Cartlann Nuachta: 15 Meitheamh 2016
15 Meitheamh 2016
Eoghainín na nÉan 2016
Cuid den chliar a thóg páirt sa dráma ‘Eoghainín na nÉan 2016’, a cuireadh ar an stáitse i Seanscoil Sailearna ar an Luan seo caite. Ina luí ar an talamh tá Rónán Ó Curraoin a bhí i bpáirt Eoghainín. Timpeall air, ó chlé, tá Becky Ní Éallaithe, Eleanóir Ní Fheinneadha agus Sadhbh Howlin. Ó chlé, ina seasamh, tá Macdara Ó Duibhir, Cian Ó hIarnáin, Aoife Nic Dhonnacha, Siobhán Ní Neachtain, Aislinn Cox, Tadhg Óg Mac Dhonnagáin.
D’éirigh thar cionn leis an léiriú drámatúil de Eoghainín na nÉan 2016, a cuireadh ar stáitse i Seanscoil Sailearna ar an Luan seo caite, 13 Meitheamh. Seo an cur síos a thug Tadhg Mac Dhonnagáin ar an dráma ar a leathanach Facebook:
Arú aréir i Seanscoil Sailearna in Indreabhán, bhí mé i láthair ag imeacht a reáchtáladh le comóradh a dhéanamh ar spiorad 1916. Leagan 2016 de scéal an Phiarsaigh, ‘Eoghainín na n-Éan’ a bhí ann, é cóirithe ag grúpa déagóirí ó Chois Fharraige, faoi stiúir duine a bhfuil obair na gcapall déanta i gConamara agus é i mbun drámaíochta leis an aos óg – Pádraic Ó Flatharta as an gCeathrú Rua, atá i mbun an chomhlachta Bua Rua. (Bhí mac liom féin, Tadhg Óg, páirteach, ach is beag eolas a bhí sceite roimh ré aige faoina raibh ar bun le roinnt seachtainí anuas agus an grúpa ag cleachtadh. Ach an oiread le déagóirí go leor, oibríonn Tadhg s’againne ‘on a need-to-know basis.’)
Thug Pádraic na daoine óga le chéile, agus mheall sé iad lena gcuid buanna ar fad a úsáid, idir aisteoireacht (a bhí ar chaighdeán fíor-ard), cheol, amhránaíocht agus ghluaiseacht, le leagan úrnua den seanscéal a chur i láthair. Déagóir a bhí san Eoghainín seo, carachtar a bhí lán de ghreann agus de dhaonnacht, duine a raibh cion mór ag a chairde air. Nuair a fuair sé an droch-scéala go raibh tinneas tromchúiseach air, níor ghéill sé don bhrón ach choinnigh air ag ceiliúradh na beatha.
B’iontach an píosa oibre an seó, a bhí ar chaighdeán drámaíochta chomh hard is atá feicthe agam ar stáitse ar bith le roinnt blianta anuas. Creidim go raibh ionchur ag Rionach Ní Neill chomh maith ann – chuidigh sí leis an bhfoireann mír aoibhinn gluaiseachta a dhearadh, radharc taibhseach a chuir imeacht na bhfáinleog in iúl.
Tá comhghairdeachas mór tuillte ag Pádraic agus ag a chliar óg: na príomhaisteoirí Rónán Ó Curraoin, Majella Nic Dhonncha, Becky Ní Éallaithe, an cumadóir amhrán Macdara Ó Dubháin agus an chliar ar fad….. Tá caint air é a dhéanamh in athuair sa bhFómhar – seó é ar cheart a bheith feicthe arís. Comhghairdeachas le gach a raibh páirteach.
Le cúpla mí anuas tá ceardlanna drámaíochta ar bun ag Pádraig le grúpa déagóirí agus é mar aidhm acu, scéal Eoghainín na nÉan, a lonnú sa mbliain 2016. Bhí na ceardlanna eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i gcomhar le Seanscoil Sailearna, le tacaíocht airgid ó Chiste Ceiliúrtha 1916 de chuid Údarás na Gaeltachta.
