Cartlann Nuachta: 15 Iúil 2015
15 Iúil 2015
Campaí Samhraidh
Le roinnt seachtainí anuas bhí na céadta gasúr ó cheantar Chois Fharraige páirteach i gcampaí spóirt ar Pháirc an Chnoic. Ag tús na míosa bhí os cionn 100 gasúr ag an gCampa Peile a d’eagraigh Cumann Mícheál Breathnach agus an tseachtain seo caite bhí os cionn 60 gasúr ag an gcampa iománaíochta . An tseachtain seo is campa camógaíochta atá ar bun chomh maith le campa liathróid láimhe.
Pádraig Mac Giolla Bhríde, i mbun na traeneála ag Campa Iománaíochta ar Pháirc an Chnoic, a d’eagraigh Cumann Mícheál Breathnach.
Cailíní na Gaillimhe f16 i gCluiche Ceannais na hÉireann
Tá áit bainte amach ag foireann cailíní na Gaillimhe i gCluiche Ceannais na hÉireann. Bhuail siad Tír Eoghain ar an gCéadaoin seo caite leis an scór 2 – 14 in aghaidh 1 – 10. Ag imirt i lár na páirce le foireann na Gaillimhe bhí Becky Ní Éallaithe, Na hAille, Indreabhán. Is imreoir í de chuid Chumann Mícheál Breathnach. Is in aghaidh Ciarraí a bheas cailíní na Gaillimhe ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann, ar an gCéadaoin, 29 Iúil.
Becky Ní Éallaithe, uimhir 9, ag tabhairt pas do Michela Ní Chearnaigh, uimhir 13, le linn cluiche leath cheannais na hÉireann faoi 16, in aghaidh Tír Eoghain. Imríonn Becky le Cumann Micheál Breathnach agus imríonn Michela, leis An Fhairche. Bhí an bua ag cailíní na Gaillimhe agus beidh siad ag imirt in aghaidh Chiarraí i gCluiche Cheannais na hÉireann ar an gCéadaoin, 29 Iúil.
Cónascadh an Dá Scoil Iarbhunoideachais
Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ag iarraidh ar an Aire Oideachais, Jan O’ Sullivan, athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna, gan dul ar aghaidh leis an bpróiséas a bhí ar bun faoin dá Iarbhunscoil i gceantar Chois Fharraige a chónascadh. I litir a chuir an Cumann Forbartha ar aghaidh ag an Aire, an tseachtain seo, deirtear go bhféadfadh go bhfuil míthuiscint ar an Roinn faoin gceantar ar a bhfuil an dá scoil ag freastal agus, dá bharr sin, go bhfuiltear den tuairim sa Roinn go mbeidh fás mór ag tarlú i líon na ngasúr a bheas ag iarraidh freastal ar an dá scoil.
I doiciméad taighde faoi éileamh ar oideachas dara leibhéal sa nGaeltacht, tá sé ráite go bhfuil Scoil Chuimsitheach na Ceathrú Rua ag freastal ar cheantar Chois Fharraige agus go bhfuil an dá scoil i gCois Fharraige ag freastal ar Bhearna agus ar Mhaigh Chuilinn. Deireann Donncha Ó hÉallaithe, Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, go bhfuil faitíos ar an gCumann Forbartha gur stopadh an próiséas faoin gCónascadh mar gheall ar an meascán atá tarlaithe sa Roinn faoin gceantar Gaeltachta ar a mbíonn an dá scoil ag freastal go príomha.
Bua Maith ag Iománaithe Mícheál Breathnach
Beirt de thosaithe ó fhoireann iomána Micheál Breathnach i mbun coimhlinte le iománaithe Port Omna ar Pháirc Uí Chionna, Bleá ‘n Rí. Bhí bua maith ag iománaithe Chois Fharraige agus tá siad ar bharr an tábla agus gan ach dhá chluiche eile le imirt acu, sa grád Sóisear A.
Clár na Scór i bPáirc Uí Chionna, Bleá ‘n Rí le linn an chluiche iománaíochta idir Micheál Breathnach agus Port Omna. Níorbh fhiú dóibh an stró ‘Micheál Breathnach’ a scriobh ar an gclár!
Biseach le Foilsiú
Tá socrú déanta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige an iris BISEACH a fhoilsiú i mbliana. Tá Coiste Eagarthóireachta curtha ar bun, ar a bhfuil na daoine seo a leanas: Seosamh Ó Braonáin, Máire Áine Ní Fhlaitheartaigh, Donncha Ó hÉallaithe agus Máirín Mhic Lochlainn. Bheadh súil ag an gCoiste Eagarthóireachta go mbeadh an iris réidh mí Dheireadh Fómhair.
Foireann Mionúir Micheál Breathnach
Foireann Mionúir Peile Chumann Mícheál Breathnach, a bhuail Naomh Anna, Leitir Móir, sa chéad bhabhta i gCraobh Bhord an Iarthair, ar Pháirc Ros a’ Mhíl le gairid.