Cartlann Nuachta: 17 Deireadh Fómhair 2018
Foireann Iomána na nÓg
Foireann iomána Chumann Micheál Breathnach faoi 10, leis na ‘tops’ nua a bronnadh orthu an tseachtain seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Maidhc Breathnach, Colm Seoighe, Macdara Ó Grádaigh, Stiofán Ó Neachtain, Cian de Búrca, Oisín Ó Neachtain, Eoin Ó Gionnáin, Rónán Ó Neachtain, Caomhán Mac Con Iomaire, Orlaith Ní Thuairisc, Conor Ó Tuathail, Ruairc Ó Fátharta.
Chun tosaigh, ó chlé: Aaron Seoighe, Ruadhán Ó Coisdealbha, Conor Byrne, Learaí Ó Grádaigh, Donncha Ó Tuairisc, Oisín Mahon, Séamus Óg Ó Márta, Mar Ní Néill, Cormac Ó Braonáin, Glaisne Mac Réamoinn, Fionnán Ó Neachtain, Lorcán Ó Curraoin.
Aisteoirí Chois Fharraige in Inis Meáin
An cliar ón dráma Cripil Inis Meáin, a chuir Aisteoirí Chois Fharraige ar stáitse in Inis Meáin, don chéad uair i nGaeilge – aistriúchán a rinne Micheál Ó Conghaile ar an mbundráma le Mairtin McDonagh. Tá cuireadh faighte ag Aisteoirí Chois Fharraige an dráma a chur ar stáitse i mBoston an chéad mhí eile.
Cluiche na gComharsan ar an Satharn
Foireann Peile Idirmheánach Chumann Micheál Breathnach
Ar an Satharn seo chugainn beidh an dá fhoireann peile idirmheánach ó Chois Fharraige – Cumann Micheál Breathnach agus An Spidéal – in aghaidh a chéile i gCluiche Ceannais Peile an Chontae. Tá An Spidéal ag iarraidh éalú ón ngrád idirmheánach le roinnt mhaith blianta. Is anuraidh a chaill Cumann Micheál Breathnach a áit i measc na bhfóirne sinsir. Beidh ardú céime le fáil ag pé foireann a chrochann an corn idirmheánach ag deireadh an seasca noiméad i Staid an Phiarsaigh.
Tá aithne mhaith ag an dá fhoireann ar a chéile. Chas siad le chéile sa gcéad bhabhta den chomórtas i mbliana agus bhí an bua ag An Spidéal agus sé chúilín le spáráil. Ní raibh Fiontán Ó Curraoin ná Seán Denvir ar ais ag imirt leis na Breathnaigh an lá sin, ach beidh siad ag imirt ar an Satharn.
Tá an dá fhoireann óg go maith agus níl sé ach cúpla bliain ó shin ó bhí cuid acu ag imirt peile le chéile le Coláiste Cholmcille, Indreabhán, nó le Cóláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.
Féile Leabhar Chois Fharraige
An tÚdar Liam Mac Cóil ag Síniú Leabhair do Bhaill Chlub Leabhar Chois Fharraige
D’éirigh thar barr le Féile Leabhar Chois Fharraige ag an deireadh seachtaine, eagraithe ag Club Leabhar Chois Fharraige.
Bhí Tigh Mholly lán le haghaidh gach ceann de na hócáidí litríochta a reáchtáladh i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
I measc na n-údar a ghlac páirt sa deireadh seachtaine litríochta bhí Frank Reidy, Daithí Ó Muirí, Jackie Mac Donncha, Máire Holmes, Áine Durkin, Máire Uí Eidhin, Bridget Bhreathnach, Gemma Bhreathnach agus Liam Mac Cóil.
Tuilleadh Pictiúirí anseo: Féile Leabhar Chois Fharraige 2018
BISEACH 2018
Beidh BISEACH, an iris a fhoilsíonn Cumann Forbartha Chois Fharraige go bliantúil, le fáil sna siopaí i gCois Fharraige seachtain ón Aoine seo chugainn. Tá an iris leis na clódóirí faoi láthair agus beidh sé á seoladh ar an gclár IRIS ANIAR ar Raidió na Gaeltachta ar an Déardaoin seo chugainn (25 Deireadh Fómhair).
