Cartlann Nuachta: 17 Aibreán 2024

Bánú i dTeach Laighean

An grúpa ón eagraíocht BÁNÚ a rinne cur i láthair an tseachtain seo caite i dTeach Laighean os comhar an Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta faoin ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht, le cuid de na Teachtaí Dála a bhí i láthair.

Ó chlé: An Teachta Catherine Connolly; Maitiú de hÁl (Bánú); An Teachta Aengus Ó Snodaigh (Cathaoirleach an Chomhchoiste); Adhna Ní Bhraonáin (Bánú); Donncha Ó hÉallaithe (Bánú); An Teachta Éamon Ó Cuív.

I láthair chomh maith ag an seisiún bhí An Seanadóir Seán Kyne.

Bhí toscaireacht ón eagraíocht BÁNÚ i dTeach Laighean an tseachtain seo caite chun cur i láthair a dhéanamh ag cruinniú den Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta maidir le ‘Soláthar Tithíochta do Chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht’. Ar an toscaireacht ó Bhánú bhí Adhna Ní Bhraonáin, ón Teach Mór, Maitiú de hÁl, ó Na Forbacha agus Donncha Ó hÉallaithe, ó Na hAille.

An Teachta Aenghus Ó Snodaigh (SF) a bhí sa gcathaoir. I measc na mball den Chomhchoiste a chuir ceisteanna ar an toscaireacht bhí an Teachta Éamon Ó Chuív (FF); an Teachta Catherine Connolly (Neamhspleách) agus an Seanadóir Seán Kyne (FG). Léirigh siad tacaíocht do na héilimh a bhí ag BÁNÚ maidir le cumhacht a thabhairt do Údarás na Gaeltachta dul ag plé le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht.

D’fháiltigh BÁNÚ leis an méid a bhí le rá ar Raidió na Gaeltachta ag an Aire Stáit nua, an Teachta Thomas Byrne, a ceapadh i gceannas ar Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo caite. Thug le fios go mbeadh sé i bhfábhar Údarás na Gaeltachta ag plé le soláthar tithíochta sa nGaeltacht.

Nuair a chas an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien TD, le toscaireacht ón eagraíocht mí Feabhra seo caite, dúirt an tAire go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta aitheantas a fháil mar Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta nó AHB.

Tá litir seolta ag BÁNÚ chuig Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, ag iarraidh air iarratas a réiteach le aitheantas a fháil don Údarás mar AHB, sa gcaoi is go bhféadfadh an tÚdarás dul ag plé le soláthar tithíochta sa nGaeltacht do chainteoirí Gaeilge.


AGM an Chumann Forbartha

Logo CFCFIs ar an Máirt, 30 Aibreán, a bheas an Cruinniú Cinn Bliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an cruinniú oscailte do bhaill an Chumann Forbartha.

Ag an gCruinniú Cinn Bliana tabharfar tuairisc ar obair na bliana 2023, chomh maith le tuairisc airgeadais. Déanfar baill nua den Choiste Stiúrtha a thoghadh chomh maith. Bíonn ar triúr den Bhord Stiúrtha ag éirí as gach bliain, ach cead acu seasamh aríst. Bíonn deis ag na baill chomh maith rún a chur síos le plé ag an gCruinniú Cinn Bliana agus moltaí a dhéanamh maidir le beartais an Chumann Forbartha.

Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ar cheann de na coistí pobail Ghaeltachta is faide ag obair sa nGaeltacht. Bunaíodh an Cumann Forbartha sa mbliain 1966 agus bhí baint lárnach ag an gCumann Forbartha le cuid mhaith den dul chun cinn i gCois Fharraige le caoga bliain anuas. Tá fáilte roimh bhaill nua i gcónaí. Le ballraíocht a fháil sa gCumann Forbartha níl le déanamh ach foirm a líonadh aon uair amháin. Níl aon táille ballraíochta ann agus tá an fhoirm ballraíochta le fáil ach ríomhphost a chur chuig CUMANNFORBARTHA@nullGMAIL.COM.


