Cartlann Nuachta: 16 Meán Fómhair 2020

Dealbh Uí Chadhain ar An Spidéal

Is gearr go mbeidh an scríbhneoir clúiteach, Máirtín Ó Cadhain (ar chlé), leathchéad bliain faoin bhfód. Bhásaigh sé ar an 18 Deireadh Fómhair 1970. Ag ócáid a heagraíodh sa Spidéal Déardaoin seo caite (10 Meán Fómhair), bhronn Cumann Forbartha Chois Fharraige síntiús €5,000 ar Iontaobhas Uí Chadhain chun cuidiú le costas dealbh den Chadhnach a chur suas ar an Airdín Buí, plásóg díreach taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil.

Is é an dealbhóir Alan Ryan Hall, a bhfuil cónaí air in Oileán Dairbhre, atá ag déanamh na deilbhe cré-umha. Cumann Forbartha Chois Fharraige a mhol don Iontaobhas, cúpla bliain ó shin, go mba cheart go mbeadh dealbh de laoch próis na Nua-Ghaeilge ina áit dhúchais.

Tá plean curtha i dtoll a chéile ag an Iontaobhas leis an gCadhnach a chomóradh. Chomh maith leis an dealbh ar an Spidéal, tá an tIontaobhas tar éis áit breithe Mháirtín ar an gCnocán Glas a cheannach agus rún ag an Iontaobhas an suíomh a chaomhnú agus Ionad Cuartaíochta a fhorbairt ann.

Beidh seiminéar idirnáisiúnta ar líne faoi ghearrscéalta an Chadhnaigh ar an Aoine seo, 18 Meán Fómhair, eagraithe ag Cló Iar-Chonnacht agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Tá tuilleadh eolais le fáil ó donall.obraonain@nulloegaillimh.ie

Tá tús curtha ag Iontaobhas Uí Chadhain le feachtas tiomsaithe airgid leis an bplean a chur i gcrích. Is féidir sonraí breise a fháil ó Rúnaí an Iontaobhais: Máirtín Ó Cadhain, Baile Liam, An Spidéal. Fón: 086 0643550. Tá eolas le fáil faoi obair an Iontaobhais ar an suíomh www.mairtinocadhain.ie.

Donncha Ó hÉallaithe, ar chlé, ó Chumann Forbartha Chois Fharraige, ag bronnadh seic €5,000 ar Mháirtín Ó Cadhain, Rúnaí Iontaobhas Uí Chadhain, mar shíntiús ón gCumann Forbartha chun cabhrú leis an Iontaobhas dealbh den scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain, údar Cré na Cille, a réiteach le crochadh i sráidbhaile An Spidéal.

Ar chúl ó chlé sa bpictiúr tá an tOllamh Ruairí Ó hUigínn, Cathaoirleach an Iontaobhais; Máirín Mhic Lochlainn, Pádraic Willie Ó Fátharta agus Seán Ó Tuairisg ó Choiste Stiúrtha an Chumann Forbartha.

[Pictiúr: Seán Ó Mainnín]


Seimineár Idirnáisiúnta faoin gCadhnach

Déanfar scrúdú úr agus athléamh ar ghearrscéalta Uí Chadhain ag Seimineár Idirnáisiúnta Ar Líne, an Aoine seo, 18 Meán Fómhair idir 10.00am agus 4.00pm.

Glacfaidh seachtar saineolaithe as ceithre thír éagsúla páirt sa seimineár ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain (1906-1970).

Beidh an seimineár á reáchtáil ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht i bpáirt le Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

De bharr na srianta Covid-19 déanfar na himeachtaí ar fad a reáchtáil ar an idirlíon.

Tá slí ann do chéad duine ag an seimineár gréasáin. Le freastal ar an seimineár ní mhór clárú roimh ré ag an nasc seo: https://tinyurl.com/


Ionad Nua Pleanáil Teanga i gCois Fharraige

plean teanga cf 2016

Ar an Luan seo caite bhog Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige isteach san oifig nua, i Sráidbhaile An Spidéil, trasna ón séipéal. Trasna ó shéipéal Cill Éinde, thuas staighre sa teach Inis Fáil, atá an Oifig Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige lonnaithe anois.

