Cartlann Nuachta: 16 Deireadh Fómhair 2019
Na Breathnaigh ina Seaimpíní Iománaíochta
Rónán Ó Beoláin ó fhoireann iománaíochta Chumann Micheál Breathnach, a roghnaíodh mar laoch na himeartha, sa gCluiche Ceannais Iomána sa nGrád Sóisear 1.
D’éirigh le Rónán trí chúl a aimsiú le linn an chluiche, a chabhraigh go mór leis Na Breathnaigh an cluiche a bhuachan.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Bhí na tinte lasta i gceantar Chois Fharraige tráthnóna Sathairn seo caite le ceiliúradh a dhéanamh ar an mbua breá a bhí ag foireann iomána Chumann Micheál Breathnach ar fhoireann eile as Cois Fharrraige, Bearna/Na Forbacha. D’éirigh leis an bhfoireann iomána ó Chumann Micheál Breathnach an comórtas Sóisear a hAon a bhuachan ar an Satharn seo caite, i gCluiche Ceannais an Chontae in aghaidh Bearna/Na Forbacha.
Cluiche spóirtiúil a bhí ann ó thús go deireadh agus cé go raibh deich gcúilín idir na foirne ar clár na scóranna ag deireadh an chluiche, ní fhéadfaí a rá go raibh an méid sin eatarthu san imirt.
Cian Mac Giolla Bhríde, captaen foireann iománaíochta Chumann Micheál Breathnach, leis an gcorn tar éis do Na Breathnaigh Cluiche Ceannais an Chontae sa gComórtas Sóisear 1 a bhuachan, Dé Sathairn seo caite i Staid an Phiarsaigh.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Breandán Mhaidhc Ó Conghaile a d’oscail an scóráil do Na Breathnaigh le cúilín álainn. Tar éis deich nóiméad d’éirigh le Rónán Ó Beoláin a chéad chúl, as trí cinn, a aimsiú do Na Breathnaigh agus mhéadaigh an bhearna idir na foirne go sé chúilín nuair a chuir Maidhc Ó Conghaile, Rónán Mac Donnacha agus Seán Denvir an sliotar thar an trasnán. Ach ní raibh Bearna/Na Forbacha ag tabhairt suas agus scóráil siad seacht gcúilín i gcomparáid le cúilín amháin ó Na Breathnaigh leis an scór a fhágáil cothrom ag leath ama.
Sa darna leath, cé go raibh an ghaoth ag Na Breathnaigh, ba iad Bearna/Na Forbacha a fuair an céad dá scór, le cúilíní ón imirt ag Dónal Ó Cualáin agus ón a dheartháir Cathal. Ach rinne Rónán Ó Beoláin cúl eile a chur sna eangach agus go gairid ina dhiaidh sin chríochnaigh saorphoc ó seachtó slat a thóg Maidhc Ó Conghaile san eangach. D’éirigh le Dónal Ó Cualáin agus Jimí Ó Coincheanainn cúilín an duine a aimsiú chun an bhearna a laghdú go dhá chúilín, ach b’shin an uair a scóráil Rónán Ó Beoláin a thríú chúl sa gcluiche. Choinnigh Bearna/Na Forbacha ag troid idir sin agus deireadh an chluiche, ach ní raibh siad in ann fáil tríd le cúl a fháil. Tháinig Cian Griallais isteach ar an bpáirc ag glacadh áit ar imeall na cearnóige agus taobh istigh de nóiméad bhí cúl aimsithe aige do Na Breathnaigh.
Sé Rónán Ó Beoláin a roghnaíodh mar Laoch na hImeartha agus níl aon dabht faoi ach go mba iad an trí chúl a d’aimsigh sé a thug an bua do Na Breathnaigh ar an lá. D’imir Maidhc Antaine Ó Conghaile sárchluiche chomh maith agus bhí an captaen, Cian Mac Giolla Bhríde, i gceannas i lár na páirce. Ba é Dónal Ó Cualáin ó Bhearna/Na Forbacha an báireoir ab fhearr ar an bpáirc, ag scóráil dhá chúilín déag, leath acu ón imirt. Bhí a dheartháir Cathal thar barr chomh maith.
