Cartlann Nuachta: 16 Bealtaine 2018
Bua sa Liathróid Láimhe
Eimhir Ó Diollúin, a bhuaigh an Comórtas Aon Bhalla Náisiúnta sa Liathróid Láimhe faoi 17, i gCaisleán a’ Bharraigh le gairid.
Cois Fharraige Tríd sa gCamógaí
Foireann Shóisear Chamógaíochta Chois Fharraige
Bhí bua iontach ag foireann shóisear chamógaíochta Chois Fharraige ar an Domhnach seo caite i gcoinne foireann as Ros Comáin, St Dominick’s, ar Pháirc an Chnoic. Cuireann an bua Cois Fharraige tríd go cluiche leathcheannais an chontae in aghaidh Droichead an Chláirín. Beidh an cluiche sin ar bun tráthnóna Dé Aoine seo, 18 Bealtaine, i mBéal Átha na Sluaí i bPáirc Uí Dhugáin.
Cé go raibh cóir na gaoithe ag cailíní Ros Comáin sa gcéad leath bhí an fhoireann baile cúilín amháin chun tosaigh ag leath ama. Ach sa darna leath d’éirigh le St Dominick’s cúl a fháil ag an tús, ach fuair Chois Fharraige dhá chúilín ón imirt i ndiaidh a chéile leis an gcluiche a chothromú. Ach má fuair, chuir tosaithe Ros Comáin dhá chúilín ar an gclár scórála. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an cluiche ag sleamhnú ó Chois Fharraige nuair a fuair Sorcha Ní Fhrighil cúl iontach, rud a chuir an fhoireann baile dhá chúilín chun tosaigh. Ach tháinig Ros Comáin ar ais le dhá chúilín eile, leis an gcluiche a chothromú don chúigiú uair.
In am gortaithe fuair Cois Fharraige poc saor thart ar 75 slat amach. Thóg an lánchúlaí Tiffany Ní Choistealbha an poc agus chuir sí an sliotar thar an trasnáin, rud a chuir Cois Fharraige chun tosaigh agus an t-am caite.
Sorcha Ní Fhrighil is mó a fuair scóranna do Chois Fharraige. Ba í Tiffany Ní Choistealbha sna cúlaithe laoch na himeartha, ag briseadh suas ionsaithe ó thosaithe Ros Comáin arís is arís eile. Chinntigh an poc saor fada as a scóráil sí an cúilín buacach ag deireadh an chluiche go bhfuil Cois Fharraige tríd ag cluiche leathcheannais.
Seo iad na himreoirí a scóráil do Chois Fharraige: Sorcha Ní Fhrighil (1 – 4), Máire Ní Fhrighil (0 – 2), Aoife Nic Dhonnacha (0 – 2), Aoife Nic Chormaic (0 – 1), Becky Ní Éallaithe (0 – 1), Tiffany Ní Choistealbha (0 – 1).
Scoil Thír an Fhia
I láthair ag oscailt oifigiúil na seomraí breise atá curtha le Scoil Thír an Fhia, bhí (ó chlé) Aisling Ní Fhátharta, Caitríona Ní Chonchubhair (Príomhoide), Orla Ní Chuinn agus Aoibhín Ní Thuathail.
CÉILÍ HOUSE sa gCoill Rua
Tá Ciarán Hanrahan ó RTÉ ag tíocht go Cois Fharraige an Satharn beag seo, 19 Bealtaine, ar chuireadh ó Traidphicnic, leis an gclár raidió CÉILÍ HOUSE a thaifeadadh i dTigh Chualáin, An Choill Rua. Seo é an tríú bliain as a chéile do Chiarán agus a chriú tíocht go Cois Fharraige leis an gclár iomráiteach ceoil a thaifeadadh. Tosóidh an taifead ar an Satharn, ag 7.45pm.
Glantachán Cois Cósta
Ar an Satharn seo chugainn, 19 Bealtaine, beidh glantúchán mór ar bun ar chósta Chois Fharraige, eagraithe ag Fochoiste Timpeallachta an Chumann Forbartha. Seo é an darna glantúchán atá eagraithe i mbliana ag an bhFochoiste Timpeallachta. D’éirigh thar barr leis an nglantúchán a eagraíodh an mhí seo caite sa gceantar, le breis is dhá scór ag bailiú brúscair ar na bóithríní. Níor deineadh mórán a bhailiú an lá sin ar an gcladach agus tá go leor brúscair caite isteach ag an taoille, a shalaíonn an chósta.
