Cartlann Nuachta: 16 Nollaig 2015
16 Nollaig 2015
Mórsheoladh Leabhar sa gCrúiscín Lán
[Pictiúir: Seán Ó Mainnín]
I gCuimnhne ar Noel Browne
Ar an Domhnach seo chugainn beidh sé 100 bliain ó rugadh Dr. Noel Browne. Tá omós tuillte aige mar gur éirigh leis dul i ngleic leis an scrios a bhí á dhéanamh ag an am ag an eitinn in Éirinn, le linn dó a bheith ina Aire Sláinte idir 1948 agus 1951.
Cé go bhfuair sé a chuid oideachais i Sasana, d’éirigh leis Gaeilge mhaith a fhoghlaim agus é ina Aire Sláinte. Tá cur síos ar an mbealach ar fhoghlaim Noel Browne Gaeilge ag Seán Ó Conghaola ó na hAille, ina leabhar SAOL SCOLÓIGE. “D’aistrínn píosaí as Béarla dhó, le go bhféadfadh sé a bheith á gcleachtadh agus é ina shuí cois trá ar an uaigneas. Bhí a chroí agus a anam i gCois Fharraige agus chruthaigh sé é sin nuair a lonnaigh sé ann i measc na ndaoine…”
Bhí cónaí ar Noel Browne agus a bhean Phyllis i dteach ceann tuí ar an gCloch Mhór, Baile na hAbhann, agus is i Reilig Mhaorais in aice láimhe atá sé curtha in uaigh shimplí, lena ainm greannta i gcloch na háite.
Ar an Domhnach seo chugainn, 20 Nollaig, 100 bliain ón lá a rugadh é, beidh searmanas simplí i gcuimhne ar Noel Browne ar bun i Reilig Mhaorais, Baile na hAbhann, ag 3.00 i.n., nuair a leagfar bláthfhleasc ar a uaigh. Fáilte roimh dhuine ar bith ón bpobal tíocht ann agus omós a thaispeáint don fhear séimh misniúil a bhain an oiread amach sa tréimhse gearr a chaith sé ina Aire Sláinte.
Léacht ar Eoghan Ó Neachtain
An Déardaoin seo, 17 Nollaig, tabharfaidh Máire Ní Neachtain caint ar an scoláire Gaeilge Eoghan Ó Neachtain i gColáiste Chonnacht, ag tosaí ag 8.00 i.n.
Sa bPáirc, taobh thoir den Spidéal, a rugadh Eoghan Tom Eoghain Ó Neachtain sa mbliain 1867 agus bhí an-bhaint aige le cúrsaí na Gaeilge ar feadh a shaoil. Ba é an chéad Rúnaí a bhí ar chraobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge é. Chaith sé tréimhse gearr mar eagarthóir ar an gClaidheamh Solais agus chaith sé timpeall deich mbliana mar eagarthóir Gaeilge ar an Irish Independent.
Mar aistritheoir is mó a mhaireann a cháil. Is é a chuir Gaeilge ar Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil in 1910–11 agus Cam-Chuarta i nÉirinn le William Bulfin in 1936. Eisean is mó a chuir téacsleabhair Gaeilge matamaitice ar fáil i dtús an chéid seo caite chomh maith. Foilsíodh cúpla imleabhar de Chéimseata Eúclid a d’aistrigh sé idir na blianta 1908–1912.
Ar ndóigh is as An Spidéal do Mháire Ní Neachtain agus is í Ceann na Roinne Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, ar chuid de Ollscoil Luimnigh é.
An Cinema Gaelach
Beidh an scannán AMHRÁN NA MARA á thaispeáint ar an Domhnach seo chugainn, 20 Nollaig, i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 2.00 i.n. Tá an taispeántas den scánnán clúiteach seo á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le Club Scannán Sailearna agus TG4. Mar a bhíonn le gach rud a eagraíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta, sí an Ghaeilge teanga na hócáide.
Tá saorchead isteach ag an scannán ach ní mór ticéid a chur in áirithe roimhré tré ríomhphost a chur ag tuismitheoirinagaeltachta@nullgmail.com nó téacs a chur chuig 087 4364618 le d’ainm agus líon na dticéad atá uait.
