Cartlann Nuachta: 16 Márta 2022
Cuairt ar Ionad an Gharda Chósta
Daltaí scoile ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a thug cuairt ar Ionad an Gharda Chósta i Ros a’ Mhíl, le gairid.
‘Le Cion ar Joe’
Is cosúil nach mórán ticéad atá fanta faoin am seo don seó ‘Le Cion ar Joe’ a bheas á chur ar ardán anocht, Oíche Lá ‘le Pádraig, ag Aisteoirí An Spidéil, i Seanscoil Sailearna ag 8.00pm. Deirtear linn go bhfuil roinnt ticéad ar fáil i gcónaí don seó ar an Aoine, 18 Márta.
Is in ómós do Joe Steve Ó Neachtain, a fuair bás dhá bhliain ó shin, a cuireadh an seó speisialta seo le chéile le haghaidh Féile Chois Fharraige. Seanchara le Joe, Mike P. Ó Conaola, atá i mbun an léirithe.
Lá ‘le Pádraig, Cois Fharraige
Le dhá bhliain anuas ní fhéadfaí Lá ‘le Pádraig a cheiliúradh i gceart de bharr srianta a bhain le Covid. Cé go bhfuil Covid thart i gcónaí, tá na srianta maolaithe go mór agus tá an deis ag daoine i mbliana an fhéile a cheiliúradh, mar is ceart. Seo cuid de na himeachtaí a bheas ar bun ar an lá:
12.00 (Meán lae): Paráid Lá ‘le Pádraig ar an gCeathrú Rua.
20.00: ‘Le Cion ar Joe’, Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
20.00: Seisiún Ceoil is Amhráin sa gCrúiscín Lán, An Spidéal.
21.00: Seisiún Amhránaíochta is Ceoil, Tigh Mholly, Indreabhán.
An Spidéal v Na Breathnaigh
Ciarán Ó Laoi, An Spidéal, agus Ruadháin Ó Curraoin, Cumann Micheál Breathnach, in aghaidh a chéile i gcluiche peile dhá bhliain ó shin.
Beidh An Spidéal agus Na Breathnaigh ag castáil le chéile sa gcluiche cáilithe i gComórtas Peile na Gaeltachta ar an Domhnach seo chugainn ar Pháirc an Chnoic, ag 1.00pm
Cuirfear spéis faoi leith sa gcluiche cáilithe i gComórtas Peile na Gaeltachta ar an Domhnach seo chugainn, 20 Márta, nuair a chasfaidh dhá fhoireann ó Chois Fharraige, An Spidéal agus Cumann Micheál Breathnach, ar a chéile ar Pháirc an Chnoic ag 1pm. Bíonn sár choimlint i gcónaí idir an dá fhoireann. Cáileoidh na buaiteoirí do bhabhtaí leath-cheannais na Gaillimhe, a imreofar tús mí Bhealtaine. Is i Leitir Móir a bheas Comórtas Peile na Gaeltachta ar bun i mbliana, comórtas nár reáchtáladh le dhá bhliain de bharr Covid.
Ceolchoirmeacha ar An Spidéal
Tiarnán Ó Duinchinn ar na píopaí agus Laoise Kelly ar an gcruit, beirt a bheas ag ceol, in éindí leis an bhfonnadóir Stéphanie Makem, i Stiúideo Cuan sa Spidéal ar an Aoine agus ar an Satharn seo.
Tá sé fógraithe ag Stiúideo Cuan sa Spidéal go mbeidh tús á chur an tseachtain seo chugainn le sraith ceolchoirmeacha sa seomra álainn atá réitithe. Leis an séasúr ceoil a sheoladh beidh an cláirseoir Laoise Kelly in éindí leis an bpíobaire Tiarnán Ó Duinchinn agus leis an amhránaí Stéphanie Maken ag casadh ar an Aoine seo chugainn (18 Márta) agus ar an Satharn (19 Márta) chomh maith.
Tá sé socraithe go mbeidh ceolchoirm ann gach coicís agus tá ainmneacha móra curtha in áirithe: Matt Molly agus John Carty; Mairéad Ní Mhaonaigh agus Manus Lunny; Steve Cooney agus Iarla Ó Lionáird; Máirtín O’Connor agus Cathal Hayden.
De bharr nach bhfuil ach 65 suíochán sa seomra ceoil, moltar ticéid a chur in áirithe. Tá ticéid ar fáil ach glaoch ar 091 553838, nó dul ag an suíomh WWW.STIUIDEOCUAN.IE.
Ar an gCéadaoin seo chugainn, 23 Márta, cuirfidh Stiúideo Cuan tús le Séasúr na nEalaíontóirí Cónaithe leis an mboscadóir Johnny Óg Connolly, an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn, an damhsóir Róisín Ní Mhainnín agus an t-amhránaí Caitlín Ní Chualáin. Leanfaidh an séasúr ar aghaidh gach Céadaoin go deireadh Bhealtaine. Beidh na seisiúin leis na ealaíontóirí cónaithe saor in aisce agus beidh an beár ar oscailt na hoícheanta sin chomh maith.
