Cartlann Nuachta: 15 Meán Fómhair 2021
Féile Chois Fharraige – Dátaí Nua
Na ceoltóirí a ghlac páirt sa gceolchoirm faoin aer a d’eagraigh Comharchumann Sailearna, ag Seanscoil Sailearna, an Domhnach seo caite, le ceiliúradh a dhéanamh faoi shrianta Covid a bheith maolaithe.
Ó chlé: Maití Jo Shéamuis Ó Fátharta, Na hAille, ar na píopaí; Johnny Óg Connolly, Cor na Rón, ar an mbosca ceoil; ar an gconsairtín Neasa Nic Dhonnacha, Ros a’ Mhíl; ar an méarchlár, Déithín Ní Fhátharta, Na hAille; Becky Ní Éallaithe, Na hAille ar an gconsairtín agus Micheál Darby Ó Fátharta, Na hAille, ar an mbosca ceoil.
Tá dátaí nua socraithe anois do Fhéile Ealaíona Chois Fharraige. Bhí an fhéile le tosú ar an 1 Deireadh Fómhair ach shocraigh Coiste na Féile an tseachtain seo caite é a chur siar go lár mí na Samhna, ag súil nach mbeidh aon srianta Covid ag cur bac ar imeachtaí a eagrú taobh istigh faoin am sin.
Tá sé socraithe anois go dtosóidh Féile Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 17 Samhain, leis An Cosán Draíochta, seó speisialta ceolmhar atá curtha le chéile ag Stiúideo Cuan sa Spidéal i gcuimhne ar an sár-cheoltóir Johnny Phádraig Pheter Ó Conghaile, a fuair bás deireadh na bliana 2019. Beidh an seó ar bun ar feadh 5 oíche san ionad ealaíona nua atá beagnach réitithe ag Stiúideo Chuan taobh ó thuaidh den Cheardlann sa Spidéal.
Tá sé i gceist, mar chuid den fhéile, go mbeidh seó á chur ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéil in ómós do Joe Steve Ó Neachtain, laoch eile a d’imigh uainn, mí Eanáir 2020. Beidh Omós Joe Steve ar bun ar feadh 3 oíche.
I measc na nithe eile a bheas ar an gclár leathan imeachtaí atá beartaithe tá Céilí den Seanstíl in Óstán na Páirce, siúlóidí sa gceantar, an scannán ARRACHT, taispeántais ealaíona agus ceardaíochta agus ceardlann faoi ról na n-ealaíon dúchasach i bPleanáil Teanga.
Club na bhFoghlaimeoirí
Club na bhFoghlaimeoirí i mbun oibre
Beidh ranganna oíche sa nGaeilge ag tosú ar an 20 Meán Fómhair ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige. Beidh leibhéil éagsúla ranganna ar fáil: Meánleibhéal ar an Luan; Bonnleibhéal ar an Máirt agus Glantosaitheoirí ar an gCéadaoin. Beidh na ranganna sin ar siúl idir 7.30 – 9.00 sa tráthnóna. Costas €40 atá ann le haghaidh an téarma de deich rang.
Tá an Club ag leanúint ar aghaidh le rang meánleibhéal gach maidin Mháirt idir 11.00 agus 1.00. Bíonn meascán deas de chomhrá, foghraíocht Chois Fharraige, filíocht, prós agus beagán gramadaí ag an rang sin agus beidh fáilte roimh daoine nua.
Beidh Grúpa Drámaíochta an Chlub ag teacht le chéile arís ar an 30 Meán Fómhair agus fáilte roimh rannpháirtithe nua. Is meascán de chainteoirí dúchasacha agus foghlaimeoirí atá sa ngrúpa. Is bhealach spraíúil, tarraingteach é an drámaíocht le cur le scileanna Gaeilge na bhfoghlaimeoirí. Tá dráma barrúil (Aicíd na Zúmála) nua-chumtha don ghrúpa ag Máirín Mhic Lochlainn.
Beidh na ranganna agus na cleachtaí drámaíochta ar súil ar Zúm an téarma seo. Is féidir clárú do na ranganna agus eolas a fháil ach scéal a chur chuig spiddal.gaeilge@nullgmail.com.