Seo a leanas na himreoirí a scóráil do Na Breathnaigh: Rónán Ó Beoláin (3 – 1); Maidhc Antaine Ó Conghaile (1 – 6); Cian Griallais (1 – 0); Seán Denvir (0 – 2); Breandán Mhaidhc Ó Chonghaile (0 – 1); Dinny Ó hÉallaithe (0 – 1); Rónán Mac Donnacha (0 – 1).
Na himreoirí a scóráil do Bhearna/Na Forbacha: Dónal Ó Cualáin (0 – 12); Cathal Ó Cualáin (0 – 2); Jimí Ó Coincheanainn (0 – 2); Gene Donohue (0 – 1).
Beidh Na Breathnaigh ag dul san iomaíocht i gCluiche Ceannais Chonnacht sa nGrád Sóisear ar an 9 Samhain, in aghaidh na mbuaiteoirí idir seaimpíní Sligigh agus seaimpíní Liatroim.
An fhoireann iomána ó Chumann Micheál Breathnach ar éirigh leo Bearna-Na Forbacha a bhuaileadh i gcluiche ceannais an chontae sa gcomórtas Sóisear a hAon, le áit a fháil i gcluiche ceannais na gclubanna sóisear i gCúige Chonnacht, cluiche a imreofar ar an 9 Samhain.
Ar chúl, ó chlé: Seán Denvir, Mark Ó Duibhir, Adrian Ó Tuathail, Ruaidhrí Óg Ó Béarra, Éinne Ó Conghaile, Breandán Mhaidhc Ó Conghaile, Rónán Ó Beoláin, Jack Mac Giolla Bhríde, Oisín Ó Direáin, Máirtín Ó Neachtain, Domhnall Ó Braonáin, Aodhán Breathnach, Cian Griallais.
Chun tosaigh, ó chlé: Cathal Ó Tuathail, Fiach Ó Béarra, Rónán Mac Donnacha, Seán Ó Finneadha, Macdara Ó Béarra, Kevin Óg Ó Conghaile, Ruadhán Ó Béarra, Liam Mac Donnacha, Maidhc Ó Conghaile, Cian Ó Conghaile, Dinny Ó hÉallaithe.
[Pictiúr: Joe Shaughnessy]
Athimirt Cluiche Ceannais Peile ar an Satharn
Liam Mac Donnacha ó Ros a’ Mhíl leis an liathróid ag imeacht ón a chéile chomhraic.
Beidh Liam ar fhoireann Chumann Micheál Breathnach sa gcluiche athimeartha, i gcraobh an chontae idirmheánach ar an Satharn seo chugainn i Staid an Phiarsaigh ag tosú ag 3.30pm.
Is ar an Satharn seo chugainn, 19 Deireadh Fómhair, a imreofar an athimirt i gCluiche Ceannais Peile an Chontae sa nGrád Idirmheánach idir Cumann Micheál Breathnach agus Uachtar Ard. Chríochnaigh an chéad chluiche ar comhscór nuair a d’éirigh le Uachtar Ard saorchic a chur thar an trasnán ag deireadh an am chúitimh. I Staid an Phiarsaigh, Bóthar na Trá, a imreofar an cluiche ag tosú ag 3.30pm.
Tá go leor de na himreoirí iomána, a bhí ag imirt sa gCluiche Ceannais Sóisear a hAon in aghaidh Bearna/Na Forbacha, ar an bhfoireann peile idirmheánach a bheas ag dul chun páirce do na Breathnaigh, ina measc Rónán Ó Beoláin, Maidhc Ó Conghaile, Dinny Ó hÉallaithe, Fiach Ó Béarra, Seán Denvir, Liam Mac Donnacha, Éinne Ó Conghaile, Cian Griallais agus Rónán Mac Donnacha.
Comhscór Eile do Chois Fharraige
Ar an liathróid tá Leon Mac Lochlainn, an captaen ar fhoireann sacair Chois Fharraige, foireann nár chaill aon chuiche fós ó thosaigh siad ag imirt i Roinn I de Sraith Sacair na Gaillimhe, théis dóibh Roinn II a bhuachan sa séasúr seo caite agus Roinn III a bhuachan an séasúr roimhe sin.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Tá a áit caillte ag foireann sacair ar bharr an tábla i Roinn a hAon de Shraithchomórtas na Gaillimhe (Roinn 1) tar éis dóibh críocnú ar comhscór 3 – 3, ar an Satharn seo caite, ag imirt in aghaidh Colemanstown United. Tá siad dhá phointe ar chúl Mervue United, ach tá cluiche sa mbreis le imirt ag Cois Fharraige. Go dtí seo níor chaill Cois Fharraige aon chluiche: sa gcúig chluiche a imríodh go dtí seo bhí dhá bhua acu agus chríochnaigh an trí chluiche eile ar comhscór.
