Cartlann Nuachta: 16 Meitheamh 2021
Gradam don Iris BISEACH 2020
Ag ócáid a bhí eagraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar líne ar an gCéadaoin fógraíodh gurb é BISEACH 2020 a roghnaíodh le haghaidh Gradam Pobail an Chathaoirligh do Ghradam na Gaeilge.
Sé Cumann Forbartha Chois Fharraige a fhoilsíonn BISEACH go bliantúil. Foilsíodh an chéad eagrán dhó sa mbliain 1967. Is iris an-snasta anois é le neart ábhar léitheoireachta, le béim faoi leith ar stair agus oidhreacht chultúrtha Chois Fharraige.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, Cathaoirleach an Choiste Eagarthóireachta, nach bhféadfaí an iris a fhoilsiú murach na daoine go léir a chuireann grianghraif ar fáil agus a scríobhann ailt den scoth don iris go deonach. Dúirt sé go raibh buíochas speisialta ag dul don eagarthóir Seosamh Ó Braonáin, atá ag éirí as an gcúram tar éis sé bliana ina eagarthóir ar an iris, agus do CL Print, a dhearann agus a chlóbhuaileann an iris go slachtmhar.
Tá duais €500 ag dul leis an ngradam.
Tuirbín Gaoithe an Bhóthair Bhuí
Na Tuirbíní Gaoithe ar an mBóthar Buí
Tá iarratas pleanála nua déanta ag an gcomhlacht Natural Forces Renewable Energy Ltd (NFREL) le tuirbín gaoithe a bheadh 125m ar airde a thógáil ar an mBóthair Buí i gceantar an Chnoic. Bhí iarratas déanta cheana ag an gcomhlacht ag tús na bliana, ach tarraingíodh siar an t-iarratas sin, mar nach raibh Comharchumann Sailearna sásta a bheith luaite leis an iarratas a thuilleadh.
Cé go bhfuil an comhlacht ag maíomh gur “Community Wind Project” a bheas ann, níl an cuma ar an scéal go bhfuil mórán tacaíochta ag an tionscadail ó phobal an Chnoic.
I ráiteas a d’eisigh “Pobal in aghaidh Tuirbíní Gaoithe ar an mBóthar Buí”, dúradh go raibh iontas agus fearg ar phobal Bhaile na mBrabhach, Leithrinn, Coill Rua, Leitir Fir agus Seanadh Dhraighin gur chuir an comhlacht Natural Forces iarratas ar chead pleanála do thuirbín gaoithe ar an mBóthar Buí in Indreabhán gan dul i gcomhairle leis an bpobal. Is cosúil gur gheall an comhlacht, i litir a seoladh mí na Márta seo caite chuig áitritheoirí sna tithe in aice leis an suíomh, go ngabhfaí i gcomhairle roimh ré leis an bpobal áitiúil, sula gcuirfí aon iarratas pleanála isteach. Deir an ráiteas nár tharla an comhairliúchán a gealladh agus go bhfuil “an pobal fágtha sa dorchadas arís maidir leis an iarratas seo”.
“Tá feirm gaoithe ar an mBóthar Buí le beagnach 25 bliain,” a dúirt an ráiteas ón ngrúpa pobail, “agus tá tuiscint an-mhaith againn ar an tionchar diúltach atá bainteach le tuirbíní gaoithe ó thaobh tírdhreach agus sláinte an phobail. Is fadhb mór é an Shadow Flicker agus an torann ard a thagann ó na tuirbíní gaoithe atá ann faoi láthair, atá i bhfad os cionn leibhéal torainn atá ceadaithe ag an WHO”.
Pléadh an cheist ag cruinniú a bhí ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo caite agus socraíodh aighneacht a chur chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh ar an Oifig Pleanála go lorgófaí fianaise soiléir ón gcomhlacht faoin pobal atá i gceist ag an gcomhlacht a bheith bainteach leis an tionscadail, más ‘Community Wind Project’ atá le bheith ann. Chomh maith le sin tá an Cumann Forbartha le cur in iúl san aighneacht go bhfuil an suíomh atá i gceist don tuirbín gaoithe ró ghar do roinnt tithe sa gceantar.
Buaiteoir Lógó Fhéile Chois Fharraige
Caitríona Ní Mhathúna, ó Na hAille, Indreabhán, leis an Lógó a dhear sí do Fhéile Chois Fharraige.
In éindí léi tá Katie Ní Loingsigh (ar chlé), Oifigeach Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige, agus (ar dheis) an cúntóir Oifigeach Pleanála Teanga, Aoife Ní Chonghaile.
Oifig Pleanála Teanga Chois Fharraige a d’eagraigh an comórtas lógó agus a rinne urraíocht ar an duais €200 a bronnadh ar Chaitríona.
Is í Caitríona Ní Mhathúna as na hAille, scoláire tríú bliain i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal, buaiteoir an chomórtas lógó do Fhéile Chois Fharraige!