Mná Chois Fharraige Abú
Foireann Chumann Micheál Breathnach ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann ban na Ceathrú Rua ar an Domhnach seo caite, leis an Sciath a bhuachan sa gcomórtas Sóisear A (Peil na mBan) leis an scór 2 – 13 in aghaidh 0 – 11.
Ar chúl, ó chlé: Kevin Mac Donnacha (Bainisteoir), Clíona Ní Chonghaile, Lean Bán Breathnach, Deirbhle Ní Mhárta, Clíona Ní Mhárta, Meadhbh Ní Dhireáin, Síofra Ní Scanláin, Aifric Ní Ghibne, Éabha Nic Dhonnacha, Róise Ní Dhubhghaill, Clodagh Ní Dhireáin, Aodh Ní Dhubhghaill, Peadar Ó Conghaile (Traenálaí), Deborah Ní Ghibne (Cúntóir).
Chun tosaigh, ó chlé: Amanda Ní Bhradaigh, Ríona Howlin, Sadhbh Howlin, Cassie Craughwell, Róisín Ní Ghionnáin (Capt), Clíona Ní Chonghaile, Chloe Ní Chonaire, Aghna Nic Dhonnacha, Ailbhe Ní Neachtain.
[Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]
D’éirigh thar barr leis an dá fhoireann ban ó Chois Fharraige i gcomórtais peile ag an deireadh seachtaine.
Ar an Satharn bhí an bua ag foireann An Spidéil in aghaidh mná Oileáin Árann i gCluiche Ceannais na Sraithe (Roinn 7) leis an scór 1 – 25 in aghaidh 1 – 05. Is beag a bhí idir na foirne sa gcéad leath agus ba é an cúl a scóráil Grace Ní hÁinlí don Spidéal a bhí ag scaradh na bhfoirne ag an mbriseadh, 1 – 7 in aghaidh 1 – 4. Sa dara leath bhí foireann an Spidéil i mbarr a maitheasa, áfach, agus is acu a bhí an bua éasca ar deireadh leis an scór 1 – 25 in aghaidh 1 – 5.
Seo é an chéad chorn buaite ag mná an Spidéil ó chuir an cumann foireann ban chun páirce i mbliana, an chéad séasúr le roinnt mhaith blianta anuas. Roimhe seo is ag imirt le Cumann Micheál Breathnach a bhíodh peileadóirí ban An Spidéil ag imirt.
Bhí bua chomh maith ag foireann ban Chumann Micheál Breathnach nuair a bhuail siad An Cheathrú Rua sa gCluiche Ceannais don Sciath (Sóisear) leis an scór 2 – 13 in aghaidh 0 – 11.
Bronnadh léinte nua urraithe ag Áras Chois Fharraige ar fhoireann ban an Spidéil le gairid, an fhoireann a bhuaigh cluiche ceannais na sraithe (Roinn 7) i bPeil na mBan Dé Sathairn seo caite.
Sa bpictiúr, ó chlé: Lucy Cunningham, Aodán Breathnach (Bainisteoir na foirne), Michelle Thornton, Aidan McGrath (Áras Chois Fharraige), Fiona Feeney agus Caitríona Ní Mhainín. Bairbre Breathnach, iníon le Aodán, an cailín beag sa bpictiúr.
BISEACH: SeanEagráin á Lorg
Foilsíodh BISEACH don chéad uair i 1967 agus tá sé tagtha amach mórán chuile bhliain ó shin, cé go raibh roinnt blianta ann nuair nár foilsíodh aon eagrán, ar chúis amháin nó ar chúis eile. Tá cuid mhaith de na sean-eagráin curtha ar an idirlíon ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ach ceaptar go bhfuil corr-eagrán nach bhfuil ar líne fós, go speisialta na heagráin a foilsíodh le linn na 1970idí agus na 1990idí, mar nach raibh aon chóip ar fáil nuair a bhí an dgitiú ar bun.
