Cartlann Nuachta: 15 Bealtaine 2024
Na Gealáin Thuaidh
An spéir os cionn Reilig an Choiligh, Cois Fharraige, agus é lasta suas ag na gealáin thuaidh, an Aurora Borealis, an deireadh seachtaine seo caite.
[Pictiúr: Johanna Ní Mháille]
Cruinniú Bánú le Iarrthóirí
Grúpa ó BÁNÚ ag Teach Laighean Mí Feabhra
Tá cuireadh á thabhairt ag an eagraíocht BÁNÚ do na hiarrthóirí atá ag seasamh sna toghcháin áitiúla i gConamara Theas agus i gConamara Thuaidh tíocht ag cruinniú ar an gCeathrú Rua, seachtain ón Luan seo chugainn, 27 Bealtaine, le ceist na tithíochta a phlé go hoscailte agus a gcuid tuairimí a chur i láthair an phobail maidir le soláthar tithíochta sa nGaeltacht. Dúirt urlabhraí ó BÁNÚ gurb iad na polasaithe tithíochta agus na polasaithe pleanála atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe is cúis le cuid den fhadhb tithíochta sa nGaeltacht, fadhb atá ag brú daoine óga amach as an gceantar agus ag cur todhchaí an phobail i mbaol.
Beidh an cruinniú ar bun sa gCrompán, ar an gCeathrú Rua, atá curtha ar fáil ag Comharchumann Mhic Dara don ócáid. Sí Norita Ní Chartúir a bheas i mbun áisitheoireachta ar an gcruinniú, a bheas oscailte don phobail.
Cuireadh an eagraíocht BÁNÚ ar bun sé mhí ó shin agus tá an coiste i mbun stocaireachta ó shin ag iarraidh ar an húdaráis éagsúla dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta i nGaeltacht Chonamara.
An Fóram Pleanála Teanga ag Earcú
Tá Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga i mbun earcaíochta! Tá dhá phost mar Oifigigh Pleanála Teanga le líonadh in oifigí an Fhóraim.
“Post dúshlánach a bhí ann ach post ilghnéitheach a thug deis dom scileanna éagsúla a shealbhú agus a fhorbairt agus a raibh scóp ann a bheith nuálach, cruthaitheach, post a bhfuil an-sásamh go deo le baint as,” a dúirt Katie Ní Loingsigh (sa bpictiúr), a chaith ceithre bliana sa bpost agus atá ag obair anois i Rannóg na Pleanála Teanga in Ardoifigí an Údaráis sna Forbacha.
Deireann an Fóram Pleanála Teanga gur daoine fuinniúla, cruthaitheacha atá tiomanta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá á lorg ag an bhFóram le dul i mbun na gcúram a bhaineann le feidhmiú Plean Teanga Chois Fharraige leis an bpobal.
Tá go dtí an Luan, 27 Bealtaine, le iarratas agus CV a sheoladh isteach. Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch a chur ar 086 273 2278, nó ríomhphost a chur chuig an seoladh ptchoisfharraige@nullgmail.com.
Mná Chois Fharraige ina Seaimpíní
Corn Timín Joe Tim á bhronnadh ag Tadhg Mór Ó Curraidhín, mac Timín, ar Shíofra Ní Mhárta, Captaen foireann Chumann Micheál Breathnach, ar éirigh leo Gráinne Mhaol a chloí i gcluiche ceannais sóisear, comórtas peile na Gaeltachta do Chontae na Gaillimhe, a imríodh ar Pháirc Mhic Dara, Cárna, an Satharn seo caite.
Beidh foireann Micheál Breathnach ag déanamh ionadaíochta ar Ghaeltachtaí na Gaillimhe ag Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill na Martra, Co Chorcaigh, tús Meithimh.
Lena n-áit a chinntiú ag Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill na Martra, bhí cluiche crua iomaíoch le imirt ag mná Chois Fharraige ar an Satharn seo caite in aghaidh Gráinne Mhaol, foireann ó cheantar Rinn a’ Mhaoile.
