Cartlann Nuachta: 15 Deireadh Fómhair 2015
15 Deireadh Fómhair 2015
BISEACH sna Siopaí
Maidin Aoine seo caite seoladh eagrán na bliana seo den iris BISEACH ar Iris Aniar (RnaG), a bhí ag craoladh beo ó Tigh Chualáin ar an gCoill Rua. Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta a rinne an seoladh go paiteanta agus i láthair bhí roinnt mhaith de na daoine a bhfuil altanna acu san iris: Gearóid Denvir, Mártan Ó Ciardha, Ruaidhrí Ó Tuairisg, Gerry Willy Ó Fátharta agus Lochlainn Ó Tuairisg. I measc daoine eile a bhí i láthair bhí eagarthóir na hirise, Seosamh Ó Braonáin (Príomhoide Choláiste Cholmcille), Peadar Ó Sé agus Jimí Ó Féinneadha ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta is Gaeltachta, a chuir deontas €1,500 ar fáil do Chumann Forbartha Chois Fharraige leis an iris a fhoilsiú.
Bhíodh BISEACH á fhoilsiú go bliantúil ó 1968 ach níor tháinig sé amach ó 2012. Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha eagrán speisialta a fhoilsiú an chéad bhliain eile mar chomóradh 50 bliain ar bhunú Chumann Chois Fharraige sa bhliain 1966.
Tá an iris ar fáil sna siopaí áitiúla i gCois Fharraige, sa gCeathrú Rua agus i Leitir Móir agus is maith an luach airgid é ar €5.
Scannán ón Rúis sa tSeanscoil
Scannán ón Rúis, LEVIATHAN, a bheas á thaispeáint anocht (Déardaoin, 15 Deireadh Fómhair) i Seanscoil Sailearna. Fuair an scannán seo an duais don script ab fhearr ag Féile Cannes anuraidh.
Scéal daonna faoi chneámhaireacht agus faoi shaint i Rúis an lae inniu. Duine cumhachtach ag santú an teach deas cois trá ina bhfuil cónaí ar Kolya agus a chomhluadar. Tagann dlíodóir ó Mhoscó i gcabhair ar Kolya agus ní fada go mbíonn sé ina raic, agus méara an bhaile sáite go muineál sa gcneámhaireacht. Tá breis eolais faoin scannán, chomh maith le blaiseadh beag dhó, le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Mí-Ádh ar Bhuachaillí an Spidéil
I gCraobh an Chontae faoi 15 (Roinn C), ar an Satharn seo caite, buaileadh iománaithe óga Bearna/Na Forbacha, ag imirt in aghaidh Shaighleáin. Tá roinnt buachaillí ón Spidéal san aoisghrúpa seo ag imirt le Bearna/Na Forbacha.
Bhí buachaillí Chois Fharraige chun tosaigh sa gcéad leath, ach sa dara leath tháinig Saighleán ar ais agus scoráil siad cúpla cúl gleoite a d’fhág chun tosaigh iad sa deireadh.
D’imir Cathal Ó Gamhnáin, Ryan Ó Tuathail & Oisín Ó Gormaile thar cionn do Bhearna/Na Forbacha. Críochnaigh an cluiche leis an scór Saighleán 3-6, Bearna/Na Forbacha 1-7.
Foireann Iomána Bearna/Na Forbacha faoi 15 a buaileadh sa gcluiche craoibhe, an Satharn seo caite, in aghaidh Shaighleáin.
Ar chúl (ó chlé): Peter Ó Tuathail (traenálaí), Eoin Ó Domhnaill, Maitiú Todd, Cian Ó Conghaile, Riain Ó Direán, Máirtín Ó Conghaile, Tomás Mac Gafraidh, Jack Mac Donnacha, Cathal Ó Gamhnáin (captaen), Riain Ó Tuathail, Conall Ó Caoimh, Caoimhín Ó Sé, Gerry Ó Fatharta (traenálaí).
