Cartlann Nuachta: 15 Feabhra 2017

Buaiteoirí ó Chois Fharraige sa Liathróid Láimhe

Eoin Ó Conghaile & Lúc Mac Aodha, Scoil Éinne

Buachaillí Dúbailte faoi 11: Eoin Ó Conghaile agus Lúc Mac Aodha ó Scoil Éinne, An Spidéal.

Tá Craobh na hÉireann Sinsear Dúbailte Grád A buaite ag Cian Ó Conghaile agus Oisín Ó Cualáin ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, tar éis taispeántas íontach i gCábhán an deireadh seachtaine seo caite. Fuair siad an ceann is fearr ar bheirt ó Choláiste Challán na mBráithre Criostaí i gCill Channaigh sa gcluiche leathcheannais leis an scór 15- 6 vs. 15- 8. Sa gcluiche ceannais bhuail siad buachaillí ó Mhá Eala i gCorcaigh leis an scór 15 – 9 vs. 15- 7.

Bhí bua ag cailíní ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ag an deireadh seachtaine chomh maith. Bhuail Éadaoin Nic Dhonncha agus Skylan Ní Mháille Breathnach ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, an comórtas dúbailte don 1ú bhliain dara leibhéal, a imríodh i gCoillte Mách, Co Mhaigheo.

Ag Craobh Chonnacht do na bunscoileanna, a imríodh ag an deireadh seachtaine i Maigh Chuilinn, d’éirigh le buachaillí agus caillíní ó bhunscoileanna Chois Fharraige roinnt gradam a chrocadh leo chomh maith. Seo iad na buaiteoirí ó bhunscoileanna Chois Fharraige:

  • Cailíní Dúbailte faoi 13: Amanda Ní Bhrádaigh agus Méabh Ní Chualáin ó Scoil Sailearna, Indreabhán.
  • Buachaillí Dúbailte faoi 11: Eoin Ó Conghaile agus Lúc Mac Aodha ó Scoil Éinne, An Spidéal.
  • Buachaillí Singil faoi 11: Feidhlim Ó Diollúín ó Scoil Sailearna, Indreabhán.
  • Cailíní Singil faoi 11: Grace Hanley ó Scoil Éinne, An Spidéal.

Cailíní ó Scoil Sailearna -dúbailte f13

Amanda Ní Bhrádaigh agus Méabh Ní Chualáin ó Scoil Sailearna, Indreabhán, ar éirigh leo an Craobh na hÉireann sa Liathróid Láimhe do na bunscoileanna a thabhairt leo i gcomórtas dúbailte do cailíní faoi 13.

Cailíní Dúbailte Liathóid Láimhe

Éadaoin Nic Dhonncha agus Skylan Ní Mháille Breathnach, ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ar éirigh leo an Craobh Connacht sa Liathróid Láimhe a thabhairt leo i gcomórtas dúbailte do cailíní sa 1ú bhliain iarbhunscoile.


Deis Forbartha na Drámaíochta

ScoraíochtTá maoiniú faighte ag Ealaín na Gaeltachta chun tabhairt faoi scéim forbartha i ndrámaíochta sa Ghaeltacht. Mar pháirt den scéim seo ar a dtugtar ‘Gáirdín an Ghiorria’, tá an stiúrthóir drámaíochta ón gCeathrú Rua, Beartla Ó Flatharta ceaptha mar dhrámadóir cónaitheach ar feadh bliana agus cúram air freastal ar riachtanais oiliúna na gcumainn drámaíochta sa nGaeltacht.

Faoin scéim beidh ceardlanna drámaíochta á gcur ar fáil aige saor in aisce idir Mí Márta agus Mí na Samhna. Seo thíos samplaí don tacaíocht go bhféadfaí a chur ar fáil faoin scéim ‘Gáirdín an Ghiorria’:

  • Ceardlanna le Léiritheoirí agus Stiúrthóirí.
  • Deis chun Ábhar a Fhorbairt is a Thástáil ón Script go Stáitse.
  • Ceardlanna Aisteoireachta.
  • Oiliúint Theicniúil, mar shampla, Soilsiú agus Fuaim.
  • Comhairliúcháin ar Ghrúpaí nó ar Dhaoine Aonair.

Má tá suim ag do chumann drámaíochta a bheith páirteach sa deis seo, níl le déanamh ach dul i dteagbháil le Muireann Ní Dhroighneáin, ó Ealaín na Gaeltachta, le foirm iarratais a lorg agus breis eolais a fháil faoin scéim. Sonraí teagmhála na hÁisitheoirí Ealaíne Réigiúnach le fáil ar an suíomh www.ealain.ie.