Mar is gnáth tá meascán breá de ábhar san iris, idir stair is seanchais, eolas faoi eagraíochtaí áitiúla, neart pictiúirí agus píosaí filíochta.
Rang Nua Gaeilge do Bhunfhoghlaimeoirí
Ar an Luan seo caite, 15 Deireadh Fómhair, thosaigh rang nua Gaeilge sa Spidéal dírithe ar bhunfhoghlaimeoirí, eagraithe ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige.
Tá an rang seo á eagrú ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige, san ionad atá ag an gclub i dTeach Hastings, Baile an tSagairt. Tá an teach ar Bhóithrín Baile an tSagairt, thar an ionad tionsclaíochta, ar thaobh na láimhe deise, bungaló bán le fógra mór Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige sa bhfuinneog.
Leanfar cúrsa TEG sa rang seo (www.teg.ie). Is cainteoir dúchais as Conamara a bhfuil ardcháilíochtaí aici agus taithí na mblianta ag múineadh daoine fásta, a bheas á mhúineadh.
Tá breis eolais le fáil ó Ann ag an uimhir 087 3553101.
Torthaí Lotó
Ní raibh aon bhuaiteoir ar Lotó Chumann Micheál Breathnach nuair a rinneadh an tarraingt ar an Luan seo caite. Seo iad na huimhreacha a tarraingíodh: 5, 7, 19, 26.
- Rónán Griffin, Baile na hAbhann, a fuair duais an díoltóra.
- Maitiú Ó Máille, Cor na Rón, a fuair dearbhán Tigh Dhurcáin.
- Connla Breathnach, Na hAille, agus Michael Dillon, Púirín, a tarraingíodh amach as an hata, fuair siad €50 an duine.
Tá €6,000 anois sa bPota don chéad tharraingt eile.
Comórtas Grianghrafadóireachta
Grianghraf ó Fhéilíre Chomhar Creidmheas Cholmcille don bhliain 2017
Tá comórtas grianghrafadóireachta á reáchtáil ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille arís i mbliana. Is é téama an chomórtais ná ‘An Nádúr’.
Sé aidhm an chomórtais dosaen grianghraif a roghnú le cur i bhféilire Chomhar Creidmheasa Cholm Cille 2019.
Le cur isteach ar an gcomórtas ní gá ach grianghraf a sheoladh chuig feilireccccteo@nullgmail.com faoin Aoine, 2 Samhain, 2016.
Roghnófar dosaen grianghraf le cur sa bhféilire as na hiontrálaithe a seolfar isteach. Bronnfar duais €50 ar an duine a thógann an grianghraf a théann ar chlúdach an fhéilire.
Léacht sa gCeathrú Rua
Ar an Máirt seo chugainn, 23 Deireadh Fómhair, beidh léacht á tabhairt ag Micheál Ó Catháin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua faoin teideal ‘Bailiúchán Amhrán as Ceantar Charna a thóg an RIC 100 bliain ó shin’.
Is as an gCeathrú Rua ó thús é Micheál, atá ag obair anois leis an Aontas Eorpach sa mBruiséal.
Tá an léacht mar chuid de shraith léachtanna atá eagraithe ag Cumann Béaloidis Chonamara agus tosóidh sé ag 8.00pm.
Léacht faoi Ruairí Ó Flaithearta
Grúpa ag Teach Ruairí Uí Fhlaithearta
Ar an Déardaoin seo chugainn beidh an chéad léacht tar éis sos an tsamhraidh ar bun i gColáiste Chonnacht, eagraithe ag Cumann Seanchais is Staire Chois Fharraige. ‘Ruairí Ó Flaitheartaigh: Scoláire Iar-Chonnacht (1629-1716)’ teideal na léachta a bheas á tabhairt ag Nollaig Ó Muiríle, iar-léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus saineolaí ar an tréimhse inar mhair Ruairí Ó Flaitheartaigh.
Iománaíocht Chois Fharraige
Beidh an dá fhoireann sóisear iománaíochta ó Chois Fharraige san iomaíocht an tseachtain seo chugainn sna cluichí leathcheannais sa gComórtas Sóisear a hAon.
Is faoi shoilse a imreofar an dá chluiche.
Tá Bearna/Na Forbartha ceapaithe a bheith ag imirt i Loughgeorge ar an Máirt seo chugainn in aghaidh Bhéal Átha an Ghártha ag 7.30pm.