Is cinnte go bhfuil beocht ag teacht ar ais arís sa Spidéal, le Stiúideo Cuan i mbun sraith ceolchoirmeacha den scoth agus leis an mBúilín Blasta oscailte arís, tar éis an méadú a cuireadh leis an gcaifé.
‘Fiach’ le Fíbín
Ar an Aoine agus an Satharn seo, 18/19 Márta, beidh FIACH, an drive-in drama, á léiriú ag FÍBÍN i gCathair na Gaillimhe, sa gcarrchlós ag an mBlack Box.
Rinne FÍBÍN an dráma a chur ar stáitse don chéad uair i mí Lúnasa 2020, sa gcarrchlós ag an ionad atá ag FÍBÍN ar an Tulach.
Píosa oibre cumasach atá ann, atá scríofa ag Philip Doherty.
Sa dráma an babhta seo tá Siobhán O’Kelly ón gCeathrú Rua agus Dara Devaney ó Mhuiceannach.
Le ticéid a chur in áirithe níl le déanamh ach dul go https://tht.oe/3732/fiach.
Glantachán an Earraigh
Glanadh Suas – Brúscar Cladaigh
Beidh Glantachán an Earraigh á eagrú ag an bhFochoiste Timpeallachta de chuid Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Satharn agus ar an Domhnach 9/10 Aibreán. Ní raibh aon ghlantachán eagraithe ann le dhá bhliain anuas de bharr srianta Covid.
Beidh an glantachán ag díriú ar na bóithríní bailte agus ar Bhóthar Chois Fharraige.
Le páirt a ghlacadh sa glantachán, níl le déanamh ach teacht le chéile ag 10.00 ar maidin ag Seanscoil Sailearna. Beidh miotógaí agus málaí ar fáil ag an tSeanscoil.
Sa gcás nach féidir le duine a bheith ann ag 10.00 ar cheachtar den dá lá, ach atá ag iarraidh cúnamh a thabhairt, is féidir dul amach ag am a d’fheilfeadh an duine féin, ach a chur in iúl don Chumann Forbartha cén bóithrín atá déanta agus cén áit a bhfuil mála le piocadh suas. Is féidir an t-eolas a chur chuig an Cumann Forbartha ach ríomhphost a sheoladh chuig cumannforbartha@nullgmail.dom.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin seo chugainn, 23 Márta, ag 8.00pm i dTigh Mholly, Indreabhán, chun an cnuasach gearrscéalta, BLÁTH NA dTULACH a phlé. Is féidir an leabhar a cheannach i siopa Cló Iar-Chonnacht, sa Spidéal. Chomh maith le sin, tá roinnt de na scéalta le fáil mar closleabhar ón idirlín ach an nasc blath-na-dtulach.com a úsáid. Bíonn fáilte i gcónaí roimh bhaill nua. Le tuilleadh eolais a fháil is féidir scéal a chur chuig clubleabharcf@nullgmail.com.
Tuilleadh eolais faoin leabhar: BLÁTH NA dTULACH
Club Scannán Sailearna
Ní bheidh aon scannán i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, mar go mbeidh an seó ‘Le Cion ar Joe’ á chur ar stáitse ann ag Aisteoirí An Spidéil.
Ceithre scannán atá fágtha sa séasúr seo a bheas ag dul ar aghaidh go dtí an 14 Aibreán. Seo a leanas na scannáin atá fós le taispeáint:
24 Márta: AZOR (An Fhrainc/An Eilbhéis)
31 Márta: THERE IS NO EVIL (An Ghearmáin/ An Iaráin)
07 Aibreán: DRIVE MY CAR (An tSeapáin)
14 Aibreán: PETITE MAMAN (An Fhrainc)
Is féidir ticéad a cheannach don cheithre scannán atá fós le taispeáint ar €20, ach dul go WWW.CLUBSCANNAN.IE agus na treoracha a leanacht.
Darkness Into Light, An Cheathrú Rua
Is dea-scéal é go mbeidh Darkness Into Light á eagrú i mbliana sa gCeathrú Rua, tús mí Bhealtaine, ag an gcoiste áitiúil, le airgead a bhailiú don tseirbhís meabhairshláinte a chuireann Pieta House ar fáil do dhaoine in ísle brí.
Le dhá bhliain anuas, de bharr srianta Covid, níorbh fhéidir daoine a thabhairt le chéile leis an tsiúlóid/rith a dhéanamh.
Ach beifear in ann daoine a bhailiú le chéile i mbliana le breacadh an lae sa gCeathrú Rua ar an Satharn, 7 Bealtaine.
Tá an clárú oscailte anois ar an suíomh WWW.DARKNESSINTOLIGHT.IE, agus tá ‘early bird’ le fáil faoi láthair.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Peil (Roinn 3): Micheál Breathnach 2 – 07, Headford 1 – 10.
- Peil: Col. Chroí Mhuire 2 – 06, St Cuan’s, Casleblakney 2 – 10.
- Iomáint (faoi 16): Cois Fharraige 1 – 06, Sylane 6 – 15.
- Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 2, Mervue Utd 1.
- Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 8, Loughrea 4.
- Sacar (faoi 12): Mac Dara 3, Salthill Devon B 2.