Cartlann Nuachta: 16 Eanáir 2019
An Spidéal i gCluiche Leathcheannais na hÉireann
An Dá Chiarán: Ciarán Kilkenny, ar dheis, ó fhoireann peile Bhleá Cliath, agus bonn á bhronnadh aige ar Chiarán Ó Laoi, captaen fhoireann peile An Spidéil, ag an gcóisir bhliantúil a bhí ag CLG An Spidéil le gairid, le ceiliúradh a dhéanamh ar an mbliain iontach a bhí ag an gCumann sa gComórtas Peile Idirmheánach.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Ar an Domhnach seo chugainn beidh trí bhus de chuid Lally Tours ag fágáil An Spidéal le lucht tacaíochta fhoireann peile an Spidéil a thabhairt go dtí An Uaimh do Chluiche Leathcheannais Peile na hÉireann idir clubanna idirmheánacha.
Cluiche amháin atá idir An Spidéal agus a bheith ag imirt i gCraobh na hÉireann. Casfaidh peileadóirí Chois Fharraige leis na seaimpíní idirmheánacha ó Chúige Uladh, Naomh Éanna ó Aontroim, ag 2.00pm ar an Domhnach seo chugainn, 20 Eanáir, i bPáirc Tailteann, An Uaimh, Co na Mí. Beidh an cluiche á chraoladh beo ar TG4. Má chríochnaíonn sé ar chomhscór beidh am breise le imirt ar an lá.
Beidh na busanna ag fágáil An Spidéal ag 9.30am. Le áit a chur in áirithe ní mhór glaoch a chur ar 091 562905. €20 an táille fillte ar dhaoine fásta agus €15 ar dhaoine óga faoi 16 mbliain d’aois.
Léacht faoi Mhicheál Ó Droighneáin
Ar an Déardaoin seo, 17 Eanáir, tabharfar léacht i gColáiste Chonnacht, An Spidéal, faoin gceannaire ar Arm na Poblachta in Oirthear Chonamara le linn Cogadh na Saoirse, Micheál Ó Droighneáin. B’as An Tuar Beag, An Spidéal do Mhicheál Ó Droighneáin agus chaith sé na blianta ag obair mar mhúinteoir i Scoil na bhForbacha.
Donncha Ó hÉallaithe, a raibh alt aige faoin Droighneánach i mBISEACH 2018, a thabharfadh an léacht a thosóidh ag 8.00pm. Tá an léacht eagraithe ag Cumann Seanchas is Staire Chois Fharraige.
Coláiste Chroí Mhuire Abú!
Foireann Sóisir Díospóireachta Chois Fharraige
Beidh dhá fhoireann díospóireachta ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ag glacadh páirt ar an gCéadaoin seo chugainn, 23 Eanáir, sa gcraobh náisiúnta i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2019, a bheas ar bun i mBiorra, Co Uíbh Fhailí, eagraithe ag Gael Linn. Beidh an fhoireann sóisir ó Chois Fharraige in aghaidh Pobalscoil Chorcha Dhuibhne, chomh maith le dhá fhoireann ó Ghaelcholáistí i mBleá Cliath, an rún atá le plé: “Tá cultúr na tíre seo slán sábháilte i lámha an aosa óig!”
Sa gcomórtas sinsir beidh meánscoil An Spidéil in aghaidh Choláiste Pobail Ráth Chairn ó Ghaeltacht na Mí, chomh maith le Scoil Chuimsitheach na Ceathrú Rua agus Coláiste Eoin, Bleá Cliath. In aghaidh an rúin seo a leanas a bheas An Spidéal ag labhairt: “Is córas roghnúcháin cothrom é Córas na bPointí!”
Dumhach na Leanbh
Breandán Ó Tuairisg ag Dumhach na Leanbh 2018
Fuair Cumann Forbartha Chois Fharraige dea-scéal an tseachtain seo ó Údarás na Gaeltachta maidir le athchóiriú Dhumhach na Leanbh, ar an Teach Mór. Tá an tÚdarás sásta tacaíocht €2,500 a chur ar fáil leis an athchóiriú ar an sean reilig a chríochnú.
Le bliain anuas tá fochoiste de chuid an Chumann Forbartha ag obair ar an tionscadal, le Breandán Ó Tuairisg ina chathaoirleach air. Bailíodh os cionn €5,000 ón bpobal agus tugadh faoin reilig a athchóiriú is a ghlanadh agus bealach sábháilte a dhéanamh isteach go dtí é.
