Cartlann Nuachta: 16 Nollaig 2020
Coláiste Lurgan: Léas Dóchais
Club Óige Lurgan ar Champa i gColáiste Lurgan
Ar an Luan seo caite thug an aturnae, Seán Ó Cearbhaill, le fios ar Adhmhaidin (RnaG) go bhfuil an talamh atá le tabhairt ar láimh d’Údarás na Gaeltachta, faoi choinne na forbartha ar Choláiste Lurgan, á chlárú faoi láthair in ainm Coláiste Lurgan Teo. Is cosúil gur ceannaíodh an talamh an mhí seo caite.
I ráiteas a eisíodh coicís ó shin, tugadh le fios nach bhféadfadh Údarás na Gaeltachta an t-iarratas a dhéanamh ar chead pleanála don fhorbairt mhór atá beartaithe ar Choláiste Lugan go dtí go mbeadh ‘fianaise chuí ar theideal glan’ curtha ar fáil ar an talamh atá le deonú ar an Údarás. Is gearr go mbeifear in ann an fhianaise sin a sholáthar.
Ach is léir ón tuairisc a bhí ar Nuacht RnaG ar an Máirt seo caite, go bhfuil bac nó dhó eile le glanadh sula gcuirfear an t-iarratas pleanála os comhair an Chomhairle Chontae.
Tá Coláiste Lurgan ag fanacht ó mhí Lúnasa seo caite ar dréacht den Comhaontú idir an tÚdarás agus Coláiste Lurgan ach is cosúil nach bhfuil an Roinn sásta go ndéanfaí an comhaontú a chur ar fáil go dtí go mbeidh soiléiriú faighte faoin mbealach a íocfaidh Coláiste Lurgan as an treallamh fuaime agus stáitse atá le feistiú mar chuid den fhorbairt.
De réir cáipéis a chuir Micheál Ó Foighil ar fáil do ionadaithe poiblí agus eagraíochtaí pobail, mí Lúnasa seo caite, bheadh thart ar €1.5 milliún le caitheamh ag Coláiste Lurgan ar ‘event centre’ a réiteach le trealamh fuaime agus soilsithe de ard chaighdeán agus go mbeadh sin airgeadaithe le iasacht bainc, a bheadh le íoc ar ais thar 15 bliain, €130,000 in aghaidh na bliana.
Tá sé tugtha le fios ag an Roinn agus ag an Údarás go gcuirfear ballchríoch leis an gcomhaontú, a luaithe is atá an soiléiriú curtha ar fáil ag Coláiste Lurgan faoin mbealach a íocfar as feistiú an Event Centre agus go dtí go mbeidh an comhaontú sínithe ní réiteofar an t-iarratas pleanála.
An tseachtain seo caite chuir an Cumann Forbartha litir chuig na páirtithe éagsúla – Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus Micheál Ó Foighil – ag iarraidh orthu glacadh le idirghabhálaí neamhspleách, rud a chabhródh leis an dá thaobh tíocht ar chomhréiteach sásúil faoin bhforbairt a theastaíonn a dhéanamh ar Choláiste Lurgan le inmharthanacht tionscail na gColáistí Gaeilge i gceantar Chois Fharraige a chinntiú sna blianta atá romhainn. Údarás na Gaeltachta amháin a d’fhreagair an litir le rá go raibh súil ag an Údarás go bhféadfaí tíocht ar réiteach go gairid.
Crannchur na mBreathnaigh
Is ar an Domhnach seo chugainn, 20 Nollaig, a dhéanfar an tarraingt do chrannchur mór na Nollag atá á reáchtáil ag Cumann Micheál Breathnach. Dhá chrannchur atá i gceist ar an ticéd €10: ceann áitiúil le os cionn 40 duaiseanna, urraithe ag gnólachtaí áitiúla; agus ceann náisiúnta ina bhfuil 15 duais mhór le buachaint. Is é an tarraingt áitiúil a bheas ar bun ar an Domhnach seo chugainn, taobh amuigh de Choláiste Lurgan.
Seo cuid de na duaiseanna breátha a bheas le bronnadh ar na buaiteoirí ar an Domhnach.
Dearbhán €100 le caitheamh Tigh Nioclás Ó Conchubhair, urraithe ag Nioclás Ó Conchubhair.
Dearbhán €100 ‘One 4 All‘, urraithe ag Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire.
Ciseán Neighbour Food de luach €100, urraithe ag TG4.
Ciseán Nollag, urraithe ag Ollmhargadh Seoighe (Siopa an Phobail).
Ciseán Nollag, urraithe ag Moycullen Plant & Tool Hire.
Beidh an tarraingt náisiúnta ar bun 10 Márta, 2021, agus sa tarraingt sin tá 15 duais ar fad, carr nua Renault Clio mar chéad duais, chomh maith le duaiseanna móra airgid.
