Cartlann Nuachta: 17 Bealtaine 2017

Camógaí Chois Fharraige

Foireann Camógaí Sóisear CF 2017

Foireann Sóisear Camógaí Chois Fharraige a bhuail Baile an Doirín an Satharn seo caite leis an scór 2 – 11 in aghaidh 2 – 07.

Ar chúl, ó chlé: Máirín Ní Chonghaile, Aisling Ní Chonchubhair, Niamh Ní Mhaoileoin, Rosie Nic Dhubhghaill, Becky Ní Éallaithe, Anna Ní Ódhráin Ní Mhurchú, Tiffany Ní Choistealbha, Caitríona Ní Churraoin, Ciana Ní Churraoin, Siobhán Ní Mhaoileoin, Maela Ní Choistealbha, Áine Ní Chonghaile.

Chun tosaigh, ó chlé: Treasa Ní Chadhain, Aoife Nic Chormaic, Blanca Ní Dhonnabháin, Máire Ní Fhrighil, Dearbhail Ní Chaoimh, Mary Ní Fheinneadha, Sadbh Ní Cheallaigh, Caoimhe Ní Mhaoileoin, Sorcha Ní Fhrighil.


Cillín sa bPoitín

Cillín - PicTá an-ráchairt ar na ticéid don oíche mhór damhsa is spraoi a bheas ar bun an Aoine seo (19 Bealtaine), sa bPoitín Stil, Indreabhán. Cillín a chuirfeas an ceol i láthair agus le linn na hoíche beidh comórtas jiveála agus walsála ann chomh maith.

Ta an oíche á eagrú ag Coiste Cuimhneachán an ‘Mine’, le airgead a bhailiú don deireadh seachtaine a bheas ar bun i gceann míosa, ag tosaí ar an Déardaoin, 15 Meitheamh, le Aifreann faoin aer ar an gcladach i gcuimhne ar an naonúr a maraíodh leis an ‘mine’ 100 bliain ó shin.

Tá uimhir ar gach ticéad agus ag 10.30pm déanfar tarraingt ar dhuais mhór a bheas le buachaint ar na ticéid atá bailithe isteach faoin am sin. Beidh duaiseanna eile le buachaint le linn na hoíche chomh maith.

Níl ach €5 ar ticéad agus tá roinnt ticéid fós ar fáil ó Chomharchumann Sailearna, ó Oifig an Chomhar Creidmheasa, ó Shiopa an Phobail, ón bPoitín Stil, ó Tigh Chualáin agus ó bhaill an Choiste Cuimhneacháin. Beidh ticéid ar díol ar an doras chomh maith.


Aonach Tailteann

tailteann-logo-wideLe gairid seoladh eolas faoi Aonach Tailteann, comórtas úrnua idirGhaeltachta don spórt agus do na healaíona, a bheas á reáchtáil mí Lúnasa na bliana seo. I mbliana beidh dhá bhabhta cáilithe ann, ceann acu i nGaeltacht na Gaillimhe agus an ceann eile i nGaeltacht Thír Chonaill.

Beidh os cionn 30 comórtas ar fad san Aonach agus na comórtais sin in dhá mhór-réimse — an spórt agus na healaíona. Ar chuid de na himeachtaí sin beidh an snámh farraige, an choraíocht Ghaelach, an lúthchleasaíocht, amhránaíocht ar an sean-nós agus lúibíní. Is comórtas do mhuintir na Gaeltachta, óg agus fásta, é Aonach Tailteann, le go leor comórtais faoi aois ar an gclár.

Tá sé tráthúil go bhfuil Aonach Tailteann ag tíocht chun cinn anois, ag am a bhfuil páirtíocht na nGaeltachtaí sna Cluichí Pobail imithe i léig.

Reáchtálfar babhta cáilithe Chonamara 5 Lúnasa in Indreabhán, agus is i nGaoth Dobhair a reáchtálfar babhta cáilithe Thír Chonaill 7 Lúnasa. Tiocfaidh buaiteoirí bhabhta Ghaoth Dobhair aduaidh go hIndreabhán trí seachtaine ina dhiaidh sin, chun aghaidh a thabhairt ar bhuaiteoirí Chonamara sa gcomórtas ceannais 28 Lúnasa in Indreabhán.

Chomh maith leis an ngné iomaíoch d’Aonach Tailteann, tá sé i gceist go mbeidh taispeántais cheardaíochta, ealaíne agus bádóireachta mar chuid den Aonach. Tá foirmeacha iarratais ar fáil le íoslódáil ón suíomh www.tailteann.ie. Is féidir breis eolais a fháil ach teachtaireacht a sheoladh ag eolas@nulltailteann.ie.


Cois Fharraige i gCraobh Connachta sa Sacar

CumannSacairCF

Seachtain ón Domhnach seo chugainn a bheas buachailí Chois Fharraige ag dul chun páirce i gCluiche Ceannais Chonnachta sa Sciath. In aghaidh foireann ó Cathair na Gaillimhe a bheas siad, ar a dtugtar EAST UNITED, a bhfuil páirc imeartha acu ar an mBaile Bán, Gaillimh.

Beidh an cluiche ar bun i Staid Éamonn Deacy, Cathair na Gaillimhe ag 12.


