Cartlann Nuachta: 16 Meán Fómhair 2015

16 Meán Fómhair 2015


Taispeántas Chois Fharraige – Pictiúirí agus Torthaí

Anthony Flaherty, Baile an tSagairt, An Spidéal agus a chapall Danesfield Fairy a fuair an chéad duais do láir 3 bliana agus os a chionn

Anthony Flaherty, Baile an tSagairt, An Spidéal agus a chapall Danesfield Fairy a fuair an chéad duais do láir 3 bliana agus os a chionn

Caoilfhinn agus Peter O Malley ón gCaorán Beag, An Cheathrú Rua leis an capaillín Boyne Girl, agus Corn Phádraic Uí Neachtain

Caoilfhinn agus Peter O Malley ón gCaorán Beag, An Cheathrú Rua leis an capaillín Boyne Girl, agus Corn Phádraic Uí Neachtain

Pádraig Breathnach, Ugóil, Uachtar Ard lena bheirt mhac agus an corn a ghnóthaigh sé ag Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal le gairid, don chaoire ab fhearr

Pádraig Breathnach, Ugóil, Uachtar Ard, lena bheirt mhac agus an corn a ghnóthaigh sé ag Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal le gairid, don chaoire ab fhearr

Damhnait Ní Fhátharta, Na hAille, Indreabhán a bhí i láthair lena mada Buttons

Damhnait Ní Fhátharta, Na hAille, Indreabhán a bhí i láthair lena mada Buttons

Tomás agus Catherine Ó Conghaile, ón gCré Dhubh, lena gar iníon Éabha Nic Dhonnacha-Ní Chonghaile

Tomás agus Catherine Ó Conghaile, ón gCré Dhubh, lena ngariníon Éabha Nic Dhonnacha-Ní Chonghaile

Ella May Ní Chualáin agus Jamie Dillon, An Teach Mór, Indreabhán

Ella May Ní Chualáin agus Jamie Dillon, An Teach Mór, Indreabhán

Duine ar bith atá ag iarraidh tíocht ar na torthaí ó Thaispeántas Chois Fharraige, a bhí ar bun sa Spidéal ar an Domhnach, 6 Meán Fómhair, is féidir iad a fháil mar pdf anseo.

 [Pictiúirí: Áine Ní Dhroighneáin]


Comórtas Scoraíochta an Oireachtais

OireachtaslogoTuigtear dúinn go bhfuil dhá ghrúpa as Cois Fharraige le cur isteach ar an gcomórtas scoraíochta a bheas ar bun le linn Oireachtas na Gaeilge 2015: grúpa ó na hAille agus grúpa eile ón Teach Mór/An Lochán Beag. Bhí an dá ghrúpa páirteach sa gcomórtas scoraíochta idirbhailte a d’eagraigh Cumann Forbartha Chois Fharraige níos túisce i mbliana. Is i Citywest, Baile Átha Cliath, a bheas Oireachtas na bliana seo ar bun ó 27 go dtí 31 Deireadh Fómhair.


An Club Scannán

ClubScannan-SeasurAnFhomhair2015-Postaer_isealtaifigh_thumb

Cuirfear tús an Déardaoin seo chugainn, 24 Meán Fómhair, le séasúr an Fhómhair den Chlub Scannán a bhíonn ar bun i Seanscoil Sailearna. Tá liosta spéisiúil scannán roghnaithe ag an gCoiste don séasúr: 11 scannán ar fad ó thíortha éagsúla ag tosaí le ‘Marshland’, scannán nua ón Spáinn ar an Déardaoin seo chugainn. Tugann ballraíocht sa gClub Scannán ar €30 cead isteach do na scannáin go léir, nó tá cead isteach le fáil ar €8 ag an doras ar gach scannán. Is féidir liosta na scannán, chomh maith le eolas fúthu, a fháil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Japanese Knotweed i gCois Fharraige

JapaneseKnotweed

Japanese Knotweed ag fás ar an bPúirín

Tá Elaine O’ Riordan ó Cumann Forbartha Chois Fharraige le seisiún eolais a reáchtáil faoin Japanese Knotweed sa gCrann Taca (ITT) ar an gCéadaoin seo chugainn, 23 Meán Fómhair, ag 8.00 i.n. Is cosúil go bhfuil Japanese Knotweed ag leathnú i roinnt bailte i gCois Fharraige. Is féidir leis go leor dochair a dhéanamh in áit ar bith a fhaigheann sé greim ach is deacair fáil réidh leis.

Beidh sleamhnáin ag Elaine lena thaispeáint cén cineál planda é féin agus beidh sí ag míniú céard é an bealach is fearr le déileáil leis.