An t-airgead go léir a bhailítear go háitiúil téann sé isteach i gciste Chumann Micheál Breathnach.
Stáisiún Nua Gardaí sa Spidéal?
Stáisiún na nGardaí, An Spidéal
Fógraíodh ag cruinniú a bhí ag Comhchoiste Póilíneachta na Gaillimhe le deireannas go mbeidh stáisiún nua réamhdhéanta á chur ar fáil do na Gardaí in áit an cheann atá ann cheana ar an mBóthar Ard.
D’fháiltigh Aodán Mac Donnacha, bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil, roimh an scéal.
Le 37 bliain tá Stáisiún na nGardaí ar An Spidéal lonnaithe i bhfoirgneamh réamhdhéanta, ó dúnadh an stáisiún a bhí sa sráidbhaile.
Dúirt an Ceannfort, Tom Curley, go raibh seirbhís mhaith tugtha ag an bhfoirgneamh réamhdhéanta atá in úsáid faoi láthair.
Ón Spidéal go Strasbourg
‘Ón Spidéal go Strasbourg: Cuimhní Cinn’ le Seán Ó Neachtain
Cé nach féidir le Cló Iar-Chonnacht aon leabhar a sheoladh ar an ngnáthbhealach de bharr Covid-19, mar sin féin tá roinnt leabhar seolta go fíorúil agus fiseáin déanta den seoladh. Tá sladmhargadh na Nollag ar bun ag Cló Iar-Chonnacht sa siopa agus ar líne le lacáistí suas le 50%.
‘Ón Spidéal go Strasbourg: Cuimhní Cinn’ le Seán Ó Neachtain, an t-iar MEP ó Bhaile an Domhnalláin, an teideal is deireanaí atá seolta ag Cló Iar-Chonnacht.
Sa leabhar seo déanann Seán – Seáinín Joe Johnny, mar is fearr aithne air thart ar a áit dúchais – cur síos ar an gcaoi a bhfuair sé sáite sa bpolaitíocht ar an gcéad lá ariamh, ag stocaireacht ar son córas uisce poiblí sa Spidéal, á thoghadh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ar bhord tofa Údarás na Gaeltachta agus ina dhiaidh sin ag dul go Strasbourg mar MEP i bParlaimint na hEorpa.
Tá cur síos spéisiúil sa leabhar ar an 30 bliain a chaith sé mar ionadaí tofa ag seasamh an fhóid dá phobal i bhfad is i gcéin.
Tá an leabhar ar fail anois ó Chló Iar-Chonnacht, sa siopa atá ar oscailt, nó is féidir é a ordú ar líne ach dul go WWW.CIC.IE. Tá sladmhargadh na Nollag ar bun ag Cló Iar-Chonnacht na laethanta seo, le lacáistí suas le 50% ar fáil ar leabhair is ar dlúthdhioscanna.
Rith 5km Asat Féin!
Rith Spraoi 2016
Le roinnt blianta anuas, ar an 27 Nollaig, eagraítear an Rith/Siúl Spraoi 5km sa Spidéal ar mhaithe le Croílíne Chois Fharraige. Ach de bharr srianta sláinte Covid-19 ní féidir le daoine bailiú le chéile, mar ba ghnách. Ach fós féin tá airgead ag teastáil ó Chroílíne Chois Fharraige, an eagraíocht a chothaíonn na dífhibrileoirí i gCois Fharraige.
In áit an 5km a rith le chéile ar an lá céanna, tá Croílíne Chois Fharraige ag iarraidh ar dhaoine/teaghlaigh an 5km a dhéanamh iad féin ina gcuid ama féin idir seo agus deireadh na bliana agus, ar an mbealach sin, airgead a chur ar fáil don eagraíocht i gCois Fharrraige.
Úsáidfear an t-airgead a bhaileofar le cothú a dhéanamh ar an 13 difhibrileoirí atá curtha ar fáil ag an eagraíocht ar Bhóthar Chois Fharraige idir na Forbacha agus Ros a’ Mhíl. Cosnaíonn sé thart ar €2,000 go bliantúil na difhibrileoirí a chothú agus dá réir tá tacaíocht an phobail ag teastáil go géar le gur féidir an tseirbhís thábhachtach seo a chur ar fáil don phobal, seirbhís atá in ann beatha duine a shábháil.
De ghnáth is €10 a ghearrtar ar dhuine fásta, €5 ar dhaltaí scoile agus €20 ar theaghlach le páirt a thógáil. Is féidir an síntiús a chur ar fáil don eagraíocht tré dul ag an suíomh www.croiline.com.
Bunaíodh Croílíne Chois Fharaige i 2013 ar mhaithe le fáil a bheith ag an bpobal ar na hacmhainní atá riachtanach nuair a tharlaíonn stad tobann cairdiach.
