Cartlann Nuachta: 15 Márta 2023

Oíche na nGradam

Peileadóirí Ban (Sóisear) de chuid Cumann Micheál Breathnach, ag an Oíche Shóisialta a bhí ag an gcumann ar an Aoine seo caite in Óstán Chois Fharraige.

Ina seasamh ar chul, ó chlé: Nikola Ní Chonghaile, Becky Ní Éallaithe (Imreoir na Bliana 2022), Rosie Ní Dhubhghaill, Ríona Howlin (Imreoir Mionúr na Bliana 2021), Catherine Ní Chonghaile, Deirbhle Ní Mhárta, Éabha Nic Dhonnacha, Meadhbh Ní Dhireáin (Imreoir Sóisear na Bliana 2021), Shíofra Ní Scanláin, Clíona Ní Chonghaile (Bouli), Sadhbh Howlin, Róisín Ní Ghionnáin, Aoife Ní Neachtain, Clíodhna Ní Neachtain, Aisling Nic Dhonnchadha, Louise Seoighe, Saoirse Howlin agus Sarah Ní Choinceanainn.

Ina suí chun tosaigh, ó chlé: Clíodhna Ní Chonghaile (Jude), Ailbhe Ní Ghionnáin, Clíodhna Ní Mhárta (Captaen na Mionúr agus Imreoir Mionúr na Bliana 2022), Síofra Ní Mhárta, Amy Ní Thuathail, Aghna Nic Dhonnacha, Aobh Ní Dhubhghaill (Captaen na Sóisear), Aoife Nic Dhonnacha, Caoimhe Ní Choisdealbha, Nickita Dillion agus Ailbhe Ní Neachtain.

[Pictiúr: Seán Ó Mainnín]

An Aoine seo caite is in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha a bhí Oíche Shóisialta ag Cumann Micheál Breathnach. Oíche speisialta a bhí ann do fhoireann ban sóisear na mBreathnaigh mar go raibh ceiliúradh á dhéanamh acu ar cúig chorn a bhuachan le linn na bliana, Comórtas Peile na Gaeltachta san áireamh.

Le linn na hoíche bronnadh gradaim ar roinnt mhaith imreoirí. Seo a leanas liosta na ngradam do Imreoirí na Bliana don bhliain 2021 agus don bhliain 2022 chomh maith, a bronnadh ar an oíche:

  • Peil faoi 20: Tomás Ó Curraoin (2021) agus Maidhc Mac Gearailt (2022).
  • Peil Sóisear: Caomhán Ó Feinneadha (2021) agus Caoimhín de Búrca (2022).
  • Peil Idirmheánach: Rónán Ó Beoláin (2021) agus Séamas de Búrca (2022).
  • Iomáint Sóisear: Dinny Ó hÉallaithe (2021) agus Donncha Ó Murchú (2022).
  • Iomáint Sóisear C: Pádraig T. Mac Donnacha (2022).
  • Peil na mBan Mionúr: Ríona Howlin (2021) agus Clíodhna Ní Mhárta (2022).
  • Peil na mBan Sóisear: Meadhbh Ní Dhireáin (2021) agus Becky Ní Éallaithe (2022).

Chomh maith leis na gradaim do na imreoirí ab fhearr, bronnadh gradam speisialta ar Phádraig Joe Joe Mac an Iomaire, as an obair iontach atá déanta aige thar na bliana don Chumann. Siobhán Ní Mhárta a roghnaíodh don ghradam Pearsa na Bliana.


Bua ag Foireann Chamógaíochta

Foireann Camógaí Sóisear 2023

Bhí an bua ag foireann chamógaíochta Chois Fharraige sa gcéad chluiche den sraithchomórtas sóisear ag an deireadh seachtaine, ag imirt in aghaidh Órán Mór.

Sa bpictiúr, ar chúl, ó chlé: Hannah Ní Dhoimhín, Clíona Ní Chonghaile, Bróna Ní Cheallacháin, Deirbhle Ní Mhárta, Éadaoin Nic Dhonnacha, Aoibh Nic Dhubhghaill, Shíofra Ní Scanláin agus Síofra Ní Mhárta.

Chun tosaigh, ó chlé: Sadhbh Laila Riggott, Muireann Ní Ghloinn, Tiffany Ní Choistealbha, Aoife Nic Dhonnacha, Máire Ní Fhrighil, Áine Ní Laoi, Aghna Nic Dhonnacha agus Neasa Nic Dhonnacha.


