Cartlann Nuachta: 15 Feabhra 2023
Forbairt ar Choláiste Lurgan
Coláiste Lurgan ar an gCnoc, Indreabhán.
Tá airgead le cur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta do Údarás na Gaeltachta le iarratas ar chead pleanála a réiteach le gur féidir Ionad Óige is Oideachais a thógáil ar an suíomh.
Tógadh Coláiste Lurgan an chéad uair i 1968 ach is le Údarás na Gaeltachta é le beagnach 40 bliain anois.
Fógraíodh ar an Máirt seo caite go bhfuil €314,280 le cur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta d’Údarás na Gaeltachta le cead pleanála a ullmhú don ‘Ionad Oideachais is Óige’ atá le tógáil ar shuíomh Choláiste Lurgan ar an gCnoc, Indreabhán. Is le Údarás na Gaeltachta an suíomh ar a bhfuil an foirgneamh agus sé an tÚdarás a bheas i mbun na forbartha agus ag bainistíocht an Ionaid nuair atá sé tógtha. Do réir an ráitis a d’eisigh an Roinn ar an Máirt seo caite beidh ‘halla ilfheidhmeach, seomraí ranga, cistin, oifigí chomh maith le spás spraoi agus páirceála’ sa bhforbairt atá beartaithe.
Dúradh sa ráiteas go bhféadfadh go mbeadh an t-iarratas pleanála réidh le chur faoi bhráid an Chomhairle Chontae faoin samhradh seo agus go bhféadfadh an t-Ionad a bheith tógtha faoi dheireadh na bliana 2025 agus ar fáil do Choláiste Lurgan samhradh 2026.
I ráiteas a d’eisigh Cumann Forbartha Chois Fharraige fáiltíodh roimh an méid a fógraíodh ar an Máirt agus dúradh go raibh sé tábhachtach anois go ndéanfaí an t-iarratas pleanála a chur os comhair an Chomhairle Chontae chomh luath agus is féidir le nach mbeadh aon mhoill eile ar an dtogra. Bhí Cumann Forbartha Chois Fharraige páirteach i gcomhráití thar na blianta leis na páirtithe éagsúla ag iarraidh go dtiocfaí ar chomhréiteach eatarthu. Tá ríméad ar an gCumann Forbartha go bhfuil an cuma ar an scéal anois go mbeidh an togra ag dul ar aghaidh agus beidh an Cumann Forbartha ar fáil le páirt a thógáil sa gCoiste Comhairleach atá le bunú, chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as an Ionad ar mhaithe le pobal Chois Fharraige, go speisialta óige an cheantair.
Plean Cúig Bliana do Chois Fharraige
Chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige liosta moltaí ar aghaidh chuig Comharchumann Sailearna le cur san áireamh sa bPlean Gnímh Cúig Bliana atá á réiteach do cheantar Chois Fharraige ag an gcomharchumann ar iarratas ó Údarás na Gaeltachta, a chuireann deontas bainistíochta ar fáil don chomharchumann.
I measc na moltaí a rinne Cumann Forbartha Chois Fharraige bhí na cinn seo a leanas:
- Go mba cheart Coill Pobail a fhorbairt sa gceantar ar mhaithe leis an timpeallacht agus ar mhaithe leis an bpobal.
- Go mba cheart suíomh feiliúnach a fháil le reilig nua a fhorbairt sa gceantar.
- Droichead do choisithe a chur thar Abhainn Chruimlinne ar an tSiúlóid Chois Cladaigh.
- Ionad a aimsiú le Cró na bhFear is na mBan a chur ar bun i gCois Fharraige.
- Go n-iarrfaí ar Údarás na Gaeltachta Stór na dTrátaí ar an Teach Mór a athchóiriú.
- Áiteacha páirceála a fhorbairt ar roinnt tránna sa gceantar.
- Scáthláin Bhus a fheistiú i gCois Fharraige.
- Stáisiún Luchtú Carranna Leictreacha a fheistiú ag Seanscoil Sailearna, i mBaile na hAbhann agus ag Calafort Ros a’ Mhíl.
- Ionad Athchúrsála a fhorbairt le freastal ar Chois Fharraige.
Mhol an Cumann Forbartha chomh maith go mbunófaí meitheal faoi scáth Chomharchumann Sailearna chun féachaint chuige go gcuirfear an oiread is féidir de na moltaí i bhfeidhm sa tréimhse cúig bliana atá leagtha amach dhó.
Grúpa Aclaíochta do Mhná
Tá grúpa aclaíochta do mhná tosaithe ag Cumann Micheál Breathnach, ag tíocht le chéile gach Máirt ag 7.00pm ar an bPáirc Astro, i nGleann an Chnoic.
Tá an grúpa feiliúnach do mhná ó sheacht mbliana déag d’aois suas. Beidh na seisiúin seo neamhfhoirmiúil agus cead ag gach duine rith/siúl ag a luas féin. Níl aon ghá clárú roimh ré, ach beidh táille €3 an duine á bhailiú le íoc as na soilsí. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Frances (086 8892180) nó le Fionnuala (086 8899566).