Seo liosta na mblianta atá le fáil ar an suíomh WWW.CARTLANN.IE: 1968, 1979, 1981, 1983, 1987, 1989, 1998, 2000 go 2011 agus 2015 go 2019. Má tá aon eagrán eile amuigh sa bpobal ba bhreá leis an gCumann Forbartha iasacht dhó a fháil le gur féidir é a chur ar líne in éindí leis na heagráin eile. Is féidir scéal a chur chuig cumannforbartha@nullgmail.com nó glaoch ar 0864048881.
Is áis iontach an suíomh WWW.CARTLANN.IE do scoláirí nó do dhaoine a bheadh i mbun taighde ar stair an cheantair nó ag cuartú eolais faoi Chois Fharraige.
Torthaí Ardteiste i gColáiste Chroí Mhuire
As an 36 scoláire a thug faoin Ardteist i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal i mbliana, d’éirigh le 40% acu níos mó ná 500 pointe a aimsiú. Fuair beirt – Andrew Madden Egan agus Seán Ó Gallchobhair – 625 pointe, an líon pointí is airde ar féidir a fháil. Fuair Fóghla Ní Bhraonáin agus Aoife Ní Neachtain 600 poinnte.
D’éirigh le Fódhla Ní Bhraonáin, ón Teach Mór, scoláireacht spóirt a fháil ó Ollscoil Quinnipiac, Connecticut, Meiriceá agus d’éirigh le Cillian Ó Curraoin, ón gCnocán Glas, scoláireacht spóirt a fháil ó Ollscoil Mhá Nuad.
Dúirt an Príomhoide, Tríona Ní Murchú, go bhfuil an scoil an-bhródúil as rang na hArdteiste ar fad. Ghlac sí buíochas leo as ucht a gcuid blianta sa scoil agus ghuí sí gach rath orthu amach anseo.
Oíche Chultúir
Aoine na seachtaine seo, 17 Meán Fómhair, a bheas Oíche Chultúir na bliana ar bun ar fud na tíre. Mar gheall ar shrianta Covid is taobh amuigh faoin aer is mó atá imeachtaí eagraithe i mbliana.
Mar chuid den Oíche Chultúir tá dhá imeacht ar bun a mbeadh spéis ag daoine as Cois Fharraige iontu ar an Aoine.
- Stuaim Láimhe Chois Fharraige: Taispeántas ceardaíochta, eagraithe ag Pastime Chonamara i dTír na nÓg, Indreabhán, ón 8.00pm go 10.00pm.
- Sundraí: Siúlóid cheolmhar, cumtha agus eagraithe ag Ríonach Ní Néill (Ciotóg) ó na hAille, i gcomhair le Pobal Rua, An Cheathrú Rua, ag tosú taobh amuigh de Halla Éanna ar an gCeathrú Rua ag 9.00pm. Rachaidh deichniúr ón bpobal ag siúl agus ag sodar i lár baile na Ceathrún Ruaidh, sa dorchadas, agus iad gléasta mar Chleamairí agus mar Fhir Bhuí faoi stiúir Ríonach Ní Néill.
- Ó Ghlúin go Glúin: Tugann Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga léargas ar na healaíona ag gluaiseacht ó ghlúin amháin go glúin eile ag 8.00pm.
- Lasair Oíche: ag Lárionad Fíbín, Baile na hAbhann.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Peil na mBan (Sóisear 7): An Spidéal 1 – 25, Oileáin Árann 1 – 05.
- Peil na mBan (Sóisear A): Micheál Breathnach 2 – 13, An Cheathrú Rua 0 – 11.
- Iomáint (Idirmheánach): An Spidéal 1 – 09, Carnmore 2 – 22.
- Iomáint (Sóisear A): Micheál Breathnach 1 – 13, Salthill/Knocknacarra 3 – 22.
- Iomáint (Sóisear A): Bearna-Na Forbacha 1 – 12, Skehana-Mountbellew/Moylough 1 – 18.
- Iomáint (Sóisear C1): An Spidéal 1-09, Salthill/Knocknacarra 3 – 18.
- Iomáint (faoi 14C ): Micheál Breathnach 4 – 10, Cappataggle 1 – 07.
- Peil (faoi 14 2B): Micheál Breathnach 3 – 06, An Cheathrú Rua 6 – 22.
- Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 2, Craughwell Utd. 2.
- Sacar (Roinn I): Macdara 0, Knocknacarra 5.