Chun tosaigh (ó chlé): Tomás Halliday, Cian Ó hIarnáin, Jack Ó Cadhain, Darrach Mac an Choiligh, Liam Ó Mainnín, Tadhg Ó Fatharta, Stiofán Ó Féinne, Eoin Mac Suibhne, Diollún Ó Comáin, Oisín Ó Gormaile, Maitiú Ó Loingsigh.
Torthaí Eile Spóirt ón Deireadh Seachtaine
-
Peil (Roinn 4): Mícheál Breathnach 0 – 7, Gleann an Mhadaigh 1 – 14.
-
Peil (Sraith, Roinn 2): Mícheál Breathnach 2 – 10, Cill Fhir Iarainn 2 – 13.
-
Peil (Sóisear B): An Spidéal 0 – 13, Cill Aithnín 1 – 09.
-
Peil faoi 12 (Roinn 2B): Mícheál Breathnach 1 – 04, Naomh Micheál 6 – 16.
Cailíní Óga F12 Mícheál Breathnach
Bhí bua iontach ag cailíní óga F12 Mícheál Breathnach i gcoinne Bhaile Locha Riach i gCluiche Ceannais an Chondae leis an scór 4-6 in aghaidh 0-7. Bhí siad faoi stiúir a mbainisteoirí Kevin MacDonnacha agus Steve ó Mainnín agus comhordnóir na foirne Úna Uí Dhireáin. Chuir na cailíní an-taispeántas scileanna peile agus crógacht ar fáil dá lucht leanúna.
Ar chúl (ó chlé): Kevin Mac Donnacha , Deirdre Ní Churraoín, Gina Giles, Kianna Ní Mhárta, Clíona Ní Mhárta, Aifric NÍ Ghibne, Avril Nic Thábhais,Éabha Nic Dhonnacha, Orla Ní Churraoín, Clodagh Ní Dhioráin, Clíona Ní Mhárta,Steve ó Mainnín.
Chun tosaigh (ó chlé): Síofra Ní Scanláin, Ailbhe Ní Neachtain, Leah Ní Mhainnín, Deirbhle Ní Mhárta (Captaen), Méadhbh Ní Dhireáin, Amy Ní Chonaire, Ríona Howlin, Clíona Ní Chonghaile.
Cruinniú Cinn Bhliana an Chomharchumainn
Ar an gCéadaoin seo chugainn, 21 Deireadh Fómhair, leanfar le Cruinniú Cinn Bhliana Chomharchumann Sailearna sa tSeanscoil, ag tosaí ag 8.00 i.n. Breis is trí seachtaine ó shin bhí ar Chathaoirleach an Chomharchumainn, Máirtín Ó Donnchadha, an cruinniú cinn bhliana a chur ar atráth, mar go raibh duine i láthair nach raibh sásta ligean don chathaoirleach a thuairisc a thabhairt don chruinniú gan cur isteach air. Ní raibh deis ag na hiniúchóirí ach an oiread na Ráitis Airgeadais a chur os comhair an chruinniú, ráitis a thaispeán gur chaill an Comharchumann beagnach €70,000 anuraidh.
Oíche Boogie ag Traidphicnic
Ar an Satharn seo chugainn, 17 Deireadh Fómhair, beidh Oíche Boogie ar bun thuas staighre Tigh Giblin sa Spidéal, eagraithe ag Traidphicnic, an fhéile ceoil traidisiúnta a bhíonn ar bun sa Spidéal tús mí Iúil. Ceol ó na 70idí agus na 80idí is mó a bheas á chasadh ag an DJ Will Softly agus moltar do dhaoine feisteas bréige a chaitheamh.
Bhí roinnt ócáidí mar seo cheana Tigh Giblin, eagraithe ag Traidphicnic, agus bhain daoine an-sásamh astu. Aon airgead a dhéanfar ar an doras cabhróidh sé le Traidphicnic 2016 a eagrú sa Spidéal.