Club Scannán – BOTH SIDES OF THE BLADE
Radharc as an scannán rómánsúil ón bhFrainc, BOTH SIDES OF THE BLADE, a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 16 Feabhra, ag 8.15pm i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Ar an Déardaoin seo, 16 Feabhra, scannán ón bhFrainc, BOTH SIDES OF THE BLADE, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm. Scéal atá ann faoi bhean phósta, a théann a saol de na ráillí, nuair a imíonn sí ag bradaíl. Dráma rómánsúil atá ann leis an sár-aisteoir Juliette Binoche sa bpríomhpháirt.
Daoine nach baill iad, is féidir leo ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, nó is féidir íoc isteach ag an doras ar an oíche chomh maith.
Oíche Shóisialta ag Cumann Micheál Breathnach
Is in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha a bheas Oíche Shóisialta ag Cumann Micheál Breathnach ar an Aoine, 10 Márta. Beidh dinnéar, beidh bronnadh, beidh ceol, craic agus spraoi ann.
Tá na ticéid le ceannach ar líne an tseachtain ar €45 an ceann.
Post sa gComharchumann
Tá go dtí Aoine na seachtaine seo chugainn, 24 Feabhra, ag daoine iarratas a dhéanamh ar phost atá fógraithe ag Comharchumann Sailearna in Indreabhán den teideal Comhordaitheoir Tionscadal.
Duine cruthaíoch tionscantach atá á lorg leis an bpost a líonadh. Bheadh an té a cheapfaí ag obair faoi stiúir an bhainisteora, le clár oibre an chomharchumainn a chur i bhfeidhm agus freagrach as comhordanú a dhéanamh ar thograí éagsúla sa gceantar chomh maith le deiseanna forbartha nua a aithint. Tá níos mó sonraí faoin bpost le fáil ar an suíomh idirlín WWW.CST.IE.
Is féidir litir iarratais mar aon le CV a sheoladh isteach ag an mBainisteoir,Comharchumann Sailearna, nó is féidir iarratas a sheoladh ar ríomhphost chuig SAILEARNA@nullGMAIL.COM.
Tráth na gCeist, Tigh Chualáin
Tigh Chualáin, ar an gCoill Rua, Indreabhán
Beidh Tráth na gCeist á reáchtáil chomh maith ar an Aoine seo, 17 Feabhra, i dTigh Chualáin, ar an gCoill Rua, ar mhaithe le airgead a bhailiú do Chumann Sacair Chois Fharraige. Táille €40 a bheas ar gach bord de cheathrar. Beidh crannchur ann chomh maith ar an oíche. Bheadh an club sacair an-bhuíoch do thacaíocht ón bpobal don ócáid.
Tá an fhoireann sóisear ag Cumann Sacair Chois Fharraige ag déanamh an-mhaith i mbliana i Roinn I de Shraithchomórtas na Gaillimhe, sa dara áit ar 31 pointe. Moyne Villa atá sa gcéad áit ar 38 pointe. Chomh maith le sin, tá Cois Fharraige fós san iomaíocht i Corn Sóisear Chonnacht, théis dóibh foireann láidir ó Bhéal an Átha a bhualadh sa gceathrú babhta le gairid.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €4,400 sa bPota Óir ach ní raibh aon bhuaiteoir ann.
Na huimhreacha a tarraingíodh: 2, 5, 19, 24.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Mary Ann Griffin, f/ch Eileen Brennan, Cor na Rón;
- Elizabeth Ní Chonghaile, Cor na Rón Thoir;
- Maggie (Kate Kelly), Béal a’ Daingin;
- Paddy Ó Curraoin, Ros a’ Mhíl.
Joe Brennan, Cor na Rón, a fuair duais an díoltóra.
€4,500 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
• Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 2, Renmore B 0.
• Sacar (Roinn I): Mac Dara 2, St Patrick’s 2.
• Sacar (Roinn II): Bearna/Na Forbacha 5, Loughrea B 2.
• Sacar (faoi 17): Mac Dara 0, St. Bernard’s 3.
• Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha 0, Tuam Celtic 2.
• Sacar (faoi 15): Mac Dara 4, East Galway United 2.
• Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha B 4, Colemanstown Utd B 1.
• Sacar (Cailíní faoi 15): Bearna/Na Forbacha B 0, Loughrea Rams 2.
• Sacar (Cailíní faoi 15): Bearna/Na Forbacha B 2, Colemanstown Utd. 3.
• Sacar (Cailíní faoi 13): Bearna/Na Forbacha B 0, St. Bernard’s 1.
• Sacar (faoi 13): Mac Dara 1, Cregmore/Claregalway B 2.
• Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha 5, Galway Hibs 1.
• Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha 0, Oughterard 2.