Cartlann Nuachta: 17 Eanáir 2024
Damhsa ar an gCladach
Cailín óg ag damhsa ar an gcladach gar do Chéibh an Spidéil agus luí na gréine sa gcúlra.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Úsáid na Gaeilge i gCois Fharraige
Roimh an Nollaig foilsíodh torthaí ón Daonáireamh a tógadh mí Aibreán 2022 maidir le úsáid na Gaeilge. Thaispeáin na torthaí gur tháinig ardú beag ar líon na ndaoine a dheireann go n-úsáideann siad an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais sa Limistéar Pleanála Teanga ar a dtugtar Cois Fharraige, ach gur thit ar an gcéatadán cainteoirí laethúla.
Bhí 3,186 duine a dúirt go raibh Gaeilge á húsáid acu go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais san LPT Cois Fharraige, i gcomparáid le 3,104 i 2016. Cé gur ardú beag é seo, tháinig ardú mór ar dhaonra Chois Fharraige ó 6,439 go 7,235. Cuid den ardú ná na teifigh ón gcogadh san Úcráin, a bhí lonnaithe in Óstán na Páirce, nuair a tógadh an Daonáireamh. I 2016 bhí 48.2% den daonra san LPT Cois Fharraige ag rá gur labhair siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Tá an céatadán de chainteoirí laethúla laghdaithe go 44.0%.
Síneann an LPT Cois Fharraige ó Shruthán na Liberties, sna Forbacha, siar le cósta go Abhainn Chasla, ina bhfuil na toghcheantair seo a leanas: Na Forbacha, An Spidéal, Cill Aithnín, Sailearna agus Cill Choimín. In anailís a foilsíodh ar an nuachtshuíomh TUAIRISC.IE seo thíos mar a bhí na toghcheantair i gCois Fharraige i gcomparáid le 2016.
NA FORBACHA: Méadú ar líon na gcainteoirí laethúla ó 262 (19.2%) i 2016, go 289 (18.3%) i 2022, ach titim beag sa gcéatadán.
AN SPIDÉAL: Méadú beag ar líon na gcainteoirí laethúla ó 659 (47.3%) i 2016, go 664(37.5%) i 2022 ach laghdú suntasach sa gcéatadán.
CILL AITHNÍN (ón Spidéal anoir go Siopa an Phobail): Méadú ar líon na gcainteoirí laethúla ó 564 (55.7%) i 2016, go 587 (54.8%) i 2022 ach titim bheag sa gcéatadán.
SAILEARNA (Idir Abhainn an Chnoic agus Abhainn Chruimlinne): Méadú ar líon na gcainteoirí laethúla ó 843(60.0%) i 2016, go 867 (59.5%) i 2022, ach titim bheag sa gcéatadán.
CILL CHUIMÍN (Na Minna, An Tulach agus Ros a’ Mhíl): Méadú beag ar líon na gcainteoirí laethúla ó 776 (61.2%) i 2016, go 779 (57.6%) i 2022, ach laghdú suntasach sa gcéatadán.
Níl BEARNA san áireamh in LPT Cois Fharraige. Sa gcuid de Bhearna atá i gCo na Gaillimhe tháinig méadú ar líon na gcainteoirí laethúla ó 229 (6.4%) i 2016, go 261 (6.9%) i 2022.
Oíche Mhór sa bPoitín
Beidh Oíche Mhór Ceoil, Spraoi agus Damhsa ar bun ar an Aoine, 9 Feabhra, sa bPoitín Stil, eagraithe ag BÁNÚ, ar mhaithe le airgead a bhailiú don eagraíocht nua-bhunaithe atá i mbun feachtais maidir le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht.
I measc na ngrúpaí is na gceoltóirí a bheas ag casadh beidh Clann Sonny ó Leitir Mealláin; Ruaidhrí Mac an Iomaire agus na Rógairí; Johnny Óg Connolly agus a chairde; Cathal Ó Curraoin ó Ghaoth Dobhair agus Becky Ní Éallaithe.
Níl ach €10 ar na ticéid a bheas le ceannach ar an doras nó ó Ticket Tailor.
Is féidir ticéid a cheannach nó síntiús a thabhairt ach an nasc seo a leanas a úsáid: https://buytickets.at/bn/1117857.