Cluiche Ceannais Iomána an Chontae
De bharr na drochaimsire ag an deireadh seachtaine níor imríodh an cluiche ceannais iománaíochta (Sóisear A) idir An Spidéal agus Ard Rathain. Ceaptar go n-imreofar é ar an Satharn seo chugainn i bPáirc Uí Chionna, Béal Átha an Rí.
Ní hé an t-aon chluiche atá curtha siar de bharr na drochaimsire. Tá cailíní mionúir Chois Fharraige ag fanacht le cluiche leathcheannais an chontae a imirt in aghaidh Orán Mór, ach tá sé curtha siar faoi dhó cheana de bharr na drochaimsire. Tá sé socraithe ag Bord Camógaíochta an Chontae é a imirt am eicínt tar éis na Nollag.
An Coisdealbhach ar Bhord an Fhorais
Tá Seán Ó Coisdealbha, Príomhfheidhmeannach le Muintearas, ceapaithe ag an Aire Stáit, Joe Mc Hugh, ar Bhord Fhoras na Gaeilge. Is as an bPáirc, An Spidéal, do Sheán Ó Coisdealbha agus é i bhfeighil na comhlachta Muintearas le roinnt mhaith blianta. Tá cáil air chomh maith mar aisteoir cumasach agus mar fhile.
Gaillimheach eile atá ceapaithe ina chathaoirleach ar Bhord an Fhorais, Seosamh Mac Donnacha, a bhfuil cónaí air i mBearna agus arb as Baile an Doirín é ó thús. Bhí Joe, mar is fearr aithne air, ina Phríomhfheidhmeannach tráth le Bord na Gaeilge, agus ina dhiaidh sin ina Phríomhfheidhmeannach ar Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe.
‘Cúrsaí Pleanála ina gCíor Thuathail’
Ag caint dhó ar an gclár Adhmhaidin (RnaG), dúirt an fearr gnó Liam Ó Cualáin ó Bhothúna, nach bhfeiceann sé mórán foráis ag tíocht ar an bhfostaíocht i gceantar Chois Fharraige de bharr na moilleadóireachta leis an mbóthair nua atá ceapaithe le bheith á thógáil, chun Ros a’ Mhíl a cheangal le Cathair na Gaillimhe.
Is ag Liam Ó Cualáin atá an chomhlacht SOCOS ar an gCoill Rua, a bhíonn ag díol fearais oifige agus scoile. Dúirt sé go raibh dochar mór á dhéanamh do cheantar Chois Fharraige mar nach bhfuil aon chinnteacht ann faoin mbóthair nua. Idir an dá linn tá sé an-deacair do lánúin cead pleanála a fháil mar go bhfuil seacht mbealach coinnithe glan ó aon fhorbairt de chineál ar bith, tithíocht san áireamh. “Níl aon chinnteacht ann an mbeidh an bóthair ann nó nach mbeidh”, a dúirt sé.
Dúirt sé chomh maith go mbeidh dochar mór déanta don Ghaeilge sa gceantar mar go gcaithfidh gaeilgeoirí den scoth ón gceantar Gaeltachta dul isteach go Gaillimh le tithe a cheannacht sna heastáit, de bharr nach féidir leo pleanáil a fháil i gCois Fharraige de bharr na bealaí atá coinnithe don bhóthair nua.
Seacht mBua an Éirí Amach
Tá sé i gceist ag Coláiste Chroí Mhuire imeacht ilmheánach a eagrú a thabharfaidh pobal na scoile agus pobal an cheantair le chéile ar ardán poiblí go luath i mí Márta 2016, leis an Éirí Amach a cheiliúradh.
Tá pobalbhreith ar Facebook, eagraithe ag na daltaí, ina iarrtar ar dhaoine, idir óg is aosta, seacht ngné den Éirí Amach ar cheart a cheiliúradh an chéad bhliain eile, a ainmniú.
Cen fath seacht? Bhuel is uimhir draíochta é seacht; bhí seachtar sínitheoirí ar Fhorógra na Cásca agus, ar ndóigh, scríobh SeanPhádraig Ó Conaire an leabhar ‘Seacht mBua an Éirí Amach’.
Níl le déanamh ach dul go leathanach FACEBOOK na scoile le páirt a thógáil sa bpobalbhreith.