Ar an Luan seo caite bhí cruinniú ag an bhfochoiste agus socraíodh go ndéanfaí gach iarracht chun an obair athchóirithe a bheith críochnaithe faoin gCáisc 2019.
An Clochar sa Spidéal
Is cosúil go bhfuil sé beartaithe ag Ord na Trócaire an Clochar sa Spidéal a dhúnadh san Earrach. Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil ag iarraidh ar Aire Stáit na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta, féachaint leis an Clochar a fháil ó Shiúracha na Trócaire le úsáid mar Ionad Oideachais nó mar Ionad Fiontraíochta is Mionghnó.
Má dhíoltar an foirgneamh, nó má ligtear ar léas é, tá Comhlacht Forbartha An Spidéil go láidir den tuairim go mba cheart é a chur i lámha eagrais ar nós Údarás na Gaeltachta, le go mbeifear in ann a chinntiú amach anseo gur ar leas an phobail a úsáidfear é agus go gcuideoidh sé le Plean Teanga Chois Fharraige a fheidhmiú.
Tá Clochar An Spidéil ar liosta caomhnaithe an Chomhairle Chontae.
Sacar Chois Fharraige
Dónal Ó Ceallaigh, foireann sacair Cois Fharraige, ag tógáil coirnéil. Beidh Cois Fharraige ag imirt cluiche tábhachtach in aghaidh Knocknacarra ar an Domhnach seo chugainn ag 11 ar an bPáirc ar Bhóthair na gCeapach.
Beidh cluiche cinniúnach ag Cois Fharraige i Sraithchomórtas Sacair na Gaillimhe ar an Domhnach seo chugainn. D’éirigh le Cumann Sacar Chois Fharraige ardú céime a fháil go Roinn II anuraidh agus seans maith acu ardú céime eile a fháil i mbliana. Leathbhealach tríd an sraithchomórtas tá Cois Fharraige sa dara áit i Roinn II, le 20 pointe théis 8 cluiche a imirt, 2 pointe chun deiridh ar Knocknacarra, atá ar 22 pointe théis 9 cluiche.
Ar an Domhnach seo chugainn, 20 Eanáir, ag 11.00 am, beidh Cois Fharraige ag imirt in aghaidh Knocknacarra ar an bpáirc ar Bhóthair Ceapach. Beidh tuairisc ar an gcluiche sa gcolún seo an tseachtain seo chugainn.
Séasúr Nua Scannán
Radharc as an scannán greannmhar ón bhFrainc, ‘C’est La Vie’, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo chugainn, 24 Eanáir, ag tosú ag 8.15pm, le tús a chur le séasúr nua scannán.
Ar an Déardaoin seo chugainn, 24 Eanáir, cuirfear tús le séasúr nua de scoth na scannán ó thíortha éagsúla ar fud an domhain, i Seanscoil Sailearna, nuair a thaispeánfar ‘C’est La Vie’, scannán greannmhar ón bhFrainc, ag tosú ag 8.15pm.
Is féidir ballraíocht a fháil don séasúr ar €35 do dhuine aonair, nó €60 do bheirt, as a mbíonn cead isteach ag na scannáin go léir gan aon cheo eile a íoc. Bíonn €8 le íoc ar scannán amháin ag daoine gan ballraíocht.
Tá liosta iomlán na scannán le fáil anois ar an suíomh idirlíon WWW.CLUBSCANNAN.IE, mar aon le eolas fúthu.
Obair Tosaithe ar GTEIC
An tAire Stáit, Seán Kyne TD, agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh, réidh le buillí ord a bhualadh le tús oifigiúil a chur leis an obair tógála sa bhfoirgneamh a bhíodh ag Marsh ar an Spidéal, le mol digiteach GTEIC a chur ar fáil i gceantar Chois Fharraige.
An tseachtain seo caite cuireadh tús oifigiúil leis an obair tógála ar GTEIC, mol nua digiteach ar chúl na ceardlainne, sa Spidéal, sa bhfoirgneamh a bhíodh ag Marsh uair amháin.
Mar chuid den fhorbairt sa Spidéal beidh 25 deasc agus spás ann chomh maith le 10 spás oifige príomháideacha, dhá sheomra cruinnithe agus áiseanna físchomhdhála. Meastar go mbeidh an mol digiteach nua in ann freastal ar 40 go 50 duine.
Ceadaíodh maoiniú de €549,000 faoin gCiste Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe don fhorbairt thábhachtach seo, sé sin 75% den chostas. Cuirfidh Údarás na Gaeltacht an 25% den chostas ar fáil.