Seo a leanas an cliar agus na ceoltóirí a bhí sa dráma:
An Chliar
Eoghainín: Rónán Ó Curraoin
Máthair Eoghainín (2046): Majella Nic Dhonnacha
Máthair Eoghainín (2016): Becky Ní Éallaithe
Deirfiúr Eoghainín (2046): Aislinn Cox
Deirfiúr Eoghainín (2016): Kate Scott
Neacht Eoghainín (2046): Siobhán Ní Chuaig-Ghriallais
Banaltra: Siobhán Ní Neachtain
Doctúir: Sadhbh Howlin
Múínteoir: Majella Nic Dhonnacha
Sagart: Cian Ó hIarnáin
Gráinne – Cailín Eoghainín: Eleanóir Ní Fheinneadha
Cara Ghráinne: Aoife Nic Dhonnacha
Cairde Eoghainín: Tadhg Óg Mac Donnagáin, Cian Ó hIarnáin agus Macdara Ó Duibhir
Ceol
Consairtín: Sadhbh Howlin, Becky Ní Éallaithe agus Majella Nic Dhonnacha
Fidil: Aoife Nic Dhonnacha
Bodhrán: Tadhg Óg Mac Donnagáin
Méarchlár: Aislinn Cox & Kate Scott
Guitar: Siobhán Ní Neachtain
Cajón: Becky Ní Éallaithe & Tadhg Óg Mac Donnagáin
Amhránaí agus Guitar: Macdara Ó Duibhir
Amhránaithe Eile: Tadhg Óg Mac Donnagáin, Kate Scott, Siobhán Ní Neachtain, Aislinn Cox, Aoife Nic Dhonnacha
Siúrthóir: Pádraic Ó Flatharta
Seit a thógáil: John Keane
Comhairleoir Damhsa: Ríonach Ní Néill
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Peil (Sinsear): Ml. Breathnach 4 – 11, Leitir Móir 1 – 14.
- Iomáint Sóisear A: Ml. Breathnach 0 – 14, Sarsfield 0 – 13.
- Iomáint f12: Bearna/Na Forbacha 3 – 03, Gort 1 – 13.
- Camógaí f12: Cois Fharraige 2 – 03, Uarán Mór 4 – 02.
- Camógaí f10: Cois Fharraige 2 – 01, Carn Mór 0 – 01.
- Camógaí (Sóisear): Cois Fharraige 2 – 09, Mellows 2 – 10.
Kíla le Bheith ag Traidphicnic
Ní fada uainn anois Traidphicnic, an fhéile ceoil traidisiúnta a bhíonn ar bun amuigh faoin aer ag Ceardlann an Spidéil. I measc na n-aíonna ceoil a bheas ag seinm i mbliana, tá KÍLA – an grúpa rac-cheoil gaelach a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu. Beidh Noel Hill agus Steve Cooney ag seinm ann chomh maith, agus beidh Marcas Ó hIarnáin is a chlann ag seinm ann in éindí leis an amhránaí Don Stiff. I measc na ngrúpaí eile a bheas ann tá Porterhead, An Tara, Glór na dTonn agus Ná Bac.
Déanfaidh sé an-deireadh seachtaine ceoil agus má sheasann an aimsir, tarraingeoidh sé neart cuairteoirí ag An Spidéal, Cois Cuain.
Sé an nósmhaireacht a bhíonn ag Traidphicnic, gan airgead a ghearradh ar dhaoine ach síntiúis a bhailiú uathu. Beidh daoine ag teastáil le dul thart leis na buicéid le linn na gceolchoirmeacha. Éinne ar mhaith leis cúnamh a thabhairt níl le déanamh ach ríomhphost a chur ag traidphicnic@nullgmail.com.
Duais-Scríbhneoirí Chois Fharraige
Daltaí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, ag bronnadh na nduaiseanna sa gcomórtas litríochta a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta, le comóradh a dhéanamh ar 1916. Ó chlé: Máirín Uí Choileáin (múinteoir Ghaeilge, Coláiste Cholmcille), Steve Ó Culáin (Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta), Máire Holmes (a rinne cearlanna scríbhneoireachta a reáchtáil i gColáiste Cholmcille), na daltaí Sadhbh Howlin, Orla Ní Shé, Edel Ní Chróinín &Tomás Mac Diarmada, Muireann Ní Dhroighneáin (Ealaín na Gaeltachta), Peadar Ó Sé (Príomhoide Choláiste Cholmcille) agus Brian Ó Baoill.
Rinne scríbhneoirí óga ó Choláiste Cholmcille go maith sa gcomórtas liteartha a eagraíodh faoi scáth Údarás na Gaeltachta, ar an téama 1916.
Bhí ocáid bronnta na nduaiseanna ar bun an tseachtain seo caite in oifigí Údarás na Gaeltachta agus ba é Steve Ó Culáin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, a rinne an bronnadh. Roinneadh os cionn €1,000 as an duaischiste idir scoláirí ó Choláiste Cholmcille. Tháinig na scoláirí abhaile agus eatarthu bhí os cionn míle euro buaite acu.