Beifear ag tíocht le chéile ag Seanscoil Sailearna ag 10.00 ar an Satharn seo. Cuirfear miotógaí agus málaí dubha ar fáil do dhaoine a bheas ag bailiú. Baileoidh an Comhairle Chontae na málaí ar an Luan.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh an chéad tíocht le chéile eile ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 13 Meitheamh, i dTigh Mholly, Indreabhán, leis an leabhar ‘Idir Neamh is Talamh’ le Joe Steve Ó Neachtain a phlé.
Tá an leabhar ar fáil go háitiúil i siopa Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal.
Bearna sa gComórtas Náisiúnta Peile
Bearna agus An Cheathrú Rua an dá fhoireann ó Ghaeltachtaí na Gaillimhe a bheas ag dul ó thuaidh i gceann coicíse, le páirt a thógáil i gComórtas Peile na Gaeltachta, a bheas ar siúl sna Dúnaibh, i dTuaisceart Dhún na nGall.
Coicís ó shin d’éirigh le Bearna an ceann is fearr a fháil ar An Fháirche i gcluiche ceannais na Gaillimhe leis an turas go Dún na nGall a chinntiú dóibh féin, agus ionadaíocht a dhéanamh ar son Chois Fharraige ag Comórtas Peile na Gaeltachta i ngrád an sóisir.
Síneann CLG Bhearna ón mBuaile Beag agus Bóthar na Ceapaí siar go dtí na Forbacha i nGaeltacht Chois Fharraige.
Faoi láthair tá faoin gcumann Coiste Gaeilge a bhunú chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid imeachtaí agus chun aidhmeanna Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha a chomhlíonadh. Más spéis le haon duine a bheith páirteach san obair seo, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Conchúr Ó Brolcháin, Oifigeach Gaeilge an chumainn, ag an seoladh ríomhphoist obrolchain.c@nullgmail.co.
Na Breathnaigh v. An Spidéal
Is in aghaidh An Spidéil a bheas na Breathnaigh ag imirt a gcéad chluiche peile sa ngrád idirmheánach an Satharn seo chugainn, 19 Bealtaine. Is ar Pháirc Mhaigh Chuilinn, ar an Teach Dóite, a bheas an cluiche ar bun ag tosú ag 5.30pm.
Chaill peileadóirí Chumann Micheál Breathnach a stádas mar fhoireann sinsir anuraidh agus tá siad ag imirt sa ngrád idirmheánach i mbliana. Tá An Spidéal sa ngrád idirmheánach le roinnt blianta anois. Uachtar Ard agus St. Brendans, Baile an Ghártha, an dá fhoireann eile atá sa ngrúpa céanna leis An Spidéal agus Cumann Micheál Breathnach.
Post Fógraithe ag Tearmann Éanna
Tá postanna páirtaimseartha mar chúramóirí baile sna ceantair ó Bhearna go Cárna agus Oileáin Árainn, le líonadh ag Tearmann Éanna, An Tulach.
Tá cáilíochtaí FETAC Leibhéal 5 i gCúram Baile riachtanach, ach glacfar le iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí á mbaint amach acu i láthair na huaire. Tá ceadúnas tiomána glan riachtanach, chomh maith le hard chaighdeán Gaeilge.
Tá an fhoirm iarratais don phost ar fáil ar an suíomh idirlín: www.tearmanneanna.ie. Is féidir gach eolas a fháil trí glaoch ar Thearmann Éanna ag 091 505540 nó 087 0988222, nó is féidir ríomhphost a sheoladh ag tacaiochtb@nullgmail.com
Glacfar le iarratais suas go dtí an Chéadaoin, 30 Bealtaine.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Peil (Sóisear R6): Ml Breathnach 3 – 08, St Michael’s 1 – 12
Peil (Sóisear R6): An Spidéal 0 – 11, Bearna 1 – 16.
Peil (Sóisear R8): Ml Breathnach 2 – 12, Gaeil na Gaillimhe 3 – 03.
Peil (faoi 15 R2): Ml Breathnach 6 – 17, Naomh Anna 3 – 11
Peil (faoi 15 R2): An Spidéal 3 – 16, Uachtar Ard 3 – 07
Peil na gCailíní (f12): Ml Breathnach 6 – 12, Maigh Chuilinn 1 – 06
Camógaí (Sóisear): Cois Fharraige 1 – 11, St Dominicks 1 – 10.
16 Bealtaine 2018