Cruinniú faoin Oidhreacht agus Bithéagsúlacht

deis ag an bpobal a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin bPlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta, atá á réiteach faoi láthair do Chontae na Gaillimhe, nuair a bheas seisiún comhairliúcháin ar bun in Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ar an gCéadaoin seo chugainn idir 11.00am agus 1.00pm. Fáilteofar ag an seisiún roimh thuairimí agus moltaí ón bpobal.

Doiciméad straitéiseach a bheidh sa bPlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta, ag déileáil le saincheisteanna oidhreachta agus bithéagsúlachta i gContae na Gaillimhe; áireofar ann cuspóirí leathana agus aithneofar ann gníomhartha sonracha chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Go ginearálta ní áireofar ann tionscadail a bhaineann le láithreacha ar leith.

Bhí sraith cruinnithe comhairliúcháin socraithe ag an gComhairle Chontae, gan aon cheann sa nGaeltacht, go dtí gur iarr Cumann Forbartha Chois Fharraige ceann a reáchtáil sa nGaeltacht.


Plean Teanga Bhearna-Chnoc na Cathrach le Seoladh

Aoife Ní Chonghaile Bánú

Aoife Ní Chonghaile, Oifigeach Pleanála Teanga don Limistéar Pleanála Teanga Bearna-Cnoc na Cathrach.

Beidh Plean Teanga Bhearna-Chnoc na Cathrach á sheoladh ag an Dr. Aodhán Mac Cormaic (Roinn na Gaeltachta), ar an Satharn seo chugainn, 20 Aibreán, ag 3.00pm in Áras Mhic Amhlaigh (H91 A9PX).

Ina dhiaidh sin, beidh lá mór siamsaíochta ar siúl ina mbeidh imeachtaí do chuile aoisghrúpa, ar nós Ealaín agus Ceardaíocht, Scéalaíocht, Ceardlann Damhsa ar an Sean-nós, Sorcas Gaelach, Ceardlann Drumadóireachta agus neart eile.

Beidh imeachtaí ar siúl a bheas feiliúnach do pháistí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta! Tá fáilte mhór roimh chách.


Eileen Fraincis RIP

Paddy agus Eilín Francis

Eileen Francis agus a Fear Paddy

Bhásaigh Eileen Francis, nó Mrs Francis mar a tugadh go háitiúil uirthi, ar an 11 Aibreán. Ba í an té ba shine sa gceantar í, gan í ach cúpla seachtain ó 104 bliain a shlánú. B’as ceantar Mhionlaigh in oirthear na Gaillimhe d’Eileen Owens.

Tháinig sí go dtí an Spidéal i ndeireadh na gceathrachaidí agus phós sí féin agus Paddy Francis, fear a raibh gnó aige féin agus a mhuintir i sráidbhaile an Spidéil. Bhí siopa, bácús agus pumpaí peitril ann ag an am sin agus cuireadh leis an ngnó sna caogaidí nuair a cheannaigh siad tí Johnny Folan ó dheas den bhóthar. Nuair a dúnadh Oifig an Phoist cáiliúil Mhike Connolly i mBaile Ard, aistríodh Teach an Phosta go dtí tigh Mhic Phroinséas.

Bean ghnóthach a bhí i Mrs Francis i gcónaí, a rinne freastal cairdiúil, séimh ar ghlúnta de phobal an Spidéil agus í i mbun tí freisin dá fear agus dá seachtar iníon agus triúr mac.

Nuair a d’éirigh sí as a cuid cúraimí, bhog sí isteach i dteach ó thuaidh den siopa ar an mBaile Ard agus chaith blianta fada breátha eile ansin. Chuireadh sí an-spéis i gcúrsaí an tsaoil, an cheantair agus a muintire agus ba bhreá léi daoine a bheith ag bualadh isteach ar cuairt chuici. Léadh sé dhá pháipéar sa lá.