Sa gcomórtas le scéal a scríobh a bhain le 1916, fuair Edel Ní Chróinín an chéad duais; Orla Ní Shé, an dara duais & Tomás Mac Diarmada an triú háit. Chomh maith leis sin, bronnadh trí dhuais ar Shadhbh Howlin as píosa filíochta a chum sí agus, chomh maith, as cómhrá a scríobh sí agus 1916 mar chúlra acu.
Roimh an Nollaig rinne an banfhile Máire Holmes (ar chlé) roinnt ceardlann scríbhneoireachta le scoláirí na hidirbhliana i gColáiste Cholmcille, ag múineadh ceird na scríbhneoireachta dóibh. Is léir go raibh toradh maith ar a cuid oibre. Bhí na ceardlanna scríbhneoireachta a rinne Máire Holmes, urraithe ag Cumannn Forbartha Chois Fharraige, Comhairle Chontae na Gaillimhe & Muintearas.
Celtic Challenge
Tá deireadh tagaithe le Celtic Challenge do iománaithe óga ó Chois Fharraige, a bhí ar fhoireann Iarthar na Gaillimhe. Chuadar chomh fada leis an gcluiche leathcheannais ach bhuail foireann ó Bhleá Cliath iad i mBiorra ag an deireadh seachtaine. Bhí cúigear ar an bhfoireann ó chlubanna Chois Fharraige: beirt ó Chuman Micheál Breathnach – Joe Antaine Mhaidhc Ó Conghaile agus Micheál de Búrca; beirt ó CLG An Spidéil – Oisín Ó Neachtain agus Gearóid Ó Conghaile; agus bhí lead amháin ó Bhearna/Na Forbacha – Aodh Ó Buacaigh.
Micheál de Búrca ar chlé agus Joe Antaine Mhaidhc Ó Conghaile ar dheis, beirt imreoir ó Chumann Micheál Breathnach a bhí ar fhoireann Iarthar na Gaillimhe sa gcomórtas náisiúnta faoi 17, An Ceiltic Challenge, agus ar éirigh leo dul chomh fada leis an gcluiche leath-cheannais an deireadh seachtaine seo caite.
Aodh Ó Buachaigh ar chlé ón gclub iomána Bearna/Na Forbacha in éindí le Oisín Ó Neachtain sa lár agus Gearóid Ó Conghaile ar dheis, beirt imreoir ó CLG An Spidéil, a bhí ar fhoireann Iarthar na Gaillimhe sa gcomórtas náisiúnta faoi 17, An Ceiltic Challenge, agus ar éirigh leo dul chomh fada leis an gcluiche leath-cheannais an deireadh seachtaine seo caite.
Fíbín ag Lorg Daoine Óga
Tá Fíbín Media ag taifeadadh sraith smididh maisíochta, Face-It Academy, do dhaoine óga do RTÉ i mí Iúil.
Tá siad ar thóir daoine óga díograiseacha le suim in ealaín, dearadh agus feisteas. Daoine iad atá ag iarraidh scil nua a fhoghlaim, agus taitneamh a bhaint as a bheith páirteach sa léiriúchán teilifíse spraíúil seo.
Eolas do na daoine óga seo:
- Go mbeadh suim acu a bheith páirteach in éineacht lena gcara.
- Go mbeadh siad idir 10 agus 12 bliain d’aois.
- Go mbeadh siad gealgháireach agus cairdiúil.
Chun cur isteach ar seo: ríomhphost a sheoladh ag rá cén fáth gur mhaith leo féin agus a gcara a bheith páirteach sa tsraith!
Cuir na sonraí seo a leanas sa ríomhphost chomh maith:
- Ainm.
- Aois.
- Seoladh.
- Sonraí teagmhála tuismitheora.
- Deimhniú go bhfuil tú ar fáil lá amháin taifeadta i nGaillimh idir 18-22ú Iúil.
Seol ríomhphost chuig faceityp@nullgmail.com roimh 10 Meitheamh 2016. Ba chóir go ndéanfadh duine fásta maoirseacht ar gach iarratas ríomhphoist. D’fhéadfaí go nglaofaí le haghaidh éisteacht ar na daoine óga a dhéanann ar an ngearrliosta é!
Nótaí Chois Fharraige
Cumann Forbartha Chois Fharraige a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Fáiltítear roimh ábhar i nGaeilge don cholún, ar nós míreanna nuachta, torthaí cluichí, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, ach é a bheith seolta i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com faoi 2.30 i.n. ar an Luan roimhré. Bíonn an colún agus roinnt ábhar breise le léamh chomh maith ar an suíomh seo.