Imríodh an cluiche i gCárna ar Pháirc Mhic Dara faoi theas na gréine. Sár-choimhlint a bhí ann gan mórán idir na foirne ag pointe ar bith. Ag leath-am bhí an dá fhoireann ar chomhscór, sé chúilín an taobh. Cúl a fuair Caoimhe Nic Ghloinn, tar éis di tíocht isteach mar ionadaí ag tús an dara leath, a chuir na Breathnaigh ceithre chúilín chun cinn ach níor sheas an bearna idir na foirne i bhfad. Tháinig mná Rinn Mhaoile ar ais agus chothromaigh siad an cluiche gan ach cúpla nóiméad fágtha. Ach d’éirigh leis na Breathnaigh dhá chúilín a aimsiú roimh dheireadh an chluiche leis an gcraobh a thabhairt leo.
Thug Aobh Ní Dhubhghaill sár-thaispeántas i lár na páirce. Bhí Amy Ní Thuathail agus Méabh Ní Dhireáin an-chruinn ag tógáil a gcuid scóranna agus rinne Aoife Nic Dhonnacha an-chosaint nuair a tháinig an brú ó Ghráinne Maol.
Bhí sé de phribhléid ag Tadhg Mór Ó Curraoin go raibh an cúram air Corn Timín Joe Tim – corn nua a chuir Cumann Micheál Breathnach ar fáil don chomórtas i mbliana – a bhronnadh ar an bhfoireann atá á bainistiú aige i mbliana. Ar ndóigh is mac é Tadhg Mór le Timín Joe Tim Ó Curraidhín ón gCnocán Glas. Ba laoch é Timín i gCois Fharraige faoin méid a rinne sé ina cheantar féin le spóirt a chur chun cinn, le forbairt phobail a spreagadh agus le oidhreacht is cultúr na háite a chaomhnú is a neartú.
Beidh foireann ban Chois Fharraige ag dul ag an gcomórtas náisiúnta i Rannóg na Sóisear, a bheas ar bun i gCill na Martra, an chéad dheireadh seachtaine de mhí Meithimh.
Siúlóid Sciatháin Leathair
Beidh ócáid an-spéisiúil ar bun sa Spidéal ar an Déardaoin seo chugainn, 23 Bealtaine, mar chuid de Sheachtain na Bithéagsúlachta 2024. Tá Coiste Bhaile Slachtmhar an Spidéil ag eagrú Siúlóid Sciatháin Leathair faoi stiúir Chaitríona Carlin i gcomhar le Grúpa Sciatháin Leathair na Gaillimhe.
Ag an tSeanchéibh a thiocfaidh daoine le chéile ag 9.30pm agus cuirfear ar an eolas thú faoin gcineál sciatháin leathair atá i gceantar an Spidéil. Beidh deis ag daoine éisteacht lena gcuid glaochanna le cabhair brathadóirí ar leith agus seans go bhfaighfear radharc ar na créatúir seo agus iad i mbun eitilte. Moltar éadaí teo, bróga feiliúnacha agus seaicéad hi-viz a chaitheamh agus lóchrann nó tóirse a bheith ar iompar. Beidh fáilte roimh ghasúir ach duine fásta a bheith ina dteannta. Ócáid saor in aisce atá ann.
Peileadóirí Óga na mBreathnaigh
Foireann peile Cumann Micheál Breathnach faoi 15, ar éirigh leo Comórtas na Gaillimhe i Roinn a hAon de Fhéile na nGael a bhuachaint ag an deireadh seachtaine.
Ar chúl, ó chlé: Seán Denvir, Oisín Ó Neachtain, Conor Ó Tuathail, Eoin Ó Gionnáin, Jamie Ó Diollúin, Oliver Ó Súilleabháin, Áaron Ó Donnacha, Stiofán Ó Neachtain, Dara Ó Frighil, Fionnán Ó Neachtain, Oisín Mahon, Cormac Ó Braonáin, Eric Norman, Cillian Ó Ceallaigh, Fionnuala Uí Ghionnáin agus Pádraig Mahon.
Chun tosaigh, ó chlé: Cóilín Ó Neachtain, Learaí Ó Grádaigh, Cian De Búrca, Fiontán Ó Feinneadha, Oscar Ó Tuairisc, Kian Ó Súilleabháin, Rónán Ó Neachtain (Captaen), Mártan Ó Cualáin, Seán Ó Feinneadha, Morgan Mac Aodha, Steven Pfeiffer, Tadhg Mac Cárthaigh agus Pól Ó Neachtain.