Nuair a bheidh an pobal in ann teacht le chéile arís tá sé beartaithe go mbeidh spás ar fáil san Ionad Pleanáil Teanga ar An Spidéal do eagrais pobail a bheadh ag eagrú imeachtaí sóisialta, ranganna nó cruinnithe.

Is féidir dul i dteagbháil leis an Oifigeach Pleanáil Teanga ach glaoch ar Katie Ní Loingsigh ar 083 010 6294, nó ríomhphost a sheoladh chuig optchoisfharraige@nullgmail.com.

Katie Ní Loingsigh, an tOifigeach Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige, ar chlé, leis an Oifigeach Cúnta, Aoife Ní Chonghaile, taobh amuigh den teach ina bhfuil an tIonad Nua Pleanála Teanga do cheantar Cois Fharraige lonnaithe ón Luan seo caite.


Club Leabhar Chois Fharraige

Ag meánlae an Satharn beag seo, 19 Meán Fómhair, beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag tíocht le chéile don chéad uair ó tháinig srianta Covid i bhfeidhm sé mhí ó shin. De ghnáth thagadh an Club Leabhar le chéile Tigh Mholly ach, de bharr srianta Covid, níl Tigh Mholly ar oscailt faoi láthair. Is sa gCrúiscín Lán ar An Spidéal a bheas an teacht le chéile ar an Satharn agus BEALACH NA SPÁINNEACH le Liam Mac Cóil an leabhar a bheas á phlé.

“In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóirí an namhad ar a thóir.”

Tuilleadh eolais faoin leabhar anseo: BEALACH NA SPÁINNEACH le Liam Mac Cóil.


Iománaithe na mBreathnaigh faoi 12 Abú

An fhoireann iomána faoi 12 ó Chumann Micheál Breathnach a cheannsaigh buachaillí Uarán Mór Mearaí ar Pháirc an Chnoic sa gcluiche craoibhe faoi 12 (Grúpa 10) leis an gcorn a bronnadh orthu.

Ar chúl, ó chlé: Seán Mac Réamoinn (Comh-Bhainisteoir) Fionnán Ó Neachtain, Glaisne Mac Réamoinn, Oisín Mahon, Eric Norman, Cormac Ó Braonáin, Dara Ó Fríghil, Oisín Ó Neachtain, Macdara Ó Grádaigh, Cian de Búrca, Ruairí Mac Con Iomaire (Comh-Bhainisteoir).

Chun tosaigh, ó chlé: Ruadhán Ó Fátharta, Cuán Canny, Diarmaid Mac Réamoinn, Tadhg Ó Neachtain, Eoin Ó Gionnáin, Rónán Ó Neachtain (Capt.), Caomhán Mac Con Iomaire, Oscar Ó Tuairisg, Conor Ó Tuathail, Stiofán Ó Neachtain, Learaí Ó Grádaigh.

D’éirigh le iománaithe óga ó Chumann Micheál Breathnach dhá chomórtas a bhuachaint an deireadh seachtaine seo caite. Ar an Satharn ar Pháirc an Chnoic bhuail foireann faoi 12 Uarán Mór-Mearaí leis an scór 4 – 05 v. 1 – 03 le Corn an Chontae a bhuachaint i Grúpa 10.

Sa gcomórtas Grúpa 4 faoi 12 don Sciath bhí an bua ag foireann eile ó Chumann Micheál Breathnach ar Saighleán leis an scór 4 – 04 in aghaidh 1 – 03 i gcluiche a imríodh as baile.


Tús Maith ag Cois Fharraige

Cumann Sacair Chois Fharraige

Chuir fóirne ón gclub sacair COIS FHARRAIGE tús maith leis an séasúr nua an deireadh seachtaine seo caite. Bhí an Canal réitithe amach go breá Dé Sathairn nuair a thug Cois Fharraige is Tuam Celtic aghaidh ar a chéile sa gcéad chluiche i sraith Roinn I. Ba le fir Thuama an chéad leath, ag fáil cúl i bhfoisceach cúig nóiméad den leath ama. Ach, ba le Cois Fharraige an dara leath: Dónal Kelly a scóráil cic eirice go luath th’éis an briseadh agus Conal Ó Curraoin a fuair an dara cúl leis na trí phointe a thabhairt don fhoireann baile.