Céilí House sa Spidéal

Ciarán HanrahanDon darna bliain as a chéile tháinig RTÉ ag an Spidéal leis an gclár ‘Céilí House’ a thaifeadadh, ar chuireadh ó Traidphicnic, an fhéile mhór ceoil a bhíonn ar bun sa Spidéal tús Iúil. Ar an Satharn seo caite bhí an Droighneán Donn lán go doras le ceoltóirí, amhránaithe agus lucht éisteachta don ocáid taifeadta.

Níor deineadh dearmad ar cheoltóirí óga an cheantair: chas Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ceol binn a chuaigh i bhfeidhm ar gach a raibh i láthair.

Craolfar an clár ar RTÉ Raidió a hAon i gceann coicíse, ar an 3 Meitheamh, ag tosaí ag 9.00pm agus, mar is gnách, is é Ciarán Hanrahan (sa bpictiúr) a bheas ina bhun.


Taispeántas Chois Fharraige

Pádraig Breathnach, Ugóil, Uachtar Ard lena bheirt mhac agus an corn a ghnóthaigh sé ag Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal le gairid, don chaoire ab fhearr

Pádraig Breathnach, Ugóil, Uachtar Ard lena bheirt mhac agus an corn a ghnóthaigh sé ag Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal le gairid, don chaoire ab fhearr

Tá an coiste a eagraíonn Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal tús Meán Fómhair gach bliain, ag cuartú breis daoine le cúnamh a thabhairt. Taispeántas talamhaíochta is mó atá ann, le rannóg faoi leith do na capaill, do na madraí, do na caoire, do ghlasraí agus torthaí ón ngarraí, don cheardaíocht agus bia.

Éinne a mbeadh spéis acu dul ar an gcoiste, nó cúnamh a thabhairt le eagrú an taispeántais, is féidir dul i dteagmháil leis an gcoiste ach glaoch a chur ar 091 553666/087 2557511 nó teachtaireacht a chur ar ríomhphost ag anspideal11@nullgmail.com.


Aire Stáit Kyne ar an Spidéal

Seán Kyne

Tá an tAire Stáit, Seán Kyne, le cuairt a thabhairt ar an Spidéal an Aoine seo le go bpléifidh sé ceist an tséarachais le Comhlacht Forbartha an Spidéil agus ceisteanna faoi infrastructúr eile ar an sráidbhaile.

Tá fógraí crochta sa Spidéal ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a thugann le fios go gcloíonn na torthaí uisce ón trá sa Spidéal le ‘Caighdeáin Uisce an AE’. Ar an láimh eile deireann an fógra go bhfuil ‘baol ionfhabhtaithe’ ann gch uair a théitear ag snámh sa bhfarraige! Is cosúil gur mó an baol atá ann ón mbaictéir san uisce má shlogtar aon uisce nó má tá aon ghearradh nó créacht ort.

Is de bharr séarachas ámh a bhíonn á phumpáil isteach sa bhfarraige atá an dá thrá truaillithe. Beidh an Comhlacht Forbartha ag iarraidh ar an Aire Stáit brú a chur ar na húdaráis chuí, an córas séarachais atá ceapaithe a chur ar fáil sa Spidéal a thosú chomh luath agus is féidir. Is olc an scéal a bheas ann don Spidéal má chaithfear an dá thrá sa Spidéal a dhúnadh le haghaidh séasúr an tsamhraidh, ag am a mbíonn an-éileamh ar na tránna ó chuairteoirí, scoláirí i gColáiste Chonnacht agus muintir na háite.


Comórtas Peile Gael Linn

gaellinnlogoBeidh Féile Peile Gael Linn Chonnachta á reáchtáil in Indreabhán, ar an Máirt agus an Céadaoin seo chugainn. Cuirfear tús leis an scléip nuair a chruinneoidh na hocht bhfoireann ar fad le chéile ag Páirc CLG Mícheál Breathnach ag 2.30p.m. ar an Máirt.

Seo a leanas na bhunscoileanna ó Chonamara a bheas páirteach sa bhFéile Peile i mbliana: Scoil Éinne, An Spidéal; Scoil Sailearna, Indreabhán; Scoil Mhuire, An Tuairín agus Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua.

Foirne meascaithe de naonúr imreoirí a bheas i gceist, agus de réir na rialacha, caithfidh ar a laghad ceathrar cailíní a bheith ar an bpáirc i gcónaí! Beidh trí chluiche ag gach foireann, agus rachaidh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige.

Cuirfear lóistín ar fáil do na cuairteoirí go háitiúil, agus beidh deis acu cairde nua a dhéanamh i measc buachaillí agus cailíní ó scoileanna eile! Eagrófar imeachtaí ar nós tráth na gceist boird, ceolchoirm agus céilí dóibh mar chuid den ócáid le go mbeidh gach éinne a bheas i láthair in ann sult agus tairbhe a bhaint as an bhFéile!


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Camógaí (Sóisear A): Cois Fharraige 2 – 11, Baile an Doirín 2 – 07.

Peil (Sinsear): Ml. Breathnach 1 – 15, Maigh Cuilinn 4 – 14.

Peil (Idirmheánach): An Spidéal 3 – 14, St. Brendan’s 1– 09.

Peil (Sóisear Roinn 7): Ml. Breathnach 3 – 09, An Fhairche 1 – 15.

Peil (faoi 16): An Spidéal 2 – 03, Uachtar Ard 3– 06.

Peil (faoi 13): An Spidéal 7 – 12, Ml Breathnach 1– 01.

Iomáint (faoi 16 B1): Cois Fharraige 0 – 00, Béal Átha Slua (CONC).


17 Bealtaine 2017