Is iad foireann faoi chúig bliana déag Micheál Breathnach seaimpíní Fhéile Peile na Gaillimhe Roinn 1 do 2024. D’éirigh leis an bhfoireann an ceann is fearr a fháil go héasca sa gcluiche ceannais ar fhoireann Muine an Mheadha-Mainistir. Bronnadh Corn Niall McGinn ar chaptaen na foirne Rónán Ó Neachtain. D’aimsigh siad dhá chúl sa gcluiche ceannais, ceann acu sin ón imirt ag Fionnán Ó Neachtain agus cic éirice a d’aimsigh Oliver Ó Suilleabháin. Bronnadh laoch an chluiche ar Thadhg Mac Carthaigh i Staid Naomh Iarlaith i dTuaim.
Ba ar pháirc an Chnoic a chuir Micheál Breathnach tús leis an gcomórtas tráthnóna Dé hAoine nuair a fuair siad an bua ar fhoireann Uarán Mór/Mearaí i sár-chluiche peile. Thug siad aghaidh ar pháirc Naomh Séamus i Muirbheach Dé Sathairn agus bhí bua slachtmhar acu ar an bhfoireann baile ansin agus sa dara cluiche a d’imir siad ansin, fuair siad an ceann is fearr ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach.
Cuireadh fáilte mhór abhaile roimh an bhfoireann i gceantar Chois Fharraige tráthnóna Dé Domhnaigh agus tinte cnámha lasta le ceiliúradh a dhéanamh ar an ngaisce a rinne an fhoireann.
Beidh siad ag déanamh ionadaíochta ar son Chontae na Gaillimhe anois ag an bhFéile Náisiúnta a bheas ar bun i mBéacán, Co Mhaigh Eo, ag deireadh na míosa seo chugainn.
€7,000 i bPota Óir na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €6,900 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 5, 21, 26, 30.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Tracy Curran, An Choill Rua;
- Cathal Ridge, Na Doireadha;
- Ronan Beag Mac Donnacha, An Teach Mór;
- Paul Madden, An Choill Rua.
Gearóidín Nic an Iomaire, Cor na Rón, a fuair duais an díoltóra.
€6,900 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
Camógaí (Sóisear A): Cois Fharraige 1 – 09, An Turloch Mór 1 – 09.
Camógaí (faoi 13): Cois Fharraige 2 – 04, Eanach Cuain 1 – 02.
Peil na mBan (Peil na Gael, Sóisear): Ml Breathnach 1 – 11, Gráinne Mhaol 0 – 12.
Peil (Roinn 3A): Ml Breathnach 1 – 10, St. James 0 – 11.
Peil (Roinn 3A): An Spidéal 3 – 07, Glenamaddy 1 – 15.
Peil (Sóisear A): An Spidéal 1 – 10, Micheál Breathnach 2 – 11.
Peil (Sóisear D): An Spidéal 2 – 10, Oughterard 1 – 15.
Peil (faoi 15, RI): Ml Breathnach 2 – 11, Monivea-Abbey 0 – 02.
Peil (faoi 15, RI): Ml Breathnach 2 – 06, St James 1 – 02.
Peil (faoi 15, RI): Ml Breathnach 4 – 08, Salthill/Knocknacarra 0 – 07.
Peil (faoi 15, RI): Ml Breathnach 4 – 07, Oranmore/Maree 2 – 03.
Peil (faoi 15 RII): An Spidéal 1 – 02, Killannin 4 – 06.
Peil (faoi 15 RII): An Spidéal 1 – 05, An Cheathrú Rua 0 – 07.
Sacar (Corn Joe Ryan): Cois Fharraige 1, Corofin Utd. 4.
Sacar (faoi 16, Corn RI/I1): Mac Dara 2, Athenry B 0.
Sacar (faoi 14, Corn RII/I1I): Mac Dara 4, Moyne Villa B 3.
Sacar (faoi 13, Corn RII/I1I): Mac Dara 2, Bearna Na Forbacha 3.