Beidh an Fhéile ar bun idir an 1 – 10 Deireadh Fómhair agus mar chuid den réiteach, reáchtáladh comórtas i measc dhéagóirí Chois Fharraige le teacht ar lógó. Tháinig riar iarratas chun cinn agus níorbh éasca an tasc a bhí ag na moltóirí an ceann buach a roghnú. Bhí siad an-tógtha go deo le saothar Chaitríona, áit ar nasc sí téamaí na Féile le híomhá de léarscáil Chois Fharraige agus an t-ainm féin scríofa i dhá chló, sean-chló Gaelach agus cló nua-aimseartha. Bainfear leas as an lógó ar ábhar bolscaireachta na Féile.
An Fóram Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraigea reáchtáil an comórtas agus bronnadh seic €200 ar Chaitríona mar dhuais. Seo an dara duais ealaíne a bhuaigh Caitríona le tamall anuas. Is í a thug léi an chéad duais i gcomórtas náisiúnta Óige Sheachtain na Gaeilge do ranganna sóisearacha. Thug sí léiriú an-bhreá ar an seanfhocal “An tslat nuair a chruann le haois, is deacair í a shníomh ina gad.”
Caifé nua á Oscailt ar an Tulach
Diarmaid ag an bPota Caifé 2021
Tá caifé nua trasna ó Halla na Tulaí le oscailt an Aoine seo, 18 Meithimh. Thíos staighre san áit ina mbíodh an teach ósta Tigh Johnny Sheáin, trasna ó Halla na Tulaí atá AN POTA CAFÉ lonnaithe. Roinnt blianta ó shin cheannaigh FÍBÍN Tigh Johnny Sheáin agus tá an foirgneamh réitithe amach, le oifigí thuas staighre. Thíos staighre tá an caifé socraithe suas san áit a mbíodh an teach tábhairne.
Tá an caifé, RÚNDA, an-ghnóthach ó d’oscail sé sa Spidéal. Bíonn sé ar oscailt ón Déardaoin go Domhnach.
Tús Maith ag na Breathnaigh
Breandán Mhaidhc Ó Conghaile ó Chumann Micheál Breathnach leis an liathróid, le linn an chluiche sóisear in aghaidh na Ceathrú Rua, an deireadh seachtaine seo caite.
Bhí an bua ag na Breathnaigh le dhá chúilín.
[Pic: Máirín Uí Chonghaile]
Bhí tús maith ag peileadóirí Chumann Micheál Breathnach an deireadh seachtaine seo caite i Sraithchomórtas Peile na Gaillimhe. Ar an Satharn bhí dhá chúilín le spáráil ag foireann sóisear na mBreathnaigh ar An Cheathrú Rua nuair a chríochnaigh an scór 2 – 21 in aghaidh 4 – 13.
Ar an Domhnach bhí an bua chomh maith ag an bhfoireann sinsir ar Órán Mór-Mearaí leis an scór 2– 15 in aghaidh 1 – 15.
An tseachtain roimhe sin bhuail foireann sóisear iomána na mBreathnaigh Menlo Emmets leis an scór 5 – 24 in aghaidh 1 – 10.
Tús maith leath na hoibre, a deirtear.
Peil na Gaeltachta
Tá leabhrán an-deas réitithe ag Breacadh, an acmhainn aosoideachais atá lonnaithe i gCasla, a bheas úsáideach do na foirne peile sna ceantair Ghaeltachta. ‘Peil na Gaeltachta’ atá ar an leabhrán, atá lán le téarmaí agus leaganacha cainte a úsáidtear le linn imeartha, idir treoracha, bunscileanna na peile, téarmaí spreagtha agus eile. Tá ceithre phóstaer ag dul leis an leabhrán.
Ba cheart go dtacóidh an leabhrán agus na póstaeir le téarmaíocht chruinn atá i gcaint nádúrtha na Gaeltachta a chur ar fáil do imreoirí, réiteoirí, lucht tacaíochta agus traenálaithe.
Tá níos mó eolais ar fáil faoi na háiseanna seo ach dul chuig an suíomh idirlín WWW.BREACADH.IE.
Páirc Spraoi an Chnoic
Páirc Spraoi an Chnoic
Ag cruinniú a bhí ag Cumann Forbartha Chois Fharraige seoladh litir chuig Comharchumann Sailearna faoin staid ina bhfuil Páirc Spraoi an Chnoic, taobh le Páirc Chumann Micheál Breathnach fágtha.
Is leis an gComharchumann an Pháirc Spraoi, ach tá an chuma ar an scéal nach bhfuil cothabháil á dhéanamh mar is ceart ar na fearais. Tá trí cinn de na luascáin bainte anuas, tá poll sa dromchla agus níl an zip wire ag obair mar is ceart. Iarrann an litir ar an gComharchumann “na socraithe caoi a dhéanamh le go mbeidh cothabháil leanúnach á dhéanamh ar an bpáirc spraoi” agus deireann an litir go bhfuil “páirc spraoi sábháilte agus ar ardchaighdeán de dhíth ar ghasúir óga an cheantair”.
Le píosa tá tuismitheoirí sa gceantar ag gearán faoin droch-chaoi atá fágtha ar an bPáirc Spraoi.