Féilire 2021
Tá féilire gleoite don bhliain 2021 foilsithe ag an gComhar Creidmheasa, le grianghrafanna den scoth ann. Ar an gclúdach tá pictiúr de na rónta ar an Matal, a thóg Diarmaid Ó Cuív, ón Teach Mór.
Tá an féilire le piocadh suas faoi láthair in oifig an Chomhar Creidmheasa sa gCeathrú Rua nó ar an gCnoc. Tá an fhéilire saor in aisce ach tá bosca carthannachta ar fáil sa dá oifig, más mian le daoine síntiús a thabhairt ar mhaithe leis an obair a dhéanann Cumann Naomh Uinseann de Pól i gConamara Theas.
FINKY ag an gClub Scannán
De bharr na srianta a bhaineann le Covid-19 bhí ar Chlub Scannán Sailearna an séasúr scannáin a bhí beartaithe don Fhómhar a chur ar cheal ar fad. Ach tá socrú déanta ag an gClub Scannán le Abú Media agus le TG4 go mbeidh daoine in ann an scannán FINKY a fheiceáil sa mbaile ar an idirlíon ar feadh seachtaine, ón Déardaoin seo chugainn, 17 Nollaig, go dtí Oíche Nollag.
An chomhlacht Abú Media, atá lonnaithe in Indreabhán, a rinne FINKY agus ba é Daithí Keane ó Mhaigh Chuilinn a rinne an scannán a stiúradh. Baineann scéal an scannáin leis an saol crua atá caite ag ceoltóir óg, a fhágtar gan lúth na gcos tar éis timpiste, ach tugtar léas dóchais dó nuair a imíonn sé le siorcas. Dara Devaney atá sa bpríomhpháirt agus fuair sé ainmniúchan IFTA dá bharr.
Beidh an scannán Finky á chraoladh ar TG4 ar Lá Choille.
Is féidir eolas a fháil faoin mbealach le tíocht ar an scannán ach ríomhphost a chur ag an seoladh clubscannan@nullgmail.com.
Seisiún Ceoil na Nollag
An banna ceoil COGAR agus iad réidh le dul ar an mbus, tar éis dóibh ceolchoirm a thabhairt taobh amuigh den teach altranais, Áras Chois Fharraige, an Domhnach seo caite. Ó chlé: James Frawley, Sadhbh Ní Fhátharta, Seosamh Ó Fátharta, Ailbhe Davoren, Meghan Davoren, Aileen Moloney, Mick Clancy, Ferdie Whelan agus Mary Owens.
Thugadar aghaidh siar tar éis Áras Chois Fharraige agus chas siad chomh maith taobh amuigh d’Áras Mhic Dara, ar an gCeathrú Rua agus Teach Altranais Chárna chomh maith. Bhí an turas eagraithe ag coiste Traidphicnic.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Le beagán de spiorad na Nollag a roinnt i measc an phobail tá seisiúin ceoil ar líne eagraithe ag an bhFóram Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige. Ar chuireadh ón Oifig Pleanála Teanga beidh ceoltóirí, amhránaithe agus damhsoirí den scoth, idir óg agus aosta, ag tíocht le chéile go fíorúil chun amhráin agus ceol na Nollag a roinnt lena chéile.
Tá na físeáin á roinnt ag Pleanáil Teanga Chois Fharraige ar Facebook idir seo agus an Nollaig. Beidh dhá fhíseán nua in aghaidh na seachtaine á fhoilsiú idir seo agus 22 Nollaig! Go dtí seo, bhí ceol den chéad scoth againn ó Chaitlín Ní Chualáin agus a clann, Aodhán Ó Maoileoin agus a dheirfiúr ón ngrúpa Aerach agus ó Mhicheál Deairb Ó Fátharta lena bheirt iníonacha, Déithín agus Damhnait.
Le teacht fós tá Caroline Ní Chonaire, Gráinne Ní Fhátharta, Síle Denvir, Frankie Mac Aodha agus Gearóid Ó Murchú!
Aodán agus Síobhán ón grúpa Aerach. Tá físeáin á roinnt ag Pleanáil Teanga Chois Fharraige ar Facebook idir seo agus an Nollaig.
Brian Ó Baoill – Príosún
Brian Ó Baoill, An Teach Mór, á thógáil ag an nGarda Pat O’ Connor sa mbliain 1985, le tabhairt chuig Príosún Mhuinseo. Dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a íoc, de bharr a laghad cláracha Gaeilge a bhí ar RTÉ ag an am.
Tá leabhar curtha amach aige faoin scéal, dar teideal dhó ‘Príosún’.
[Buíochas do Joe Shaughnessy as an bpictiúr a chur ar fáil.]