruinniú Cinn Bhliana an t-am seo anuraidh cuireadh structúr nua i bhfeidhm agus ní raibh an Coiste Stiúrtha, a toghadh anuraidh, ag luí ar na maidí ach ag eagrú is ag stocaireacht is ag brú. Ba é Oireachtas Chois Fharraige 1974 – 2014 an ócáid ba mhó a eagraíodh i gcaitheamh na bliana ach bhí neart eile le tuairisciú chomh maith ag an gCathaoirleach, Donncha Ó hÉallaithe: an Comórtas Scoraíochta Idir Bailte, an cúrsa ‘An Idirlíon agus na Meáin Shóisialta’ a eagraíodh le tacaíocht ón GRETB i Seanscoil Sailearna, mar shampla.

Le linn na bliana cuireadh suíomh idirlíon nua le chéile agus tá sé á uasdátú chuile sheachtain le nuacht áitiúil, le pictiúirí ó imeachtaí ar fud Chois Fharraige agus le torthaí spóirt etc. Beidh níos mó eolais faoin méid a socraíodh ag an gCruinniú Cinn Bhliana le fáil ar an suíomh seo go luath.


Oíche Mhór Ceiliúrtha ag Coláiste Cholmcille

Colaiste Cholmcille Oiche na gConMar a tuairiscíodh anseo cheana tá Coláiste Cholmcille, nó an Tech mar a thugtar air go minic, ag ceiliúradh trí scór bliain ar an bhfód in Indreabhán. Bunaíodh é i 1955 agus is iomaí duine imithe tríd ó shin agus togha an oideachais fáighte acu, rud a thug bunús maith dóibh le dul ar aghaidh sa saol.

Mar chuid den cheiliúradh tá Coiste na dTuismitheoirí ag eagrú ‘Oíche ag na Madraí’ i nGaillimh ar an Aoine, 1 Bealtaine. Ócáid cheiliúrtha a bheas inti seo agus níl ach €20 ar chlann freastal ar an ócáid. Do dhuine ar bith a bhí ag an Tech, seo deis iontach castáil le iarscoláirí eile a bhí ag an Tech in éindí leat. Ní amháin go scaoileann an ticéad €20 isteach ag Rásaí na Madraí, ach clúdaíonn sé an bus isteach is amach ó Ghaillimh agus beidh roinnt beatha ar fáil saor in aisce.

Tá na ticéid ar fáil ó oifig na scoile nó ó aon cheann de na siopaí seo a leanas: Tigh Durcáin, An Tulach; Siopa Gala, na hAille; Siopa an Phobail, An Cnoc; Oifig an Chomhar Creidmheasa, An Cnoc; Texaco (Tigh Mháirtín O Donnell), An Spidéal. Is féidir ticéad a fháil chomh maith ó éinne atá ar Choiste na dTuismitheoirí.

Aon airgead a dhéanfar ar an oíche gabhfaidh sé chun tairbhe na scoile.


Glanadh Suas Chois Fharraige

Ar an Satharn seo chugainn, 18 Aibreán, tá Glanadh Suas le déanamh i gceantar Chois Fharraige.

Tá an Glanadh Suas á eagrú ag an gCumann Forbartha, le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, atá ag cur málaí ar fáil agus ag soláthar láimhíní do na daoine a bheas ag bailiú brúscair. Sa gcaoi is go mbeidh sé clúdaithe ag árachas tá Glanadh Suas Chois Fharraige cláraithe le An Taisce.

Iarrtar ar dhaoine atá ag iarraidh cúnamh a thabhairt leis an nglanadh suas, castáil le chéile ag Seanscoil Sailearna Dé Sathairn, 18 Aibreán, ag 10.30 ar maidin. Beidh fáilte roimh ghasúir chomh maith, ach gan iad a bheith ró-óg. Ach a dhóthain daoine a bheith ann ba cheart go mbeadh an áit glanta go maith faoi am lóin.

Tá geallúint fáighte ón gComhairle Chontae go mbaileofar na málaí brúscair ar an Luan seo chugainn.


AGM Chroílíne Chois Fharraige

Croílíne Chois FharraigeBeidh AGM Chroílíne Chois Fharraige ar siúl i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ar an gCéadaoin seo chugainn, 22 Aibreán, ag tosaí ag 8 tráthnóna. Tá obair den scoth déanta ag Croílíne Chois Fharraige ag feistiú fibillators ar fud an cheantair agus ag traenáil daoine a bheadh ar fáil chun iad a usáid le beatha duine a shábháil.


Coiste na nÓg, An Spidéal

Tá 125 daoine óga cláraithe i mbliana ag Cumann Lúthchleas Gael, An Spidéal, níos mó ná mar a bhí cláraithe anuraidh. Tá na seisiúin traenála do gach aoisghrúpa faoi lán tseoil anois agus fad leis an lá. Ba mhaith le Coiste na nÓg a mheabhrú do thuismitheoirí nach bhfuil sé ró-mhall fós a gcuid gasúir a chlárú don bhliain 2015.

Tá kit an Spidéil ar fáil faoi láthair i Siopa Búistéara Uí Fhéinneadha sa Spidéal. €40 atá ar gheansaí agus €30 ar stocaí agus bríste.


Club Óige Lurgan

Club Óige Lurgan II (2)Dé Sathairn seo caite bhí 16 de bhaill Chlub Óige Lurgan ag an gcluiche rugbaí idir Connacht agus Uladh i nGaillimh. Bhí an ocáid eagraithe ag Óige na Gaeltachta.


Siamsán na nÓg ar an Tulach

Beidh Siamsán na nÓg á eagrú arís ag Tuismitheoirí na Gaeltachta Dé Sathairn, 18 Aibreán, i Halla na Tulaí. Ceardlann i Scileanna Sorcais a bheas ar bun an uair seo leis an gcleasaí Stephen McGinley ó Galway Community Circus. Bhí Stephen i láthair ag roinnt siamsáin cheana agus bhain idir óg agus sean ardtaitneamh as a chuid lámhchleasaíochta agus eile!

Cuirfear tús le himeachtaí ar a 2.00 trathnóna. Saorchead isteach do bhaill agus is féidir ballraíocht a ghlacadh ar an lá ar chostas €10 ar theaghlach in aghaidh na bliana.

Beidh polasaí Gaeilge i bhfeidhm mar is gnáth agus iarrtar ar chuile dhuine a bheas i láthair cloí leis seo. Ócáid í don teaghlach uilig agus ní mór do thuismitheoir nó duine fásta fanacht leis na gasúir.

Bhí Cáisc ghraitheach ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tháinig beirt den choiste os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Oideachais agus Coimirce Shóisialach ag tús na míosa le cás na gcainteoirí dúchais sa gcóras oideachais Gaeltachta a phlé. Bhí an eagraíocht an-sásta le caighdeán na díospóireachta agus leis an éisteacht a fuair siad. Tá súil acu leanúint leis an stocaireacht anois agus leis na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go ndéanfar freastal ar riachtanais chuile ghasúir sa gcóras oideachais Gaeltachta.