Coláistí tríd sa gComórtas Díospóireachta
D’éirigh leis an dá fhoireann díospóireachta ó Choláiste Chroí Mhuire dul tríd go dtí babhta na craoibhe de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain ag an mBabhta Réigiúnach (Cúige Connacht agus Cúige Mumhan), a bhí ar siúl i Luimneach roimh an Nollaig. Dhá dhíospóireacht a bhí ann, babhta sóisearach agus babhta sinsearach, idir Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta.
Sa díospóireacht shóisearach phléigh scoláirí an rún: “Tá ár gcuid luachanna mar shochaí caillte againn.” Ar fhoireann Choláiste Chroí Mhuire bhí Lorcán Ó Curraoin, Glaisne Mac Réamoinn agus Evan Cox, agus iad ag labhairt i gcoinne an rúin. Roghnaíodh iad le dul ar aghaidh.
“Tá an ceart acu siúd atá ag diúltú ceadúnas teilifíse a cheannach,” an rún a bhí faoi chaibidil sa mbabhta sinsearach. Ar an bhfoireann shinsearach bhí Róise Ní Churraoin, Fionnán Ó Coisdealbha agus Éabha Ní Chonghaile agus iad ag labhairt i bhfábhar an rúin.
Roghnaíodh chomh maith an fhoireann díospóireachta ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, le dul ar aghaidh ag an gCraobhchómórtas. Ar fhoireann na Ceathrú Rua tá Eimear Nic Dhonnchadha, Neans Nic Dhonncha agus Caoimhe Ní Chuinn.
Beidh an Craobhchomórtas ar bun ar an gCéadaoin seo chugainn, 24 Eanáir, sa Tulach Mhór, Co. Uibh Fháilghe.
Clubanna Sacair na Gaeltachta
Séamas de Búrca, a scóráil dhá chúl do fhoireann sacair Chois Fharraige sa gcluiche in aghaidh Merlin Woods, an deireadh seachtaine seo caite, cluiche a ghnóthaigh foireann na Gaeltachta leis an scór 3 – 0.
Bhí dhá bhua tábhachtach ag clubanna sacair na Gaeltachta ag an deireadh seachtaine i Roinn I (Fir) de Shraithchomórtas na Gaillimhe. D’éirigh le foireann na Ceathrú Rua, MacDara, an ceann is fearr a fháil ar Craughwell United, ag imirt as baile leis an scór 2 – 1. Craughwell atá ar bharr an tábla agus 12 cluiche imeartha acu as 18. Tá Mac Dara sa dara áit ar 23 pointe.
Bhí bua maith ag Cois Fharraige chomh maith i Roinn I den Sraithchomórtas nuair a chas siad le Merlin Woods Sports Club agus bhuail siad iad 3 – 0.
Níl ach 10 cluiche imeartha ag Cois Fharraige agus tá siad sa gceathrú áit ar an tábla agus beidh siad san iomaíocht le Mac Dara don dara áit, rud a chiallódh ardú céime don bhliain seo chugainn.
Tráth na gCeist do Scoil Sailearna
Tá Tráth na gCeist á reáchtáil ag Coiste na dTuismitheoirí ag Scoil Sailearna. I dTigh Chualáin a bheas an oíche shóisialta ar siúl, ar an Aoine. 9 Feabhra. Cuirfear tús le cúrsaí ag 8.00i.n. Beidh crannchur agus neart duaiseanna le buachan ar an oíche.
Gearrfar táille de €40 ar bhord de cheathrar, nó €10 an duine aonair.
Fáilte roimh chách, ar ndóigh!
“The Night of the Twelfth” sa tSeanscoil
An Déardaoin seo, 18 Eanáir, beidh an scannán ón bhFrainc, The Night of the Twelfth, á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ag an gClub Scannán. Tá an scannán suite in Grenoble na Fraince agus bunaithe ar scéal fíor faoi dhúnmharú ógmhná, atá á fhiosrú ag an bpóilín Yohan Vivés. Ach nuair a théann Yohan ag cartadh, cuirtear an dream faoi amhras as an áireamh agus cinneann air an cás a réiteach, rud a chuireann as go mór dhó.