B’údar bróid ar leith di an trí bhonn a fuair sí ó Uachtarán na hÉireann agus a tugadh chun na haltóra ar an Domhnach. Lean beirt dá deirfiúracha chun an Spidéil í: Chrissie a phós Pól Ó Foighil agus Noreen a phós Seán Ó Foighil.

Is cinnte gur fhág mná sin de mhuintir Owens a lorg ar cheantar Chois Fharraige, beannacht Dé leo ar fad.


‘Darkness into Light’

Darkness Into LightBeidh an tsiúlóid bhliantúil ‘Darkness into Light’, ar mhaithe le Pieta House ar siúl arís ar an gCeathrú Rua i mbliana.

Tosóidh an tsiúlóid ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua ag 4:15, maidin Shathairn, 11 Bealtaine 2024. Seo é an phríomhfhoinse airgid atá ag Pieta House, eagraíocht a chuireann tacaíocht saor in aisce ar fáil do dhaoine in ísle bhrí.

Tá clárú, t-léinte agus tuilleadh eolais ar fáil ach dul ar www.darknessinlight.ie nó chuig Instagram/Facebook @darknessintolightancheathrurua.


‘Lig Sinn i gCathú’ an Satharn seo

Tá Club Leabhar Chois Fharraige ag eagrú siúlóide i gcathair na Gaillimhe arís i mbliana i gcuimhne ar an úrscéal cáiliúil Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir. Tá an t-úrscéal seo ar cheann de na corr scéalta atá suite i gcathair na Gaillimhe.

Tarlaíonn eachtraí an úrscéil i gcaitheamh dheireadh seachtaine na Cásca 1949, an bhliain ar fógraíodh Éire ina poblacht. Seo scéal Mháirtín Uí Mhéalóid, mac léinn ollscoile a bhfuil a shaol féin in aimhréidh, fad is atá mór-eachtraí i stair na tíre ag dul ar aghaidh freisin. Tá An Taibhdhearc agus Óstán an Bhóthair Iarainn, an Great Southern, mar a bhíodh, agus An Hardiman Hotel mar atá anois ar chuid de na háiteacha sin.

I mbliana, is ar an Satharn, 20 Aibreán, a bheidh an tsiúlóid ar bun, ag tosú i gCearnóg na hOllscoile ag 12:30 i.n. Deirtear go mbeidh cuimhní, scéalta, sleachta as an leabhar, éadaí na 1940idí, crúibíní, comhluadar agus comhrá i ndán dóibh siúd a bheidh i láthair. Bhí an-lá ann anuraidh, is cinnte go mbeidh sin amhlaidh arís i mbliana.

Club Leabhar Chois Fharraige in Ollscoil na Gaillimhe


Ranganna Gaeilge

Cuirfear tús le gearrchúrsa Gaeilge in Inis Fáil sa Spidéal ar an Máirt, 30 Aibreán. Leanfaidh sé chuile Mháirt i rith na Bealtaine idir 8.00 i.n agus 9.30 i.n.

Cúrsa idirmheánach atá i gceist, do dhaoine a bhfuil roinnt Gaeilge acu cheana féin. Seol teachtaireacht chuig optchoisfharraige@nullgmail.com, más mian leat clárú do na ranganna.


Glanadh Suas i gCois Fharraige

Glanadh Suas - Brúscar Cladaigh

Tá Coiste na mBailte Slachtmhara sa Spidéal ag iarraidh ar dhaoine cuidiú leo ar an Satharn seo chugainn, 20 Aibreán, idir 10am agus meánlae, nuair a bheas siad amuigh ag bailiú brúscair i gceantar An Spidéil.

Sa gceantar níos faide siar tá Fochoiste Timpeallachta Chumann Forbartha Chois Fharraige ag eagrú ‘Glanadh Suas chomh maith, ar an 27 Aibreán, sin seachtain ón Satharn seo chugainn. Déanann Fochoiste Timpeallachta Chumann Forbartha Chois Fharraige bruscar a bhailiú ó bhóithrí agus cladaigh an cheantair chuile bhliain. Déantar é seo le cead ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus le tacaíocht ó fheachtas ‘Cóstaí Glan’ eagraithe ag An Taisce.