Coláiste Chrói Mhuire, An Spidéal
Tá éirithe leis an dá fhoireann díospóireachta ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, dul tríd go dti an chéad bhabtha eile de chomórtas díospóireachta Gael-Linn. Ar an bhfoireann sóisearach tá Siúbhán Ní Neachtain (Baile na hAbhann), Aisling Ní Chonghaile agus Liadh Robertson (An Spidéal). Ar an bhfoireann sinsearach tá Emer Ní Dhonnacha (Indreabhán), Ruairc Ó Murchú agus Sadhbh Ní Chonghaile (An Spidéal).
Tá Coiste an Ghaelbhratach bunaithe i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus is iad Conall Ó Caoimh (4ú Bl.) agus Gearóid Ó Conghaile (Idirbhliain) atá mar Oifigigh Chaidrimh Poiblí. Tá sé mar aidhm ag pobal na scoile an Ghaeilge a spreagadh agus a neartú laistigh agus lasmuigh den scoil. Más mian le aon duine de chuid pobal na háite imeacht a mholadh, nó aon chúnamh a thabhairt, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoiste tríd an ríomh-phost gaelbhratachccm@nullgmail.com.
Comhghairdeachas le Joe Steve
Tá dhá leabhar de chuid Cló Iar-Chonnachta ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin: IDIR NEAMH IS TALAMH, le Joe Steve Ó Neachtain agus SÁIRSÉAL AGUS DILL 1947-1981: SCÉAL FOILSITHEORA, le Aoileann Nic Gearailt agus Cian Ó hÉigeartaigh.
Gearrscéalta nua-chumtha atá i leabhar Joe Steve agus, mar a deir an t-údar, séard atá iontu ná a leagan féin ‘den cineál scéalaíochta a bhíodh ag cur daoine á gcoisreacain fhéin’ le linn a óige.
Fógrófar an buaiteoir le linn Oireachtas na Gaeilge ag deireadh na míosa.
Lorg Phléaráca
Cé go bhfuil Pléaráca Teo scortha, beidh lorg den scéim ealaín pobail a cuireadh ar bun i 1993 le feiceál in aice na céibhe i Ros a’ Mhíl ar feadh píosa eile. Tá cuid de na pictiúirí a thóg Bob Quinn á socrú ar bhallaí an mhonarchain éisc, Iasc Mara, ar an mbóthair síos ag an gcéibh. Tá cáil ar Bob Quinn mar fear scannán, ach is grianghrafadóir é chomh maith, agus thar na mblianta tá na céadta pictiúirí tógtha aige ag imeachtaí a bhí ar bun ag Pléaráca agus ag dreamanna eile i gConamara Theas. Léiríonn an taispeántas an nasc a chruthaigh Pléaráca idir an ealaín agus cultúr an phobail.
Amárach (Aoine, 16 Meán Fómhair) ag 6.00 i.n., osclóidh Seosamh Ó Cuaig, iar-chomhghleacaí le Bob i Cinegael, an taispeántas buan faoin aer ar a dtugtar Lorg Phléaráca. Tá sé i gceist na pictiúirí a fhágáil ar taispeántas go buan ar bhinn na monarchan.
Cumann Camógaí Chois Fharraige sa mBlitz
Cailíní ó Chumann Camógaí Chois Fharraige a ghlac páirt i mBlitz an deireadh seachtaine seo caite. Beidh an chéad Blitz eile ar bun an Satharn seo chugainn ar Pháirc Mícheál Breathnach.
Ar chúl (ó chlé): Ailbhe Ní Ghionnáin, Muireann Ní Ghloinn, Ellie Seoige, Éabha Ní Chonghaile, Neasa Nic Dhonnacha, Antonia Ní Riada, Jane Ní Áinle, Niamh Ní Churraoin, Clíodhna Courtney, Grace Ní Áinle.