Bhí an scannán seo le taispeáint roimh an Nollaig, le críoch a chur le Séasúr an Fhómhair, ach dúnadh an Amharclann na Seanscoile le athchóiriú a dhéanamh. Níl an t-athchóiriú críochnaithe fós, ach tá cead faighte ag an gClub Scannán ó Chomharchumann Sailearna an amharclann a úsáid ar an Déardaoin seo.
Tosóidh an scannán, mar is gnáth, ag 8.15pm. Beidh sé saor in aisce do na daoine a bhí cláraithe mar bhaill don shéasúr deireanach. Is féidir le daoine eile íoc ag an doras ar an oíche, €8 do dhuine amháin agus €15 do bheirt le chéile.
Ranganna Gaeilge sa Spidéal
Tá tús á chur an Déardaoin seo, 18 Eanáir, le ranganna Gaeilge sa Spidéal do dhaoine fásta, ar glan thosaitheoirí iad, daoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Tá na ranganna á reáchtáil ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Leanfaidh an cúrsa ar feadh sé seachtaine, gach tráthnóna Déardaoin idir 7.00pm agus 8.30pm. Tá rang ag an mbunleibhéal á chur ar fáil chomh maith ag an bhFóram, do dhaoine a bhfuil beagán Gaeilge ón scoil acu.
Thuas staighre in Inis Fáil, sa Spidéal (H91 X63V), trasna ón gClochar sa Spidéal, a bheas na ranganna ar bun. Iarrtar ar dhaoine clárú do na ranganna roimh ré tré glaoch ar an uimhir 083 0106294, nó ríomhphost a chur chuig optchoisfharraige@nullgmail.com.
Chomh maith leis na ranganna Gaeilge do thosaitheoirí, tá rang ag an meánleibhéal á reáchtáil ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige i GTEIC An Spidéil gach Luan ag 7.00pm. Agus ar an gCéadaoin i GTEIC an Spidéil chomh maith bíonn Ciorcal Comhrá agus Léitheoireachta ar bun ag Club na bhFoghlaimeoirí gach Céadaoin ag 7.30pm. Tá an seisiún seo feiliúnach do dhaoine atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh, bíodh siad ina bhfoghlaimeoirí nó ina gcainteoirí meirgeacha.
Tá breis eolais le fáil ó Chlub na bhFoghlaimeoirí ach ríomhphost a sheoladh chuig SPIDEALGAEILGE@nullGMAIL.COM.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh an chéad ócáid eile ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 14 Feabhra, Lá Vailintín, nuair a sheolfaidh Gormfhlaith Ní Thuairisg úrscéal nua le Jackie Mac Donncha ó Chill Chiaráin. ‘Oiread na Fríde’ is teideal don úrscéal.
Tá sé le ceannach ó Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal. Tosóidh an ócáid ag 8.00pm.
Tuilleamh eolais faoin leabhar: Jackie Mac Donncha – Oiread na Fríde.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €5,200 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 2, 15, 24, 29.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Ollie Neachtain, Gleann Trasna;
- Sorcha Ní Ráighne, Coill Rua;
- Sally Geoghegan, f/ch Tigh Durcáin, An Tulaigh;
- Pádraic Ó Coistealbha, Na Creagáin.
Tigh Chualáin, Coill Rua, a fuair duais an díoltóra.
€5,300 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
- Sacar (Roinn I): MacDara 2, Craughwell Utd. 1.
- Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 3, Merlin Woods 0.
- Sacar (Reserve): Cois Fharraige 1, Dynamo Blues 3.
- Sacar (faoi 15, RII): MacDara 5, Colga B 0.
- Sacar (faoi 15, RIV): MacDara 4, Corrib Rangers 0.
- Sacar (faoi 12, RIII): MacDara 3, Knocknacarra 0.
Nótaí Chois Fharraige
Cumann Forbartha Chois Fharraige a cuireann Nótaí Chois Fharraige le chéile chuile sheachtain don Churadh Chonnachta, a thagann amach gach Déardaoin. Fáilteofar roimh mhíreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, le foilsiú sa gcolún ach iad a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com ar an Luan roimhré faoi 2.30pm. Is féidir an colún a léamh chomh maith ar an suíomh seo le ábhar breise.