Cartlann Nuachta: 15 Bealtaine 2019

Cruinniú leis na hIarrthóirí

Daithí Ó Chualáin

Dáithí Ó Chualáin (Fianna Fáil)

Ar an Déardaoin seo, 16 Bealtaine, beidh deis ag an bpobal ceisteanna a chur ar na hiarrthóirí atá ag seasamh sna toghcháin áitiúla i gConamrara Theas. Dáréag iarrthóir a ainmníodh le dul sa toghchán sa toghcheantar nua ina bhfuil Cois Fharraige lonnaithe, Conamara Theas. Tharraing iarrthóir amháin, Seán Ó Drisceoil ó na Forbacha, a ainm siar, rud a fhágann 11 iarrthóir san iomaíocht le haghaidh 5 suíochán ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tá cuireadh tugtha ag Cumann Forbartha Chois Fharraige do na hiarrthóirí teacht os comhair an phobail i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo.

Seo a leanas na hiarrthóirí a chuir in iúl go mbeidh siad ann:

Dáithí Ó Cualáin (Fianna Fáil), Cor na Rón Lár, Indreabhán.

Macdara Hosty (Fianna Fáil), Bearna.

Máirtín Lee (Fianna Fáil), Tír an Fhia.

Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (Fine Gael), Na Doireadha.

Kevin O’Hara (Sinn Féin), An Spidéal.

Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach), Bearna.

Criostóir Breathnach (Neamhspleách), Ros Muc.

Tháinig scéal ar ais ó Anna Flaherty (Fine Gael) nach bhféadfadh sí a bheith ann de bharr socraithe eile.

Sí Gormfhlaith Ní Thuairisg (RnaG) a bheas sa gcathaoir. Tabharfar deis do gach iarrthóir a gcuid polasaithe a chur i láthair agus ansin beidh deis ag an lucht éisteachta ceisteanna a chur ar na hiarrthóirí.

Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach)

Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach)


Club Leabhar Chois Fharraige

Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag tógáil briseadh don samhradh agus beidh muid ag castáil le chéile arís ar an 11ú Meán Fómhair, Tigh Mholly ag a 9.00 i.n. Beidh an leabhar “Titeann Rudaí as a Chéile” le Chinua Achebe á phlé againn. Tá cáil idirnáisiúnta ar an leabhar seo agus tá sé ar fáil i siopa Chló Iar Chonnacht sa Spidéal.

Is féidir tuilleadh a léamh faoin leabhar anseo: Titeann Rudaí as a Chéile le Chinua Achebe.

Bíodh an-samhradh agaibh agus bígí ag léamh faoi sholas na gréine.


Cois Fharraige Abú

Foireann sacair Chois Fharraige ar éirigh leo Cnoc na Cathrach a bhualadh leis an scór 3 – 0 ar Pháirc Éamonn Deacy, Tír Oileáin, ar an Satharn seo caite, le Sraith Comórtas na Gaillimhe, Roinn II, a bhuachaint.

Ar chúl, ó chlé: Niall Mac Diarmada, Aodhán Ó Maoileoin, Seán Ó Comartúin (Comerford), Temitope Kuku, Dara Mac Dubhghaill, Leon Mac Lochlainn (Capt), Eoin Ó Coistealbha, Cathal Ó Conghaile, Tommy Ó Conghaile, Máirtín Ó Cualáin, Rónán Mac Donnacha, Colm Neachtain, Cuán Mac Dubhghaill, Aodán Ó Conaire, Mikey Ó Conaire.

Chun tosaigh, ó chlé: Ciarán Seoighe, Seán Ó Donncha, Ciarán Thornton, Chris Ó Biadha, Gerry Curran, Dónal Ó Ceallaigh, Micheál de Búrca, Conall Ó Cuirrín, Dinny Ó hÉallaithe, Colm Ó Droighneáin.

An Satharn seo caite fuair Cois Fharraige an ceann is fearr ar Chnoc na Cathrach san athimirt den chluiche sraithe, a shocraigh cén fhoireann den phéire a chríochnódh ar bharr an tábla i Roinn II de Shraithchomórtas Sacair na Gaillimhe. Nuair a d’imir an dá fhoireann in aghaidh a chéile i Ros a’ Mhíl an tseachtain roimhe sin chríochnaigh an cluiche ar chomhscór.

Bhí slua mór de lucht leanúna Chois Fharraige ag an athimirt ar Pháirc Eamonn Deacy i dTír Oileáin na Gaillimhe, agus iad glórach ag fógairt agus ag tabhairt misnigh do bhuachaillí na Gaeltachta le linn an chluiche.

