Cartlann Nuachta: 15 Meitheamh 2022
Dhá Chorn ag Scoil Cholmcille, An Tulach
An fhoireann ó Scoil Cholmcille, An Tulach, ar éirigh leo dhá chorn a bhuachan, ceann sa bpeil agus an cheann eile san iomáint, ag cluichí a eagraíodh mar chuid de Chlár na gCluichí Gaelacha.
Ó chlé, ar chúl: Tina Uí Fhlatharta, Aaron Ó Donnacha, Ruairc Ó Fátharta, Stiofán Ó Neachtain, Oliver Ó Súilleabháin, Fionnán Ó Neachtain, Oisín Mac Mathúna, Rónán Beaglach, Dara Ó Fríghíl, Seán Denvir (Múinteoir).
Ó chlé, chun tosaigh: Eric Norman, Eoin Ó Donnchadha, Oscar Ó Tuairisg, Cillian Ó Ceallaigh, Rónán Ó Neachtain, Mártan Ó Cualáin, Fiach Breathnach.
[Pic: Bríd Bleasdale]
Gradam Bronnta ar Fhéile Chois Fharraige
Máire Ní Neachtain ag glacadh le Gradam an Chathaoirligh ó Chathaoirleach an Chomhairle Chontae, Peter Keaveney, ar son Féile Chois Fharraige, ag ocáid bronnta na ngradam i dTuam ar an Satharn seo caite.
Bronnadh Gradam na Gaeilge ar Fhéile Chois Fharraige.
Bronnadh Gradam an Chathaoirligh ar Choiste Fhéile Chois Fharraige 2022 ag Bál an Mhéara, a bhí ar bun i dTuaim, ar an Satharn, 11 Meitheamh. Bronntar seacht ngradam chuile bhliain mar aitheantas ar obair dheonach a cuirtear i gcrích in earnálacha éagsúla d’imeachtaí pobail.
FÉILE CHOIS FHARRAIGE a roghnaíodh sa gcatagóir a bhain le rannchuidiú i leith na Gaeilge. Nuair a bhí an gradam á bhronnadh ar Mháire Ní Neachtain thar cheann choiste na Féile, luadh go sonrach LE CION AR JOE, an seó ardáin a léiríodh in ómós do Joe Steve Ó Neachtain agus EADRAINN FÉIN, an leabhar a d’fhoilsigh Coláiste Chroí Mhuire mar chomóradh ar leathchéad bliain ó bhásaigh Máirtín Ó Cadhain.
Chuaigh dhá ghradam eile siar thar Coirib. Bronnadh an gradam sa rannóg foilseacháin oidhreachta ar Scoil Bhriocáin, ar an nGort Mór, as an leabhar breá FRÉAMHACHA NA SAOIRSE a d’fhoilsigh siad faoi Chogadh na Saoirse i gConamara. Bronnadh an gradam sa Rannóg Spóirt ar Chlub Iománaíochta Bhearna/na bhForbacha as chomh uileghabhálach is atá imeachtaí an chlub, rud a chinntíonn go bhfuil deis ag chuile pháiste sa gclub, in ainneoin dúshláin sláinte nó eile a bheith ag roinnt díobh, páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí an chlub.
Bronnadh gradam, teastas agus €500 ar chuile bhuaiteoir. Ba í seo an mhór-imeacht phoiblí deiridh ag Peter Keaveney, Cathaoirleach reatha na Comhairle.
Airneán Cholmcille
Na cainteoirí ag an Oíche Airneáin a eagraíodh sa bPota Caife ar An Tulach, Baile na hAbhann, eagraithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, mar chuid den chlár ‘Colmcille 1500’ a bhí ar bun ag Foras na Gaeilge le ceiliúradh a dhéanamh ar Naomh Colmcille, a rugadh 1501 bliain ó shin.
Ó chlé: an Dr Pádraig Ó Héalaí; an tOllamh Máirín Ní Dhonnacha; Máire Ní Neachtain, an Cathaoirleach; an seanchaí Máirín Mhic Lochlainn agus an tOllamh Lillis Ó Laoire.
Bhí lán an tí i láthair sa bPota Caife, i mBaile na hAbhann, ar an gCéadaoin, 8 Meitheamh, áit ar pléadh neart gnéithe de shaol Cholmcille, duine de thríonóid naomh Éireann, mar a dúradh ar an oíche.
Rinne Máirín Mhic Lochlainn an-chur síos ar Lá an Tobair sa gceantar agus mhínigh sí na gnásanna a bhain leis an turas a chur i gcrích. Thug an tOllamh Máirín Ní Dhonnacha, as Ollscoil na Gaillimhe, léargas ar thábhacht Cholmcille agus ar an bhfianaise atá ar fáil ina thaobh sna foinsí liteartha. Thug an Dr Pádraig Ó Héalaí tuairisc bhreá ar phearsantacht Cholmcille agus an t-eolas a thugann an béaloideas dúinn. Agus labhair an tOllamh Lillis Ó Laoire ar Cholmcille i nDún an nGall agus i dToraigh go háirid.
Insíodh neart scéalta mar thaca leis an bplé. Chuir an lucht éisteachta leis an gcur is cúiteamh freisin agus chuir ceol breá Ríona Howlin, Frankie Mac Aodha agus Amanda Ní Bhrádaigh le taitneamh na hoíche.