Ar an gCéadaoin beidh Cumann Micheál Breathnach ag imirt sa gcluiche leathcheannais eile i Loughgeorge in aghaidh Bhéal Átha na Sluaighe ag 7.30pm chomh maith.
Cois Fharraige sa Sacar
Tá Cois Fharraige ag déanamh thar barr i Roinn 2 i Sraith Sacair na Gaillimhe. Níor chaill Cois Fharraige aon chluiche fós as an gcúig chluiche atá imeartha go dtí seo. Ar an Satharn seo caite bhí bua eile ag Cois Fharraige in aghiadh Chinn Mhara leis an scór 2 – 0, cluiche a imríodh ar an gCanal i Ros an Mhíl.
Bhí an láimh in uachtar ag foireann na Gaeltachta ar fud na páirce agus d’fhéadfadh dhá chúl eile a bheith faighte acu. Fuair Criostóir Ó Bia an chéad chúl do Chois Fharraige as an imirt, isteach go maith san gcéad leath, agus bhí an chuid is mó den dara leath thart nuair a scóráil Leon Mac Lochlainn cúl ó chic coirnéil.
Faoi láthair níl ach pointe amháin idir Cois Fharraige agus Claregalway. D’éirigh le Cois Fharraige dul ó Roinn 3 anuraidh go Roinn 2 i mbliana agus an bealach a bhfuil siad ag imirt tá seans maith acu dul go Roinn 1 an chéad bhliain eile.
Coláiste Chroí Mhuire Tríd
An Fhoireann Sinsir Díospóireachta
An tseachtain seo caite d’éirigh go maith leis na fóirne díospóireachta ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, sa gcéad bhabhta de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain, a reáchtálann Gael Linn.
Fuair an fhoireann sóisir agus an fhoireann sinsir trí go dtí an chéad bhabhta eile, a bheas ar bun tar éis sos na Samhna.
Ar an bhfoireann sóisir bhí Eoghan Ó Neachtain, Ailbhe Ní Neachtain agus Oisín Ó Coistealbha. Ar an bhfoireann sinsir bhí Aoife Nic Dhonnacha, Siobhán Ní Neachtain agus Aisling Ní Chonghaile.
Siad na fóirne eile ar éirigh leo fáil tríd sa dá chomórtas ná Coláiste an Phiarsaigh, Ros Muc; Coláiste an Achréidh, Bleá ‘n Rí agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua.
An Fhoireann Sóisir Díospóireachta
Club Scannán – IN THE FADE agus AN TURAS CAMINO
Radharc as an scannán ón nGearmáin IN THE FADE, a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 18 Deireadh Fómhair, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosaí ag 8.15pm. Scéal eachtraíochta suite sa nGearmáin atá ann
Ar an Déardaoin seo, 18 Deireadh Fómhair, beidh an scannán faisnéise IN THE FADE á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15pm.
Scannán ón nGearmáin atá ann, a bhfuil neart gradam idirnáisiúnta buaite aige.
Tá eolas faoin scannán maraon le blaiseadh beag dhó le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Ar an Déardaoin seo chugainn, 25 Deireadh Fómhair, beidh an scannán faisnéise faoin éacht a rinne a rinne Danny Sheehy agus Breandán Ó Beaglaoich i gcurach canbháis, nuair a rinne siad an camino ó Bhleá Cliath go Santiago de Compostela in Iarthuaisceart na Spáinne, thar thrí shéasúr samhraidh. AN TURAS CAMINO is ainm don scannán faisnéise agus beidh sé á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna ar an Déardaoin seo chugainn i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.15pm.
Teorannacha Luais ar Bhóthair Chois Fharraige
Tá an cuma ar an scéal go raibh na comhairleoirí chontae do Chonamara sásta glacadh le cuid mhaith de na moltaí a bhí déanta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige faoi na teorannacha luais ar Bhóthar Chois Fharraite. Tá an teoranna luais le laghdú go 60km/uair ag dul thar Shiopa Uí Dhurcáin, mar a bhí iarrta san aighneacht a shínigh go leor de mhuintir na Tulaí.
