Cartlann Nuachta: 17 Bealtaine 2023
Céad Chomaoineach
Daltaí ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a rinne an Chéad Chomaoineach le gairid i Séipéal Cill Treasa, Ros a’ Mhíl.
Ó chlé: Máirtín Óg Ó Piotáin, Sophie Ní Chonghaile, Caoimhe Lally Ní Lorcáin, Joshua Ó Cnáimhín.
Cois Fharraige Abú
Foireann ó Chumann Camógaíochta Chois Fharraige ar éirigh leo Craobh an Chontae faoi 16C a bhuachan ar an Satharn seo caite i nDroichead an Chláirín ag imirt in aghaidh Bleá ‘n Rí.
Ar chúl, ó chlé: Éabha Ní Neachtain; Caitríona Ní Raifeartaigh; Niamh De Bhailís; Mailí De Cléir; Mar Ní Néill; Caoimhe Ní Ghloinn; Orlaith Ní Thuairisc; Muireann Ní Ghloinn (comh-chaptaen); Louise Seoighe; Adhna Ní Chonghaile; Gráinne Ní Fhéinne; Eimear Ní Dhiomsaigh; Caoimhe Ní Chualáin.
Chun tosaigh, ó chlé: Éabha Mae Riggott; Ríona Ní Aodha, Iseult Ní Chuláin; Saoirse Ní Chuláin; Sarah Ní Choinceanainn; Caoimhe Ní Chuinn; Sadhbh Laila Riggott (comh-chaptaen); Alanna Seoighe.
Dé Satharn seo caite, i nDroichead an Chláirín, bhí an bua ag foireann camógaíochta Chois Fharraige sa gCluiche Ceannais de Chraobhchomórtas na Gaillimhe faoi 16 (C1), ag imirt in aghaidh Bleá ‘n Rí (2) leis an scór 6 – 03 in aghaidh 2 – 06.
Bleá a’ Rí a fuair an chéad chúilín. Bhí trí nóiméad déag caite sula bhfuair Cois Fharraige a gcéad scór. Ansin fuair Adhna Ní Chonghaile dhá chúl i ndiaidh a chéile tar éis comhimirt lena comhleacaí sa líne lántosaigh, Louise Seoighe agus Sara Ní Choinceanainn. Tháinig Baile Átha an Rí ar ais agus fuair siad cúl in ainneoin sár-iarracht ón lán-chúlaí Gráinne Ní Fhéinne. Ach fuair Orlaith Ní Thuairisc cúl an-tábhachtach díreach roimh leath-am agus d’fhág sé sin Cois Fharraige cúig chúilín chun cinn ag an sos.
Ag tús an dara leath fuair Sara Ní Choinceanainn cúl do Chois Fharraige agus fuair Mar Ní Néill cúpla cúilín a choinnigh Cois Fharraige chun tosaigh. Leis an mbearna a mhéadú idir na foirne, fuair Louise Seoighe cúl gleoite: chuir Mar Ní Néill poc fada isteach; smachtaigh Louise an sliotar ar a camán, chas sí thart agus bhuail sí an sliotar ard san aer agus bháigh sí é san eangach é díreach faoin trasnán, é seo uilig déanta gan lámh a leagan ar an sliotar.
Ní raibh Cois Fharraige críochnaithe fós. Leis an mbua a chinntiú fuair Sara Ní Choinceanainn cúl an-mhaith eile agus bhí an lá ag foireann na Gaeltachta agus 10 gcúilín le spáráil: Cois Fharraige 6 – 04, Baile Átha an Rí 2 – 06.
De na cailíní nach bhfuil luaite thuas, caithfear tagairt a dhéanamh don Captaen Muireann Ní Ghloinn, a deirfiúr Caoimhe agus Sadhbh Laila Riggott a d’oibrigh an-chrua ó thuas go deireadh. Bhí Eimear Ní Dhiomsaigh, Caoimhe Ní Chuinn agus Gráinne Ní Fhéinne an-láidir sa líne lán-chúl. D’imir an cúl báire Mailí de Cléir sár chluiche freisin.
An-chluiche a bhí ann ó thús go deireadh. D’imir chuile dhuine acu thar cionn do Chois Fharraige agus toradh iontach a bhí ann don fhoireann seo atá tar éis forbairt mhór a dhéanamh ó thús na bliana.
Siúlóid i gCuimhne ar Eimear
Tá siúlóid speisialta eagraithe ag CLG An Spidéal an deireadh seachtaine seo i gcuimhne ar Eimear Ní Chonghaile, an cailín óg ó Bhothúna, a bhásaigh thart ar an am seo anuraidh.
Beidh an tsiúlóid chuimhneacháin ag tosú ag 12.00pm Dé Sathairn, 20 Bealtaine, ó Pháirc an Athar Mhic Suibhne, i gColáiste Chonnacht, ag dul chomh fada leis an gCéibh Nua agus ansin suas go dtí an sráidbhaile, áit a mbeidh braon tae agus sólaistí sa gCrúiscín Lán i ndiaidh na siúlóide.