Ceol sa Spidéal an Deireadh Seachtaine seo

Paddy Keenan

An Píobaire Paddy Keenan

An deireadh seachtaine seo, ar an Aoine agus ar an Satharn, 17 & 18 Márta, beidh ceolchoirm den scoth i Stiúideo Cuan, sa Spidéal, nuair a bheas an píobaire cáiliúil Paddy Keenan agus an boscadóir cumasach Dermot Byrne ar an ardán i Stiúideo Cuan, in éindí leis an giotáraí Alan Burke.

Seo é an tríú ceolchoirm sa tsraith Féasta Ceoil An Spidéil, atá á eagrú i Stiúideo Cuan sa Spidéal, ar chúl na Ceardlainne.

De bharr nach bhfuil ach 65 suíochán sa seomra álainn ceoil, moltar ticéid a chur in áirithe go luath trí dul chuig www.stiuideocuan.ie, nó glaoch ar 091 553838.


Scannán ón Iaráin sa tSeanscoil

NO BEARS

Radharc as an scannán ón Iaráin NO BEARS a bheas á thaispeáint ar an Déardaoin seo, 16 Márta ag tosú ag 8.15pm, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

Scannán ón Iaráin – NO BEARS – a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 16 Márta, ag 8.15pm. Is faoi cheilt a rinneadh an scannán agus ní ionadh é sin, mar gurb é an bac a chuireann údaráis na hIaráine ar na gnáthdhaoine is téama don scannán. Gearradh téarma príosúin sé bliana ar an stiúrthóir tamall ó shin, mar go ndearna sé fiosrúcháin faoi dhéantóirí scannán eile atá i ngéibheann san Iaráin.

An tseachtain seo chugainn beidh an scannán CORSAGE á thaispeáint sa tSeanscoil ag an gClub Scannán.

Daoine nach baill iad, is féidir leo ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, nó is féidir íoc isteach ag an doras ar an oíche chomh maith.


Bláthanna na Cásca

Ceardlann Ciseán Bláthanna na Cásca

Tá Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ag eagrú ceardlann ar an Máirt, 28 Márta, i dTigh Chualáin, Indreabhán, ag 7.00pm, den teideal Ciseán Bláthanna na Cásca, i gcomhar le Bláthanna & Bronntanais Charoline.

Beidh ciseán ag dul abhaile ag gach duine. Tá líon na spásanna teoranta agus ní mhór clárú roimh ré ag ocptchoisfharraige@nullgmail.com.

€20 an costas atá ar an gceardlann.


Cois Fharraige Tríd

Chris Beatty leis an liathróid (Sacair 2018)

Chris Ó Biadha leis an liathróid in 2018

Ar an Domhnach seo caite i nDrom d’éirigh le Cois Fharraige an ceann is fearr a fháil ar West United agus áit a chinntiú sna cluichí ceathrúcheannais den chomórtas sacair, Corn Chonnacht. Éacht a bhí anseo nuair a chuimhnítear go bhfuil Cois Fharraige sa tríú roinn i nGaillimh agus West United sa bpríomhroinn.

Cé go raibh formhór den imirt ag West United d’éirigh le Séamus de Búrca ó Na Mine, foireann na Gaeltachta a chur chun tosaigh théis 25 nóiméad. Chris Ó Biadha ón mBóthar Buí a chuir Cois Fharraige dhá chúl chun tosaigh 10 nóiméad isteach sa dara leath.

Idir sin agus deireadh an chluiche bhí brú mór ar bhuachaillí na Gaeltachta. D’éirigh le West United cúl amháin a aimsiú sa 87 nóiméad, ach níor éirigh leo an dara chúl a aimsiú, rud a d’fhág Cois Fharraige i measc an ocht bhfoireann atá fágtha i gCorn Chonnacht na bliana seo.

Caithfear an fhoireann bainistíochta atá ag Cois Fharraige a mholadh as an snas atá curtha acu ar an bhfoireann Ghaeltachta, atá san iomaíocht le ardú céime a bhaint amach i mbliana sa tsraith, chomh maith le bheith sna babhtaí ceathrúcheannais de Chorn Chonnacht.