Chun tosaigh (ó chlé): Sadhbh-Laila Riggott, Róisín Ní Raifteirí, Amy Ní Thuathail, Emer Ní Dhiomsaigh, Adhna Ní Chonghaile, Gráinne Bhreathnach, Isabella Ní Choisdealbha, Clíodhna Ní Neachtain.
Comórtas Pheait Phádraic Tom Ó Conghaile
Reáchtáileadh Comórtas Cuimhneacháin Pheait Phádraic Tom sa Spidéal ar an Domhnach seo caite, 11 Deireadh Fómhair. Reáchtálann clann Pheait an comórtas ina onóir, le tacaíocht ón nGaelacadamh. Seod an cúigiú bliain dúinn á reáchtáil.
Tá cheithre aois ghrúpa sa gcomórtas: 8 bliain agus faoi; 12 bliain agus faoi; 15 bliain agus faoi; agus 18 bliain agus faoi.
Rugadh Pádraic Ó Conghaile (Peait Phádraic Tom) i Leitir Péic, an Spidéal, i 1922. D’oibrigh sé mar fheirmeoir agus bhain sé an-taitneamh as a chuid oibre. Ba bhreá leis a bheith ag castáil le daoine agus ag inseacht scéalta. Chuir sé spéis sna hamhráin sean-nóis agus bhíodh sé ag amhránaíocht ag bainseachaí agus oícheanta airneáin ina óige. Bhí a chroí agus a anam i gceol agus in amhráin agus b’fhurasta amhrán a iarraidh air. Ba i 1954 a chuir sé isteach ar Oireachtas na Gaeilge ar dtús, tar éis dó duais a fháil i gcomórtas amhránaíochta áitiúil. Fuair sé an dara háit i gcomórtas na bhFear i 1955, agus bhain sé an chéad áit i 1956. Mhúin sé daltaí óga i nGaelacadamh an Spidéil ó 1980 go dtí 1992. Fuair sé bás i mí Lúnasa 2010.
Na buaiteoirí sa gcomórtas amhránaíochta i gcuimhne ar Pheait Phádraic Tom Ó Conghaile, a reachtáileadh sa Spidéal an deireadh seachtaine seo caite, faoi choimirce An Gaelacadamh. In éindí leis na buaiteoirí tá an bheirt mholtóirí.
Ar chúl ó chlé: Lillis Ó Laoire (moltóir), Fódhla Ní Bhraonáin, Bróna Ní Cheallacháin, Éadaoin Nic Dhonncha, Colm Ó Curraoin, Róisín Seoige, Dónall Ó Braonáin, Laura Ní Ghoill agus Mairéad Ní Fhlatharta (moltóir).
Chun tosaigh ó chlé: Caoilte Canny, Niamh Ní Ghionnáin, Aoibhe Ní Chualáin, Neans Nic Dhonncha & Damhnait Ní Fhatharta.
Bríd Ní Chonghaile, iníon Pheait, ag bronnadh Corn Cuimheacháin Pheait Phádraic Tom ar an mbuaiteoir, Róisín Seoige as Ros a’ Mhíl.
Róisín Seoige (18 bliain agus faoi), Laura Ní Ghoill agus Dónall Ó Braonáin (15 bliain agus faoi).
Na hiomaitheoirí uilig san aoisghrúpa 12 bliain agus faoi.
Fódhla Ní Bhraonáin, Bróna Ní Cheallacháin, Cainnear Nic Réamoinn, Éabha Breathnach, Éadaoin Nic Dhonncha, Iarfhlaith Canny, Damhnait Ní Fhatharta, Deirdre Ní Churraoin agus Colm Ó Curraoin.
Na hiomaitheoirí uilig san aoisghrúpa 8 bliain agus faoi.
Niamh Ní Ghionnáin, Eoin Ó Gionnáin, Jeaic Ó Cúláin, Kayla Schmidt, Caoilte Canny, Aoibhe Ní Chúláin, Dearbhail Nic Dhonncha, Donnacha Ó Tuairisc, Neans Nic Dhonncha & Micil Mac Donncha.