Albam Nua ag Micheál Darby

An Rithim Réidh’ is teideal don albam nua atá eisithe ag an gceoltóir mileoidin as na hAille, Mícheál Darby Ó Fátharta. Tá bailiúchán dhá rian déag ar an dlúthdhiosca seo a léiríonn stíl shainiúil an Fháthartaigh, stíl atá séimh, binn agus nádúrtha agus a thugann tús áite do cheol an mhileoidin féin. Tá sé seacht mbliana déag ó d’eisigh Mícheál a albam deireanach, ‘Bosca Bídeach.

Tá rogha leathan de phíosaí ceoil a chuaigh i bhfeidhm ar Mhícheál anuas tríd na blianta le cloisteáil ar an gcnuasach blasta seo, idir phoirt agus ríleanna chomh maith le válsa, rince sciobóil, cornphíopa agus fonn mall. Tá clúdach álainn a tharraingíonn ar dhúchas Chonamara ar an dlúthdhiosca agus is é an t-ealaíontóir Dara McGee a rinne an obair ealaíne go speisialta do Mhícheál.

Aengus Ó Fátharta, fear muinteartha le Mícheál, a rinne an obair dheartha. Thíos ar an gcladach sna hAille a thóg Seán Ó Mainnín na pictiúir.

Ar na ceoltóirí atá ag coinneáil ceoil le Mícheál tá Muireann Nic Amhlaoibh ar an bhfeadóg mhór, Trevor Hutchinson ar an olldord agus Dessie Kelleher ar an mbainseó, chomh maith le Donogh Hennessy ar an ngiotár.

Is í an ceoltóir Róisín Nic Dhonncha ó Chárna a sheolfas ‘An Rithim Réidh’ i dTigh Chualáin, An Choill Rua, ar an Satharn, 11 Márta, áit a mbeidh fáilte roimh chách. Tá an dlúthdhiosca ar fáil sna siopaí áitiúla ar fud Chonamara agus i gCathair na Gaillimhe ar phraghas €15.


Cúrsa Cócaireachta i Ros Muc

Cuirfear tús le cúrsa cócaireachta ar an gCéadaoin seo chugainn, 22 Feabhra, i nGairmscoil na bPiarsach, An Gort Mór, Ros Muc. Cúrsa sé seachtaine atá i gceist, gach Céadaoin ón 18.30 go 21.30pm agus sé an sárchócaire, Micheál Ó Maoláin, a bheas i mbun an teagaisc. Is trí mheán na Gaeilge a reachtálfar an cúrsa.

Tá an cúrsa nua seo eagraithe ag Údarás na Gaeltachta agus dírithe ar lucht gnó agus dhaoine ar mhaith leo scileanna cócaireachta nua a fhoghlaim chun cur lena seirbhísí turasóireachta. Más spéis leat freastal ar an gcúrsa ba chóir teagmháil a dhéanamh le Niamh Ní Chonghaile san Údarás ag an uimhir 091-503175 nó ríomhphost a chur chuig n.nichonghaile@nulludaras.ie.


Cúrsa Ríomhaireachta do Thosaitheoirí

julianne-ni-chonchobhairIs ar an Máirt seo chugainn, 21 Feabhra, a chuirfear tús le cúrsa nua ríomhaireachta do thosaitheoirí i Seanscoil Sailearna agus ní ar an gCéadaoin mar a fógraíodh an tseachtain seo caite. Idir seo agus an Cháisc beidh an cúrsa ag bun gach Máirt ó 7.00 go 9.30pm ar feadh ocht seachtaine, ag críochnú ar an 11ú Aibreán. Níl ach 12 áit ar an gcúrsa. Sí Julianne Ní Chonchubhair (ar dheis) a bheas i mbun an teagaisc. Is trí mheán na Gaeilge a bheas an cúrsa á theagasc. Tá an cúrsa eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, le maoiniú atá curtha ag fáil ag an GRETB, faoin Scéim Tacaíochta Oideachas Pobail.

Tá an cúrsa seo dírithe ar thosaitheoirí go príomha nó daoine atá iarraidh níos mó taithí ar an ríomhaireacht. Clúdófar na scileanna praicticiúla ar úsáid ríomhairí a theastódh ón gnáthdhuine sa lá atá inniu ann, ar nós úsáid a bhaint as an idirlíon, cuntas r-phost a chruthú agus a úsáid, doiciméidí a scríobh ar an ríomhaire, Skype a úsáid chomh maith le áiseanna eile atá ar fáil ar an idirlíon. Níl ach táille €40 le íoc ar an gcúrsa. Baileofar an táille an chéad oíche den chúrsa. Tá níos mó eolais faoin gcúrsa le fáil ach glaoch ar Ghearóid Willy Ó Fátharta ag (091)505728 nó (086)1234415.