Thosaigh foireann na cathrach go maith agus cé gurb iad is mó a bhí ar an ionsaí sa gcéad fiche nóiméad nó mar sin, níor éirigh leo aon scór a fháil. Do réir a chéile shocraigh Cois Fharraige síos agus chuir siad brú ar chosantóirí Chnoc na Cathrach. Le beagnach tríocha nóiméad caite sa gcéad leath fuair Cois Fharraige cic éirice a scóráil Dónal Kelly le Cois Fharraige a chur chun tosaigh. Ní raibh aon scór eile sa gcéad leath.

 

Sa dara leath bhí leaids na Gaeltachta chun cinn chuile áit ar an bpáirc, ag imirt mar fhoireann ag cur na liathróide ó imreoir go himreoir.

Chris Ó Bia a fuair an chéad scór eile do Chois Fharraige, fiche nóiméad isteach sa dara leath, nuair a thóg sé pas gleoite ó Dhónal Kelly agus chuir sé an liathróid san eangach. De bharr feall gránna a rinneadh ar Dhónal Kelly tugadh cárta dearg do dhuine d’imreoirí Chnoc na Cathrach. Bhí ar an gCeallach an pháirc imeartha a fhágáil. Gan ach deichniúr imreoir ar an bpáirc ní raibh aon chosúlacht ar leaids na cathrach go raibh tíocht aniar iontu agus nuair a fuair captaen Chois Fharraige, León Mac Lochlainn, an tríú cúl le beagnach níocha nóiméad caite, bhí fhios ag an slua gur siar a bheadh an corn ag dul.

Chois Fharraige v Knocknacarra FC at Eamonn Deacy Park.Mar is iondúil, bhí Eoin Ó Coisdealbha thar barr sa gcúl. Ní amháin nár scaoil sé aon chúl isteach, ach bhí a chuid ciceanna amach an-chruinn i gcaitheamh an chluiche.

Tá éacht déanta ag Cois Fharraige dhá bhliain as a chéile. Anuraidh chríochnaigh an fhoireann Gaeltachta ar bharr an tábla i Roinn III de Shraith Sacar na Gaillimhe. I mbliana níor chaill siad oiread is cluiche amháin agus chríochnaigh siad ar bharr an tábla i Roinn II. An chéad bhliain eile beidh siad ag imirt i Roinn I de Shraithchomórtas na Gaillimhe.

Cá bhfios nach ar bharr an tábla a bheas siad ag deireadh an tséasúir arís an chéad bhliain eile?

An captaen ar fhoireann sacair Chois Fharraige León Mac Lochlainn leis an corn a bronnadh air mar bhuaiteoirí ar Shraith Comórtas na Gaillimhe (Roinn II), agus an fhoireann timpeall air.


Ceoltóirí Óga Chois Fharraige sa bhFleadh Cheoil

Cuid de na ceoltóirí óga ó Chois Fharraige agus iad ag casadh ag an seisiún Domhnaigh a bhí acu anuraidh san ITT. Beidh cuid mhaith acu san iomaíocht ag Fleadh Cheoil na Gaillimhe in Áth Chinn, an deireadh seachtaine seo chugainn.

Beidh grúpa mór de Cheoltóirí Óga Chois Fharraige ag glacadh páirt i bhFleadh Cheoil na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo in Áth Chinn. Beidh siad ag glacadh páirte sna comórtais amhránaíochta, ceoil agus damhsa agus, don chéad uair riamh, beidh trí ghrúpa ceoil ó Chois Fharraige san iomaíocht: an grúpa faoi 12 faoi stiúir Mhícheál Darby agus na grúpaí faoi 15 agus faoi 18 faoi stiúir Luisne agus Aisling Ní Neachtain. Tá banna céilí, Loch Lurgan, bunaithe freisin ag Nóirín Ní Ghrádaigh ina bhfuil gasúir Chois Fharraige den chuid is mó.

Tá obair na gcapall déanta ag na ceoltóirí áitiúla atá ag stiúrú na ngrúpaí agus tá an t-ádh dearg ar na gasúir go bhfuil a mbuanna agus a scileanna á roinnt acu go fial agus go deonach leo.

Beidh na torthaí againn ón bhFleadh Cheoil an chéad seachtain eile.

Seo a leanas ainmneacha na ngrúpaí éagsúla a bheas san iomaíocht ag Fleadh Cheoil na Gaillimhe, an deireadh seachtaine seo.