Lá ‘le Pádraig ar an Spidéal

Paráid Lá ‘le Pádraig

Tá an pharáid ar ais sa Spidéal Lá ‘le Pádraig. Cuirfear tús leis an bparáid ag meánlae ar an Aoine, 17ú Márta. Is é an Coiste Turasóireachta, atá ag feidhmiú faoi choimirce Chomhlacht Forbartha an Spidéil, atá i mbun an eagrúcháin. Tá an coiste ag súil go mór le rannpháirtíocht an phobail i mbliana agus go réiteoidh daoine agus grúpaí áitiúla ‘flóta’ don pharáid.

Beidh duaiseanna le fáil ar an lá, chomh maith le neart ceoil, craic agus comhluadar! Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar 087 2252505 nó 091553004.


‘BIG MAGGIE’

An deireadh seachtaine seo beidh an sár-dráma ‘Big Maggie’ le John B. Keane, agus é aistrithe ag Bridie Ní Churraoin, á chur ar stáitse in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) ag Cumann Drámaíochta Chois Fharraige, ar an Aoine, an Satharn agus an Domhnach seo chugainn (17/18/19 Márta) ag 8.00pm gach oíche.

Is ag daoine fásta amháin a bheas cead dul ag an dráma. Is féidir ticéid a chur in áirithe don dráma, suas go dtí a 5pm ar an Déardaoin, 16 Márta, ach glaoch ar Oifig an Chomharchumainn ag an uimhir 091 399199.

Is féidir ticéid a fháil ag an doras chomh maith.


Bainisteoir á Lorg

Tá go dtí an Déardaoin seo chugainn, 16 Márta, ag daoine cur isteach ar an bpost buan mar bhainisteoir ginearálta atá á thairiscint ag Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comhlacht Forbartha an Spidéil agus freagrach as an gclár oibre a chur i bhfeidhm.

Duine cumasach a bhfuil taithí oibre agus cáilíochtaí aige/aici i réimse oibre maidir le forbairt pobail nó in ábhar gaolmhar atá á lorg. Tá sé tábhachtach go mbeadh taithí ar bhainistiú airgeadais agus go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, ag na hiarrthóirí, chomh maith le taithí i mbainistiú agus neartú foirne.

Le cur isteach ar an bpost, is féidir litir iarratais, mar aon le CV, a chur chuig: Earcú CFS TEO, Comhlacht Forbartha an Spidéil, An Spidéal, Co na Gaillimhe, H91 CHO1; nó ríomhphost a sheoladh le Earcú CFS TEO sa líne ábhar a sheoladh chuig: anspideal2022@nullgmail.com.


Leabhráin SICAP

Chuir Forbairt Tuaithe na Gaillimhe raon leabhráin ar fáil le roinnt blianta anuas agus tá siad seo ar fad ar fáil ar líne nó tríd an bpost nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@nullgrd.ie. na leabhráin ar fáil ar Thuismitheoireacht Aonair, Meabhairshláinte Dhearfach, Acmhainní Tuaithe, Tacaíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas agus Leideanna agus Comhairle maidir le Fostaíocht a Lorg.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

• Camógaí (Sóisear): Cois Fharraige 5 – 13, Órán Mór 4 – 04.

• Camógaí (faoi 15): Cois Fharraige 3 – 06, Maigh Cuilinn 3 – 04.

• Camógaí (faoi 15): Cois Fharraige 4 – 02, Bóthar na Trá 7 – 02.

• Iomáint (faoi 16): Cois Fharraige 2 – 05, Ml. Breathnach 0 – 08.

• Peil (Roinn II): An Spidéal 1 – 05, An Cheathrú Rua 1 – 09.

• Peil (Roinn IIIA): Ml. Breathnach 0 – 15, Headford 1 – 11.

• Peil (Sóisear): Ml. Breathnach 1 – 09, Naomh Anna, Leitir Móir 2 – 14.

• Peil (Sóisear): An Spidéal 0 – 14, An Cheathrú Rua 0 – 10.

• Sacar (Sóisear): Cois Fharraige 2, West United 1.

• Sacar (faoi 17): MacDara 2, Cregmore/Claregalway 3.

• Sacar (Cailíní f15): Bearna/Na Forbacha B 0, Loughrea Rams 1.

• Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha B 2, Knocknacarra C 0.

• Sacar (faoi 13): Macdara 0, Salthill Devon B 3.

• Sacar (Cailíní faoi 12): Bearna/Na Forbacha 7, Sullane 3.


15 Márta 2023