Operation Transformation i Ros a’ Mhíl

Ghlac Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, páirt sa bhfeachtas Operation Transformation i mbliana. Mar chuid dhó bhí ar dhaltaí na scoile 10 nóiméad aclaíochta a dhéanamh ag a 10 a chlog ar maidin, ar an 10ú lá de mhí Feabhra. Briseadh suas na daltaí i ngrúpaí agus rinne gach grúpa aclaíocht difriúil ar feadh nóiméad amháin agus ansin bhog siad ar aghaidh chuig an chéad staisiún eile le aclaíocht eile a dhéanamh. I measc na ngníomhaíochtaí ag na stáisiúin bhí ritheacht, cispheil, bac-chúrsa, cluiche le málaí pónairí, preabadh ar leathchos srl. Bhí an-spraoi ag na daltaí agus ag na múinteoirí.


Club Leabhar á Thosú

Beidh cruinniú ar bun ag 8.00pm ar an gCéadaoin seo chugainn, 22 Feabhra, i dTigh Mholly, An Lochán Beag, Indreabhán, féachaint le tús a chur le Club Leabhar Chois Fharraige.

Séard a bheadh i gceist leis an gClub Leabhar ná seo: go roghnófaí leabhar Gaeilge gach mí agus go bpléifí an leabhar ag an gcéad teacht le chéile eile, ag a roghnófar leabhar nua. Roghnófar an chéad leabhar ag an gcéad chruinniú ar an gCéadaoin seo chugainn.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoin gClub Leabhar ach ríomhphost a sheoladh ag clubleabharcf@nullgmail.com.


Pionta Amháin Uisce

JohnnyChóilMhaidhcPionta Amháin Uisce an dráma atá roghnaithe i mbliana ag Coláiste Cholmcille do na féilte drámaíochta, a thosaigh an Chéadaoin seo i gCinn Mhara, áit a reáchtáladh Féile Drámaíochta na Gaillimhe.

Is é Johnny Chóil Mhaidhc, an drámadóir agus an file, a scríobh an dráma.

Mar ullmhúchán do Fhéile Drámaíochta na Gaillimhe chuir rang na hIdirbhliana, Coláiste Cholmcille, an dráma ar siúl do na daltaí i Scoil Náisiúnta Shailearna agus an tseachtain seo caite thug siad an dráma siar go Tearmann Éanna chun é a chur ar siúl do na haosaigh.


Scoláireachtaí Printíseachta an Údaráis

udaras-logo

Tá Údarás na Gaeltachta ag glacadh le iarratais ó dhaoine óga Gaeltachta, buachaillí agus cailíní, a bhfuil spéis acu sna scoláireachtaí printíseachta. Is scéim é seo ina chuireann an tÚdarás scoláireachtaí ar fáil do chainteoirí líofa ón nGaeltacht, i réimse leathan ceirdeanna.

Tá breis eolais faoi na scoláireachtaí printíseachta, chomh maith le foirmeacha, le fáil ach glaoch ar cheachtar den dá uimhir 091 503139 nó 503121. Tá go dtí 3 Márta le foirmeacha iarratais a chur ar ais ag Údarás na Gaeltachta.


Scannán sa tSeanscoil Anocht

Off the Beaten Track

Radharc as an scannán faisnéise, OFF THE BEATEN TRACK, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 16 Feabhra, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosú ag 8.15pm. Beidh léiritheoir an scannáin, Dieter Auner, i láthair ag an taispeántas.

OFF THE BEATEN TRACK, is teideal don scannán faisnéise, a beidh á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, anocht ag 8.15pm. Déanta ag Dieter Auner, a bhfuil cónaí anois air i Maigh Chuilinn, díríonn an scannán ar an mbealach a bhfuil an saol sa Romáin athraithe, de bharr na himirce go tíortha eile in Iarthar na hEorpa. Is deacair daoine óga a choinneál ar an talamh nuair atá níos mó airgid le déanamh ar shuíomhanna tógála sa nGearmáin gach mí ná mar a bheadh saothraithe acu ar feadh bliana sa mbaile ar an talamh.

Beidh léiritheoir an scannáin, Dieter Auner, i láthair sa tSeanscoil ar an oíche agus réidh le ceisteanna a fhreagairt agus páirt a thógáil sa díospóireacht ina dhiaidh.


15 Feabhra 2017