Rinne Cumann Forbartha Chois Fharraige aighneacht a chur ag an gComhairle Chontae ag iarraidh go ndéanfaí na teorannacha luais i gceantar an Chnoic a shimpliú, le dhá theorann 80km/uair agus 50km/uair ag dul thar scoil nó siopaí.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an comhairleoirí contae Chonamara ag glacadh leis an moladh sin ach go gcaithfear cead a fháil ón NTA, sular féidir na hathraithe a dhéanamh.
Cuirfear na moltaí ar ghlac comhairleoirí Chonamara leo os comhair cruinniú iomlán an Chomhairle Chontae ar an Luan seo chugainn, 22 Deireadh Fómhair.
Moill ar Chóras Séarachais an Spidéil
Tá sé socraithe ag Bord Bainistíochta Scoil Éinne, An Spidéal achomharc a dhéanamh ar an mBord Pleanála in éadan an chead atá tugtha ag an gComhairle Chontae do Uisce Éireann, ionad nua séarachais a fhorbairt taobh ó thuaidh den Cheardlann ar thalamh le Údarás na Gaeltachta, ar an ábhar go mbeidh an ionad ró ghar do chlós na scoile.
Is fada An Spidéal ag éileamh cósas nua séarachais. Bhí easpa córas séarachais ar cheann de na cúiseanna ar diúltaíodh cead pleanála a thabhairt don óstán mór agus don fhorbairt tithíochta a bhí á bheartú ag Rónán Barret le tógáil trasna ó Thrá na mBan sa Spidéal.
D’fhéadfadh an achomharc moill bliana a chur le forbairt an chóras nua séarachais.
Torthaí Spóirt
Peil (faoi14 R 2): Spidéal 0 – 10, Clarinbridge 1 – 05.
Peil (faoi 14, R 2): Ml Breathnach 4 – 08, An Cheathrú Rua 3 – 05.
Peil (Mionúr): Spidéal 5 – 08, An Fhairche 2 – 09.
Peil (Sóisear B): Spidéal 1 – 04, An Cheathrú Rua 1 – 09.
Iomáint (Sóisear A): Bearna/Na Forbacha 1 – 20, Ardrahan 4 – 06.
Iomáint (faoi 15, B): Cois Fharraige 3 – 04, Abbeyknockmoy 6 – 06.
Sacar (Roinn 2): Cois Fharraige 2, Kinvara Utd. 0.
Peil na gCailíní (faoi 14): Ml. Breathnach 4 – 08, Tuam/Cortoon 4 – 04
Buachaillí An Spidéil
Buachaillí An Spidéil a chroch leo Craobh an Chontae faoi 14 (Roinn 2A) ag imirt in aghaidh Droichead an Chláirín ar an Domhach seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Oisín Morris, Jack Ó Domhnaill, Diarmuid Ó Duinn, Dylan Ó Dioráin, Pierce Morris, Dara Ó Laoire, Rúan Ó hÍarnáin, Fionn O Connor, Cathal Ó Laoire, Paudi Ó Droighneán, Luca Ristori, Finnian Ó Conláin.
Chun tosaigh, ó chlé: Lorcán Ó Curraoin, Liam Ó Fátharta, Conor Ó Curraoin, Peadar Ó Féinne, Tomás Farthing, Cormac Ashe, Andy Ó Féinne, Eoin Ó Conghaile, Cillín Ó Laoi.
(Bainisteoirí: Liam Ó Conghaile, Michéal Ó Duinn, Máirtín Ó Conghaile, Ciarán Ó Laoi)
Peil na gCailíní
Foireann Peile na gCailíní ó Chumann Micheál Breathnach faoi 14, ar éirigh leo Cartoon/Tuam a bhualadh sa gcluiche ceannais den sciath ar an Domhnach seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Ailbhe Ní Ghionnan, Shiofra Ní Scanlain, Clodagh Ní Dhiorrain, Cliona Ní Mharta, Amy Ní Thuathail, Cliona Ní Chonghaile, Cliodhna Ní Mhrta, Amy Ní Chonaire, Chloe Ní Chonaire, Amanda Ní Bhradaigh, Ailbhe Ní Neachtain.
Chun tosaigh, ó chlé: Niamh Ní Mhannín, Ríona Howlin, Leah Ní Mhainnín, Éabha Ní Dhonnacha, Cliodhna Ní Chonghaile, Ciara Ní Fhatharta, Emma Craughwell, Cliodhna Ní Neachtain.
17 Deireadh Fómhair 2018