Cartlann Nuachta: 15 Eanáir 2020
Laoch Camógaíochta
Treasa Ní Chadhain (sa lár) ón Lochán Beag agus ó Chlub Camógaíochta Cois Fharraige a roghnaíodh ar Fhoireann SárImreoirí Sóisir na Gaillimhe don bhliain 2019, lena deirfiúracha Martina (ar chlé) agus Maggie (ar dheis).
Bronnadh gradam uirthi ag ócáid céiliúradh in Óstán Baile Locha Riach Dé hAoine seo caite.
Plean Teanga Chois Fharraige
Beidh an chéad chruinniú ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga do na comhaltaí ar an 30 Eanáir 2020 san ITT, ar chúl Shéipeál an Chnoic, ag tosú ag 8.00pm. Is do na heagrais sa bpobail, a bhfuil ballraíocht tógtha acu sa bhFóram, atá an cruinniú ann le go ndéanfar Bord Stiúrtha na heagraíochta a roghnú, do réir mar atá leagtha amach sna rialacha.
Fógraíodh post mar Oifigeach Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige tar éis na Nollag.
Bainisteoir Nua ag na Breathnaigh
Pádraig Corbett, fear as Cárna ó dhúchas, ach a bhfuil cónaí air taobh le Páirc an Chnoic i gCois Fharraige, atá ceaptha ag Cumann Micheál Breathnach mar bhainisteoir don bhliain 2020 ar an bhfoireann sinsear peile. Beidh Cumann Micheál Breathnach ag imirt sna sinsir i mbliana tar éis dhá bhliain a chaitheamh sa nGrád Idirmheánach. Ach mar gur shrois Na Breathnaigh an cluiche ceannais idirmheánach anuraidh, thuill siad ardú céime, rud a chuir ar ais i measc na sinsear iad don bhliain seo.
Tá ballraíocht i gCumann Micheál Breathnach oscailte anois agus is féidir clárú ar an idirlíon. Ní mhór tuismitheoir amháin ar a laghad a chlárú sa gclub le gasúir faoi aois. €120 atá ar imreoir fásta nó €80 más mac léinn lánaimseartha an t-imreoir. €100 atá ar ghasúr amháin agus tuismitheoir amháin. €130 atá ar chlann a chlúdaíonn na gasúir agus na tuismitheoirí. Níl ach €40 ar bhallraíocht aonair do dhuine fásta nach imreoir é nó í.
Torthaí Lotó Chumann Micheál Breathnach
Ní raibh aon bhuaiteoir ar an bpota óir. Tarraingíodh na hainmneacha seo a leanas as an hata agus tá €50 an duine ag dul dóibh:
Maidhcín Dan Ó Droigheáin, Tuar Beag, An Spidéal.
Séamas King, An Lochán Beag, Indreabhán.
Duais an Díoltóra: Tigh Dhurcáin, Baile na hAbhann.
Dearbhán Tigh Durkin: Fiadh Ní Fheinneadha, Tír an Fhia.
Tá €19,000 sa bpota óir don chéad tarraingt eile.
Séasúr Nua Scannán
Seachtain ón Déardaoin seo, 23 Eanáir, cuirfear tús le séasúr nua de scoth na scannán ó thíortha éagsúla ar fud an domhain, i Seanscoil Sailearna, nuair a thaispeánfar A FAITHFUL MAN, scéal rómánsach atá suite i gcathair álainn Phárais. I measc na scannán eile a thaispeánfar le linn an tséasúir beidh ARRACHT, scannán nua i nGaeilge faoin nGorta Mór, ina bhfuil an príomhpháirt ag Dónal Ó Héalaí ó Chois Fharraige. Is ar an Déardaoin, 12 Márta, a bheidh ARRACHT á thaispeáint i Seanscoil Sailearna – an chéad taispeántas den scannán i gConamara.
Is féidir ballraíocht a fháil don séasúr ar €35 do dhuine aonair, nó €60 do lánúin, as a mbíonn cead isteach ag na scannáin go léir gan aon cheo eile a íoc. Bíonn €8 le íoc ar scannán amháin ag daoine gan bhallraíocht.
Tá liosta iomlán na scannán le fáil anois ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE, mar aon le eolas fúthu.
Sacar Chois Fharraige
Ní ró-mhaith a thosaigh an bhliain nua do Chumann Sacair Chois Fharraige. Cé gur chríochnaigh siad an bhliain 2019 sa darna áit leis na pointí céanna le Tuam Celtic, atá ar bharr an tábla, chlis orthu seachtain ón Satharn seo caite sa gCeathrú Rua nuair a buaileadh iad 4 – 1 ag imirt in aghaidh Merlin Woods FC/Medtronic, an fhoireann a bhí ar bhun an tábla. Tá Cois Fharraige anois sa tríú áit, trí phointe ar chúl ó Tuam Celtic agus Renmore. Tá ocht gcluiche eile le imirt fós roimh dheireadh an tséasúir.