Beifear ag bailiú airgid ar an lá do Childline an ISPCC. Tá cártaí urraíochta le fáil sna siopaí áitiúla.
Aon duine nach féidir leo a bheith linn ar an lá is féidir leo síntiús a thabhairt ar líne: tá na sonraí ar leathanach Facebook CLG An Spidéil.
An Cailín Ciúin
Radharc ón scannán ‘An Cailín Ciúin’ a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ar an Aoine na seachtaine seo chugainn, 26 Bealtaine ag Club Scannán Sailearna mar chuid de Fhéile Bhealtaine, atá maoinithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Seachtain ón Aoine seo, 26 Bealtaine, beidh deis eile ag daoine i gCois Fharraige ‘An Cailín Ciúin’ a fheiceáil ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna. Taispeánadh an scannán cheana sa tSeanscoil, mí Dheireadh Fómhair seo caite. Ó shin roghnaíodh an scannán ar an ngearrliosta le haghaidh Oscar i Los Angeles.
Beidh an scannán á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna mar chuid de Fhéile Bealtaine, féile atá maoinithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus é mar aidhm aige deiseanna a chur ar fáil d’aosaigh páirt a ghlacadh in imeachtaí ealaíona agus cultúrtha.
Tá cáil bainte amach ag ‘An Cailín Ciúin’, an chéad scannán riamh i nGaeilge a ainmníodh do Oscar. Is iomaí gradam atá bronnta ar an scannán, a fuair tacaíocht ó Cine4, an scéim atá ag TG4 le scannáin d’ardchaighdeán i nGaeilge a léiriú.
Tosóidh an scannán ag 7.00pm agus cuirfear sólaistí ar fáil ina dhiaidh. Ní bheidh aon táille á ghearradh ar an ócáid.
Cruinniú den Chomhairle Chontae sa tSeanscoil
Bóthar Chois Fharraige R336
Is i Seanscoil Sailearna a bheas cruinniú ag Ceantar Bardasach Chonamara de Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an Déardaoin seo, 18 Bealtaine. Seo é an cruinniú deireanach den Cheantar Bardasach leis an gComhairleoir Daithí Ó Cualáin, ó Chorr na Rón, sa gcathaoir. Ceist an bhóthair nua in áit an R336, ceann de na míreanna atá ar chlár an chruinniú.
Campaí Samhraidh
Tá an samhradh buailte linn agus is gearr eile go mbeidh laethanta saoire ag páistí scoile. Tá sé fógraithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga go mbeidh an trí champa seo thíos á eagrú i mbliana ag an bhFóram do pháistí bunscoile:
Campa Drámaíochta Ruaille Buaille I: 26 Meitheamh go 7 Iúil, do pháistí 8 – 12 bl. i Scoil Sailearna;
Campa Drámaíochta Ruaille Buaille II: 10 go 14 Iúil, do pháistí 5 – 7 bl. i Scoil na bhForbacha;
Campa Spraoi Chois Fharraige: 31 Iúil go 4 Lúnasa, do pháistí 7 – 10 bl. in Inis Fáil, An Spidéal.
Ar ndóigh, is trí Ghaeilge a bheas na campaí seo ar fad.
Tá líon ná spásanna ar na campaí teoranta. Tabharfar na spásanna do na chéad daoine a bheas an fhoirm chlárúcháin líonta amach acu. Is féidir foirm chlárúcháin a fháil ach ríomhphost a chur chuig ocptchoisfharraige@nullgmail.com.
Scoláireacht
Tá scoláireacht á tairiscint ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga don chúrsa: Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta, le hOllscoil Mhá Nuad. Is cúrsa páirtaimseartha, ar líne, atá ann.
Tá breis eolais ar fáil faoin gcúrsa agus cén chaoi le cur isteach ar an scoláireacht le fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig optchoisfharraige@nullgmail.com.
Féasta Ceoil an Spidéil
Ar an Aoine beag seo, 19 Bealtaine, beidh an grúpa cáiliúil CHERISH THE LADIES, leis an bhfliúiteadóir chumasach Joanie Madden, ar an stáitse i Stiúideo Cuan, An Spidéal. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an ngrúpa ban seo.
Deireadh seachtaine na Cincíse, 2 agus 3 Meitheamh, tiocfaidh deireadh le Féasta Ceoil An Spidéil, nuair a bheas triúr ceoltóirí cumasacha ag casadh: Edel Fox (Concertina), Neill Byrne (Fidil) agus Macdara Ó Faoláin (giotár agus banjo).
Is lárionad ceoil agus ealaíne den scoth é Stiúideo Cuan, atá ag breathnú amach ar Chuan na Gaillimhe agus ar Cheann Boirne. Le ceithre mhí anuas tá scoth na gceoltóirí meallta ag Stiúideo Cuan go Cois Fharraige le casadh san ionad álainn atá réitithe amach go speisialta le haghaidh ceoil.