Is mar chuid den chlár ‘Colmcille 1500’, faoi stiúir Fhoras na Gaeilge, a bhí an Oíche Airneáin á reáchtáil sa bPota Caife, eagraithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga le hoidhreacht Cholmcille a chomóradh.
Aifreann an Phatrúin
Aifreann an Phatrúin á rá ar an trá in aice Reilig Mhaoiris in onóir Naomh Colmcille, ar Lá an Phatrúin, Déardaoin seo caite, nuair a athbhunaíodh nós a bhí dulta i léig le roinnt blianta anuas.
Ar dheis tá Ardeaspag Thuama, An Dr Francis Duffy; sa lár tá an tAth Clement Mac Mánuis, an sagart cúnta ar an gCnoc agus ar chlé tá an tAthair Hughie Loftus, an Sagart Paróiste don Cheathrú Rua agus don Chnoc.
[Pic: Cóilín Ó Neachtain]
Ba dheas mar a ghlan an aimsir tráthnóna Déardaoin seo caite, 9 Meitheamh, le go bhféadfaí dul ar aghaidh le Aifreann an Phatrúin a cheiliúradh ar an trá in aice le Reilig Mhaoiris, in onóir do Cholmcille. Ba onóir mór do Pharóiste na Tulaí agus do cheantar Chois Fharraige gur tháinig an tArdeaspag Ó Dufaigh anoir leis an Aifreann a rá in éindí leis an tAth Hughie Loftus agus leis an tAthair Clement Mac Mánuis. Bhí slua mór de mhuintir na háite i láthair agus iad breá sásta go bhfuil Aifreann an Phatrúin á rá aríst ar an láthair, théis briseadh fada.
BISEACH 2022
Tá sé i gceist ag Cumann Forbartha Chois Fharraige an iris BISEACH a thabhairt amach mí Dheire Fómhair, mar is gnáth. Sé Lochlainn Ó Tuairisg a bheas ag déanamh eagarthóireacht ar an iris arís i mbliana.
Ba bhreá leis an gCoiste Eagarthóireachta cloisteáil ó dhaoine ar mhaith leo ábhar a chur ar fáil le foilsiú san iris. Fáilteofar go speisialta roimh phictiúir, seanphictiúir go speisialta, nár foilsíodh cheana san iris.
Is iris don phobal é BISEACH. Tá sé á fhoilsiú go bliantúil le os cionn 50 bliain ag an gCumann Forbartha.
Bíonn éileamh an-mhór ar an iris agus le roinnt blianta anuas díoladh amach chuile cóip a priontáladh.
Le ábhar a chur ar fáil don iris is féidir ríomhphost a sheoladh chuig cumannforbartha@nullgmail.com.
Féile Bád An Spidéil
Ní dheachas ar aghaidh le Féile Bád an Spidéil ar an Domhnach seo caite, mar a bhí beartaithe, de bharr na drochaimsire a bhí fógraithe. Shocraigh an coiste an lá roimhe an fhéile a chur siar seachtaine, ar mhaithe le sábháilteacht. Is ar an Domhnach seo ag tíocht, 19 Meitheamh, a bheidh na báid mhóra is na leath-bháid ag dul ag rásaíocht amach ón Spidéal.
Mar gurb é an chéad gheall den tséasúr 2022, á eagrú faoi scáth Chumann Húicéirí na Gaillimhe, tá spéis faoi leith á chur ann.
SCÉAL, SCÉAL, SCÉAL
Déardaoin seo caite a cuireadh amach an 100ú heagrán den nuachtlitir SCÉAL, SCÉAL, SCÉAL, a fhoilsíonn Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga go seachtainiúil. Tá dearadh nua ar an nuachtlitir anois agus is féidir dul ó leathanach go leathanach, leis na scéalta nuachta éagsúla agus fógraíochta a fheiceáil.
Is féidir tíocht ar Eagrán 100 ach dul ag an nasc https://online.flippingbook.com/view/909749332/.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
• Iomáint (faoi 13B): Ml. Breathnach 4 – 10, Ardrahan 2 – 05.
• Iomáint (faoi 12): Ml. Breathnach 5 – 02, Salthill Knocknacarra 0 – 04.
• Peil (Roinn II): An Spidéal 1 – 06, Claregalway 1 – 07.
• Peil (faoi 14): Micheál Breathnach 3 – 17, St Michael’s 4 – 07.
• Peil (faoi 14): Micheál Breathnach 5 – 15, Clifden 2 – 04.
• Peil (faoi 14): An Spidéal 6 – 16, An Fháirche 3 – 04.
• Peil (faoi 13): An Spidéal 1 – 09, Salthill Knocknacarra B 1 – 04.
• Peil (faoi 13): Ml Breathnach 3 – 14, Salthill Knocknacarra 0 – 07.
• Peil (faoi 12): Micheál Breathnach 5 – 10, Clifden 3 – 01.
• Sacar (faoi 16): Mac Dara 3, Mervue Utd. B 1.
• Sacar (Cailíní faoi 15): Bearna/Na Forbacha 1, Knocknacarra 0.
• Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha 2, Colga 2.
• Sacar (faoi 12): Mac Dara 0, Colemanstown Utd. 4.