Beidh Cois Fharraige ag imirt in aghaidh Merlin Woods FC/Medtronic ar an Domhnach seo chugainn i Merlin Woods ag 11.00 am.
Club Scannán Sailearna
Beidh an scannán greannmhar ón bhFrainc, SINK OR SWIM, á thaispeáint an Déardaoin seo, 17 Deireadh Fómhair, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosú ag 8.15pm. Bainfidh an scannán seo neart gáire amach ón lucht féachana.
Mar is gnáth, tosaíonn an scannán ag 8.15pm. Is féidir le daoine nach baill iad íoc isteach ar €8 (€7).
An tseachtain seo chugainn taispeánfar CUMAR, scannán faisnéise a bhreathnaíonn go criticiúil ar Ghaillimh agus ar Chonamara trí shúile ealaíontóirí, amhránaithe agus scríbhneoirí. I measc na ndaoine atá páirteach sa scannán tá Rita Ann Higgins, Tommy Tiernan, Pádraic Reaney agus Róisín Seoighe ó Ros a’ Mhíl.
Tá liosta iomlán na scannán don tséasúr le fáil ar an suíomh idirlín www.clubscannan.ie.
Oíche ag na Madraí
Ar an Aoine seo chugainn, 18 Deireadh Fómhair, beidh Oíche ag Na Madraí ar bun i Staid na gCon, Gaillimh, ar mhaithe le Ciste Athchóiriú Chill Treasa, Ros a’ Mhíl. Níl ach €10 ar na ticéid. Tosaíonn na rásaí ag 7.50pm.
Bingo Mór Scoil Sailearna
Ar an Domhnach seo chugainn, 20 Deireadh Fómhair, beidh Bingó Mór ar bun i Halla Scoil Sailearna ag tosú ag 3.30pm, ar mhaithe le airgead a bhailiú le íoc as forbairt na páirce ar chúl na scoile. Beidh suas le €1,500 de dhuaiseanna airgid le buachaint agus pota óir de €500, le €100 mar dhuais ar chuile leathanach eile. Beidh céad míle fáilte roimh gach duine óg agus aosta, ach caithfidh duine fásta a bheith in éindí le gasúr. Cuirfear tae is soláistí ar fáil agus beidh neart spotduaiseanna, dearbháin agus hampers le buachaint, chomh maith le duaiseanna airgid. Tá an ócáid seo á eagrú ag Coiste Tuismitheoirí Scoil Sailearna.
Comórtas Díospóireachta
D’éirigh leis an dá fhoireann ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, áit a chinntiú dóibh féin sa gcéad bhabhta eile den Chomórtas Díospóireachta a reachtálann Gael Linn.
Ar an bhfoireann sóisear bhí Kayleigh Ní Ruanaigh, Eoin Ó Neachtain agus Ailbhe Ní Neachtain. Ar an bhfoireann sinsear bhí Seán Ó Gallchobhair, Cainnear Nic Réamoinn agus Oisín Ó Coistealbha.
Tá an dá fhoireann ó Scoil Chuimsitheach Chiarán ón gCeathrú Rua imithe tríd chomh maith.
Ag deireadh na míosa seo a bheas an dara babhta den chomórtas ar bun.
Ceiliúradh 50 bliain, Scoil Ros a’ Mhíl
An tAthair Seán Mac Aodha (Sagart Paróiste), Síle Nic Con Iomaire (Príomhoide) agus Treasa Ní Ailpín ag oscailt an Ghairdín Ceadmhach, le linn Comóradh 50 Bliain, a bhí ag Scoil Colmcille, Ros a’ Mhíl, an deireadh seachtaine seo caite.