Níl ach beagán le cois trí scór suíochán sa seomra ceoil agus le bheith cinnte de shuíochán moltar do dhaoine ticéad a chur in áirithe roimh ré tré glaoch ar Stiúideo Cuan ag an uimhir 091 553838.
Foireann Ban na mBreathnaigh
Bhí bua eile ag foireann ban na mBreathnaigh ar an Satharn nuair a bhuail siad Mionlach/An Sceachánach as baile leis an scór 3 – 10 in aghaidh 2 – 09. Tá an fhoireann ag imirt ag grád Sóisear A i mbliana tar éis ardú céime a fháil anuraidh ó Sóisear B. Beidh siad ag taisteal go Dún na nGall i gceann coicíse le páirt a thógáil i gComórtas Peile na Gaeltacht ar Na Méilte, in aice le Anagaire. Beidh siad ag imirt réamhbhabhta sa gcomórtas sóisear ar an Satharn, 4 Meitheamh, ag 11.00 in aghaidh Wolf Tones ó Ghaeltacht na Mí.
Sé foireann ban na mBreathnaigh an t-aon fhoireann ó Chois Fharraige a bheas ag glacadh páirt i mbliana i gComórtas Peile na Gaeltachta. Beidh costas mór ar an gCumann an fhoireann a chur go Dún na nGall le páirt a ghlacadh sa gcomórtas agus tá tacaíocht de dhíth ón bpobal. Chuige sin beidh Tráth na gCeist Bord ar bun ar Aoine na seachtaine seo chugainn, 26 Bealtaine ag tosú ag 9.30pm.
Bainisteoir á Lorg ag Tearmann Éanna
Tá Bainisteoir Ginearálta á lorg ag Tearmann Éanna, ar an Tulach, i mBaile na hAbhann. Bheadh an Bainisteoir Ginearálta freagrach don Choiste Stiúrtha Thearmann Éanna. Éilíonn an post seo duine díograiseach le taithí cruthaithe acu ag leibhéal sinsearach agus scileanna eagrúcháin a thuillfidh iontaoibh ón bhfoireann, ó úsáideoirí seirbhíse agus ó eagraíochtaí Stáit.
‘Sí an Ghaeilge teanga oibre Tearmann Éanna agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Tá go dtí Aoine na seachtaine seo chugainn, 26 Bealtaine, le iarratas a sheoladh chuig runai@nulltearmanneanna.ie.
Forbairt Ceadaithe ar Pháirc an Chnoic
Tá cead pleanála faighte ag Cumann Micheál Breathnach ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe le feabhsúcháin a dhéanamh ar na háiseanna atá ar Pháirc an Chnoic. Mar chuid den obair atá ceadaithe beidh cosáin úra á thógáil; beidh dromchla úr agus marcáil línte á dhéanamh ar an gcarrchlós; beidh clúdach cloiche á chur ar an mballa ó dheas; beidh soilsí sráide á chur sa gcarrchlós agus beidh tuilsoilse nua á shocrú ar an bpáirc peile ar dhá cholún 24 méadar ar airde.
Tá ocht gcoinníoll ar fad curtha leis an gcead pleanála. Ar ceann de na coinníollacha sin ní féidir na tuilsoilse a úsáid théis deich a’ chlog san oíche ó Luan go Aoine agus théis ocht a’ chlog ar an Satharn nó an Domhnach.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €5,700 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 1, 2, 16, 19.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Caitríona Ní Chuláin, Saile Thuana;
- Róisín Ní Chuláin, An Teach Mór;
- Sheila Concannon, Saile Thuana;
- Peigí Ní Thuathail, Coill Rua Thiar.
Tigh Chualáin, a fuair duais an díoltóra.
€5,800 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
• Iomáint (Roinn 3): An Spidéal 0 – 18, Kilbeacanty 2 – 10.
• Iomáint (faoi 15B): Ml. Breathnach 0 – 11, Kinvara 2 – 16.
• Iomáint (faoi 13): Ml. Breathnach 3 – 07, Bóthar na Trá 2 – 06.
• Peil na mBan (Sóisear A): Ml. Breathnach 3 – 10, Menlough/Skehana 2 – 09.
• Peil (faoi 15): Ml. Breathnach 2 – 13, Bearna 1 – 02.
• Camógaí (faoi 16): Cois Fharraige 6 – 03, Bleá ‘n Rí (2) 2 – 06.
• Camógaí (faoi 15): Cois Fharraige 2 – 06, St. Colman’s 1 – 08.
• Camógaí (faoi 12): Cois Fharraige 4 – 02, Turlach Mór 8 – 01.
• Sacar (f16): Bearna/Na Forbacha 0, Knocknacarra.
• Sacar (Cailíní f15): Bearna/Na Forbacha 2, Athenry 3.
• Sacar (Cailíní f14): Bearna/Na Forbacha 2, Moyne Villa 7.
• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha 2, Cregmore/Claregalway 2.
• Sacar (Cailíní faoi 13): Bearna/Na Forbacha B 4,
• Sacar (faoi 13): Mac Dara 1, West Coast Utd. 0.
• Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha 1, Knocknacarra 0.