I mbliana, beidh pobal Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an Satharn, 27 Aibreán, ó 9.00 go 10.00 ar maidin ag Seanscoil Sailearna, Indreabhán, áit a mbeidh miotóga agus málaí ar fáil. Beidh fáilte roimh chuile aoisghrúpa.

Tá breis eolais ar fáil ach glaoch a chur ar 087 6738834, nó dul go Fochoiste Timpeallachta Chois Fharraige ar Facebook.


Leabharlannaí Nua Sa Spidéal

LeabharlannAnSpidéal

Leabharlann an Spidéil

Ceapadh Réiltín Joyce mar Leabharlannaí i Leabharlann an Spidéil le gairid. As Cois Fharraige do Réiltín agus tá an-áthas uirthi a bheith ag freastal ar a pobal áitiúil féin.

Le gairid tá athchóiriú déanta ar an leagan amach i Leabharlann an Spidéil agus cuireadh le huaireanta oscailte na Leabharlainne.

Seo mar a bheas as seo amach:

  • Dé Máirt: 11:00 – 13:00 agus 14:00 – 17:00.
  • Déardaoin: 14:00 – 19:00.
  • Dé hAoine: 11:00 – 13:00 agus 14:00 – 17:00.
  • Dé Sathairn: 11:00 – 13:00 agus 14:00 – 17:00.

Ar ndóigh is féidir ballraíocht a ghlacadh, saor in aisce, sa Leabharlann ach foirm a líonadh sa leabharlann nó ar líne agus is iomaí sin seirbhís, idir iasacht leabhra agus closleabhra agus cúrsaí saor in aisce ar líne fiú, atá ar fáil sa Leabharlann.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €6,500 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 29,30,31,32.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

  • Michael Connolly, Doire Fhearta Mór, An Cheathrú Rua;
  • Cian Ó Conghaile (Bouli), An Teach Mór;
  • Cillian Breathnach, An Tulach;
  • Adhna Ní Choisdealbha, Baile na mBrabhach.

 

Tigh Mholly, An Lochán Beag, Indreabhán, a fuair duais an díoltóra.

 

6,600 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Bhí coimhlint ghéar idir dhá fhoireann peile ó Chois Fharraige ar an Satharn seo caite sa Spidéal nuair a chas Cumann Micheál Breathnach ar An Spidéal i Sraith 3A na Gaillimhe.

Is ag an dream taobh thiar den abhann a bhí an lá, cúilín amháin idir na foirne.

Sa bpictiúr tá Andy Ó Féinneadha ón Spidéal ag cur brú ar an imreoir leis an liathróid, Fiach Ó Béarra ó Na Breathnaigh.

[Pic: Máirín Uí Chonghaile]

Iomáint (faoi 20): Cois Cuain 1 – 08, Rahoon – Newcastle 5 – 20.

Iomáint (faoi 15 A1): Ml Breathnach 0 – 20, Michael Cusacks 1 – 07.

Camógaí (Sóisear): Cois Fharraige 0 – 03, Tooreen 2 – 06.

Peil na mBan (Sóisear A): Ml Breathnach 3 – 07, Milltown 5 – 06.

Peil (Roinn 3A): Ml Breathnach 2 – 03, An Spidéal 0 – 08.

Peil (faoi 17C): An Spidéal 2 – 16, Kilannin 2 – 04.

Peil (Corn Cahill): An Spidéal 1 – 09, Leitir Móir 5 – 12.

Peil(faoi 15, Roinn I): Ml Breathnach 4 – 19, Athenry 4 – 07.

Peil(faoi 15, Roinn III): An Spidéal 5 – 17, Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach 1 – 04.

Peil (faoi 13, Roinn IV): An Spidéal 3 – 14, Ml. Breathnach 2 – 09.

Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 2, Galway Bohs 4.

Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 1, Oughterard 1.

Sacar (Corn faoi 18): Mac Dara 2, Renmore 3.


17 Aibreán 2024