An Grúpa Ceoil faoi 12:

Bainseó: Fionn Ó Murchú; Cairdín: Caoilte Canny agus Caoimhe Ní Ghloinn; Cláirseach: Laoise de Búrca; Feadóg: Órlaith agus Donnacha Ó Tuairisc; Consairtín: Sadbh Ní Ghibne, Cian de Búrca, Ferdia Ó Braonáin, Louise Seoighe, Ainnir Ní Choisdealbha agus Caoimhe Ní Mhurchú; Fidil: Caoimhe Ní Chuinn, Cormac Ó Braonáin, Dearbhail Nic Dhonncha, Muireann Ní Ghloinn, Aoibhínn Ní Neachtain, Fé Ní Chionnaith, Bláithín Ní Mhainnín agus Saise Ní Chuinn.

An Grúpa Ceoil faoi 15:

Cairdín: Seághan Ó Braonáin, Fionnán Ó Coisdealbha, Méabh Ní Chualáin agus Oscar Mac Réamoinn; Cláirseach: Damhnait Ní Fhátharta agus Labhaoise Ní Bhéarra; Consairtín: Neasa Nic Dhonncha agus Éabha Ní Chonghaile; Feadóg: Cormac Ó Tuairisc; Feadóg Mhór: Cormac Ó Murchú; Fidil: Caitríona Ní Mhathúna, Éanna Ó hÉanaí, Ríona Howlin agus Amanda Ní Bhrádaigh.

An Grúpa Ceoil faoi 18:

Bodhrán: Aifric Ní Ghibne; Bainseó: Frankie Mac Aodha; Cairdín: Éamonn Ó Ceallacháin agus Iarfhlaith Canny; Consairtín: Oisín Ó Coisdealbha; Feadóg mhór: Bróna Ní Cheallacháin; Fidil: Éadaoin Nic Dhonncha, Liadan Canny, Cainnear Nic Réamoinn, Aébfhinn Ní Mhurchú agus Anna Nic Lochlainn.

Banna Céilí Loch Lurgan:

Bainseó: Dylan Ó Murchú; Cairdín: Ciarán Ó Fátharta; Consairtín: Róisín Ní Raifeartaigh; Drumaí: Darragh Mc Coy; Feadóg Mhór: Oisín Ó Neachtain agus Cormac Ó Murchú; Fidil: Sadhbh Laila Riggott, Róise Ní Scanláin agus Éabha Ní Neachtain; Pianó: Fionnán Ó Srutháin.


Coiste Nua an Chumann Forbartha

An tseachtain seo caite ag cruinniú a bhí ag an gCoiste Stiúrtha atá ag Cumann Forbartha Chois Fharraige toghadh na hoifigigh seo a leanas don chéad bhliain eile:

Cathaoirleach: Gearóid Willie Ó Fátharta, Cor na Rón.

Rúnaí: Mamie Ní Chualáin, An Teach Mór.

Cisteoir: Máire Áine Mhic Dhonnacha, An Teach Mór.

Oifigeach na Meán Sóisialta: Kate Fennell, Cor na Rón.

Ar an gcoiste chomh maith tá Pádraig Mac Diarmada, Na hAille; Seán Ó Tuairisg, Na hAille; Donncha Ó hÉallaithe, Na hAille; Pádraig Willie Ó Fátharta, Na hAille; Máirín Mhic Lochlainn, Baile na mBroghach.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtain

Iomáint (faoi 16): Cois Fharraige 0 08, Sarsfields 2 10.

Iomáint (faoi 14): Micheál Breathnach 3 – 08, Tommy Larkins 2 – 11.

Peil na mBan (Sóisear): Micheál Breathnach 0 – 17, Glinsk 4 – 06.

Peil (f16, Roinn 2): Micheál Breathnach 5 – 10, Naomh Anna 3 – 07.

Peil (f14, Grúpa 4): Micheál Breathnach 4 – 11, An Spidéal 6 – 06.

Peil (f14, Roinn I): Micheál Breathnach 2 – 05, Clifden 1 – 03.

Peil (f14, Roinn 2): An Spidéal 5 – 05, Salthill/Knocknacarra 3 – 10.

Peil (faoi 12): Micheál Breathnach B 4 – 04, Bearna C 2 – 00.

Peil (Roinn III): Micheál Breathnach 2 – 11, Headford 3 – 10.

Peil (Roinn I): An Spidéal 2 – 14, Caherlistrane 2 – 09.

Peil (Roinn 6): An Spidéal 2 – 06, Oranmore/Maree 2 – 19.

Peil (Roinn 6): Micheál Breathnach 5 – 14, An Cheathrú Rua 2 – 07.

Sacar (Roinn II): Cois Fharraige 3, Knocknacarra 0.

Sacar (f14, Roinn I ): Cois Fharraige 0, Corofin Utd. 5.

Sacar (Cailíní f14 ): Bearna-Na Forbacha 3, Corrib Rangers 0.

Sacar (f15 ): Bearna-Na Forbacha 3, Loughrea 1.


15 Bealtaine 2019