Maidin Dé Domhnaigh ar an gCanal freisin, bhí sárchluiche ag Cois Fharraige sa gcomórtas faoi 16, nuair a bhuail siad buachaillí Orán Mór/Meáraí leis an scór 3 in aghaidh 2. Ciarán Mac Fhlannchadha, Ailil de Cléir agus Ciarán Ó Diomsaigh a scóráil do Chois Fharraige.

Beidh an an fhoireann sóisear ag imirt arís ar an Domhnach seo chugainn nuair a chasfaidh siad ar Knocknacarra ar Bhóthar an Cheapaigh ag 12.30pm.


Cluichí Dícháilithe

Tá comhartha ceiste ann faoi na cluichí dícháilithe peile atá fós le n-imirt ag An Spidéal agus Cumann Micheál Breathnach sa gcomórtas sinsear. Chaill Cumann Micheál Breathnach in aghaidh Caherlistrane ar an Satharn seo caite sa gcluiche leath-cheannais dícháilithe, ach níor imríodh an cluiche leath-cheannais eile idir An Spidéal agus Monivea-Abbey mar geall ar achomharc, ag éirí as an gcluiche idir An Spidéal agus Bóthair na Trá, a chríochnaigh ar chomhscór ach a tugadh do Bhóthair na Trá tré bhotún.

Ghlac Comhairle Chonnacht leis an gcéad achomharc a rinne An Spidéal, sé sin gur chríochnaigh an cluiche ar chomhscór. Ní dhearna an méid sin aon difríocht don Spidéal mar gur chríochnaigh siad fós ag bun an ghrúpa. Ach rinne An Spidéal an dara achomharc, á éileamh go bhféadfadh an cluiche a bheith buaite ag foireann Chois Fharraige dá mbeadh fhios acu go raibh siad ar chomhscór, nuair a fuair siad saor chic 21 slat amach, ag deireadh an chluiche. Is cosúil go raibh sé ráite ag an réiteoir leis an té a bhí ag tógáil an saor-chic go raibh siad ag cailliúint le cúilín amháin, rud a chiallaigh gur beag mhaith a dhéanfadh cúilín le fanacht amach as na babhtaí dícháilithe. “Dá mbeadh fhios aige go raibh an dá fhoireann ar chomhscór d’fhéadfadh an liathróid a bheith curtha thar an trasnán éasca go maith ón gcic saor, in áit bheith ag iarraidh cúl a aimsiú chun an cluiche a bhuachan.” Sin é an argóint a chuir An Spidéal os comhair Bord Chontae na Gaillimhe ar an Máirt seo caite ach níor glacadh leis an achomharc. Tá An Spidéal anois ag dul chomh fada le Comhairle Chonnacht den Chumann Lúithchleas Gael leis an gcás a dhéanamh.

Le bheith cothrom le gach dream, tá An Spidéal ag iarraidh nach mbeadh aon fhoireann dícháilithe ó Ghrád na Sinsear i mbliana, de bharr an botún a tharla. Idir an dá linn caithfidh Cumann Micheál Breathnach fanacht ar toradh an achomhairc sin le fáil amach an mbeidh cluiche ceannais dícháilithe le imirt acu, le fáil amach an mbeidh siad ar filleadh ar an ngrád idirmheánach an chéad bhliain eile nó ag fanacht i measc na sinsear.


Margadh Feirme ar Líne i gCois Fharraige

Diarmuid Ó Mathúna a reáchtáileann an margadh feirme nua ar líne ar an Tulach, Baile na hAbhann, ar a thugtar Neighbour Food, a chruthaíonn nasc idir táirgeoirí beatha sa gceantar agus an pobal áitiúil.