Idir an dá linn, ar an Domhnach seo chugainn, 19 Eanáir, beidh Cois Fharraige ag imirt foireann ó Ros Comáin sa gcéad bhabhta eile den Brennan Cup, comórtas idir na fóirne sacair i gCúige Chonnacht. Is sa gCeathrú Rua a bheas an cluiche ar bun ag 2.00.
Sa gcomórtas céanna ar an Domhnach seo chugainn beidh foireann na Ceathrú Rua, Mac Dara, ag taisteal go Co Mhaigh Eo le imirt in aghaidh Conn Rangers.
An Spidéal agus Gaillimh 2020
An tseachtain seo caite bhí cruinniú eolais ag Gaillimh 2020 i gColáiste Chonnacht le eolas a thabhairt faoina bhfuil beartaithe don Spidéal mar chuid de cheiliúradh oscailte Gaillimh 2020. Thart ar triúr déag a bhí ag an gcruinniú.
Seo mar atá leagtha amach don Spidéal: ar an Luan, 3 Feabhra, ‘pléascfaidh ceiliúradh loiscneamh’ thíos ag an Sean Chéibh. Beidh drumadóirí ann agus tine cnámh is cosúil, filíocht is amhráin. Tá thart ar dhá scór duine ó cheantar Chois Fharraige ag cleachtadh don ócáid spleodrach sa Spidéal le roinnt seachtainí anois.
Tá ócáid mar é beartaithe i sé ionad éagsúla ar fud an chontae ar oícheanta éagsúla sula mbeidh an mhír dheiridh den Searmanas Oscailte ar bun ag an bPáirc Theas i gCathair na Gaillimhe, ar an Satharn, 8 Feabhra, áit a bhfuil súil leis na mílte le tús spleodrach a chur le Gaillimh 2020 mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa.
Gradaim Ceoil Nós – Ainmniúcháin
Dris Óg, an grúpa ceoil ón Spidéal atá ainmnithe le haghaidh dhá ghradam ceoil Nós. Beidh na gradaim á mbronnadh sa Sugar Club, seachtain ón Aoine seo chugainn, 24 Eanáir.
Ó chlé: Dylan Ó Faoláin, Darragh Mac Aodha, Seán Ó Gallchobhair, Katie Ní Ghallchobhair, Finnán Ó Srutháin.
Tá roinnt mhaith ceoltóirí ó Chois Fharraige ar an ngearrliosta le haghaidh Gradaim Ceoil NÓS 2020.
Dhá amhrán le Róisín Seoighe, Ros a’ Mhíl – ‘An Teanga Linn’ agus ‘Geasa’ – ainmnithe le aghaidh Amhrán na Bliana.
Tá Róisín Seoighe ainmnithe chomh maith le haghaidh Gradam Ceoltóir/Banna na Bliana.
An dlúthdhiosca ‘Fad Saoil’ – ceol le Johnny Óg Connolly curtha le dánta de chuid Joe Steve – ainmnithe le haghaidh Albam na Bliana agus le haghaidh Gradam Ealaín na Bliana.
An t-amhrán nua chumtha ‘Cor na Rón’ le Gerry Tom Ó Murchú, ainmnithe le haghaidh Gradam Ealaín na Bliana.
An t-amhrán nuachumtha ‘Oíche Gheal’ le Pádraig Jack, ó Ros a’ Mhíl, ainmnithe le haghaidh Gradam Ealaín na Bliana.
‘Lig Dom Imeacht’ leis an grúpa ceoil ón Spidéal, Dris Óg, ainmnithe le Físeán Ceoil na Bliana agus iad ainmnithe chomh maith le haghaidh Gradam Nuíosach na Bliana.
Beidh na Gradaim féin ar siúl sa Sugar Club, Baile Átha Cliath, Dé hAoine 24 Eanáir 2020. Is faoin bpainéal moltóirí atá sé anois na buaiteoirí a roghnú.
Seisiúin na gCeoltóirí Óga
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige Cóisir 2020
Tá Seisiún na nDéagóirí tosaithe ar ais ón Satharn seo caite sa gCrúiscín Lán gach Satharn ón 6.00 go 7.00pm agus tá Seisiún na gCeoltóirí Níos Óige san ITT ar an Domhnach, 12 Eanáir, ag 12.00 tosaithe ar ais chomh maith.
Bíonn fáilte roimh bhaill nua i gcónaí.
Cártaí agus Biongó
Tá na cártaí i Scoil na Minna tosaithe ar ais an tseachtain seo agus beidh siad ar bun gach Céadaoin ag 8.00pm.
Tá bingo ag tosú ar ais, tar éis sos na Nollag, ar an Luan seo chugainn, 13 Eanáir, ag 8.00pm, i Seanscoil Sailearna, ar mhaithe leis an Seirbhís Béile ar Rothaí de chuid Tearmann Éanna.
Torthaí Spóirt
Sacar (Roinn I): Mac Dara 2, West Coast Utd. 1.
Sacar (Cailíní faoi 15): Bearna/Na Forbacha 4, Oughterard 1.
Sacar (faoi 13): Mac Dara 2, Maree/Oranmore 3.