Tá an seisiún eolais eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar iarratas ó bhaill atá imníoch faoin Japanese Knotweed. Beidh Elaine ag déanamh tagairt do phlandaí eile atá contúirteach don timpeallacht, ar nós an Gunnera agus an Rhododendron.


Iománaithe na mBreathnaigh sa gCluiche Ceathrú Ceannais

Cumann Mícheál BreathnachBhí bua iontach ag iománaithe Chumann Mícheál Breathnach sa gCraobh Sóisir A nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Ard Rathain ar pháirc Dhroichead Uí Chláirín ar an Satharn seo caite leis an scór 2 – 12 i gcoinne 2 – 11.

Ag imirt in aghaidh na gaoithe bhí buachaillí Chois Fharraige trí phointe le fána, agus gan fanta ar an gclog ach seacht nóiméad. Ach tháinig siad ar ais agus sa nóiméad deireannach d’am cúitimh gortaithe sheol Éinde Phaddie Beag Ó Conghaile an sliotar thar an trasnán, rud a chinntigh áit do na Breathnaigh sa mbabtha ceathrú ceannais den chómortas don dara bliain as a chéile.

Gan aon cheann de na cluichí a chailliúnt chríochnaigh Cumann Mícheál Breathnach ar bharr an tábla.

An lá dár gcionn bhí bua ag foireann peile sinsir Chumann Mícheál Breathnach ar an gCeathrú Rua leis an scór 3 – 12 in aghaigh 2 – 7 i gcomórtas na sraithe.

Foireann Micheal Breathnach: Kevin Beag Ó Conghaile, Jack Mac Giolla Bríde, Antoine Ó Finneadha, Gearóid Ó Conghaile, Ruadhán Ó Béarra, Maidhc Ó Conghaile (0 – 2), Seán Chóil Ó Finneadha (0 – 2), Fiach Ó Béarra, Cian Ó Griallais, Breandán Ó Conghaile (0 – 3), Darach Mac Con Iomaire, Oisín Ó Ceallaigh, Marc Ó Duibhir, Seán Denvir (1 – 3), Éinde Phaddie Beag Ó Conghaile (1 – 1).

Fir Ionaid a húsáideadh: Cian Mac Giolla Bríde (0 – 1), Pádraig Mac Giolla Bríde, Macdara Ó Béarra.


Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Seisiún Ceoil - Grúpa go léirCuirfear tús an Satharn seo chugainn, 19 Meán Fómhair, ar an Spidéal le Seisiún Ceoil Traidisiúnta do na Déagóirí, faoi stiúir an cheoltóra Toner Quinn. Sa Droighneán Donn a bheas an seisiún ar bun idir 7 agus 8 trathnóna gach Satharn, ag tosaí ar an 19 Meán Fómhair. Tá go leor ceoltóirí óga den scoth sa gceantar, a bhuíochas don obair éachtach atá déanta ag An Gaelacadamh agus tabharfaidh an seisiún rialta ar an Satharn deis dóibh taithneamh a bhaint as a bheith ag casadh le chéile ag seisiún.


Peileadóirí Óga Mícheál Breathnach sa gCluiche Ceannais

Cumann Mícheál BreathnachTá peileadóirí óga Chumann Mícheál Breathnach i gCluiche Ceannais an Chontae faoi 16 (Roinn 2) ag 1.00 i.n., ar an Satharn seo chugainn, 19 Meán Fómhair, in Áth Chinn. In aghaidh Réalta Thuama a bheas siad. Sa gcluiche leath ceannais fuair siad an ceann is fearr ar Dhroichead an Chláirín le dhá phointe, mar gur throid siad ar ais sa darna leath le díocas agus le fiabhras chun buachaint. Is cinnte go mbeidh grúpa láidir ó Chois Fharraige ag dul soir thar an gCoirib ag tacú leo agus iad ag iarraidh an corn a thabhairt leo abhaile. Go n-éirí leo ar an Satharn.


Bua Éasca ag Cois Fharraige ar an gCaisleán Gearr

Sa gcamógaí an Satharn seo caite bhí bua éasca go maith ag Cois Fharraige ar an gCaisleán Gearr ar Pháirc an Spidéil. Cé go bhfuair Caisleán Gearr cúl sa gcéad nóiméad den chluiche, is gearr go raibh Cois Fharraige á fhreagairt le cúl iontach, scóráilte ag Sorcha Ní Fhrighil. Ag leath ama bhí Cois Fharraige chun cinn le 3 – 6 in aghaidh 1 – 2.