Ba é athair Treasa, Tadhg Ó Sé, a bhí ina phríomhoide i 1969, nuair a osclaíodh an scoil an chéad uair.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Bhí an-cheiliúradh i Ros a’ Mhíl an deireadh seachtaine seo caite agus an scoil náisiúnta ag comóradh 50 bliain ar an bhfód. Maidin Dé hAoine craoladh clár beo ar Iris Aniar (RnaG) ón scoil agus rinne an tAthair Seán Mac Aoidh an gairdín céadfach a bheannú. Treasa Ní Ailpín, iníon le Tadhg Ó Séaghdha, a bhí mar phríomhoide nuair a d’oscail an scoil i 1969, a ghearr an ribín leis an ngairdín a oscailt go hoifigiúil.
Ar an Satharn bhí cluiche peile idir iarscoláirí na scoile agus foireann ón gCeathrú Rua ar an gCanal agus an bua ag Ros a Mhíl sa deireadh le 4 chúilín.
Oíche Shathairn bhí damhsa agus ceol go maidin i dTeach na Céibhe, áit ar sheol Mícheál Mac Con Iomaire, iar-phríomhoide na scoile (1974-1995) an leabhar ‘Ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód, 1969-2019’. Tá an leabhar ar fáil le ceannach go háitiúil nó sa scoil.
BISEACH 2019
Beidh Biseach 2019 á sheoladh an tseachtain seo chugainn ar an gclár Iris Aniar, an Déardaoin seo chugainn, 24 Deireadh Fómhair, agus ba chóir go mbeadh sé ar fáil sna siopaí i gCois Fharraige faoin Aoine.
I mbliana tá 92 leathanach san iris, le neart ábhar léitheoireachta agus pictiúir. Tá altanna staire ann ó Lochlainn Ó Tuairisg, Cormac Ó Comhraí agus Donncha Ó hÉallaithe. Tá altanna ann chomh maith faoin dá chomhairleoir nuathofa, Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire agus Dáithí Ó Chualáin. Tá píosa breá scríofa ag Seán Ó Neachtain agus ag Martan Ó Ciardha. Tugtar briseadh síos ar leathanach eile ar na vótaí i dtoghchán an Chomhairle Chontae sna boscaí i gConamara Theas.
Tá pictiúir ann a tógadh ag Aonach an Spidéil sa mbliain 1983, chomh maith le neart seanphictiúirí eile.
Seosamh Ó Braonáin an t-eagarthóir ar an iris agus tá slacht breá curtha air ag CL PRINT, Casla.
Bus Chois Fharraige (424)
Tá freagra faighte ag Comhlacht Forbartha An Spidéil ar litir a seoladh chuig an NTA, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, an mhí seo caite maidir leis an seirbhís bus i gCois Fharraige. Mhol an Comhlacht Forbartha don NTA an praghas ar an ticéad bus a laghdú ar an seirbhís 424. Faoi láthair cosnaíonn ticéad fillte go Gaillimh ón Spidéal €11, níos mó ná ticéad fillte ó áiteacha eile atá níos faide ó Ghaillimh. Ach mhínigh an NTA go bhfuil fóirdheontas á fháil ag BUS ÉIREANN as an 424 ach go bhfuil na seirbhísí eile atá níos saoire á rith ‘ar bhonn tráchtála agus nach bhfaigheann aon fhóirdheontas ón stát‘.
Beidh an cheist seo á phlé ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ag an gcéad chruinniú eile den Choiste Stiúrtha, tús mí na Samhna.
Oíche Rásáiochta
Beidh oíche mhór rásaíochta ar bun ar an Satharn, 9 Samhain, sa gCrúiscín Lán ar an Spidéal le airgead a bhailiú don Pháirc Spraoi atá beartaithe le tógáil taobh leis an bpáirc imeartha ag Coláiste Chonnacht. Tá deontas ceadaithe ag Leader don Pháirc Spraoi ach caithfear €25,000 a bhailiú go háitiúil.
Tá ‘capall’ le ceannacht ar €10 faoi láthair ó bhaill an choiste eagraithe nó ó Aodhán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéal.
Liathróid Láimhe
Tá clárú na mball le Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach don bhliain 2020 oscailte anois. Is féidir an clárú a dhéanamh ar líne ach dul ag an nasc seo: Clárú Liathróid Láimhe.