Tá tús curtha le margadh feirme nua ar líne i gCois Fharraige. NeighbourFood an t-ainm atá ar an mbealach seo le siopadóireacht na seachtaine a dhéanamh ar líne, a chruthaíonn sé nasc idir táirgeoirí áitiúla agus pobal an cheantair.

Is ar an Tulaigh i mBaile na hAbhann, béal dorais le TG4, atá an margadh nua lonnaithe agus á reáchtáil ag an cócaire Diarmuid Ó Mathúna. “Gach seachtain beidh deis ag baill ordú a chur isteach ar neighbourfood.ie agus ansin beidh siad in ann ciseán lán rudaí áille áitiúla a bhailiú gach Déardaoin.”

I measc an réimse leathan táirgí a bheidh le fáil ó NeighbourFood na Tulaí beidh glasraí agus sailéid ón nGarraí Glas, feoil den chéad scoth ó bhúistéirí McGeough agus arán clúiteach Sullivan’s Country Grocer.

Tugann NeighbourFood 80c as gach €1 a chaitear ar an suíomh don táirgeoir féin, áit a bhfaigheann siad níos lú ná 50c go minic ó na hollmhargaí móra. Tá béim faoi leith ar tháirgeoirí orgánacha agus séasúracha agus déantar gach iarracht gearradh siar freisin ar an bpacáistiú. Tá tuilleadh eolais le fáil ó Dhiarmuid Ó Mathúna ach glaoch ar 0861932318. Is féidir clárú saor in aisce ag www.neighbourfood.ie/antulach.


Slán leis an mBunscoil

Tuismitheoirí na GaeltachtaCuireadh deireadh gan choinne le turas Rang a 6 i mbliana mar gheall ar shrianta Covid-19 ach ghlac 300 dalta i bunscoileanna Gaeltachta páirt sa togra Slán leis an mBunscoil, eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Thug an togra deis do na daltaí i Rang a 6 dul i ngleic leis an athrú saoil ar bhealach éagsúil, a gcuid mothúcháin a chur in iúl agus a scéal féin a insint.

Bailíodh na píosaí scríbhneoireachta le chéile ansin le foilsiú sa leabhar speisialta Slán leis an mBunscoil. Tá cur síos ann faoi laethanta na bunscoile, an méid atá amach rompu, faoin dianghlasáil agus faoi mar a chuaigh sé i bhfeidhm orthu féin.

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta nach tréimhse éasca é an t-athrú saoil a tharlaíonn ag an aois seo, gan trácht ar shrianta pobail agus géarchéim sláinte ag teacht sa mhullach air. “In ainneoin sin”, a dúirt sí, “tá dóchas agus fuinneamh sa scríbhneoireacht seo, ardú croí don léitheoir go deimhin. Is taifead é seo ar thréimhse stairiúil ó aoisghrúpa nach gcloistear a nglór go minic.”

Tá cóip den leabhar seolta chuig gach aon dalta agus gach aon scoil a ghlac páirt.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Peil (Mionúr B): Micheál Breathnach 1 – 10, St James 1 – 12.

Peil (Sinsir): Micheál Breathnach 2 05, Caherlistrane 1 13.

Peil (Sóisear A): Micheál Breathnach 0 14, Na Piarsaigh 2 09.

Peil (Sóisear B): An Spidéal 1 12, Oileáin Árann 2 07.

Peil (Mionúr B): Micheál Breathnach 6 12, An Clochán 0 16.

Peil (Mionúr B): An Spidéal 1 19, Leitir Móir 3 15.

Iomáint (faoi 12, Grúpa 4): Micheál Breathnach 4 04, Sylane 1 02.

Iomáint (faoi 12, Grúpa 10): Micheál Breathnach 4 05, Oranmore-Maree 1 03.

Iomáint (faoi 12): Cois Fharraige 2 01, Kilnadeema-Leitrim 3 03.

Sacar (Sóisear, Roinn I): Cois Fharraige 2, Tuam Celtic 1.

Sacar (faoi 16, Roinn I): Cois Fharraige 3, Maree/Oranmore 2.


16 Meán Fómhair 2020