Cé go raibh Cois Fharraige ag imirt in aghaidh na gaoithe sa darna leath, choinnigh siad orthu ag scóráil. Ní bhfuair cailíní an Chaisleán Gearr ach cúilín amháin sa darna leath, a bhuíochas sin don chosaint iontach a rinne cúlaithe Chois Fharraige.

Ba í Sorcha Ní Fhrighil laoch na himeartha. Scórail sí 2 – 6 agus a deirfiur, Máire, a tháinig isteach mar ionadaí, scóráil sí dhá chúl chomh maith. I measc na gcosantóirí bhí Tiffany Ní Choistealbha agus Maela Ní Choisdealbha thar barr, ag briseadh na n-ionsaithe ón gCaisleán Gearr. Ba é an scór deiridh: Cois Fharraige 6 -12; An Caisleán Gearr 1 – 3.


Damáiste do Pháirc an Chnoic

Damáiste do Pháirc an Chnoic_2  Damáiste do Pháirc an Chnoic

Cuid den damáiste a tharla de bharr an titim throm báistí ar an Aoine seo caite: thit an balla nua amach ar an mbóthar ag Páirc an Chnoic ach níor gortaíodh aon duine.


Scoil Chamuis ag Ceiliúradh i mBliana

Tá scoil na Maighdine Muire gan Smál i gCamus ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód i mbliana. Tá leabhrán agus DVD curtha le chéile ag Coiste na Scoile. Beidh oíche mhór cheiliúradh ag an scoil ar an Aoine, 25 Mean Fómhair, i gCamus, ag tosaí le Aifreann ag 6.00 sa séipéal. Leanfar leis an gceiliúradh i dTearmann na Foirnéise, taobh leis an séipeál, áit a mbeidh cupán tae agus soláistí ar fáil, chomh maith le ceol, spraoi agus damhsa. Fáilte ag an gceiliúradh roimh iarscoláirí, cairde na scoile agus roimh an bpobal. Beidh Iris Aniar ag craoladh ón scoil an mhaidin sin.


Cruinniú Chinn Bhliana an Chomharchumainn

CST1Ar an Luan seo chugainn, 21 Meán Fómhair, a thionólfar an Cruinniú Cinn Bhliana de scairshealbhóirí Chomharchumann Sailearna Teo., i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.00 i.n. Tá scair ag mórán chuile theach i gceantar Chois Fharraige sa gComharchumann agus iad i dteideal dá réir freastal ar an gCruinniú Chinn Bhliana.

Tá folúntais le líonadh ar an gCoiste Bainistíochta i ngach ceantar, is cosúil. Le seasamh ní mór páipéar ainmniúcháin a líonadh agus a fhágáil ar ais in Oifig an Chomharchumainn faoi 4.00 i.n. amárach, Dé hAoine, 18 Meán Fómhair.


Stiúideo Nua Damhsa sa gCeathrú Rua

Tá stiúideo nua damhsa agus drámaíochta á chur ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Glíscoil na Gaeltachta agus iad ag glacadh le ainmneacha faoi láthair. Beidh an stiúideo nua seo lonnaithe in ionad nua Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua, ar chúl na Leabharlainne. Sí an t-aisteoir agus an damhsóir Sorcha Ní Chéide a bheidh i mbun fhormhór na ranganna. Tosóidh na ranganna ar an Luan, 28 Meán Fómhair. Tá bileoga eolais á scaipeadh ar scoileanna an cheantair faoi láthair. Beidh an clár ama agus tuilleadh eolais faoi na ranganna le fáil anseo go luath.


Oíche an Chultúir Amárach

Beidh neart imeachtaí cultúrtha saor in aisce ar bun san oíche amárach, Dé hAoine, 18 Meán Fómhair, ar fud Chois Fharraige. Sa Spidéal beidh sraith imeachtaí i gCeardlann an Spidéil ón 7.00 tráthnóna go dtí 11 san oíche. Seo iad na príomh-imeachtaí:

7.00 – 7.50 i.n.: Amhráin na Farraige as Éirinn, Albain agus Oileán Mhanainn

8.00 – 8.50 i.n.: Cantaireacht Ghréagórach

9.00 – 11.00 i.n.: Tribal Swing Jazz Band

Tá taispeántas eagraithe ag Pastime Chonamara “bunaithe ar úirlisí adhmaid a bhíodh á n-úsáid le bia a réiteach i seantithe fadó”, i gColáiste Lurgan ón 8 go dtí an 9.

Chomh maith leis sin tá coirmcheol le bheith ar bun i Seanscoil Sailearna an oíche chéanna le scoth na n-amhránaithe is na gceoltóirí ar stáitse, eagraithe ag Ealaíon na Gaeltachta.

Is féidir bróisiúr pdf faoi na himeachtaí uile a léamh nó a íoslódáil anseo.